Skip to main content

An glór dílis a threoraíonn tú ar d’aistear.

Siúl agus Fánaíocht


Síneann Gleann Bheatha os cionn 16,000 heicteár thar tuaisceart Dhún na nGall, lena n-áirítear Sléibhte Dhoire Bheatha, Cró Nimhe agus cuid den Earagail. Tá rochtain iomlán agat fánaíocht thart ó gach pointe. D’fhéadfadh siúl sna cnoic a bheith dúshlánach do dhaoine nach bhfuil taithí acu; más tosaitheoir tú, bain triail as na conairí éasca.

Bí ag faire amach do Bhus na Siúlóirí: Tugtar an deis duit do charr a fhágáil sa Charrchlós agus tugann sé tú chuig na pointí tosaithe is fearr.

Treoir maidir le Conairí Siúil

Glenveagh Trail Map

Cosáin Ghleann Bheatha

  Conair Shiúil Achar Neas-Am Grád

Cnocadóireacht

Tír-raon: sléibhtiúil, oiriúnach do shiúlóirí atá ullmhaithe go cuí amháin

Féadfaidh siúlóirí a bhfuil an-taithí acu agus a bhfuil an trealamh acu chun dul suas sna cnoic gabháil amach níos faide ná na cosáin mharcáilte i nGleann Bheatha. Pleanáil agus feistigh go cúramach le do thoil. Tabhair sonraí maidir le do bhealach beartaithe agus an t-am is dóigh a fhillfidh tú do do mhuintir nó do chairde.

An tIonad Cuairteoirí


Duine ag siúl feadh cosáin

Bain an leas is fearr as do chuairt agus stop ag Ionad Cuairteoirí Ghleann Bheatha. Taispeántais laethúla saor in aisce ar ábhair cosúil le Páirceanna Náisiúnta in Éirinn, tionscadal athbhunaithe an iolair fhíréin agus Díshealbhuithe Dhoire Bheatha, lena n-áirítear físeáin ghearra. Foghlaim faoi stair, oidhreacht agus caomhnú Ghleann Bheatha agus labhair le Treoraí na gCuairteoirí chun tuilleadh eolas nó comhairle a fháil.  


Ar oscailt:

9.15 a.m. go dtí 5.30 p.m.

Ní cheadaítear madraí san Ionad Cuairteoirí – ach amháin Madraí Seirbhíse

Seirbhís Tointeála Bus

  • Bus go dtí an Caisleán: 9.30am
  • An Bus Deireanach ón Ionad Cuairteoirí: 4.30pm
  • Bus Deireanach ón gCaisleán: 5.15pm

Téann Bus Tointeála na Páirce ón Ionad Cuairteoirí go dtí an Caisleán agus an Gairdíní go tráthrialta gach lá.

Tá na ticéid ar fáil san Ionad Cuairteoirí agus ag fáiltiú an Chaisleáin. Seirbhís ar bith ar Aoine an Chéasta agus i rith sheachtain na Nollag.

Ní cheadaítear madraí ar na Busanna Tointeála – ach amháin Madraí Seirbhíse.

Ticéad fillte do dhaoine fásta – €3

Lascaine ar thicéad fillte – €2 (Leanaí idir 7-18 mbliana d’aois, mic léinn agus duine ar bith os cionn 65 bliana d’aois)

Singil – €1.50

Páistí 6 bliana d’aois agus níos óige: Saor in aisce

Bus na Siúlóirí

  • Fágann an bus gach Satharn, Domhnach agus Lá Saoire Bainc an Luain
  • Ón Ionad Cuairteoirí ar 10.00 a.m.

Tugtar an rogha do shiúlóirí Bus na Siúlóirí a fháil go Loch Inseach nó go Siúlóid an Ghleanna.

Díoltar na ticéid ar bhunús ‘tús freastail ar an té is túisce’ agus ní fhéadfar suíocháin a chur in áirithe roimh ré.

Is féidir Bus na Siúlóirí a chur in áirithe go príobháideach (€5 an duine). Déan teagmháil trí ríomhphost a chur chuig glenveaghbookings@npws.gov.ie

Duine fásta – €3

Na sinsir, mic léinn agus páistí – €2 (Leanaí idir 7-18 mbliana d’aois, mic léinn agus duine ar bith os cionn 65 bliana d’aois)

Páistí 6 bliana d’aois agus níos óige: Saor in aisce

Déan iniúchadh ar Chaisleán Ghleann Bheatha


Tógadh an Caisleán idir na blianta 1867 agus 1873, agus is teach mór caisealach é arna dhearadh ag John Townsend Trench. Tá sé bunaithe ar thúrthithe na hÉireann san Aois Luath agus tógadh é le heibhear ón gceantar áitiúil. Idil Victeoiriach de thearmann ardchríche rómánsúil a bhí mar inspioráid do shuíomh iargúlta shléibhe an Chaisleáin.

 

Uaireanta Oscailte an Chaisleáin:

Osclaíonn an Caisleán ag 9.45am & dúnann sé ag 5.15pm
Is ag 4.45pm a bhíonn an Turas Deireanach ar an gCaisleán

Praghsanna do Thuras Caisleáin:

Duine Fásta €7
Seanóir/Lacáiste €5
Teaghlach €15
Tá na turais saor in aisce do pháistí faoi sé bliana d’aois

Bíonn an Caisleán oscailte gach lá le haghaidh Turais Fhéintreoraithe & Turais Threoraithe theoranta. Ní féidir Turas Caisleáin a chur in áirithe roimh do chuairt.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar:

glenveaghbookings@npws.gov.ie nó cuir glaoch ar 01 5393232

Siopa Bronntanas

Ní cheadaítear madraí san Ionad Cuairteoirí ná sa Chaisleán

Uaireanta Oscailte:

10:00hrs–17:00uair buaicshéasúr
10:00hrs–16:00uair séasúr seachbhuaice

Treoirleabhar an Chaisleáin agus na nGairdíní

Chaisleán Ghleann Bheatha

Turas Fíorúil ar Chaisleán Ghleann Bheatha


Is féidir leat breathnú thart ar Chaisleán álainn Ghleann Bheatha ag baint úsáid as ár dTuras Fíorúil.

Is féidir leat taitneamh a bhaint as an gcaisleán ar thuras féintreoraithe, le faisnéis ar fáil ón bhfáiltiú i raon teangacha idirnáisiúnta, agus i bhformáid Braille freisin. Is féidir leat freisin an leabhrán turas thíos a íoslódáil le haghaidh do úsáid féin agus tú ar cuairt.

Turas ar Chaisleán Ghleann Bheatha

Rothaíocht


Cuirtear fáilte roimh rothaithe sa pháirc. D’fhonn a chinntiú go mbeidh gach duine sábháilte, bí ag faire amach do chuairteoirí eile ar na cosáin agus bí ar an eolas faoi chomharthaí ar an mbealach.

Ní cheadaítear rothair ar na bóithre.
 

Rothair a fháil ar cíos ó Grass Routes

Chun rothar a fháil ar cíos lasmuigh de na dátaí thuas, déan teagmháil dhíreach le Grassroutes trí ghlaoch a chur ar 087 6655599 nó cuir ríomhphost chuig info@grassroutes.ie

Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.grassroutes.ie

Uaireanta oscailte (2023)

17 Márta – Meitheamh – Deirí Seachtaine agus Laethanta Saoire Bainc amháin
Iúil – Lúnasa – 7 Lá na Seachtaine
Uaireanta – 10.00 uair – 17.00 uair

Is féidir rothar a fháil ar cíos i rith na Cásca ó Aoine an Chéasta go Luan Cásca.

Praghsanna le haghaidh rothar a fháil

Rothar leictreach a fháil ar cíos


(3 uair) €20

Gnáthrothar bóthair


(3 uair) €15

Rothair do pháistí & Bugaithe


(3 uair) €5

Rothar cumais Saor in aisce

Saor in Aisce



Loch Ghleann Bheatha

Iascaireacht ar Loch Ghleann Bheatha

Leanann an séasúr iascaireachta ó 15 Iúil – 30 Meán Fómhair gach bliain. Chun iarratas a dhéanamh le haghaidh ceadúnais agus do thuras a chur in áirithe, déan teagmháil le Iascaigh Intíre na hÉireann trí ghlaoch a chur ar +353 (0) 74 95 51141 idir 7.00 a.m. – 1.00 p.m. nó tabhairt cuairt ar a láithreán gréasáin chun tuilleadh sonraí a fháil www.donegalanglingholidays.com.

Donegal Angling

SYNGE & BYRNE

Uaireanta oscailte:
Aibreán – Meán Fómhair,
7 lá na seachtaine, 10:00AM – 5:00PM

NA SEOMRAÍ TAE

Uaireanta oscailte:
Sa Gheimhreadh
7 lá na seachtaine, 10:00AM – 4:00PM
Uaireanta breise i rith an tSamhraidh.

Tá roghanna éagsúla lónadóireachta ar fáil in áiteanna éagsúla ar fud Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, agus déantar bia blasta a chur ar an tábla i dtimpeallachtaí áille.

Tá Bialann agus Seomra tae Synge & Byrne lonnaithe in Ionad Cuairteoirí Ghleann Bheatha. San áit seo is féidir leat do scíth a ligean, greim bia a ithe agus siopadóireacht a dhéanamh in aon áit amháin. Sa bhialann 100 suíochán, déantar freastal ar chairde atá ag iarraidh comhrá deas a bheith acu le chéile, grúpaí móra (is féidir é seo a chur in áirithe roimh ré) agus cuirtear roghanna biaghasta ar fáil freisin.

Tá ionaid Synge & Byrne lonnaithe ar fud na páirce agus is áit fhoirfe í le soláistí a fháil ar an mbealach. Bain taitneamh as cupán tae le tabhairt leat, caife nó deoch shláinte agus tú ag fánaíocht thart ar na conairí agus na gairdíní.

Tá carbhán caife ina gcuirtear deochanna gasta ar fáil lonnaithe ag an gCaisleán.

Más grúpa mór, comhlacht turasóireachta nó cóiste sibh, cuirimid roghanna lónadóireachta ar mhór scála ar fáil chomh maith. Seol ríomhphost chuig visitorcentre@syngeandbyrne.com chun tuilleadh eolas a fháil nó chun áirithint a dhéanamh.

Drón

Grianghrafadóireacht

Bíonn an-tóir ag grianghrafadóirí ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha mar gheall ar a radhairc áille agus a fiadhúlra. Agus tú ag glacadh grianghraf sa pháirc bí ar an eolas, le do thoil, faoin bhfiadhúlra agus a ngnáthóga.
Ní ceadmhach grianghraif a ghlacadh nó scannánú a dhéanamh ar neadacha ach amháin le cead agus ceadúnas agus teastaíonn cead le haghaidh grianghrafadóireacht thráchtála.

Dróin

Beidh cead ag teastáil chun drón a oibriú sa pháirc. Déantar rialú ar aerárthaí agus nithe eile a eitlíonn go híseal (dróin, eitleoga, faoileoirí crochta, etc.) laistigh de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Is minic a úsáidtear héileacaptair laistigh den pháirc le haghaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála agus d’fhéadfadh dróin cur isteach ar an obair thábhachtach seo. Ba chóir d’oibritheoirí drón C & F maidir le Dróin de chuid Údarás Eitlíochta na hÉireann a léamh.

Scannánaíocht tráchtála

Tá scannánaíocht déanta ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus ar an gceantar timpeall uirthi le haghaidh scannán agus cláir fhaisnéise éagsúla. Tabhair do d’aire le do thoil go bhfuil cead ag teastáil ó na Maoir Pháirce le haghaidh scannánaíocht tráchtála. Déan teagmháil linn má bhíonn aon cheist agat.

Tá cead ag teastáil le haghaidh go leor gníomhaíochtaí i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, lena n-áirítear:
  • Gach imeacht mhórscála (m.sh siúlóidí faoi choimirce agus imeachtaí spóirt).
  • Imeachtaí speisialta lena n-áirítear picnicí / cóisirí
  • Scannánaíocht thráchtála agus grianghrafadóireacht thráchtála
  • Dróin
  • Faoileoireacht foluana & parafaoileoireacht
  • Tumadóireacht scúba
  • Trialacha madra foghlaeireachta
  • Marcaíocht ar chapall

Mura bhfuil gníomhaíocht sa liosta anseo, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an ghníomhaíocht ceadaithe.

Déan teagmháil linn le do thoil má tá tú in amhras faoi rud ar bith.

Conas iarratas ar chead a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas líon isteach an fhoirm iarratais ar chead le do thoil agus seol ar ais chuig ár Maoir pháirce í. Cuir an oiread sonraí agus is féidir ar fáil i d’iarratas lena
n-áirítear dátaí, láithreacha, nádúr do ghníomhaíochta srl. Ba cheart iarratais ar chead a dhéanamh seacht lá ar a laghad roimh an imeacht atá beartaithe. Ní mór do dhaoine atá ag gníomhú faoi cheadúnas an ceadúnas sin a thabhairt ar aird ar iarratas lena iniúchadh ag bail d’fhoireann na páirce.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil linn ag glenveaghrangers@npws.gov.ie.

SEOL SA PHOST:
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha,               
Oifig na Maor,
Mín an Lábáin,
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall,
Éire F92 P993

SEOL SA RÍOMHPHOST:
glenveaghrangers@npws.gov.ie.

Bíodh tuiscint níos fearr agat ar chaomhnú agus cúram an dúlra

Campáil

Níl aon láthair sheirbhísithe champála nó charbháin i nGleann Bheatha, ach má tá sé i gceist agat turas fánaíochta thar thréimhse cúpla lá a dhéanamh agus taithí a fháil ar an bhfásach, tabharfar fáilte romhat do champa a dhéanamh ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh tú an Cód um Champáil Fiáin – is é sin le rá ní ceadmhach tine a thosú, caithfear aon rapach a shuíomh go cúramach, agus ní mór na treoirlínte maidir le campáil agus glanadh suas a chomhlíonadh. Is é an campáil fiáin an t-aon chineál campála a cheadaítear sa pháirc. Léigh an Cód um Champáil Fiáin ina iomláine.

An Cód um Champáil Fiáin

01/

Déan campa ar a laghad 400m ó bhóthar ar ar féidir feithicil taisteal agus ar a laghad 400m ó fhoirgneamh.

02/

Cinntigh go bhfuil do champa neamhfheiceálach agus go bhfágann tú an láthair mar a fuair tú romhat é — nó níos fearr fós.

03/

Bog do phuball gach ré oíche ionas go bhféadfadh an fásra athshlánú.

04/

Beir leat do bhia agus bruscar (fiú más rud é go bhfuil sé in-bhithdhíghrádaithe). D’fhéadfadh go nochtfar an bruscar faoi thalamh ag ainmhithe agus creimeadh.


05/

Coinnigh gallúnach agus taos fiacla ar a laghad 30m ó chúrsaí uisce.

06/

Déan gréithe a ní 30m ó réimse uisce agus déan an fuíolluisce a scagadh agus a scaipeadh (ná doirt an fuíolluisce isteach i lochanna, sruthanna ná aibhneacha).

07/

Iompar tú féin ar mhodh nach gcuirfeadh isteach ar an gcomhphobal áitiúil, an fiadhúlra ná cuairteoirí eile.

08/

Cuir an fhoireann ar an eolas má tá feithicil á fágail sa charrchlós agat thar oíche.



Crios Eisiaimh Campála Fiáin