Skip to main content

Fásach iargúlta draíochtúil is ea Gleann Bheatha ina bhfuil deiseanna neamhtheoranta chun dul ag taiscéalaíocht agus taithí a fháil ar an dúlra.

Áit le Foghlaim


Fiosraigh faoi dheiseanna foghlama i nGleann Bheatha

Cibé an bhfuil suim agat sa dúlra agus san éiceolaíocht, i stair áitiúil, i ngairneoireacht, nó i bpleanáil cuairte le do ghrúpa, tacaíonn ár bPáirc Náisiúnta le raon leathan eispéireas foghlama. Tá turais allamuigh scoile go Gleann Bheatha saor in aisce.

Áit le Foghlaim

Ionad Oideachais Theach an Droichid


Clare Bromley os comhair Ionaid Oideachais an Bridge House

Lonnaithe i bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú álainn air agus ina raibh beairic na bpóilíní lonnaithe tráth, cuireann Ionad Oideachais Theach an Droichid cúrsaí, oiliúint múinteoirí, cainteanna poiblí agus imeachtaí teaghlaigh ar bhithéagsúlacht agus ar chaomhnú ar fáil. Is Ionad Creidiúnaithe de chuid ‘Aimsigh Eolaíocht agus Matamaitic Bhunscoile’ é an tIonad freisin agus áis oiliúna don chlár oideachais eitice lasmuigh Ná Fág Lorg.


Turais Allamuigh

Clúdaímid éiceolaíocht, bitheolaíocht, caomhnú agus inbhuanaitheacht, a chuimsíonn go leor réimsí i gcuraclaim OSIE agus STEM. Is féidir linn laethanta gníomhaíochta speisialta a chur in oiriúint freisin chun freastal ar riachtanais do ghrúpa. Tá turais allamuigh scoile saor in aisce. Is féidir cainteanna agus cuir i láthair d’institiúidí tríú leibhéal a chur ar fáil chomh maith le seirbhísí for-rochtana do phobail áitiúla agus ceachtanna ar líne.

Tá turais allamuigh ar fáil dóibh seo a leanas:

  • Grúpaí réamhscoile
  • Bunscoileanna
  • Meánscoileanna & Coláistí/Ollscoileanna
  • Macaoimh/Gasóga/Treoraithe
  • Grúpaí riachtanas speisialta
  • Clubanna Óige & Comhphobail
  • Cuairteoirí Ginearálta & Teaghlaigh

Ullmhaigh Cuairt Oideachasúil – BéarlaUllmhaigh Cuairt Oideachasúil – GaeilgeTreoir Ghleann Bheatha ‘Ná Fág Rian’

Clár do scoileanna

Táimid paiseanta faoi chabhrú le daoine óga níos mó a fháil amach faoinár saol nádúrtha agus conas aire a thabhairt dó.

Is féidir le Treoraithe Oideachais Ghleann Bheatha tacú le do scoil taithí a fháil ar an bPáirc Náisiúnta agus naisc a dhéanamh le hábhair ar fud an churaclaim nuair a fhilleann tú ar an seomra ranga. Trí fhoghlaim tríd an tírdhreach le chéile, déanaimid iniúchadh ar an am atá thart, ar an am i láthair agus ar an am atá le teacht san áit speisialta seo.

Modúil Foghlama

Cuirimid rogha laethanta téamúla ar fáil atá ceangailte leis an gcuraclam ina bhfoghlaimíonn leanaí faoin bPáirc Náisiúnta, faoin dúlra agus faoin timpeallacht a chosaint.

Gnáthlá i nGleann Bheatha*:

10 am – Am sroichte molta ag Ionad Cuairteoirí Ghleann Bheatha & greim gasta le hithe

10:20 – 12pm – Siúlóid Dúlra a bhfuil Téama léi (athraíonn sí ag brath ar an ngnáthóg a roghnaítear agus ar aois na bpáistí)

12pm – Sos Lóin Gearr

12:25 – 2pm – Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ábhar a clúdaíodh

2pm – Imeacht ón príomh-charrchlós*

Bíonn an-tóir ar áirithintí do laethanta gníomhaíochtaí, mar sin cuir áit in áirithe breá luath chun nach mbeidh aon díomá ort. Is trí ríomhphost amháin a nglactar le fiosruithe maidir le háirithintí ag glenveagh-education@npws.gov.ie. Níl aon spás fágtha anois d’Earrach 2022. Osclófar an córas áirithintí don Fhómhar le linn an dá sheachtain dheireanach de Bhealtaine agus osclófar an córas arís amach sa bhliain d’áirithintí in 2023.

Is féidir linn laethanta sainoiriúnaithe a chur ar fáil freisin maidir le Discover Primary Science and Maths agus an Brat Glas don Bhithéagsúlacht. Is Ionad creidiúnaithe Ná Fág Aon Lorg anois muid, mar sin is féidir teagmháil a dhéanamh linn más maith leat an méid is féidir linn a chur ar fáil i dtaobh an ábhair seo a phlé linn.

Mar is Féidir leat Cuairt Oideachasúil a Shocrú – BéarlaMar is Féidir leat Cuairt Oideachasúil a Shocrú – Gaeilge

Gleann Bheatha: An tAm atá Thart, an tAm atá i Láthair agus an tAm atá le Teacht

Téigh siar sna blianta agus féach ar mar a d’fhorbair an pháirc agus ar mar a d’athraigh an tírdhreach le himeacht ama, suas go dtí an lá atá inniu ann.

Modúl Foghlama: An tAm atá Thart, an tAm atá i Láthair agus an tAm atá le Teacht


Lá Gníomhaíochta ar an Dúlra a Chosaint

Gnáthlá ina gclúdaítear réimse gníomhaíochtaí a bhaineann le gnáthóga, speicis agus dúlra. D’fhéadfadh athrú teacht orthu seo, ag brath ar an aimsir.

Modúl Foghlama: An Dúlra a Chosaint


Discover Primary Science & Maths

Fiosrú a dhéanamh ar choincheapa na bithéagsúlachta agus na matamaitice san eolaíocht agus an bunchaidreamh atá eatarthu.

Modúl Foghlama: Discover Science And Maths


Lá Taiscéalaíochta Coillearnaí

Foghlaim faoi crainn agus coillte dúchasacha na hÉireann, agus na dúile beo iontacha uile a gcothaítear iontu.

Modúl Foghlama: Taiscéalaíocht Choillearnaí


Saol sna Portaigh

Foghlaim faoin ngnáthóg ríspéisiúil seo agus an bhithéagsúlacht a bhaineann léi trí dhul ar shiúlóid agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta a dhéanamh.

Modúl Foghlama: Saol sna Portaigh


Taiscéalaithe Dúlra Óga

Lá gníomhaíochta a ceapadh go speisialta do pháistí faoi bhun 7 mbliana d’aois, ina ndíreofar ar na hiontais nádúrtha uile a aimseoidh siad ar shiúlóid dúlra a shórtáil agus a mheaitseáil, cur síos a dhéanamh orthu agus iad a shainaithint.

Modúl Foghlama: Taiscéalaithe Óga

Daltaí ag Foghlaim
Teastas Sóisearach agus Ardteist. Éiceolaíocht

Curtha in oiriúint do na codanna ‘Gnáthóg agus Éiceachóras’ den churaclam, tugann an turas allamuigh seo deis do mhic léinn páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí praiticiúla ag baint úsáide as modhanna éiceolaíocha eolaíochta agus taifead a dhéanamh ar a gcuid torthaí i leabhar oibre le haghaidh athbhreithnithe níos déanaí. Cuir beocht sna sainmhínithe ar théarmaí; mar shampla: oiriúnú, timpeallacht, gnáthóg, iomaíocht agus gréasáin bhia. Faigheann an scoláire tuiscint níos fearr ar na hidirghníomhaíochtaí idir dúile beo i gcoillearnach agus ar an bhfáth a bhfuil an obair seo tábhachtach.

An Teastas Sóisearach. Tíreolaíocht

Is éard atá i gceist le Lá Staidéir Abhann ná siúlóid síos cosán an Ghleanna (7km), áit a ndéanann mic léinn comparáid idir trí chéim abhann agus leabhar oibre a chríochnú lena gcuid torthaí. Tugann abhainn Bharra samplaí den scoth d’easanna, lúba agus lúblochanna. Déan iniúchadh ar obair an chreimthe agus na sil-leagan agus scrúdaigh ualach na habhann ag pointí éagsúla. Tá obair léarscáile san áireamh.

Glenveagh field trip health and safety

Tabhair leat buataisí / bróga láidre agus éadaí ciallmhara atá díonach ar uisce

Ní mór do dhaltaí agus do mhúinteoirí lón pacáilte a thabhairt leo; soláthraímid gach trealamh don fhoghlaim.

Múinteoirí, tabhair leat maoirseacht leordhóthanach do do ghrúpa agus cuir i gcuimhne do na daltaí freagracht a ghlacadh as a n-iompar sa pháirc.

Cuireann Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha fáilte mhór roimh mhic léinn de gach aois ar mhaith leo teacht agus foghlaim faoin dúlra, caomhnú agus turasóireacht inbhuanaithe, lena n-áirítear mic léinn fochéime agus iarchéime. Labhair lenár n-ionad oideachais agus lenár bhfoireann chun siúlóidí agus cainteanna treoraithe a eagrú nó chun eolas cúlra a bhailiú le haghaidh taighde. Is féidir linn cuairteanna a chur in oiriúint do do chuid riachtanas agus do réimse staidéir.

Cuimsíonn ár gClár Oideachais rannpháirtíocht an phobail agus for-rochtain. Is féidir linn cuairt a thabhairt ar scoileanna áitiúla, ionaid phobail agus ionaid eile chun cabhrú leat foghlaim faoin bpáirc náisiúnta agus faoinár n-anaclanna dúlra. Déan teagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.

Acmhainní do Mhúinteoirí


Tá fáil anseo ar gach eolas a theastaíonn uait maidir le grúpa a thabhairt chuig an bPáirc – más ag cur dáta in áirithe dár gClár Oideachais atá tú nó ag smaoineamh faoi ghrúpa a thabhairt leat.


Bróisiúr Seirbhísí Foghlama & Oideachais

Treoir do Mhúinteoirí: Cuairt Oideachasúil a Shocrú – Béarla

Treoir do Mhúinteoirí: Cuairt Oideachasúil a Shocrú – Gaeilge

Acmhainní do mhic léinn

Déan iniúchadh ar na hacmhainní seo agus na naisc chuig gníomhaíochtaí spraíúla i do ghairdín nó i do cheantar áitiúil. Má bhaineann tú triail as ceann de na tionscadail thíos, seol pictiúir de do chuid oibre chugainn! Ba bhreá linn iad a fheiceáil. Ríomhphost: glenveagh-education@npws.gov.ie


Íoslódálacha

Suirbhé feithidí & Plandaí

Dúshlán Faire Éan

Faigh amach faoi Fheithidí Locháin

Cad atá ar an gCladach

Faigh amach faoi Bhachlóga Crann

Gníomhaíochtaí Feithidí agus Treoracha Allamuigh ón gComhairle Oidhreachta

Coillearnacha Ársa Ghleann Bheatha

Acmhainní do theaghlaigh

Is fearr a fhoghlaimíonn leanaí faoin dúlra nuair is gníomh praiticiúil atá i gceist.

Déan iniúchadh ar na hacmhainní seo agus na naisc chuig gníomhaíochtaí spraíúla a bhféadfadh tú triail a bhaint astu i do ghairdín nó i do cheantar áitiúil. Má bhaineann tú triail as ceann de na tionscadail thíos, seol pictiúir de do chuid oibre chugainn! Ba bhreá linn iad a fheiceáil.

Ríomhphost: glenveagh-education@npws.gov.ie


Íoslódálacha

Foghlaim faoi Éin i nGleann Bheatha

Dúshlán Faire Éan

Faisnéis maidir le Bumbóga

Gníomhaíochtaí a bhaineann le Bumbóga

Cúrsaí ar Líne do Dhaoine Fásta maidir le Bumbóga

Chaisleán Ghleann Bheatha
Duine ag siúl i dtreo an Chaisleáin
Bláth Dúchais

Stair an Chaisleáin agus na nGairdíní


Foghlaim faoin teach mór caisleach i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus faoi na tailte áille Victeoiriacha a ghabhann leis. Is é John George Adair a thosaigh an obair ar thógáil an chaisleáin sa bhliain 1869, agus ba í a bhean chéile Cornelia Adair a choinnigh bail ar an gcaisleán agus na tailte agus a chuir feabhas orthu tar éis a bháis. Tá stair fhíorspeisiúil ag an gcaisleán agus a thailte, atá suite in áit ar mhóinteán sléibhe fiáin é roimhe seo. Ba é Henry McIlhenny Fhilideilfia, úinéir príobháideach deireanach an chaisleáin, a dhíol an eastát le hOifig na hOibreacha Poiblí sa bhliain 1975, a chuir ar a gcumas Páirc Náisiúnta a dhéanamh de. Bhronn sé an caisleán ar an náisiún sa bhliain 1983, in éineacht leis na gairdíní agus cuid mhaith dá raibh istigh ann. Osclaíodh Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha don phobal sa bhliain 1984, agus osclaíodh an caisleán sa bhliain 1986.

Léigh tuilleadh faoi stair an chaisleáin agus na ngairdíní sa Treoir atá againn maidir leis an gCaisleán agus na Gairdíní

Treoir maidir leis an gCaisleán agus na Gairdíní