“Indeed the Nephin Beg range of mountains is, I think, the very loneliest place in this country”
Robert Lloyd Praeger
Éist le glór an dúlra
Fáilte go dtí Páirc Náisiúnta
Néifinn Fhiáin
Lonnaithe ar chósta an Iarthair in iarthuaisceart Mhaigh Eo, clúdaíonn Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine 15,000 heicteár ollmhór d’fhásach neamháitrithe agus gan mhilleadh, le Sléibhte Néifinn Bheag go hard os cionn na páirce. Siar ó na sléibhte tá Portach na hAbhann Duibhe, ceann de na córais bhratphortaigh ghníomhacha deireanacha atá slán in Iarthar na hEorpa.
Cosnaíonn an Pháirc Náisiúnta gnáthóga agus speicis tábhachtacha eile lena n-áirítear fraochmhá alpach, féarach ardtalún, fraochmhá, locha agus dobharcheantair abhann. Tá gé bhánéadanach Ghraonlannach, an fheadóg bhuí, an chearc fhraoigh agus an madra uisce ar chuid de na fána tábhachtacha a fhaightear laistigh den Pháirc Náisiúnta.
Aimsigh ár gconairí siúil, faigh tuilleadh eolais maidir leis na gnáthóga agus speicis a ndéanaimid cosaint orthu, nó féach ar ár gcláir oideachais.
Léarscáil
den Pháirc Náisiúnta
Ceantar
S.P.A:
Suite i gContae Mhaigh Eo
Eochair eolais
-
Páirceáil -
Loch -
Abhainn -
N59
-
Binn na Sléibhe -
Foraois -
Ionad Cuairteoirí -
Teorainn na Páirce
Sonraí ginearálta atá sa léarscáil seo: níl sé oiriúnach do shiúlóidí sna cnoic. Ní thaispeántar an teideal dlíthiúil sa leárscáil. Cartagrafaíocht ©2009 – ESRI Ireland Teo. agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil. Bunaithe ar shonraí ó Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Uimh. Ceadúnais EN 0059208 © Suirbhéireacht Ordanáis Éireann / Rialtas na hÉireann.
Nuacht & Fógraí
Park Notice
8 June 2026
Wild Nephin Nature Festival 2026
27 May 2026
Summer Shuttle Bus Wild Nephin National Park
27 May 2026
Áit a nochtann na spéartha is dorcha na réaltaí is gile
Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo
Léiríonn Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine cuid de na spéartha oíche is dorcha ar domhan agus tá sé deimhnithe go hoifigiúil mar Pháirc Idirnáisiúnta Spéir Dhorcha céim óir. Síneann Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo trasna na Páirce Náisiúnta ar fad, agus ar oíche geal is féidir le cuairteoirí na mílte réaltaí a fheiceáil ar lasadh, pláinéid eile inár ngrianchóras, Bealach na Bó Finne agus fiú dreigecheathanna, agus is féidir iad ar fad a fheiceáil le radharc na súl.
Cuireann ár bhfoireann treoraithe ag Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich, a bhfuil an-taithí acu, fáilte roimh chuairteoirí agus reáchtálann siad Clár Oideachais an Spéir Dhorcha. They can provide guidance to get you started with stargazing, and while the Visitor Centre closes during some winter months, the viewing sites within the Dark Sky Park are open to the public year round.

Rogha na Páirce
Taispeántas idirghníomhach in Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich
Ionad Cuairteoirí
Spreagann ár dtaispeántas idirghníomhach cuairteoirí de gach aois agus tugtar léargas ar bhithéagsúlacht na Páirce Náisiúnta chomh maith le cuid d’oidhreacht chultúrtha an réigiúin. Téigh ag spaisteoireacht ar an suíomh feadh Chonair Dhúlra Thóchar Daithí Bán agus bain taitneamh as radhairc lánléargais Acla, shliabhraon Néifinn Bheag agus an Atlantaigh. Faigh tuilleadh eolais faoin tsiúlóid 20-30 nóiméad seo, ar féidir le daoine aonair nó le grúpaí tabhairt faoi go héasca.
Foraoisí ársa an am atá caite
Gnáthóga
Tá Conair Chósta Shliabh an Chloiginn suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin idir an Mala Raithní agus Sráidbhaile Bhaile Chruaich agus is suíomh iontach é chun grianghraif a ghlacadh den cheantar iontach seo. Tiocfaidh tú ar neart páirceála agus ar chonair réidh 1km feadh imeallbhoird chlochaigh. Tá fianaise d’ár sean-fhoraoisí le feiceáil anseo le sean-stumpaí péine ar an gcladach agus ag teacht amach as an bportach. I measc an fhiadhúlra a bhíonn ar an gcladach go minic tá an madra uisce (Lutra lutra), an fheadóg chladaigh (Charadrius hiaticula) agus an chorr réisc (Ardea cinerea).
Tír mór na spéire
Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo
Is ábhar ceiliúrtha iad na spéartha os cionn Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine na hÉireann atá ann le taitneamh a bhaint astu agus meas a bheith orthu. Is é Portach na hAbhann Duibhe sa Pháirc Náisiúnta an stráice is mó bhratphortaigh an Atlantaigh slán in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa. Tá an stráice portaigh seo agus na cnoic ar shliabhraon Néifinn Bheag mar bhonn agus taca ag spéartha móra na coda seo d’Iarthuaisceart Mhaigh Eo a bhíonn ag athrú de shíor.
Bus Tointeála
Beidh ár mBus Tointeála na Páirce Náisiúnta SAOR IN AISCE ag rith arís ó Dé Máirt, an 2 Meitheamh go dtí deireadh mhí Lúnasa.
Ag rith ó Mháirt go Satharn do Mheitheamh, Iúil agus Lúnasa 9am – 7pm.
Ní bheidh aon bhus ar fáil Dé Domhnaigh agus Dé Luain.
I mbliana, rithfidh an bus ó Bhaingear go Cathair na Mart trí thaobh thoir na páirce, ag stopadh ar iarratas ag Doire Íochtarach (áit a gceanglaíonn Bhealach an Iarthair leis an R312), agus ansin An tSraith Riabhach/Leitir Caoin (Carrchlós na Sraithe Riabhaí*). Tá sé seo chun iompar a éascú do shiúlóirí a bhféadfadh suim a bheith acu sa Bhealach an Iarthair/Conair Bhaingear a shiúl, nó fanacht thar oíche i gceann dár láithreacha campála ceadaithe**.
Leanfaidh sé ansin go Baile Uí Fhiacháin (Stáisiún Express Circle K) agus Cathair na Mart (Stáisiún Seirbhíse Maxol, Bóthar Baile Uí Fhiacháin) sula bhfillfidh sé ar Bhaingear, trí Bhaile Uí Fhiacháin arís, An Mhala Raithní (Carrchlós an Óstáin), le stadanna ar iarratas ag Conair Chósta an Chloiginn (Carrchlós an Chonair) agus Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich.
Beidh bus déanach ag imeacht ó Chathair na Mart ag 18:05 ag freastal ar na conairí feadh ar thaobh thoir na páirce ar ais go Baingear ag 19:00, le stadanna ar iarratas ag An tSraith Riabhach/Leitir Caoin agus Doire Íochtarach.
Tá súil againn go gcuirfidh an tseirbhís seo ar do chumas an leas is fearr a bhaint as an bPáirc Náisiúnta, cibé acu siúlóid ghearr agus caife ag Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich atá i gceist, nó tabhairt faoi Chonair uaillmhianach Bhaingear!
Tabhair faoi deara gur bealach nua é seo i mbliana, le roinnt athruithe ar stadanna.
*Stadanna ar iarratas – cuir in iúl don tiománaí nó déan comhartha le do thoil
*Tá Páirceáil na Sraithe Riabhaí roimh Cheann Conaire Leitir Caoin (ar thaobh na láimhe deise) agus tú ag teacht ón deisceart, agus tar éis an chonair (ar thaobh na láimhe clé) agus tú ag teacht ón tuaisceart.
**Iarraimid ar gach campálaí thar oíche clárú anseo agus suíomh campála ainmnithe a roghnú.
Féach ar na cláir ama thíos:
Amchlár an Bhus
| Stad Bus – Stad ar Iarratas | Seirbhís na Maidine | Seirbhís Iarnóna | Seirbhís Tráthnóna |
|---|---|---|---|
| Baingear (Clós Súgartha) | Dep. 09:00 | Teacht. 12:45 Dep. 12:50 | Teacht. 16:30 Dep. 16:35 |
| Doire Íochtarach (áit a gceanglaíonn Bhealach an Iarthair leis an R312) | Teacht. 09:20 Dep. 09:25 | Teacht. 13:10 Dep. 13:15 | Teacht. 16:55 Dep. 17:00 |
| An tSraith Riabhach / Leitir Caoin(Carrchlós na Sraithe Riabhaí) | Teacht. 09:45 Dep. 09:50 | Teacht. 13:35 Dep. 13:40 | Teacht. 17:20 Dep. 17:25 |
| Baile Uí Fhiacháin 1ú stad (Stáisiún Express Circle K) | Teacht. 10:10 Dep. 10:15 | Teacht. 14:00 Dep. 14:05 | Teacht. 17:45 Dep. 17:45 |
| Cathair na Mart (Stáisiún Seirbhíse Maxol, Bóthar Baile Uí Fhiacháin) | Teacht. 10:30 Dep. 10:35 | Teacht. 14:20 Dep. 14:25 | Teacht. 18:00 |
| Baile Uí Fhiacháin – 2ú stad (Stáisiún Express Circle K) | Teacht. 10:50 Dep. 10:55 | Teacht. 14:40 Dep. 14:45 | |
| An Mhala Raithní (Carrchlós an Óstáin) | Teacht. 11:20 Dep. 11.25 | Teacht. 15:05 Dep. 15:10 | |
| Conair Chósta an Chloiginn (Carrchlós an Chonair) | Teacht. 11:35 Dep. 11.35 | Teacht. 15:20 Dep. 15:20 | |
| Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich (Carrchlós an Ionaid Cuairteoirí) | Teacht. 11:45 Dep. 12:30 | Teacht. 15:30 Dep. 16:15 |
Amchlár an Bhus Déanach
| Stad Bus Déanach – Stad ar Iarratas | Bus Déanach |
|---|---|
| Cathair na Mart (Stáisiún Seirbhíse Maxol, Bóthar Baile Uí Fhiacháin) | Dep. 18:05 |
| Baile Uí Fhiacháin (Stáisiún Express Circle K) | Teacht. 18:20 Dep. 18:20 |
| An tSraith Riabhach / Leitir Caoin (Carrchlós na Sraithe Riabhaí) | Teacht. 18:35 |
| Doire Íochtarach (áit a gceanglaíonn Bhealach an Iarthair leis an R312) | Teacht. 18:50 |
| Baingear (Clós Súgartha) | Teacht. 19:00 |
Léarscáil Stadanna Bus Tointeála Néifinne Fiáine

Fánaíocht & Siúl
Is áit iontach í Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine chun turas a thabhairt ar chuid de na tailte is iargúlta in Éirinn. Cé go bhfuil príomhlimistéar na páirce oiriúnach do chnocadóirí a bhfuil níos mó taithí acu, tá siúlóidí níos éasca ann freisin a thugann deis do chuairteoirí ar raon cumais taitneamh a bhaint as an radharc tíre agus as an bhfiadhúlra anseo ag Néifinn Fhiáin.
Oidhreacht & Cultúr

Tabhair deis do radharc leathan oscailte an cheantair spéire seo tú a spreagadh, agus an ghrian ag dul faoi ar Néifinn ag nochtadh na mílte réalta agus an Pháirc Náisiúnta ag athrú go Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo. Lig don fhoireann Treoraithe tiomnaithe bithéagsúlacht, stair agus miotais an tírdhreacha uathúil seo arb é Néifinn Fhiáin é, ár n-áit neimhe agus ár dtearmann don fhiadhúlra a roinnt leat.
UAIREANTA OSCAILTE:
10:00am–17:30pm
CEAD ISTEACH:
Saor in aisce
Is é an tIonad Cuairteoirí an príomhphointe eolais do Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine.
Lig do scíth agus bain taitneamh as an bhfáilteachas ag an Ionad Cuairteoirí, ina bhfuil taispeántas idirghníomhach, Treoraithe na Páirce Náisiúnta a bhfuil taithí acu, an Caifé Ginger & Wild agus Conair Dhúlra Thóchar Daithí Bán inrochtana. (2km).
Reáchtálann muid imeachtaí speisialta i rith na bliana agus siúlóidí treoraithe rialta agus clubanna páistí le linn míonna an tsamhraidh. Coinnigh súil ar ár gcainéal meáin shóisialta le haghaidh siúlóidí, cainteanna agus gníomhaíochtaí atá le teacht.
-Radharc iontach lánléargais ar Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine agus ar Oileán Acla
-Taispeántas idirghníomhach
-Conair dhúlra le lochán agus láthair amhairc
-Deasc eolais
-Caifé Ginger & Wild
-Siúlóidí treoraithe agus imeachtaí speisialta
-Láthair Amhairc Pháirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo
UAIREANTA OSCAILTE:
10:00 – 17:00
Lár mhí an Mhárta – Meán Fómhair
10:00 – 16:00
Deireadh Fómhair – 5ú Samhain (an dá dháta sin san áireamh)
Bíonn an Caifé dúnta i rith an gheimhridh go dtí lár mhí an Mhárta.
AR FÁIL:
-Béilí taobh istigh
-Béilí taobh amuigh
-Béilí le tabhairt leat
Teileafón:
+353 (0)87 6666 633
Suíomh Gréasáin:
www.gingerandwild.com
Tugann láthair shuí éadrom, fhairsing an chaifé radharc ón spéir ar Oileán Acla, ar Shléibhte maorga Néifinn Bheag agus ar chósta an Atlantaigh fhiáin. Tá fáilte mhór romhat ag an gcaifé teaghlaigh seo.
Is de dhéantús baile an bia ar fad ag baint úsáid as táirgí ó fhoinsí áitiúla agus comhábhair ardchaighdeáin — taenna, caiféanna, súnna torthaí, anraith glasraí, panini, quiche, sailéid, scónaí, cácaí srl, agus na rudaí blasta ar fad déanta ag Jean-Pierre.
Tá ballaí an chaifé maisithe le healaín chomhaimseartha – athraíonn taispeántais de shíor agus bíonn na saothair ar fad le díol.
Más turas bus atá i gceist, agus tú ag iarraidh stopadh le haghaidh lón, cuir é sin in iúl dúinn roimh ré le do thoil. Cuir glaoch ar Nicola ag + 353 (0)87 6666633 nó tabhair cuairt ar www.gingerandwild.com.
