Skip to main content

“Where the mountains arise to the oft-changing skies, And the Castle stands stately and grey; Where the calm lake lies still ‘neath that wild rugged hill, In the valley of lovely Glenveagh…”

 

Herbert W.K. Sterritt

Éist le glór an dúlra

Fáilte go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha suite i lár Dhún na nGall, i measc thírdhreach fiáin garbh Shléibhte Dhoire Bheatha. Mar gheall ar a gnáthóga atá gan mhilleadh agus a fiadhúlra cosanta, agus a chuid conairí ina bhfuil radharc ar an gCaisleán álainn Victeoiriach agus ar na Gairdíní le taobh Loch Ghleann Bheatha, is saoire den scoth í Gleann Bheatha dóibh siúd a bhfuil grá mór acu don dúlra.

Má tá tú anseo le foghlaim faoi bhithéagsúlacht uathúil na hÉireann nó más mian leat breathnú thart ar cheann de na tírdhreacha is iontaí in Éirinn, is féidir linn cabhrú leat do chuairt a phleanáil agus fáil amach conas is féidir leat cabhrú lenár misean fiántas Ghleann Bheatha a chosaint ar feadh na nglúnta.

Treoracha

Taisteal i gcarr ó Leitir Ceanainn

Tóg an N56 trí Chill Mhic Réanáin, ansin tóg an R255 i dtreo Ghaoth Dobhair

Taisteal ar bus

Téann bus uimhir 271, Ailt an Chorráin – Leitir Ceanainn,  de chuid sheirbhís áitiúil Local Link trí Ghleann Bheatha gach lá. Is féidir an bus a thógáil ag an gcrann brataí sa Charrchlós.

Féach an tráthchlár anseo

Ár bPáirc Náisiúnta


Tá cosaint an dúlra mar phríomhaidhm ag Páirc Náisiúnta. Téann obair chaomhnaithe fite fuaite le áineasa freagrach faoin aer. Tá gach rud a dhéanaimid sa Pháirc Náisiúnta bunaithe ar an bprionsabal gurb é an dúlra a thagann chun tosaigh. Tá sé mar aidhm ag ár bhfíseán Cosain an Dúlra feasacht a ardú ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus conas is féidir lenár gcuairteoirí cuairt bhríoch a dhéanamh, chun meas a bheith acu ar fhiadhúlra agus aird a thabhairt ar a dtionchar.

Léarscáil teorann
Pháirc Ghleann Bheatha

Glenveagh Boundary Map

Ceantar

15484 heicteár

S.P.A:

004039

Suíomh i nDún na nGall

Suíomh i nDún na nGall

Eochair eolais

  • Páirceáil
  • Loch
  • N56
  • Caisleán
  • Binn na Sléibhe
  • Ionad Cuairteoirí
  • Teorainn na Páirce
  • Abhainn

Sonraí ginearálta atá sa léarscáil seo: níl sé oiriúnach do shiúlóidí sna cnoic. Ní thaispeántar an teideal dlíthiúil sa leárscáil. Cartagrafaíocht ©2009 – ESRI Ireland Teo. agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil. Bunaithe ar shonraí ó Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Uimh. Ceadúnais EN 0059208 © Suirbhéireacht Ordanáis Éireann / Rialtas na hÉireann.

Rogha na Páirce


Radharc ón mbarr

Siúl & Fánaíocht


Siúil cosán an Ghleanna ón mbarr agus braith eispéireas Ghleann Bheatha san ord ina nochtar a scéal nádúrtha agus stairiúil. Bhí gleann oighreach, aibhneacha, easanna agus coillearnacha gan mhilleadh ann anseo i bhfad roimh an duine daonna.

Siúl & Fánaíocht

Ceann de na gairdíní is fearr in Éirinn

Gairdíní an Chaisleáin


Ná caill amach ar shiúlóid timpeall Gairdíní an Chaisleáin, áit a dtugtar an-aire di ag an bhfoireann oilte. Is cuma má thugann tú cuairt orthu i lár an tsamhraidh nó i rith an fhómhair nó an gheimhridh aoibhinn, tugtar codarsnacht suntasach i ngairdíní an Chaisleáin leis an taobh fiáin de Ghleann Bheatha.

Gairdíní an Chaisleáin

Na héin i mbarr a maitheasa

Fána


Tá réimse beathra éan ina gcónaí anseo, idir iolair fhíreáin faoileoireachta agus fhabhchúin ghorma, chomh maith leis an lóma rua seachantach. I measc na speiceas a d’fhéadfá a fheiceáil tá screachóga, ceolairí coille agus meantáin earrfhada. Cloistear ceiliúr na camhaoire luath ar maidin i mí na Bealtaine.

Fána

– Carrchlós
– Cosáin
– Ionad Cuairteoirí
– Bialann
– Seomraí Tae
– Ionad Oideachais
– Caisleán agus Gairdíní
– Seomra ranga lasmuigh
– Limistéar súgartha fiáin
– Clós súgartha

Leithris agus seomra athraithe clúidíní

Ar fáil sa Charrchlós, san Ionad Cuairteoirí agus sa Chaisleán

Tá bialann san Ionad Cuairteoirí agus seomra tae ag an gCaisleán agus sna Gairdíní a chuireann Synge & Byrne ar fáil.

Le haghaidh fiosruithe nó áirithintí grúpa glaoigh ar 087 9306875.

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Ar oscailt: ó cheann ceann na bliana
Cead isteach: saor in aisce

Caisleán

Fáiltiú ar oscailt:
An Turas Deiridh: 16:45uair
Márta go Deireadh Fómhair: 9.15 a.m. go dtí 5.15 p.m.
Samhain go Feabhra: 10 a.m. go dtí 5.15 p.m.
San áireamh: seomra tae; leithris

Seomraí Tae oscailte:
10:00hrs–17:00uair buaicshéasúr
10:00hrs–16:00uair séasúr seachbhuaice

Bíonn an Caisleán oscailte gach lá le haghaidh Turais Féintreoraithe agus roinnt Turais Threoraithe teoranta. Ní féidir Turas an Chaisleáin a chur in áirithe roimh do chuairt.

Ionad Cuairteoirí

Ar oscailt:
9.15 a.m. go dtí 5.30 p.m.

Cártaí Oidhreachta

Is féidir le sealbhóirí Cártaí Oidhreachta ticéid saor in aisce don bhus a fháil, chomh maith le lascainí le haghaidh áiteanna eile a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu ar fud na hÉireann. Ceannaigh Cárta Oidhreachta san Ionad Cuairteoirí
Duine Fásta €40
Mac léinn/páiste €10
Seanóir €30
Teaghlach €90

  • Tá bealach isteach do chathaoireacha rothaí ar dhá bhus leictreacha
  • Rochtain le suaitheantas gorm ar an gCaisleán le páirceáil an-teoranta – ní thugtar cead páirceála ach amháin i gcúinsí speisialta
  • Níl rochtain ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar cheantair áirithe de na gairdíní mar gheall ar chéimeanna agus talamh ghéar, mhíchothrom.

Tá leithris inrochtana ar fáil san Ionad Cuairteoirí

Cosain an Dúlra


Cosain an Dúlra

Is é an dúlra a chosaint príomhaidhm Pháirc Náisiúnta. Tá obair chaomhnaithe fite fuaite le caitheamh aimsire freagrach amuigh faoin spéir agus is féidir le cuairteoirí cabhrú lena gcion féin a dhéanamh tríd na nithe seo a leanas.

Leideanna Úsáideacha

Déan Réamhphleanáil

 Smaoinigh ar an am is fearr le cuairt a thabhairt agus ar cén modh taistil a ghlacfaidh tú, ar mhaithe le do thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Seiceáil an aimsir agus déan cinnte de go bhfuil gach rud atá ag teastáil uait agat.

Bí Tuisceanach

Bíodh a fhios agat faoin tionchar a d’fhéadfadh do ghníomhaíochtaí agus d’iompar imirt ar an dúlra, ar eispéireas daoine eile agus ar na daoine atá ag obair anseo. Tabhair aird ar aon torann a dhéanfaidh tú agus conas a dhéanann tú idirghníomhú le daoine eile ar an mbealach.


Bíodh meas agat ar an bhFiadhúlra

Tá fáilte mhór roimh mhadraí ach ní mór iad a choinneáil ar iall. Más féidir leat, seachain na hamanna leochaileacha ina mbíonn neadú agus pórú san fhiadhúlra.

Taisteal agus Campáil ar Thalamh Mharthanach

Leis na conairí marcáilte tugtar an deis duit na háiteanna is fearr i bhfásach Ghleann Bheatha a fheiceáil. Níor chóir ach do shiúlóirí a bhfuil an-taithí acu gabháil suas na cnoic. Campáil san fhásach amháin atá ceadaithe: caith súil ar na treoirlínte anseo.


Ná tóg aon ní a aimsíonn tú

Glac grianghraif den tírdhreach agus de na plandaí, ach ná leag lámh fiú ar na nithe is lú, ionas go bhféadfadh daoine eile taitneamh a bhaint as fásach Ghleann Bheatha mar a rinne tusa.

Déan Bruscar a Dhiúscairt i gCeart

Bagairt mhór is ea bruscar don dúlra. Cabhróidh tú leis an bpáirc agus a fiadhúlra a chosaint agus Gleann Bheatha a choimeád sláintiúil nuair a thugann tú leat do chuid bruscar.


Laghdaigh an éifeacht ó thine

Ní thig linn tine de chineál ar bith cheadú inár bpáirceanna náisiúnta. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar buan ag tinte agus go scriosfadh siad plandaí agus ainmhithe.  Labhair lenár maoir nó lenár bhfoireann Oideachais má theastaíonn comhairle uait, agus seiceáil ár dtreoir Campála san Fhásach le haghaidh sonraí.


Oidhreacht & Cultúr


Caisleán agus Gairdíní

Bain an leas is fearr as do chuairt ar Ghleann Bheatha agus stop ag Caisleán agus Gairdíní Ghleann Bheatha. Faigh tuilleadh eolais san Ionad Cuairteoirí áit a bhfuil taispeántais laethúla saor in aisce ar ábhair cosúil le Páirceanna Náisiúnta in Éirinn, tionscadal athbhunaithe an iolair fhíréin agus Díshealbhuithe Dhoire Bheatha, lena n-áirítear físeáin ghearra.

Foghlaim faoi stair, oidhreacht agus caomhnú Ghleann Bheatha agus labhair lenár dtreoraithe chun tuilleadh eolais nó comhairle a fháil.

Caisleán agus Gairdíní

Nuacht & Fógraí


Visitor Survey

28 March 2024


What do you think of our nature information? Follow the link below to take part in a short visitor survey. Help us improve how we present and interpret nature information in the park. What would make your visit more meaningful and enjoyable? Should we ‘go digital’ or is this a place where screen time is
Read more

Minister Noonan launches new book showcasing Donegal’s native woodlands

22 March 2024


Minister for Nature, Heritage and Electoral Reform, Malcolm Noonan TD, has today, March 21st launched a book titled “Coillte Dúchasacha Chontae Dhún na nGall, Native Woodlands of County Donegal” at Glenveagh Visitor Centre. This book is written by written by Seán Ó Gaoithín, Foreman and Gardener at Glenveagh National Park, and describes the significance of
Read more

Deireadh Seachtaine Fhéile Pádraig ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

7 March 2024


Deireadh Seachtaine Fhéile Pádraig ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Bígí linn le haghaidh deireadh seachtaine lán le ceol, craic agus ceardaíocht do na páistí an deireadh seachtaine Fhéile Pádraig seo. Ar Dé Sathairn an 16 Márta, cuirfimid déanamh suaitheantas Lá Fhéile Pádraig ar siúl do pháistí, a bheidh ina imeacht buail isteach an lá ar
Read more