Skip to main content

Féach thart ar an oidhreacht agus ar an dúlra uathúil atá i gConamara agus bain sult astu.

Áit le Tabhairt faoin bhFoghlaim


Tabhair faoi na deiseanna foghlama atá i bPáirc Náisiúnta Chonamara. Má tá spéis agat sa dúlra agus san éiceolaíocht, sa stair áitiúil, i bpórtha oidhreachta feirme nó má tá sé i gceist agat teacht ar cuairt le do ghrúpa, tacaíonn an Pháirc Náisiúnta le réimse leathan eispéireas foghlama do gach aoisghrúpa a chur ar fáil. Tá turais allamuigh scoile chuig an bPáirc Náisiúnta saor in aisce.

Áit le Tabhairt faoin bhFoghlaim

Clár Oideachais na Páirce


Is iad seo a leanas aidhmeanna Pháirc Náisiúnta Chonamara:

Meas, tuiscint agus aire don oidhreacht agus go háirithe don dúlra a chur chun cinn

Forbairt cleachtais nach ndéanann dochar don timpeallacht a spreagadh

An pobal a chur ar an eolas maidir leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus leis an ról atá acu i gcaomhnú



Eolas maidir le hÁirithintí


Leanbh ag breith ar dhuilleoga de dhathanna éagsúla

Tá Clár Oideachais na Páirce saor in aisce agus cuirimid roinnt roghanna ar fáil do bhunscoileanna, ag brath ar an aoisghrúpa.

Bí linn ar Lá Spraíúil Feasachta Dúlra nó b’fhéidir go ndéanfá Siúlóid Phortaigh. Céard faoi lá do Mhionainmhithe a dhéanamh, nó cén fáth nach bhféachfá ar bheatha na lochán agus Eispéireas Tumtha Locháin a bheith agat?

Chun áirithint a dhéanamh, seol ríomhphost chugainn ar cnp@npws.gov.ie nó cuir glaoch orainn ar 087 2906269.

Tá Clár Oideachais na Páirce saor in aisce agus cuirimid roinnt roghanna ar fáil do bhunscoileanna, ag brath ar an aoisghrúpa.

An bhfuil tú ag smaoineamh ar theacht chun na páirce chun lá oideachais a dhéanamh? Freastalaíonn Clár Oideachais na Páirce ar réimse leathan grúpaí daoine:
Grúpaí réamhscoile
Grúpaí bunscoile
Grúpaí meánscoile
Grúpaí Ollscoile/Coláiste
Gasóga/Gasóga Óga/Treoraithe
Grúpaí Riachtanas Speisialta
Grúpaí Óige/Pobail

Tá áirithint riachtanach do gach gníomhaíocht. Chun áirithint a dhéanamh, seol ríomhphost chugainn ar cnp@npws.gov.ie nó cuir glaoch orainn ar 087 2906269.

Acmhainní Teaghlaigh

Tá sraith leathanach oibre agus acmhainní do theaghlaigh deartha againn. Tá méid A4 i ngach ceann acu.
Chun gach ceann a fheiceáil agus a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos.


Íoslódálacha

An Saol sna Coillearnacha Taobh Amuigh

Crainn sa Pháirc

Féileacáin na Páirce

Biongó na nÉan