Skip to main content
9. 2. 2026
9. 2. 2026

Open Call for Young Performers

Glenveagh National Park are excited to announce our Second Biodiversity Week Festival “ Le Chéile don Dúlra,” will take place this year from the 17th -24th May.

Open call for young performers for our opening night.

This year Glenveagh National Park is planning a special opening event; “Young Voices for Nature.” This evening of celebration will include the launch of our new Children’s Nature Films and feature performances from local children and young people.

We would like to invite children & young people from around Donegal to take part. We welcome performances of all kinds (mini-drama, storytelling, poetry, song, dance etc.) from individual children or small groups (circa 12 can stand on our stage at any one time). Performances should have a connection to Glenveagh’s/Irish nature or biodiversity. Our festival this year is focusing particularly on Native Irish Woodlands.

If you are interested in getting involved, please let us know and briefly describe:

  • How many children will be involved
  • Their ages/classes
  • Details of additional needs/any requirements for the performance
  • Brief details/initial ideas about the performance
    • Length of performance
    • What the group is planning to do
    • How it connects to nature

Please contact us with expressions of interest by 6th March at the latest.

Glenveagh-Education@npws.gov.ie

We plan to include as many groups as possible, however we may be limited by time and will give priority to acts with a strong nature/Glenveagh theme.

Exact times are T.B.C. but the event is currently planned to start around 5/6pm on Wednesday the 20th of May and is likely to include family friendly food in Nellie’s Restaurant.

Please get in touch if you have any questions.

I mbliana, d’Fhéile bhliantúil Sheachtain na Bithéagsúlachta, arb í seo an dara bliain ag an bhféile, tá “Glórtha Óga ar son an Dúlra”, imeacht oscailte speisialta, á phleanáil ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Mar chuid den oíche cheiliúrtha seo seolfar Scannán Dúlra nua do Leanaí agus cuirfidh leanaí agus daoine óga na háite taispeántais ar siúl.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga ar fud Dhún na nGall a bheith páirteach. Tá fáilte roimh gach uile taispeántas (miondráma, scéalaíocht, filíocht, amhránaíocht, damhsa, srl.) ó leanaí aonair nó ó ghrúpaí beaga (tá áit do thart ar 12 ar an stáitse ag aon am amháin). Ba cheart baint a bheith ag na taispeántais le dúlra nó bithéagsúlacht Ghleann Bheatha/na hÉireann. Tá féile na bliana seo dírithe ar Choillearnaigh Dhúchasacha na hÉireann go háirithe.

Má tá suim agat a bheith páirteach, cuir sin in iúl agus déan cur síos gearr ar:

  • An líon leanaí a bheidh páirteach
  • A n-aoiseanna/ranganna
  • Sonraí maidir le riachtanais bhreise/aon ní a bheidh ag teastáil don taispeántas
  • Cuir síos gairid/na smaointe atá agaibh don taispeántas
    • Fad an taispeántais
    • Plean an ghrúpa
    • An ceangal atá aige leis an dúlra

Seol léirithe spéise chugainn faoin 6 Márta ar a dheireanaí.

Glenveagh-Education@npws.gov.ie

Tá súil againn an méid is mó grúpaí agus is féidir a áireamh, ach d’fhéadfadh brú ama a bheith orainn agus tabharfar tús áite do thaispeántais a bhfuil téama dúlra/Ghleann Bheatha láidir iontu.

Tá amanna beachta le deimhniú ach tá sé beartaithe an ócáid a thosú thart ar a 5/6pm Dé Céadaoin an 20 Bealtaine agus is dóigh go mbeidh bia do theaghlaigh san áireamh i mBialann Nelly’s.

Déan teagmháil linn má bhíonn aon cheist agat.