Skip to main content

An guth iontaofa a threoraíonn tú ar do thuras.

Wild Nephin Trail Map

Conair Siúlóide Néifinn Fhiáin

  Conair Shiúil Achar Neas-Am Grád

Cnocadóireacht

Tá comharthaí bealaigh ar na trí chonair a bhaineann le Lúb Leitir Caoin a bhfuil cur síos orthu thuas agus is féidir iad a dhéanamh gan léarscáil agus compás. Is do shiúlóirí a bhfuil an-taithí acu amháin é Conair Bhaingear. Tá buataisí fánaíochta agus éadaí báistí cearta riachtanach mar is féidir leis na conairí seo éirí an-fhliuch. Ní mór d’aon siúlóir nó campálaí atá ag gabháil do cheann de na hardchonairí clárú roimh ré, is féidir sin a dhéanamh ach cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Clárú le haghaidh Ardchonairí

Eolas faoinár gCosáin Siúlóide


Deacracht Cur Síos ar Ghrád Conaire
Éasca Conair réidh le fánaí réidhe nó céimeanna éadomhain. Oiriúnach do theaghlaigh. Is féidir gnáthbhróga lasmuigh a chaitheamh.
Réasúnta Tá roinnt dreapadóireachta agus dromchla míchothrom ag na cosáin, garbh faoi chois le constaicí ar nós fréamhacha ag brúchtadh, carraigeacha, srl. Leibhéal measartha aclaíochta agus roinnt taithí siúlóide ag teastáil. Moltar coisbheart agus éadaí siúil faoi leith.
Dian Is féidir le cosáin atá éilitheach go fisiciúil, codanna le dreapanna géara ar feadh tréimhsí fada, a bheith thar a bheith garbh le go leor constaicí san áireamh. Siúlóirí i dtaithí ar thalamh garbh agus le leibhéal ard aclaíochta. Tá coisbheart agus éadaí siúil faoi leith ag teastáil.
An-deacair Bealach iargúlta ardtalún le fánaí géara, an-athraitheach agus an-gharbh faoi chois, cosáin doiléir uaireanta nach bhfuil marcáilte orthu. Teastaíonn leibhéal ard taithí, caithfidh tú a bheith i do shiúlóirí sléibhe an-oiriúnach agus inniúil le scileanna loingseoireachta. Tá coisbheart agus éadaí siúil faoi leith ag teastáil.

An Bothán i Leitir Caoin

Tabhair cuairt ar na ceantair fhiáine agus iargúlta ó Bothán Brogan Carroll ag Coill Leitir Caoin. Is foscadán tirim agus sábháilte é an bothán le fanacht thar oíche ann ar Chonair Bheangair agus ar Bhealach an Iarthair agus feidhmíonn sé mar thús na siúlóide do lúba fánaíochta slímharcáilte 2.5km, 5km, 10km agus 12km.

Rochtain ar Lúb Leitir Caoin

  • Idir 2.5km – 12km
  • Nóta: Níl áiseanna leithris ar fáil

Tá an bóthar chun rochtain a fháil ar shiúlóidí Lúb Leitir Caoin suite 1km ó Bhaile Uí Fhiacháin ar thaobh na Mala Raithní. Tá sraith de chomharthaí beaga ar chuaille singil marcáilte ar an gcasadh ina bhfuil comharthaí le haghaidh Lúb Leitir Caoin, Chonair Bhaingear agus Fhoras na Mara. Lean ort suas an bóthar seo ar feadh 10km go dtí go sroicheann tú gabhal sa bhóthar, tóg an ceann ar chlé atá marcáilte le comhartha le haghaidh Lúb Leitir Caoin.

Áiseanna:

– Carrchlós
– Binsí Picnice
– Bothán oscailte

Tá siad ar fad suite ag tús na siúlóide.

Comhairle Sábháilteachta maidir le fánaíocht

01/

Féach ar léarscáileanna den cheantar roimh ré agus déan pleanáil roimh ré

02/

Ní mholtar fánaíocht ach amháin dóibh siúd a bhfuil éadaí agus trealamh oiriúnach don taobh amuigh acu.

03/

Ná téigh isteach sna cnoic leat féin.

04/

Bíodh fios agatsa agus ag do chairde faoin méid atá sibh in ann a dhéanamh.


05/

Cuir duine inniúil ar an eolas faoi do thuras siúil agus faoin am atá beartaithe agat filleadh.

06/

Tóg do chuid bruscar leat. Tá sé seo riachtanach.

07/

Fág bláthanna fiáine san áit a bhfuil siad sa chaoi go mbainfidh gach duine taitneamh astu. Tóg grianghraf nó sceitse díobh seachas iad a bhaint.

08/

Tá fáilte roimh mhadraí ach ní mór iad a choinneáil ar iall i gcónaí.


09/

Bíodh meas agat ar an bPáirc Náisiúnta.

10/

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi champáil fiáin sa Pháirc Náisiúnta, féach anseo: Campáil agus léigh ár gCód Campála.

11/

Bí feasach ar sceartáin agus ar tarchur féideartha an ghalair Lyme. Seiceáil i gcónaí le haghaidh sceartáin ag deireadh an lae tar éis a bheith i mbun fánaíochta.


Feithidí & sceartáin phrioctha

Go ginearálta is áit an-sábháilte í Éire ó thaobh fiadhúlra de. Níl aon chreachadóirí móra amhail béir, mac tíre nó cait mhóra ann a thuilleadh, ach tá ainmhithe beaga in Éirinn a d’fhéadfadh a trioblóid a tharraingt. I bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine d’fhéadfadh cuairteoirí teacht ar chith míoltóg (cuileoga beaga prioctha) ar laethanta teo agus taise, agus d’fhéadfadh sceartáin greim a bhaint as siúlóirí a imíonn ón gcosán. Ba chóir go mbeadh a fhios ag gach siúlóir gur féidir le sceartáin, i gcásanna neamhchoitianta, galar Lyme a iompar. Faigh tuilleadh eolais faoi sceartáin agus feithidí prioctha inár dtreoirleabhar thíos.

Treoir maidir le Sceartáin & Feithidí prioctha

An Coimisiún Ealaíne


Susan Mannion

Sheol an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ‘Under Darkening Skies’ go hoifigiúil in Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine i Meitheamh 2022. Is coimisiún ealaíne poiblí é ‘Under Darkening Skies’ leis an amharc-ealaíontóir Susan Mannion. Is é Oifig na nOibreacha Poiblí a choimisiúnaigh an saothar ealaíne faoin Scéim Percent for Art, i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, chun comóradh a dhéanamh ar dheich mbliana ó bunaíodh Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich.


Ba í Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhair le hOifig na nOibreacha Poiblí, a chomhordaigh an comórtas oscailte dhá chéim inar roghnaíodh togra Susan Mannion. Is amharc-ealaíontóir í Susan atá lonnaithe i Mainistir na Búille. An sainréimse oibre atá ag Susan ná cruanadh ar chopar, teicníc atá in úsáid ón 13ú haois RCh.


Ba as cruach cruanta a cruthaíodh an saothar ealaíne agus seacht bpainéal atá ann, atá 7 méadar ar leithead agus 4 méadar ar airde san iomlán. Cuireadh brait de bhunchótaí cruain dhuibh ar na painéil chruach, agus bunchótaí cruain bháin i ndiaidh sin, sular bácáladh é chun canbhás folamh a chruthú ar ar criathraíodh púdar cruain daite. Cuireadh dhá dhath déag éagsúla de chruan ar na painéil agus bácáladh in áitheanna ollmhóra ag 810 céim iad ansin. Is féidir ‘Under Darkening Skies’ a fheiceáil ar bhalla seachtrach Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich.

Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo


Is í Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine Ceantar Spéir Mhóir na hÉireann agus léiríonn an file iomráiteach Éireannach WB Yeats iontas na spéartha seo in iarthar na hÉireann ina shaothar “He Wishes for the Cloths of Heaven”. Déanann Yeats cur síos ar “heavens’ embroidered cloths, enwrought with golden and silver light, the blue and the dim and the dark cloths of night and light and the half-light”.
Go deimhin, ní chaillimid na spéartha móra seo san oíche mar tá leath den Pháirc Náisiúnta ar fáil tar éis thitim na hoíche. Faigh tuilleadh eolais faoi na spéartha os cionn na Páirce Náisiúnta inár gcuid faoi réaltóireacht thíos.

Réaltóireacht


Tá cuid de na spéartha oíche is dorcha agus is suntasaí ar domhan le feiceáil i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine agus tá sé deimhnithe go hoifigiúil mar Pháirc Idirnáisiúnta Spéir Dhorcha Mhaigh Eo ar Chéim Óir. Breathnaigh ar na hacmhainní thíos má tá suim agat tosú ar réaltóireacht nó forbairt a dhéanamh ar d’eolas réaltóireachta.

Réadlann & Pláinéadlann


Tar éis iarratas rathúil ar mhaoiniú chuig an gCiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe in 2019, tá pleananna ag an NPWS, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann agus Comhairle Contae Mhaigh Eo, chun dhá eispéireas nua do chuairteoirí a dhearadh i bPáirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo (Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine).

Rinneadh taighde agus measúnuithe eolaíocha agus comhshaoil chun láithreacha oiriúnacha a aithint do Phláinéadlann agus Spás Ilmheáin agus Réadlann a lonnófar i bPáirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo. Coimisiúnaíodh tuarascálacha saineolaíocha ar Oiriúnacht Réalturasóireachta, Tionchar Timpeallachta, Forbairt Turasóireachta Tuaithe, Fostaíocht Phobail agus Tionchar Eacnamaíoch le moltaí maidir leis na suíomhanna is oiriúnaí.
Sainaithníodh Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich mar shuíomh don Phláinéadlann agus don Spás Ilmheáin, agus tá an suíomh is fearr don Réadlann i bPáirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo ag Leitir Caoin i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach an nasc thíos a leanúint.

léigh fógra iomlán

Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich

Campáil


Puball Campála

Ní chuirtear aon seirbhísí lóistín ar fáil laistigh den Pháirc Náisiúnta féin ach tá fáilte roimh chuairteoirí dul ag campáil faoi na coinníollacha seo a leanas. Iarrtar ar gach cuairteoir chuig an bPáirc Náisiúnta, siúlóirí de gach cineál san áireamh, clárú ar an gcóras clárúcháin ar líne. Ní cheadaítear campáil ach trínár gcóras clárúcháin ar líne.

Beidh an fhaisnéis seo ríthábhachtach chun daoine a aimsiú agus a aslonnú i gcás éigeandála dóiteáin. Úsáidfear aon fhaisnéis a uaslódáiltear ar an láithreán gréasáin chun na críche sin amháin.
Tá gach duine a bhíonn ag campáil laistigh den pháirc faoi réir ár gCód Campála. Faigh cleachtadh ar an gcód campála le do thoil sula bpleanálann tú turas go Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine.

Cláraigh le haghaidh Campála

Tabhair faoi deara: Tá córas clárúcháin le haghaidh campála sna tearmainn, ní áis áirithinte é seo agus oibríonn na tearmainn ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. Dá bhrí sin má tá sé beartaithe fanacht thar oíche ag aon cheann dár dtearmainn tá sé inmholta puball a thabhairt i gcónaí ar an gcaolseans go bhfuil na tearmainn lán.

Beartas Campála

01/

Ní cheadaítear campáil laistigh de Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine ach amháin trínár gcóras clárúcháin ar líne.

02/

Tá cosc iomlán ar champáil ag Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine le linn Fhógraí Sábháilteachta mar gheall ar Bhaol Dóiteáin a mbaineann Coinníollacha Oráiste/Dearg leo.

03/

Ní cheadaítear campáil ach amháin i láithreacha campála ainmnithe*.

04/

Ní mór láithreacha campála a fhágáil mar a fuarthas, nó níos fearr. Déan dramhaíl a dhiúscairt i gceart. Tóg leat, le do thoil, gach bruscar, leatsa agus le daoine eile.


05/

Prótacal Leithris**; ba cheart go mbeadh poil chamrais chun camras a dhiúscairt suite ar a laghad 30m ó shruthchúrsaí agus 50m ó bhealaí siúlóide.

06/

Ní cheadaítear tinte campála (lena n-áirítear BBQanna indiúscartha) ach amháin ag poill dóiteáin i láithreacha campála ainmnithe. Bain úsáid as maidí beaga ón talamh ar féidir iad a bhriseadh de láimh le haghaidh breosla, ná gearr fásra atá ag fás.

07/

Bí cinnte go gcoinnítear do thine champa beag agus faoi smacht. Dóigh gach adhmad agus gual go mbeidh siad ina luaithreamhán.

08/

Ba cheart tinte campála a mhúchadh go hiomlán i gcónaí, lena n-áirítear gach aibhleog dhearg, nuair a dhéantar an láthair champála a dhíchoimisiúnú.


09/

Tabhair leat d’ábhar dómhoillitheach féin, i gcás éigeandála ag do thine champa.

10/

Ní mór gallúnach agus taos fiacla a choinneáil 30m ar a laghad ó shruthchúrsaí.

11/

Ba chóir níochán soithí a dhéanamh ar a laghad 30m ó limistéir uisce. Ba chóir go hdéanfaí gach fuíolluisce a scagadh agus a scaipeadh. Níor cheart fuíolluisce a dhoirteadh isteach i lochanna, i srutháin nó in aibhneacha riamh.

12/

Ba chóir tú féin a iompar ar bhealach ciúin, gan cur isteach ar an bpobal áitiúil, ar an bhfiadhúlra ná ar chuairteoirí eile.


13/

Ní mór láithreacha campála a choinneáil neamhthreallúsach ó thaobh amhairc de.

14/

Tabhair leat do’fhearas garchabhrach féin, i gcás éigeandála.

15/

Mura gcloítear leis an gcód seo, tarraingeofar siar cead campála. I gcásanna den sórt sin beidh Foireann na Páirce Náisiúnta ag éileamh ort an campa a scaoileadh.

* Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin sláintíocht amuigh faoin aer léigh an bhileog “Cá dtéann tú amuigh faoin aer” atá ar fáil ó Ionad Cuairteoirí na Páirce Náisiúnta agus ó Chomhairle Sléibhteoireachta na hÉireann (MCI).



Láithreáin Champála

Carrchlós Leitir Caoin
53°59’20.8″N
9°34’21.3″W

Níl rochtain ach ag coisithe amháin ar láithreacha campála. Ní láithreacha seirbhísithe iad na láithreacha sin agus níl aon rochtain phoiblí ag feithiclí air. Tá an suíomh is gaire do charrchlós poiblí/rochtain feithiclí lastuaidh den Bhoth i Leitir Caoin. Beidh ort 1.5km (thart ar 20 nóiméad) a shiúl ó Charrchlós Leitir Caoin.

Léarscáil le Criosanna Campála ainmnithe

Tabhair faoi deara: Níor cheart an léarscáil seo a úsáid chun críocha loingseoireachta. Tá mionsonraí ar léarscáileanna a chuimsíonn tailte na Páirce Náisiúnta ar fáil ar ár leathanach fánaíochta.

Teachín an Tairseacháin

54° 4’55.58″N
9°43’49.83″W

Foscadán Allt na Brocaí

54° 2’59.38″N
9°36’30.84″W

Foscadán Loch Avoher

54° 0’15.24″N
9°37’13.05″W

Ó thuaidh ó Bothy

53°59’57.86″N
9°34’30.42″W

Ní cheadaítear tinte campála ach amháin i gclaiseanna dóiteáin i láithreacha campála ainmnithe. Léigh agus bí eolach ar an gComhairle maidir le Falscaithe a Chosc.

Foláireamh aimsire

Foláireamh Aimsire – STÁDAS ORÁISTE

Tá an cumas ag an gcatagóir foláireamh aimsire seo dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine sna limistéir atá buailte, agus cruthaíonn sé fíor-bhaol gortaithe agus contúirte do bheatha an duine. Tá Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine dúnta do gach cuairteoir go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Féach ar shuíomh gréasáin na Páirce Náisiúnta le haghaidh tuilleadh eolais.

Foláireamh Aimsire Trom – STÁDAS DEARG

Tá an cumas ag an gcatagóir foláireamh aimsire seo dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine sna limistéir atá i gceist, agus cruthaíonn sé baol mór gortaithe agus contúirte do shaol an duine. Tá Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine dúnta do gach cuairteoir go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Féach ar shuíomh gréasáin na Páirce Náisiúnta le haghaidh tuilleadh eolais.

Coinníollacha Baol Dóiteáin

Fógra Baol Dóiteáin – Coinníoll Oráiste

Tá baol ard dóiteáin laistigh den Pháirc Náisiúnta. Tá riosca méadaithe suntasach ann maidir le tinte fiáine a thionscnamh agus a scaipeadh. I gcás tine fhiáin, tá fíor-bhaol gortaithe agus contúirte do shaol an duine. Tá cosc iomlán ar champáil laistigh den Pháirc Náisiúnta le linn an fhógra seo. Féach ar shuíomh gréasáin na Páirce Náisiúnta le haghaidh tuilleadh eolais.

Fógra Baol Dóiteáin – Coinníoll Dearg

Tá baol mór dóiteáin laistigh den Pháirc Náisiúnta. Faoi choinníollacha fíor-bhaol dóiteáin, beidh forbairt agus leathadh tinte fiáine tapa agus dothuartha mar thoradh ar aon fhoinse adhainte i mbreoslaí contúirteacha. Faoi na coinníollacha seo, i gcásanna ar thalamh ard is féidir le dóiteáin limistéir fhairsing a chlúdach agus deacrachtaí tromchúiseacha a chruthú maidir le hiarrachtaí iad a chur faoi chois agus d’fhéadfadh cásanna éigeandála móra a bheith mar thoradh air. I gcás tine fiáin, tá an-riosca gortaithe agus contúirte do shaol an duine. Tá cosc iomlán ar champáil laistigh den Pháirc Náisiúnta le linn an fhógra seo. Féach ar shuíomh gréasáin na Páirce Náisiúnta le haghaidh tuilleadh eolais.

Ionad Cuairteora

Is é an tIonad Cuairteoirí an príomhphointe eolais do Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine. Osclaíodh in 2009 é agus chuir sé fáilte roimh chuairteoirí ó gach cearn den domhain go Baile Chruaich agus Contae Mhaigh Eo.

Lig do scíth agus bain sult as an bhflaithiúlacht ag Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich ina bhfuil taispeántas idirghníomhach, treoraithe le taithí, Caifé Ginger & Wild agus Conair Dhúlra Thóchar Daithí Bán (2km).

Réachtálaimid Imeachtaí Speisialta i rith na bliana agus Siúlóidí Treoraithe agus Clubanna Páistí rialta le linn mhíonna an tsamhraidh. Coinnigh súil ar ár leathanach Nuacht & Imeachtaí le haghaidh siúlóidí, cainteanna agus gníomhaíochtaí atá le teacht.

Caifé

Ginger & Wild is ainm den chaifé ag Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich agus is cinnte go gcuireann sé tic le go leor boscaí…

  • más taistealaí ocrach tú
  • muna bhfuil uait ach áit álainn chun suí, scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as cupán tae
  • más aoibhinn leat ealaín
  • más grúpa mór sibh atá ag lorg greim blasta

…beidh cúram an-mhaith ort.

Guided Walks at Letterkeen Cancelled – Dec 18

17 December 2022


Given the current icy conditions being experienced, we are unfortunately cancelling the guided walks at Letterkeen tomorrow (Sunday 18th).

Visitors and recreational users visiting Wild Nephin National Park during this weather should be aware of additional risks and hazards associated with these icy conditions and consider taking any necessary preventative action, including avoidance, to minimise the risk of injury.

#WildNephinNationalPark #WildMayo

Read More on the cancellation

Dark Skies Walk Friday December 16 – Cancelled

13 December 2022


Sorry to say we will be cancelling this Friday’s Dark Sky Walk (December 16th).

The roads to Letterkeen are just too risky at night given the continued low temperatures this week.

Thank you to everyone who has joined these walks so far. It has been a pleasure to walk in the dark with you.

More dates will be up soon…

Read More on the Dark Skies Walk

Status Orange – Low Temperature & Ice Warning

11 December 2022


The Orange Weather Warning has been extended until midnight tonight. Access to the National Park remains restricted throughout this weather warning.

An Orange Weather Warning has been issued by Met Éireann for the entire country until 12 noon Monday the 12th of December. Access to Wild Nephin National Park is restricted during Orange and Red Weather Warnings

#WildNephinNationalPark #WildMayo

Read More on the Status Orange Warning

Leis an radharc álainn agus an fiadhúlra, bíonn an-tóir ag grianghrafadóirí ar an bPáirc Náisiúnta. Tá fáilte roimh chuairteoirí grianghraif a ghlacadh dá n-úsáid féin.

Grianghrafadóireacht agus Scannánaíocht

Beidh ceadúnas ag teastáil le haghaidh grianghrafadóireacht agus scannánaíocht tráchtála. Déan teagmháil linn le do thoil le haghaidh tuilleadh sonraí. Ba cheart ceadanna a shocrú seacht lá oibre ar a laghad roimh ré (b’fhearr níos faide). Caithfidh grianghrafadóirí dúlra a bheith feasach ar íogaireacht a n-ábhar. Níor cheart go gcuirfí strus ar ainmhithe ná ar éin nuair a bhíonn grianghrafadóir ag druidim ró-ghar dóibh.
Ní féidir grianghraif a ghlacadh de neadacha nó iad a thaifead ach amháin faoi chead agus faoi cheadúnas. Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar cheadúnais dá leithéid..

Cuir iarratas isteach ar Cheadúnas

Dróin

Tá cosc ar aerárthaigh agus réada a bhíonn ag eitilt go íseal (drón, eitleoga, faoileoirí foluana srl.) laistigh den Pháirc Náisiúnta mar gheall go bhféadfadh siad cur isteach ar fhiadhúlra, go háirithe éin atá ag neadú. Ní cheadaítear dróin sa Pháirc Náisiúnta ach amháin faoi cheadúnas, nach ndeonófar ach faoi chúinsí speisialta. Chomh maith leis an gcur isteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar fhiadhúlra, is ionradh ar phríobháideachas cuairteoirí eile iad dróin grianghrafadóireachta.
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil linn le do thoil sa Pháirc Náisiúnta trí ríomhphost nó ar an bhfón.

Déan Iarratas ar Cheadúnas

Madraí

Cuirtear fáilte roimh mhadraí atá ar iall sa Pháirc Náisiúnta, ach ní cheadaítear ach madraí seirbhíse sna foirgnimh. Caithfidh úinéirí madraí a bheith feasach i gcónaí faoin bhfreagracht atá orthu i leith cuairteoirí eile agus an fhiadhúlra. Cabhróidh na pointí seo a leanas le madraí, lena n-úinéirí, le cuairteoirí eile agus leis an bhfiadhúlra cuairt shábháilte sona a bheith acu.
Tá mionsonraí maidir lenár gCód Iompair d’Úinéirí Madraí sonraithe thíos.

Cód Iompair d’Úinéirí Madraí

01/

Cuirimid fáilte roimh úinéirí madraí atá freagrach.

02/

Coinnigh do mhadra ar iall i gcónaí laistigh den Pháirc Náisiúnta.

03/

Tabhair faoi deara gurb é caomhnú an dúlra príomhaidhm na Páirce Náisiúnta. Ní féidir deis a thabhairt do do mhadra strus a chur ar an bhfiadhúlra riamh.

04/

Tabhair faoi deara go bhfuil teorainn ag an bPáirc Náisiúnta le feirmeacha agus tá sé tábhachtach nach gcuirfí isteach ar ainmhithe feirme ar thailte comharsanachta.


05/

Tabhair faoi deara go bhféadfadh eagla a bheith ar chuairteoirí eile roimh mhadraí.

06/

Tabhair leat málaí le haghaidh salachar madraí agus bain úsáid astu. Ní mór salachar madraí, nuair atá sé curtha i mála, a thabhairt abhaile.

07/

Tabhair faoi deara go bhfuil contúirtí sa Pháirc Náisiúnta do mhadraí freisin. Bí ar an eolas faoin áit a bhfuil do mhadra i gcónaí, mar tá na haillte an-chontúirteach.