Skip to main content
0%
Gaeilge English

Áit ina labhraíonn
an dúlra leat

11. 12. 2024
22:17
Glenveagh °C
Burren °C
Connemara °C
Killarney °C
Wicklow °C
Wild Nephin °C
11. 12. 2024
22:17
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine Páirc Náisiúnta Chonamara Páirc Náisiúnta Sléibhte Chill Mhantáin Páirc Náisiúnta Bhoirne Páirc Náisiúnta Chill Airne Páirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí

Speicis Mamaigh

25

Speicis Éin

400

Speiceas Feithid

12,000+

Speicis Plandaí

4,000

CUIR EOLAS AR NA PÁIRCEANNA NÁISIÚNTA


AINM SUÍOMH PARK LOGO
Boirinn An Clár 1,500 ha.
Conamara Gaillimh 2,000 ha.
Gleann Bheatha Dún na nGall 16,000 ha.
Mara Ciarraí Ciarraí 29,000 ha.
Cill Airne Ciarraí 10,236 ha.
Cill Mhantáin Cill Mhantáin 23,000 ha.
Néifinn Fhiáin Maigh Eo 15,000 ha.

Áit ina labhraíonn an dúlra leat

01 / Éiteas


Tabhair cuairt ar Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus bain sásamh as áilleacht an dúlra atá díreach os do chomhair.

Caomhnóirí gheografaíocht agus éiceolaíocht uathúil na hÉireann iad na Páirceanna Náisiúnta atá ag iarraidh an dúlra a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Nuair a thugann tú cuairt ar na páirceanna, ná dearmad go bhfuil sé tábhachtach go gcaithfeadh muid leo leis an meas cuí agus go dtuigfeadh muid an tábhacht a bhaineann leo.

An Cuspóir atá againn


Tum tú féin sa dúlra. Cuir eolas níos fearr ar thírdhreacha buana na hÉireann a shnoigh oighearshruthanna agus ar ghnáthóga atá beo bríomhar le beatha, áiteanna a bhainfidh an chaint díot lena n-áilleacht.

Anois, níos mó ná riamh, ní mór dúinn cúram a dhéanamh den áilleacht sin – áilleacht iontach an dúlra – inár gcuid Páirceanna Náisiúnta.


02 / Na spriocanna atá againn

  • Sprioc 01

    An dúlra a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

  • Sprioc 02

    A bheith inár gceannródaithe ar oideachas caomhnaithe in Éirinn.

  • Sprioc 03

    Mórtas agus meas ar an dúlra a chothú i ngach duine a thugann cuairt ar na páirceanna.

03 / Páirceanna Náisiúnta


Páirceanna Náisiúnta

Tugann Páirceanna Náisiúnta na hÉireann deiseanna uathúla dúinn le muid féin a thumadh sa dúlra an taithí draíochtúil is glaine dá bhfuil ann, taithí a spreagann an t-iontas agus an t-ionadh ionainn chomh maith le muid a nascadh leis an dúlra agus a bheith faoi shuaimhneas aige.

In every walk with nature one receives far more than he seeks.

John Muir

04 / Ár nAnaclanna Dúlra


Ár nAnaclanna Dúlra

Is limistéar cosanta í Anaclann Dúlra atá tábhachtach don fhiadhúlra. Tá 77 anaclann dúlra cláraithe in Éirinn a bhfuil ról lárnach acu go léir i gcaomhnú an dúlra do na glúnta atá le teacht. Is leis an Stát a bhformhór, ach tá cuid acu faoi úinéireacht eagraíochtaí nó úinéirí talaimh príobháideacha.

TEACHT AR ANACLANN DÚLRA

Cúige Laighean

Anaclann Dúlra Inbhear Bhaile Dúill

Anaclanna Dúlra Oileán an Bhulla

Anaclann Dúlra Inbhear Bhaile Roiséir

Anaclann Dúlra Eanach Bhaile Pholaird

Anaclann Dúlra Choill Bhaile Uí Chaoimh

Anaclann Dúlra Oileán Fhiodh Dúin

Anaclann Dúlra Choill Gharraí Ricín

Anaclann Dúlra Choill an Duithir

Anaclann Dúlra Choill Chúil an Churraigh

Anaclann Dúlra Choill Bhaile an Ghróntaigh agus Loch Bhaile an Ghróntaigh

Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma

Anaclann Dúlra Eiscir Thigh Mochua

Loch an Chaisleáin Nua, Anaclann Dúlra phríobháideach

Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh

Anaclann Dúlra Phortach an Mhongáin

Anaclann Dúlra Phortach an Ráithín Mhóir

Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma

Anaclann Dúlra Portaigh na Scraithe

Anaclann Dúlra Choinicéar Bhaile Thaidhg

Anaclann Dúlra Rámhainne

Anaclann Éanlaithe Fiáine Loch Garman

Anaclann Dúlra Chéim an Ghiúistís

Anaclann Dúlra Ghleann Dá Ghrua

Anaclann Dúlra Ghleann Dá Loch

Anaclann Dúlra Ghleann Abhlach

Anaclann Dúlra Choill Chnoc Sinche

Anaclann Dúlra Ghleann an Chláraigh

Cúige Mumhan

Anaclann Dúlra Choinicéar Bhaile Thaidhg

Anaclann Dúlra Chathair Mhurchú

Anaclann Dúlra Dhrom Mhór

Anaclann Dúlra Chaolchoille (Sliabh Cairn)

Anaclann Dúlra Oileán an Cháplaigh agus Cheann Chnoc an Dúin

Anaclann Dúlra an Ghleanna Ghairbh

Anaclann Dúlra Phortach Chill Cholmáin

Anaclann Dúlra Choill Chnoc Camtha

Anaclann Dúlra Loch Oidhinn

Anaclann Dúlra an Ghaorthaidh

Anaclann Dúlra Phortach an Chomaraigh

Anaclann Dúlra Choill Dhoire Choinche

Oileán Doire Mhóir

Anaclann Dúlra Phortach Adhairce

Anaclann Dúlra Sceilg Mhichíl

Anaclann Dúlra na Sceilge Bige

Anaclann Dúlra Loch na mBreac Dearg

Anaclann Dúlra Loch Gaineamháin

Anaclann Dúlra Chnoc Bréanainn

Anaclann Dúlra Oileán na gCánóg

Anaclann Dúlra Phortaigh Sheithe Fhraoigh

Anaclann Dúlra na Tiarachta

Anaclann Dúlra Bhá Thrá Lí

Anaclann Dúlra Choill na hIúraí

Anaclann Dúlra Phortach Choillte Rua

Cúige Chonnacht

Anaclann Dúlra Chlochar na gCon/Phortach Bhéal an Chuain

Anaclann Dúlra Pháirc na Cúile

Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir

Anaclann Dúlra Choill Dhoire Chraige

Anaclann Dúlra Phortach na Léime Thiar

Anaclann Dúlra Choill Pholl na gCnocán

Anaclann Dúlra Eiscir Richmond

Anaclann Dúlra Choill Ros Dora

Anaclann Dúlra an Chnoic Mhaoil/an tSeiscinn

Anaclann Dúlra Choill an tSeanchinn

Anaclann Dúlra na hAbhann Buí

Anaclann Dúlra Bhaile Uí Ghiollagáin (Lios an Daill)

Anaclann Dúlra Phortach Iascaí

Anaclann Dúlra Choill na hInneona

Cúige Uladh

Anaclann Dúlra Ard na Móna

Anaclann Dúlra Choill Bhaile Áir

Anaclann Dúlra Choill na Deirce Móire

Anaclann Dúlra Choill Dhún Taithligh

Anaclann Éanlaithe Fiáine Leibhéil na hInse

Anaclann Dúlra Phortach Loch Beara

Anaclann Dúlra Mhín an Chuillinn

Anaclann Dúlra Ardchlár Phaiteagó

Anaclann Dúlra Choill Ráth Maoláin

Anaclann Dúlra an tSeascainn Mhóir

Páirceanna Náisiúnta

Cosain an Dúlra

05 / Cosain an Dúlra


Tugann Páirceanna Náisiúnta spreagadh do chuairteoirí a dtaithí agus a n-aistir féin a chruthú, áit ina n-aireoidh siad lán le fuinneamh agus ar ais ar a seanléim arís, agus ina bhfaighidh siad tuiscint níos fearr ar chaomhnú an dúlra agus ar aire a thabhairt dó.

Anois, níos mó ná riamh, ní mór dúinn cúram a dhéanamh den áilleacht sin – áilleacht iontach an dúlra – inár gcuid Páirceanna Náisiúnta.

01 / Smaoinigh ar an am is fearr chun cuairt a thabhairt agus an bealach taistil a bheidh agat, chun an tionchar a bheidh agat ar an timpeallacht a laghdú.

02 / Bíodh meas agat ar an bhfiadhúlra agus bíodh do mhadra ar iall i gcónaí agat.

03 / Ná bain de rud ar bith a aimsíonn tú agus ná cuir isteach ar an bhflóra agus fána.

04 / Faigh réidh le bruscar mar is ceart, is mór an bhagairt é an bruscar don dúlra.

    • Portach

      Cruthaítear bratphortaigh i limistéir sléibhe agus leanann siad imlíne na gcnoc. Fásann portaigh ardaithe mar chruinneacháin mhóra, go príomha i lár na tíre. Is breacachan iad araon de thulóg níos tirime ardaithe agus linnte níos fliche agus paistí portaigh.

      Áirítear caonach, go háirithe Sfagnam, agus fraoch, fraochán, lus na feannóige, cíb agus féar cadáis, agus léicin ar leith le gnáthphlandaí portaigh.

    • Coillearnach

      Tá gnáthóga coillearnaí éagsúla in Éirinn ar nós Coillearnach Dhuillsilteach, ina bhfuil samplaí sármhaithe de speicis dhúchasacha, mar shampla fuinseog, coll, péine agus dair.

      Is minic go mbíonn speicis chrainn dhúchasacha eile sna coillearnacha seo freisin; leamhán sléibhe, feoras, beith chlúmhach, cuileann, saileach, fia-úll, caorthann, iúr agus creathach.

    • Lochanna & Locháin

      Is limistéir iata úruisce iad lochanna agus locháin, de mhéideanna éagsúla ó linnte beaga amuigh ar an bportach oscailte go lochanna móra atá ard i gcuasa na gcoirí sléibhe. Is cuasa iad coirí a fhaightear ar leiceann sléibhe a snoíodh mar gheall ar ghníomhaíocht na n-oighearshruthanna le linn na hoighearaoise deiridh. Tagann an t-uisce sna lochanna ón mbáisteach, ag titim go díreach isteach sa loch nó mar thoradh ar shíothlú trí mhóin dhonn an phortaigh mórthimpeall.

    • Talamh Féaraigh Cailcreach

      Tá talamh féaraigh cailcreach srianta ina dháileadh agus anois teoranta don chuid is mó de na fánaí géara ar dhromanna eascracha agus ar mhoiréin i lár na tíre. Tá sé le fáil ar léibhinn na sléibhte agus idir an cosán aolchloiche, agus ar shil-leagain oighreach chomh maith ar fud na Boirne. Tá comhdhéanamh neamhghnách flóra ar na tailte féaraigh cailcreach seo, agus mealltar leo luibheolaithe ó gach cearn den domhan staidéar a dhéanamh ar an meascán uathúil seo de phlandaí atá ag fás le chéile.

    • Cosán Aolchloiche

      Tá cosán aolchloiche comhchiallach leis an mBoirinn agus clúdaíonn sé an chuid is mó den Pháirc Náisiúnta, cé go mbíonn sé i mósáic le gnáthóga eile de ghnáth. D’fhéadfaí go mbeadh an cosán mín nó briste.

      Is éard atá sna limistéir mhíne den chosán aolchloiche ná clinteanna agus gríoga. Is iad na clinteanna na hachair dhromchla comhréidh atá cosúil le slaba den chosán agus is iad na gríoga na scoilteanna scoilteánacha lena ndiosctar na clinteanna. Soláthraítear leis na gríoga foscadh don ithir le carnadh agus foscadh ón ngaoth freisin.

    • Fraochmhá

      Tá fraochmhánna fliucha le bratphortaigh cosúil ó thaobh na luibheolaíochta de. Féadfaidh siad tarlú ar chineálacha éagsúla tír-raoin, ach is fearr iad a léiriú ar fhánaí moiréin atá sách géar le drochdhraenáil, áit is annamh a bhíonn an mhóin mórán níos mó ná méadar amháin ar doimhneacht. Áirítear fraoch, fraoch naoscaí, aiteann agus railleog, le fionnán, cíb cheanngheal, ceánnbhán, niamhnaid, luachair chaoráin agus roinnt speiceas fionnmhóna le gnáthspeicis.

    • Flóra

      Tá go leor speiceas suimiúil le feiceáil i bPáirceanna Náisiúnta na hÉireann ar nós na magairlíní áille agus éagsúla a fhásann sa Bhoirinn. Speicis ar nós an mhagairlín mheidhrigh, an mhagairlín bheachaigh, mhagairlín an fhéileacáin agus mhagairlín na gcuileanna, i measc speicis eile. Tá roinnt speiceas neamhchoitianta i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine ar nós an mhóráin réisc; bláth buí neamhchoitianta a fhásann i mborrfhása fliucha ilchothaitheacha; agus na milleanna móna a fhásann feadh bhruacha abhann na Páirce Náisiúnta.

    • Crainn

      Tá meascán de chrainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Is iad na príomhspeicis dair ghaelach, beith chlúmhach, caorthann, cuileann, coll, iúr agus creathach. Gné ríthábhachtach freisin is ea péine Albanach dúchasach a cuireadh mar chriosanna foscaidh thart ar chladach an locha tráth. Tá suas le 2,000 síológ le cur mar cheann de na céimeanna tosaigh i bhforbairt cur chuige dearcán-go-crann i leith caomhnú coillearnaí a bhainistiú laistigh den pháirc.

    • Mamaigh

      Áirítear an fia rua, an t-iora rua, an madra rua, an giorria Éireannach, bó Chiarraí, caora na Gaillimhe agus an capaillín Chonamara le cuid de speicis dhúchasacha mhamaigh na hÉireann.

      Téann an tréad fia rua a fuarthas i bPáirc Náisiúnta Chill Airne siar go dtí an Tréimhse Neoiliteach agus is é an t-aon tréad dúchasach atá fós beo sa tír anois. Cé gur féidir tréada fia rua a fháil in áiteanna eile in Éirinn, is as stoc a athbhunaíodh iad (as Albain go príomha).

    • Éin

      Tá na héin gur féidir a fheiceáil in Éirinn flúirseach, lena n-áirítear speicis éan ar díol spéise iad; mar shampla an meirliún, an síolta mhór, an caislín aitinn agus an chearc fhraoigh. Is iad na fabhcúin ghorma na héin is tapúla ar domhan, agus an t-éan is mó a fheictear i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Ní raibh iolair mhara le feiceáil in Éirinn ó thús an 20ú haois go dtí go ndearnadh clár athbhunaithe i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, agus anois tá iolair mhara sa spéir arís.

    • Feithidí

      Tá go leor speiceas iontach féileacán in Éirinn ar nós an fritileán réisc atá faoi chosaint. Mar a thugann an t-ainm le fios, is maith leis an bhfritileán réisc talamh fliuch nó riascach agus braitheann sé ar an bplanda greim an diabhail.

      Tá Páirc Náisiúnta na Boirne lán le speicis féileacáin; déanta na fírinne, meastar gurb é an ceantar thart ar an Mullach Mór an suíomh féileacáin is saibhre in Éirinn. Taifeadadh anseo 27 de na 33 féileacán imirceacha rialta agus cónaitheacha in Éirinn.

    • Amfaibiacha, Reiptílí & Ainmhithe Uisceacha

      Tá an t-aon reiptíl dúchasach in Éirinn, an t-earc beoga, ildánach ina ghnáthóg agus tá sé le feiceáil I gcoillearnacha, riasca, fraochmhánna agus portaigh. Idir fad ó 10–16 cm, tá coirp fhada acu, cosa gearra agus eireaball barrchaolaithe fada. Tá an t-earc coiteann dúchasach d’Éirinn freisin agus tá sé le feiceáil i gcoillearnacha, i bhfálta sceach, i riasca agus i limistéir ina bhfuil tailte féaraigh tortógacha go príomha. Is iad an t-aon amfaibiach a fhaightear in Éirinn a bhfuil eireaball orthu. Tá an bradán Atlantach dúchasach d’Éirinn agus tá sé i bhformhór ár n-aibhneacha.

Áit le Tabhairt faoin bhFoghlaim