Skip to main content

Is éard is brí leis an bhfocal Gaeilge ‘Boirinn’ ná áit carraigeach. Tá an phábháil aolchloiche seo a bhfuil cuma na gealaí uirthi ar an tírdhreach charst is mó san Eoraip

Áit chun Foghlaim


Faigh amach faoi dheiseanna foghlama i bPáirc Náisiúnta Bhoirne. Más rud é gur spéis leat foghlaim faoin dúlra agus éiceolaíocht le do theaghlach, nó más rud é go bhfuil tú ag pleanáil turais le do ghrúpa, tacaíonn an Pháirc Náisiúnta le réimse leathan eispéiris foghlama. Tabhair cuairt ar Phointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne chun tuilleadh a fháil amach agus chun labhairt leis na baill foirne maidir lenár gclár for-rochtana.

Áit le Foghlaim

Pointe Eolais do Chuairteoirí


Pointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne

Tá Pointe Faisnéise Pháirc Náisiúnta na Boirne, i sráidbhaile Cora Finne, oscailte ar feadh na bliana. Anseo, is féidir leat léarscáileanna na gconairí a phiocadh suas, casadh leis na treoraithe eolacha agus tuilleadh a fhoghlaim faoi Pháirc Náisiúnta Bhoirne.

Tríd an tseirbhís bus tointeála saor in aisce, iompraítear cuairteoirí ón bPointe Eolais go dtí an pháirc le linn shéasúr na gcuairteoirí.

Teagmháil

Foghlaim sa Bhaile

Tá sé chomh tábhachtach céanna feasacht a chur chun cinn maidir leis an oidhreacht dúlra agus bithéagsúlacht atá sna páirceanna, agus eolas agus oideachas a chur ar fáil dár gcuairteoirí. D’fhonn teagmháil a dhéanamh le daoine, cheapamar clár de ghníomhaíochtaí in-ioslódáilte ar féidir leat foghlaim uathu agus sult a bhaint astu, agus ar féidir iad a dhéanamh sa bhaile. I measc na ngníomhaíochtaí spraíúla atá ar fáil, tá cuardach mionbheithíoch, suirbhé ar éin ghairdín, tráth na gceist agus ealaín nádúrtha, atá ar fad leagtha amach chun cuidiú leat foghlaim faoin dúlra atá ar leac an dorais.

Faigh amach faoi iontais an dúlra agus bain sult as suim a chur i seoda Pháirc Náisiúnta Bhoirne!


Downloads

Suirbhé ar Éin Ghairdín

Cuardach Mionbheithíoch

Tráth na gCeist faoi Pháirc Náisiúnta Bhoirne

Ealaín Nádúrtha

Cuardach Bhláthanna na Bealtaine

For-rochtain


Cuireann baill foirne na Páirce Náisiúnta cuairteanna ar fáil do bhunscoileanna chun clár a chur ar fáil maidir le réimse topaicí. Tá sé mar aidhm againn cuidiú le daltaí tuiscint a fhorbairt faoi mar atá a ról féin ag gach aon speiceas sa dúlra.

Ní mór clár for-rochtana oideachais a chur in áirithe roimh ré trí dhul i dteagmháil le Pointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne.

GUTHÁN:065 682 7693

Duine ag breith ar fheithid