Skip to main content

Ar an taobh ó dheas agus ar an taobh thiar de bhaile Chill Airne tá stráice mór de cheantar sléibhe. Áirítear leis na sléibhte seo na Cruacha Dubha, an sliabhraon is airde in Éirinn. Suite go cluthar ag bun na gCruach Dubh tá lochanna Chill Airne, a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain.

Éist le glór an dúlra

Fáilte go dtí
Páirc Náisiúnta Chill Airne

In iardheisceart Chontae Chiarraí tá píosa mór fada de thalamh garbh, shléibhe agus é ag síneadh síos go dtí Lochanna Chill Airne, lochanna a bhfuil cáil orthu i bhfad is i ngearr. Is anseo, agus 10,000 heicteár talún á chlúdach aige, atá Páirc Náisiúnta Chill Airne, leis an meascán sin de shléibhte, lochanna, coillearnacha agus easanna a mhairfidh i do chuimhne go deo.

Tugann Páirc Náisiúnta Chill Airne isteach na lochanna chomh maith le hEastát Chinn Mhara agus Mhucrois, lena n-áirítear Páirc Chuimhneacháin Bounr Vincent, an chéad Pháirc Náisiúnta riamh le bheith bronnta ar an Stát in Éirinn sa bhliain 1932.

Agus é nasctha le Páirc Náisiúnta Glacier in Montana, SAM, tá Páirc Náisiúnta Chill Airne ainmnithe mar Thearmann Bithsféir ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) mar gheall ar an obair atá déanta againn ar chúrsaí caomhnaithe agus taighde. Foghlaim níos mó faoi Choillte ársa Reenadinna, na láithreáin oidhreachta laistigh den Pháirc Náisiúnta, agus na gníomhaíochtaí go léir a chuirimid ar fáil do dhaoine gur breá leo a bheith amuigh faoin aer.

Rochtain a fháil ar an bPáirc

Tá Páirc Náisiúnta Chill Airne suite in iardheisceart na hÉireann i gContae Chiarraí (in aice le baile Chill Airne) agus is féidir é a shroicheadh ar thraein, i gcarr nó i mbus. Is é an N71 an príomhbhealach isteach chuig láithreáin na Páirce Náisiúnta. Tabhair faoi deara le do thoil nach gceadaítear tiomáint trí na gairdíní ná timpeall ar láithreáin oidhreachta.

Déan ár dtreoir thiomnaithe a íoslódáil chun a fháil amach faoi na bealaí le dul timpeall na Páirce Náisiúnta.

Google maps

Léarscáil teorann
Páirc Náisiúnta Cill Airne

Killarney National Park Boundary Map

Ceantar

25,425 ac

S.P.A:

004038

SUÍOMH I Co. Chiarraí

SUÍOMH I Co. Chiarraí

Eochair eolais

  • Loch
  • Abhainn
  • N71 / N72
  • Binn na Sléibhe
  • Ionad Cuairteoirí
  • Teorainn na Páirce

Sonraí ginearálta atá sa léarscáil seo: níl sé oiriúnach do shiúlóidí sna cnoic. Ní thaispeántar an teideal dlíthiúil sa leárscáil. Cartagrafaíocht ©2009 – ESRI Ireland Teo. agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil. Bunaithe ar shonraí ó Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Uimh. Ceadúnais EN 0059208 © Suirbhéireacht Ordanáis Éireann / Rialtas na hÉireann.

Léarscáil Teorainn

Buaicphointí na Páirce


Tréad Fia Rua atá Dúchasach

An Dúlra & Caomhnú


Is iad na fianna dearga i bPáirc Náisiúnta Chill Airne an tréad dúchasach deireanach d’fhianna rua na hÉireann a tháinig slán. Tá tréad Chill Airne anseo ón tréimhse amanna Neoiliteach. Is ó stoc a tugadh isteach athuair a shíolraigh gach tréad fia fia rua eile atá againn sa tír seo.

Fána

Coillearnach Iúir Reenadinna:

An Dúlra & Caomhnú


Is í Coill Reenadinna an limistéar is mó de choillearnach iúir atá in Iarthar na hEorpa agus tá sé ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Speisialta. Meastar go bhfuil crainn laistigh de atá idir 200 agus 250 bliain d’aois.

Gnáthóga

Láithreáin Oidhreachta Chill Airne

An Oidhreacht & Cultúr


Gné ar leith a bhaineann le Páirc Náisiúnta Chill Airne is ea a cóngaracht do bhaile Chill Airne. Tá go leor suíomhanna oidhreachta ann lena n-áirítear Teach agus Gairdíní Mhucrois, Teach agus Gairdíní Chill Airne, Caisleán an Rois, Na Mianaigh Copair, Inis Faithlinn, Mainistir Mhucrois, Droichead an Bhricín agus Droichead na Cora.

Gailearaí Oidhreachta

Cosain an Dúlra

Is í an phríomhaidhm atá le Páirc Náisiúnta ná cosain an dúlra. Tá an obair chaomhnaithe fite fuaite leis an gcaitheamh aimsire freagrach lasmuigh agus is féidir le cuairteoirí a gcion féin a dhéanamh ach aird a thabhairt ar na leideanna úsáideacha seo.

Leideanna Úsáideacha

Pleanáil Roimh Ré

Smaoinigh ar an am is fearr chun cuairt a thabhairt ar an bpáirc agus ar an mbealach taistil a bheidh agat, chun an tionchar a bheidh agat ar an timpeallacht a laghdú. Seiceáil an aimsir agus déan cinnte go bhfuil gach rud a theastóidh uait tugtha leat agat.

Bí Tuisceanach

Bí tuisceanach faoi go bhféadfadh do ghníomhaíochtaí agus d’iompar tionchar a imirt ar an dúlra, ar thaithí na gcuairteoirí eile agus orthu siúd atá ag obair anseo. Bí aireach maidir le haon torann a dhéanann tú agus maidir leis an gcaoi a ndéanann tú caidreamh le daoine eile feadh an bhealaigh.


Léirigh meas ar an bhFiadhúlra

Tá an-fháilte roimh mhadraí ach caithfidh siad a bheith ar éill. Más féidir é, seachain amanna a bheadh leochaileach ó thaobh neadú agus síolrú an fhiadhúlra.

Taistil ar Thalamh Marthanach

A bhuí leis na conairí a bhfuil cuaillí eolais orthu, beidh tú in ann cuairt a thabhairt ar na háiteanna is deise i limistéar fiántais Chill Airne. Is siúlóirí seanchleachta amháin ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na cnoic. ceadmhach campáil a dhéanamh sa Pháirc.


Fág i do dhiadh aon rud a aimsíonn tú

Tóg grianghraif den tírdhreach agus de phlandaí, ach fág fiú na rudaí is lú gan athrú, ionas go bhféadfaidh daoine eile taitneamh a bhaint as fiántas Ghleann Bheatha díreach mar a rinne tusa.

Faigh réidh le Bruscar mar is ceart

Tá baol mór i gceist leis an mbruscar don dúlra. Trí do bhruscar a thabhairt abhaile leat, cuidíonn tú leis an bpáirc agus leis an bhfiadhúlra atá inti a chosaint, agus le Gleann Bheatha a choinneáil sláintiúil.


Íoslaghdaigh an tionchar a bhíonn ag tinte

Ní cheadaímid tinte d’aon chineál inár gcuid páirceanna náisiúnta. Is féidir tionchair bhuana a bheith ag tinte agus is féidir leo plandaí agus ainmhithe a scriosadh. Labhair lenár saoistí nó lenár bhfoireann Oideachais má tá comhairle de dhíth ort.


Oidhreacht & Cultúr


Fia Rua

Téigh timpeall Pháirc Náisiúnta Chill Airne agus faigh amach faoinár n-oidhreacht nádúrtha agus staire. Áit iontach le tosú is ea an tIonad Eolais do Chuairteoirí atá lonnaithe i dTeach agus Gairdíní Chill Airne, agus a bhfuil taispeántas léirmhínitheach ann.

Tá tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint lenár gcoillte dúchasacha darach agus iúir agus ar ndóigh tá ár bhfia rua dúchasach speisialta le fáil in áiteanna éagsúla ar fud na páirce.

Tabhair neart ama duit féin chun cuairt a thabhairt ar na suíomhanna éagsúla stairiúla atá againn, ó na Gairdíní agus na Feirmeacha traidisiúnta i dTeach Mhucrois a bhfuil an oiread tóir orthu go dtí Mainistir Mhucrois, Caisleán an Rois, Inis Faithlinn agus Eas Thoirc.

Chun teangmháil ar an Ionad Cuairteoir glaoch ar +353 1 539 3620

Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chill Airne ag Teach agus Gairdíní Chill Airne

Tá Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chill Airne lonnaithe i dTeach agus Gairdíní Chill Airne. Beidh ár dtreoraithe sásta eolas a chur ar fáil faoin bPáirc Náisiúnta, áiteanna spéisiúla, siúlóidí agus fánaíocht, agus imeachtaí. Ná caill an taispeántas idirghníomhach (i 15 sheomra) atá i dTeach Chill Airne, ina dtugtar eolas faoin bPáirc Náisiúnta, an flóra, fána, stair agus bithéagsúlacht. Tá an Taispeántas Idirghníomhach saor in aisce.

Déan staidéar ar an taispeántas idirghníomhach faoi Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Bain taitneamh as áilleacht na nGairdíní. Mar thoradh ar an Tairseach go Páirc Náisiúnta Chill Airne gheobhaidh tú níos mó amach faoin tírdhreach aoibhinn agus an obair atá ar siúl againn chun é a chosaint.

SEOLADH:

Teach & Gairdíní Chill Airne
Páirc Náisiúnta Chill Airne,
Bóthar Mhucrois,
Cill Airne, V93 HE3C

GPS:

52.056831, -9.508254

FÓN:

+353 1 539 3620

RÍOMHPHOST:

infokillarneyhouse@npws.gov.ie

Both Eolais Mhucrois Both Eolais Theach agus Gairdíní Mhucrois

Oibríonn both eolais as an gcarrchlós i dTeach agus Gairdíní Mhucrois. San áit seo is féidir le cuairteoirí eolas agus moltaí a fháil maidir le conas taitneamh a bhaint as a gcuairt ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne agus as Teach agus Gairdíní Mhucrois.

Beidh an fhoireann sásta do chuid ceisteanna a fhreagairt agus bíonn Both Eolais ag feidhmiú ar na tailte i rith mhíonna an tsamhraidh.

Is é an bealach isteach le haghaidh feithiclí chuig Teach agus Gairdíní Mhucrois ná an casadh ar dheis ón N71, a bhfuil neart comharthaí bóthair dó, beagán os cionn 6km ó dheas de bhaile Chill Airne.

FÓN:

064 6670144

RÍOMHPHOST:

info@muckross-house.ie

LÁITHREÁN GRÉASÁIN:

muckross-house.ie

FACEBOOK:

@muckross.ie

Taispeántas Chaisleán an Rois

Tá taispeántas léirmhínitheach ar thalamh Chaisleán an Rois, ina dtugtar eolas faoin gcaisleán agus faoi stair an cheantair.

Féach an t-eolas faoin athchóiriú ar Chaisleán Rois agus an stair a bhaineann leis sa seomra taispeántais ar thaobh na láimhe clé ón deasc fáiltithe. Cead isteach saor in aisce.

FÓN:

064 6635851

RÍOMHPHOST:

rosscastle@opw.ie

FACEBOOK:

@rosscastlekillarneyopw

Páirc Náisiúnta Chill Airne

Tá rochtain 24 uair an chloig ag coisithe ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne i rith na bliana, seachas rochtain ar na gairdíní i dTeach Chill Airne agus i dTeach Mhucrois araon. Bíonn siad seo ar oscailt gach lá ach athraíonn na huaireanta oscailte.

Teach & Gairdíní Chill Airne

AR OSCAILT Ó:

9:15am – 5:15pm

Dúnta ag am lóin ó 1.00pm go 2.00pm

5:00PM an cead isteach deireanach chuig an taispeántas

GAIRDÍNÍ:

8:00am – 6:00pm

D’fhéadfadh na huaireanta oscailte athrú leis na séasúir.

Bíonn imeachtaí ar siúl sa Pháirc Náisiúnta i rith na bliana. Déanaimid ár leathanaigh gréasáin, Facebook agus Twitter a nuashonrú go rialta le nuacht faoi imeachtaí.

Nuacht & Fógraí

Seiceáil Facebook agus Twitter le haghaidh nuashonruithe maidir le hoibreacha bóthair atá pleanáilte agus a mbeadh tionchar acu ar an bPáirc Náisiúnta. Chun teacht ar eolas faoi fhadhbanna laethúla cosúil le tuilte, déan teagmháil le Bunáit na Maor Páirce.

BUNÁIT NA MAOR PÁIRCE:

064 6635215

Bí páirteach sa Rith Páirce maidin Dé Sathairn i dTeach Chill Airne.

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun clárú féach ar shuíomh gréasáin Park Run.

Shuíomh gréasáin Park Run

Is féidir páirceáil laistigh den Pháirc Náisiúnta saor in aisce. Tá liosta de na príomhchlóis thíos.

Carrchlós Mhucrois

Tá roinnt carrchlós i dTeach agus Gairdíní Mhucrois lena n-áirítear carrchlós mór atá suite cóngarach do Theach Scoile Mhucrois agus a d’oirfeadh d’fheithiclí móra dála veaineanna campála. Tá rochtain air idir 8:00AM agus 9:00PM. Ní cheadaítear campáil ná páirceáil ann thar oíche.

Carrchlós Chaisleáin an Rois

Tá dhá charrchlós i gCaisleán an Rois agus tá sé ar oscailt 24/7. Ní cheadaítear campáil ann thar oíche.

Carrchlós Mhainistir Mhucrois

Tá dhá limistéar páirceála ag Mainistir Mhucrois agus fáil orthu 24/7. Tá ceann acu ar thaobh na láimhe clé den N71 os comhair an bhealach isteach ón bPáirc Náisiúnta go dtí an Mainistir, agus tá an ceann eile, a bhfuil teorainn leis na spásanna atá ann, os comhair Óstán Pháirc Mhucrois.

Teach agus Gairdíní Chill Airne

Tá Teach agus Gairdíní Chill Airne lonnaithe i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ar theorainneacha bhaile Chill Airne. Ní féidir páirceáil ar an láthair ach tá neart áiseanna páirceála poiblí in aice láimhe.

Páirceáil Phoiblí

D’oirfeadh Carrchlós Poiblí Bhóthar na Feánna do dhaoine a bheadh ag teacht chuig Teach agus Gairdíní Chill Airne agus an Diméin agus tá taobhbhealach isteach ó Bhóthar na Feánna/Bóthar an Mhisin go dtí an Pháirc Náisiúnta. I gcás cuairteoirí chuig Lóiste na Dianaí, an Diméin agus Cnoc Rír, is féidir páirceáil ar an tsráid ar Bhóthar an Phoirt os comhair Ardeaglais Naomh Muire.

Chomh maith leis sin tá roinnt carrchlós níos lú ar fud na Páirce Náisiúnta agus iad cóngarach do nithe ar díol spéise iad agus do na cosáin agus na conairí. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar leathanaigh an tsuímh. Tá na spásanna páirceála teoranta ag cuid de na suíomhanna mar sin molaimid do chuairteoirí na carrchlóis is mó a úsáid nuair is féidir, go háirithe nuair a bhíonn an áit gnóthach, agus na carrchlóis bheaga, dála an charrchlóis ag Eas Thoirc a fhágáil do chuairteoirí a bhfuil soghluaisteacht theoranta nó deacrachtaí rochtana acu.

Ní cheadaítear úsáid áineasa ladrainn laistigh de thailte Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Cuireann ladrainn isteach ar an bhfiadhúlra, go háirithe éin neadaithe. Bíonn tionchar acu freisin ar thaithí ár gcuairteoirí mar gheall ar thruailliú aeir agus is ionradh ar phríobháideachas iad.

Teastaíonn ceadanna i bPáirc Náisiúnta Chill Airne do gach gníomhaíocht nó imeacht tráchtála agus do gach gníomhaíocht nó imeachtaí eagraithe:

  • aon siúlóidí, rásaí nó rothaíocht tiomsaithe airgid
  • treodóireacht
  • cairr capaill
  • fálróid ar chapaillíní
  • curachóireacht/cadhcáil
  • scannánaíocht
  • grianghrafadóireacht tráchtála

Déan iarratas ar chead canúla nó cadhcála

Níl aon cheadanna do bhádóireacht phríobháideach ar fáil faoi láthair. Chun fiosrú a dhéanamh faoi bheith curtha ar an liosta feithimh, nó aon cheisteanna eile faoi cheadanna, déan teagmháil leis an mBainisteoir Réigiúnach, Páirc Náisiúnta Chill Airne, nó an Bainisteoir Ginearálta, Teach agus Gairdíní Chill Airne.

Bainisteoir Réigiúnach:

+353 64 6635215

Bainisteoir Ginearálta:

infokillarneyhouse@npws.gov.ie

Clúdaíonn Páirc Náisiúnta Chill Airne níos mó ná 26,000 acra ina bhfuil lochanna, coillearnacha, easanna, foirgnimh agus oidhreacht nádúrtha. Laistigh den cheantar ollmhór seo gheobhaidh tú go leor áiseanna do chuairteoirí, lena n-áirítear páirceáil, leithris, bialanna, caiféanna, siopa bronntanais, siopa milseán, áiseanna teaghlaigh, garchabhair, srl.

Tá áiseanna leithris in áiteanna éagsúla sa Pháirc Náisiúnta:

Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chill Airne

I measc na n-áiseanna leithris atá suite ar an mbunurlár tá WC neamhghnéasach, atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu. Tá fáil ar ionad friothála ar naíonáin freisin.

Ar Oscailt:

9:15AM – 5:15PM

Teach agus Gairdíní Mhucrois

Tá leithris, lena n-áirítear leithreas do dhaoine faoi mhíchumas agus ionad friothála ar naíonáin ar fáil i mbialann Theach agus Gairdíní Mhucrois. Tá leithris phoiblí ar na tailte ar thaobh na láimhe clé den bhóthar isteach chuig an bpríomhlimistéar páirceála.

Ar Oscailt:

10:00am – 6:00pm
Seiceáil go háitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí.

Caisleán an Rois

Tá leithris suite ar an taobh thall den chaisleán in aice leis an mboth caifé. Tá comharthaíocht ag an gcaisleán a thugann treoir duit feadh an chosáin tríd an gcaifé/both. Téann tú isteach via sraith de sheanchéimeanna coincréite. Bíonn na leithris ar oscailt ó cheann ceann na bliana ach athraíonn na hamanna leis na séasúir.

Eas Thoirc

Tá na leithris suite achar gearr ón gcarrchlós íochtarach. Tabhair faoi deara go bhfuil an tsiúlóid in aghaidh an chnoic agus go bhfuil na huaireanta oscailte ag braith ar an séasúr.

Roghanna Eile

Tá leithris faoi úinéireacht phríobháideach ar fáil ag láithreáin eile, faoi réir uaireanta oscailte an tséasúir, lena n-áirítear ag Teachín an Tiarna Brandon, Teachín Dhaimhinse agus Lóiste na Dianaí.

Idir bhialanna agus bhothanna tá neart roghanna agat sa Pháirc Náisiúnta má theastaíonn béile nó smailc uait. Féadfaidh cuairteoirí picnic a bheith acu sa Pháirc Náisiúnta ach iarraimid ort Gan Lorg a Fhágáil. Ní cheadaítear beárbaiciúnna ná tinte campála sa Pháirc Náisiúnta ná sna gairdíní.

Bialann Ghairdín Theach Mhucrois

Dhá nóiméad ó Theach Mhucrois, in aice leis na príomhchlóis agus leis an mbóthar isteach. Ar oscailt 7 lá na seachtaine.

Bialann Ghairdín Theach Mhucrois

Lóiste na Dianaí

Teachín ceann tuí a tógadh in 1834, taobh istigh de gheataí na Páirce Náisiúnta os comhair Ardeaglais Naomh Muire ar Bhóthar an Chalafoirt. Caifé beag atá ann a bhíonn á rith ag Downs Syndrome Ireland agus is áit iontach é chun greim a fháil le hithe agus taitneamh á bhaint agat as an radharc tíre.

leathanach facebook Lóiste na Dianaí

Both Chaisleán an Rois

Both phríobháideach a dhíolann deochanna, uachtar reoite agus smailceacha beaga. Tá láthair picnicí ann freisin ach is do chustaiméirí amháin é.

Ross Castle Garden Café

Teachín Dhaimhinse

Ar Oileán Dhaimhinse tríd an N71, 7km lasmuigh de bhaile Chill Airne. Téann an teachín siar go dtí na 1700idí agus tá sé oiriúnach dóibh atá ag siúl ar shiúlóid Lúb Mhucrois. Is féidir smailceacha agus cistí beaga a fháil sa seomra tae. Tá ainmneacha ar na fuinneoga anseo a bhí snoite isteach sa ghloine ag úsáid diamaint, agus téann cuid acu siar go dtí lár na 1800idí.

Leathanach Facebook Theachín Dhaimhinse

Teachín an Tiarna Brandon

Ar an taobh ó dheas de Bhearna an Choimín, gan é rófhada ó Chom Uí Dhuibh. Caifé iontach amuigh faoin aer.

Leathanach Facebook Theachín an Tiarna Brandon

Díolann an siopa ceardaíochta ag Teach Mhucrois bronntanais, seodra agus éadaí ó Fhíodóirí Mhucrois, Potaireacht Mhucrois agus Ceanglóirí Leabhar Mhucrois. Is féidir bronntanais agus milseáin éagsúla a cheannach sa siopa milseán atá ag na Feirmeacha Traidisiúnta.

Teach agus Gairdíní Mhucrois:

Tá an siopa ceardaíochta ar thaobh na láimhe deise den bhealach isteach agus den charrchlós.

Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois:

Tá an siopa milseán agus bronntanas sa bhfoirgneamh ar an tslí isteach.

I measc na n-áiseanna teaghlaigh atá lonnaithe ar fud Pháirc Náisiúnta Chill Airne tá áiteanna súgartha agus ionad friothála ar naíonáin.

Ionaid Friothála ar Naíonáin

Gheobhaidh tú ionaid friothála ar naíonáin ar an mbunurlár in Ionad na gCuairteoirí i mbialann Ghairdín Theach Mhucrois agus sna leithris phoiblí i gcarrchlós Theach Mhucrois.

Áiteanna Súgartha

Is féidir teacht ar chlós súgartha ionchuimsitheach na Páirce Náisiúnta ón mbealach isteach ar Bhóthar an Chalafoirt agus trí na geataí, os comhair Ardeaglais Naomh Muire. Tá áiseanna leithris ar an láthair.

Tá Clós Súgartha na Coille suite ar thalamh Fheirmeacha Traidisiúnta Mhucrois agus tá teacht ag cuairteoirí na bhFeirmeacha Traidisiúnta air. Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfear táille iontrála a íoc chun dul isteach i bhFeirmeacha Traidisiúnta Mhucrois.

 

Tá saoráidí Garchabhrach lena n-áirítear AED (dífhibrileoir) ar fáil in Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chill Airne agus ag Teach agus Gairdíní Mhucrois. Is féidir glaoch ar na seirbhísí éigeandála ó na háiteanna seo. Is iad na huimhreacha éigeandála ná 999 nó 112.

Nuacht & Fógraí


Cuckoo Update

20 February 2024


After spending the last few months in Congo basin, Cuach Torc and KP have started their migration back. Whilst Cores remains on wintering grounds in the Democratic Republic of the Congo.
Read more

Easter Camp 2024 – FULLY BOOKED

5 February 2024


Killarney National Park Education Centre will be running an Easter Camp on the 28th and 29th March 2024.  It will be based at The School House in Muckross.  The camp is for 7 – 12 year olds and will run from 9.30 to 3.00 both days.
Read more

Celebrate World Wetland Day With Killarney National Park Nature Education Centre

31 January 2024


Friday 2nd FEBRUARY 10.30 am -12.00 noon Staff from Killarney National Park Education Centre will lead a walk along the Deenagh River from King’s Bridge to the mouth of the river, where it flows into Lough Leane. (meeting place opposite St.Mary’s Cathedral) Along the way they will discuss the importance of conserving and protecting our
Read more