Skip to main content

“As I came over the Wicklow Gap, All in a summer still; The sun shone on the mountain cap, A single shaft of golden spill…”

 

Martin Swords

Éist le guth an dúlra

Fáilte go Páirc Náisiúnta
Shléibhte Cill Mhantáin

Síneann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin trasna 23,000 heicteár ó dheas de Bhaile Átha Cliath. Tá Páirc Náisiúnta Chill Mhantáin ar an gceann is mó de Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus an t-aon cheann san oirthear. Tá tírdhreacha móra fairsinge ann, chomh maith le bóithre casta sléibhe agus sruthanna a shníonn go gasta síos go lochanna doimhne na ngleann coillteach, lena n-áirítear lonnaíocht mhainistir Naomh Caoimhín i nGleann Dá Loch.

Faigh amach faoin gcaoi gur féidir leat cabhrú linn bithéagsúlacht agus tírdhreach na Páirce Náisiúnta a chaomhnú, nó pleanáil do chuairt chun dul ag fánaíocht sna sléibhte ar shiúlóid fhada nó ar aistear álainn sa charr. Tá fíorbhlas d’fhiántas ársa na hÉireann ag fanacht leat sa pháirc.

Treoracha

Mapa de Theorainn Pháirc
Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin

Wicklow Boundary Area Map

Ceantar

23,000 ha

S.P.A:

004040

SUÍOMH I Co. Chill Mhantáin

SUÍOMH I Co. Chill Mhantáin

Eochair eolais

  • Páirceáil
  • Loch
  • Abhainn
  • N81
  • Binn na Sléibhe
  • Coillte Land
  • Ionad Cuairteoirí
  • Teorainn na Páirce

Sonraí ginearálta atá sa léarscáil seo: níl sé oiriúnach do shiúlóidí sna cnoic. Ní thaispeántar an teideal dlíthiúil sa leárscáil. Cartagrafaíocht ©2009 – ESRI Ireland Teo. agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil. Bunaithe ar shonraí ó Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Uimh. Ceadúnais EN 0059208 © Suirbhéireacht Ordanáis Éireann / Rialtas na hÉireann.

Buaicphointí na Páirce


Cosáin na Spince

Siúl agus Fánaíocht


Bain sásamh as radhairc iontacha ar an Loch Uachtair ar chlárchosán na Spince. Buataisí aclaíochta agus fánaíochta ag teastáil ar shiúlóidí cnoic.

Siúl & Fánaíocht

Radharc ar an Loch Uachtair

Rudaí le Déanamh


An radharc is gleoite i gCill Mhantáin. A leithéid de radharc is cuma cén aimsir.

Cosáin Shléibhte Chill Mhantáin

An Bóthar Míleata

Rudaí le Déanamh


Téigh siar sa stair ar an mBóthar Míleata nó ar Bhearna Bhealach Sailearnáin. Bain sásamh as radhairc leathana ar na sléibhte.

An Bóthar Míleata

Aimsigh draíocht an dúlra an athuair

Cosain an Dúlra

Go raibh maith agat as cabhrú linn an dúlra a chosaint i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Nuair a bhaineann tú sásamh go freagrach as am faoin aer anseo, tá tú ag cabhrú linn na hainmhithe agus na gnáthóga speisialta atá i Sléibhte Chill Mhantáin a chaomhnú.

Leideanna Úsáideacha

Pleanáil Roimh Ré

Smaoinigh ar an am is fearr le cuairt a thabhairt ar an bPáirc agus ar an gcaoi a mbeidh tú ag taisteal anseo, chun do thionchar ar an timpeallacht a íoslaghdú. Seiceáil an aimsir agus bí cinnte go bhfuil gach rud a theastaíonn uait agat.

Bí Tuisceanach

Bí ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí agus iompar ar chuairt daoine eile agus iad siúd atá ag obair anseo. Cuimhnigh ar aon torann a dhéanann tú agus ar an gcaoi a chaitheann tú le daoine eile ar an mbealach.

Bíodh meas agat ar Fhiadhúlra

Tá fáilte roimh mhadraí ach iad a bheith ar éill, agus ní mór duit salachar do mhadra a chur i mála agus sa bhosca bruscair.


Taistil agus Campáil ar Thalamh Daingean

Feicfidh tú an chuid is fearr d’fhiántas Shléibhte Chill Mhantáin agus tú ar na cosáin seo. Ní cheadaítear ach Campáil san Fhiántas: féach ar na treoirlínte anseo.

Fág an Rud a Fhaigheann Tú i Do Dhiaidh

Glac grianghraif den tírdhreach agus de na plandaí, ach ná leag oiread is méar ar an rud is lú, le do thoil, ionas gur féidir le daoine eile taitneamh a bhaint as fiántas Shléibhte Chill Mhantáin díreach mar a rinne tusa.

Faigh réidh le Bruscar i gceart

Is bagairt ollmhór é an bruscar don dúlra. Nuair a thugann tú do bhruscar abhaile leat, tá tú ag cosaint na páirce agus a fiadhúlra, agus ag coinneáil Sléibhte Chill Mhantáin folláin.


Laghdaigh Baol Dóiteáin a Oiread agus is Féidir

Ní féidir linn tinte de chineál ar bith a cheadú inár bpáirceanna náisiúnta. Déanann tinte dochar buan agus scriosann siad plandaí agus ainmhithe. Labhair lenár maoir nó lenár bhfoireann Oideachais má theastaíonn comhairle uait, agus seiceáil ár dtreoirleabhar maidir le Campáil san Fhiántas chun sonraí a fháil.

Siúil go Sábháilte

Iarrann muid ar gach siúlóir buataisí fánaíochta nó bróga oiriúnacha eile a chaitheamh. Ag siúl le níos mó ná 50 duine? Teastóidh cead fánaíochta uait.


Oidhreacht & Cultúr


An Cloigtheach
Is léiriú iad cloigtheach Ghleann Dá Loch, agus fothraigh na séipéal agus na crosa snoite atá ann, ar an 600 bliain a bhí an áit ina lonnaíocht mhainistreach. Tá stair shuimiúil mhianadóireachta ag Cill Mhantáin freisin, a mhair ó 1798 go 1963. Ag ceann thiar Ghleann Dá Loch tá fothraigh Shráidbhaile na Mianadóirí. Tá suíomhanna mianadóireachta eile le feiceáil ar Bhearna Chill Mhantáin.

Gné shuimiúil eile den Pháirc Náisiúnta is ea stair an Mhórbhóthair Mhíleata. Agus turasóirí ag tiomáint sna sléibhte, is fiú smaoineamh ar an bhfáth gur tógadh an bóthar an chéad lá riamh.

Nuacht & Fógraí


Storm Isha update – National Parks and Nature Reserves

22 January 2024


NPWS staff are patrolling and monitoring activity in in National Parks and Nature Reserves around the country in the wake of Storm Isha. There are reports of some National Parks and Nature Reserves affected by power outages, fallen trees and debris. Trails may be closed as staff clear affected areas. Members of the public are
Read more

Park Notice

8 December 2023


Monday December 11th, 2023 Notice of helicopter operations on Barnacullian Ridge. The public is asked to avoid this area and follow all signage/instruction. National Parks Duty Ranger: 087 9803 899
Read more

Establishment of new National Park

29 September 2023


Ministers O’Brien & Noonan confirm agreement to purchase Dowth Hall demesne, Co Meath and establishment of a new National Park Noting it as a once-in-a-generation opportunity, Minister for Housing, Local Government and Heritage, Darragh O Brien, TD, today confirmed the State’s purchase of the World Heritage lands of Dowth Hall and demesne, including Netterville, in
Read more

– Eolas
– Mapaí
– Garchabhair
– Earraí Caillte

Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin

Oscailte: ar feadh na bliana
Cead isteach: saor in aisce (d’fhéadfadh táillí a bheith ar pháirceáil)

Dúnadh sealadach

Ar chúiseanna oibríochta nó sábháilteachta, bíonn orainn áiteanna nó cosáin ar leith a dhúnadh ó am go chéile. Tabhair aird ar fhógraí rabhaidh le bhur dtoil.

Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta

Ar oscailt: 10 a.m. go dtí 5:30 p.m.

Dúnta: D’fhéadfadh sí a bheith dúnta le linn lóin nó ar chúiseanna soláthar foirne

Ionad Oideachais

OSCAILTE: Oscailte do ghrúpaí scoile le háirithintí roimh ré.

Ceanncheathrú na Páirce Náisiúnta

Ar oscailt: Luan go hAoine le linn uaireanta oifige. Bíonn an Maor Dualgais ar fáil ó Luan go Domhnach le linn uaireanta oifige.

Tá trí phríomh-charrchlós ann: Carrchlós Ionad na gCuairteoirí, Carrchlós an Locha Uachtair agus carrchlós saor in aisce sa Láithreach.

Carrchlós Ionad na gCuairteoirí

Tá sé seo oiriúnach do chuairteoirí ar Chathair na Mainistreach agus a hIonad Cuairteoirí. Gearrtar táille le linn tréimhsí gnóthacha. Tá siúlóid 20 nóiméad suas chomh fada le ceantar an Locha Uachtair ar an mBóthar Glas.

Carrchlós an Locha Uachtair

Tá sé seo suite ag deireadh an bhóthair a théann fad an ghleanna. Gearrtar táille chun dul isteach ann. Athraíonn na huaireanta oscailte. Déan teagmháil le Comhairle Contae Chill Mhantáin chun sonraí a fháil.

Carrchlós an Láithrigh

Is carrchlós saor in aisce é seo atá suite in aice leis na Muilte Olla agus na páirce CLG sa Láithreach. Is áit shábháilte é a mbíonn baill foirne ar dualgas ann. Tá sé ar oscailt gach lá idir 8 a.m. agus 8 p.m.

Ó Charrchlós an Láithrigh, is féidir le siúlóirí cnoic dul ar an mBóthar Glas go Gleann Dá Loch agus ar na cosáin siúlóide ar fad. Is féidir le siúlóirí an Bealach Oráiste a leanúint suas i dtreo an Doire Bháin, na Spince agus Mhullaigh Mhór agus Slí Chill Mhantáin. Tá Slí Chaoimhín agus Slí Abhainn Mhór in aice láimhe freisin.

Áiteanna eile le páirceáil i nGleann Dá Loch

Tá páirceáil ar tháille in Óstán Ghleann Dá Loch dá chustaiméirí.

Tá páirceáil theoranta taobh amuigh de Ghleann Dá Loch. Is féidir spáis bheaga pháirceála a fháil ar Bhearna Chill Mhantáin ag Gleann Log an Easa agus ag cúpla áit ar an mBóthar Míleata.

Sábháilteacht pháirceála

Ná páirceáil ar an mbóthar a théann fad an ghleanna go dtí an Loch Uachtair. Tá sé róchúng agus is féidir le carranna páirceáilte a bheith sa bhealach ar fheithiclí éigeandála.

Páirceáil go freagrach agus tú ag tabhairt cuairte ar an bPáirc Náisiúnta: ná blocáil bealaí isteach chuig tithe agus talamh. Tá an Garda Síochána ag eisiúint ticéid pháirceála as páirceáil mhídhleathach agus chontúirteach.

Clúdaíonn an Pháirc Náisiúnta os cionn 200 ciliméadar cearnach de ghnáthóg shléibhe fhiáin, agus ní féidir dul chomh fada leis an gcuid is mó de ar iompar poiblí, cé go ndéanann roinnt cuideachtaí príobháideacha turais ar bhus tríd an bpáirc. Is féidir dul isteach go gleann Ghleann Dá Loch ar an mbus. Oibríonn an comhlacht bus príobháideach St. Kevin’s Bus Services seirbhís ó lár chathair Bhaile Átha Cliath go Gleann Dá Loch (www.glendaloughbus.com). Tá busanna áitiúla ann freisin ó Bhaile Chill Mhantáin go dtí an Láithreach agus ó Ráth Droma go dtí an Láithreach.

Busanna Áitiúla – Bealach 183

I nGleann Dá Loch, tá leithris phoiblí ar fáil in Ionad Cuairteoirí Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) in aice le Cathair na Mainistreach agus i gCarrchlós an Locha Uachtair. Níl aon leithris phoiblí sa chuid eile den pháirc, ach tá leithris phoiblí i dtithe tábhairne agus i mbialanna ag gach baile agus sráidbhaile in aice láimhe.

Tá áis d’earraí caillte lonnaithe san Oifig Eolais i nGleann Dá Loch. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 0404 45425.

Tá go leor roghanna lóistín ar fáil sa cheantar timpeall ar an bpáirc, lena n-áirítear óstáin, lóistín leaba agus bricfeasta, brúnna, lóistín féinfhreastail agus láithreáin champála agus carbhán. Faigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Thurasóireacht Chill Mhantáin:

WICKLOW TOURISM

Idir an Láithreach agus Gleann Dá Loch tá dhá óstán agus bialann a chuireann béilí agus sneaiceanna ar fáil. Le linn an tséasúir, bíonn stallaí le sceallóga agus uachtar reoite suite ag Carrchlós an Loch Uachtair agus in aice le Cathair na Mainistreach.

Tá cártaí poist, mapaí agus roinnt leabhar ar fáil le ceannach san Oifig Eolais ag an Loch Uachtair agus in Ionad Cuairteoirí Chathair na Mainistreach. Tá earraí ceardaíochta, olla, ceol agus bronntanais eile ar fáil le ceannach i sráidbhailte Ghleann Dá Loch agus an Láithrigh.

Tá áiseanna garchabhrach lena n-áirítear AED (dífhibrileoir) ar fáil san Oifig Eolais. Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála eile as seo freisin.