Skip to main content

Tabhair cuairt ar an bPáirc Náisiúnta is mó in Éirinn atá suite i réigiún maorga Shléibhte Chill Mhantáin san oirthear.

Eolas faoin bPáirc


 

Tá Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus a gnáthóga faoi chosaint an dlí. Chomh maith leis na dlíthe seo, tá treoirlínte áirithe ann nach mór a leanúint chun a chinntiú go mbainfidh gach cuairteoir taitneamh as a gcuairt.

 

Páirc Náisiúnta Shléibhte Cill Mhantáin

Síneann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin trasna 23,000 heicteár ó dheas de Bhaile Átha Cliath. Tá Páirc Náisiúnta Chill Mhantáin ar an gceann is mó de Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus an t-aon cheann san oirthear. Tá tírdhreacha móra fairsinge ann, chomh maith le bóithre casta sléibhe agus sruthanna a shníonn go gasta síos go lochanna doimhne na ngleann coillteach, lena n-áirítear lonnaíocht mhainistreach Naomh Caoimhín i nGleann Dá Loch.

Faigh amach cén chaoi gur féidir leat cabhrú linn bithéagsúlacht agus tírdhreach na páirce a chaomhnú, nó pleanáil do chuairt chun dul ag fánaíocht sna sléibhte nó ar shiúlóid nó ar thiomáint scéimhe. Tá fíorbhlas d’fhiántas ársa na hÉireann ag fanacht leat sa pháirc.

Buail leis an bhFoireann

Déanann foireann bheag, ach tiomanta, bainistiú ar Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus tugann siad aire di. Tá baint ag an bhfoireann le ceithre phríomhréimse – maoir chaomhantais, an fhoireann oideachais, an fhoireann chothabhála, agus na bainisteoirí agus foireann na hoifige.

Cathair na Mainistreach

An Mórbhóthar Míleata