Skip to main content

Áit ina léirítear an dúlra

Sonraí Teagmhála


Uaireanta Oscailte

AN PHÁIRC NÁISIÚNTA:
Oscailte ó cheann ceann na bliana

AN POINTE EOLAIS:
Oscailte gach lá 10am go 5pm

Pointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne

SEOLADH:
Ionad Oidhreachta an Chláir,
Sráid na hEaglaise,
Cora Finne,
Co. an Chláir,
V95 VX83

Níl an Pointe Eolais suite laistigh den pháirc; tiocfaidh tú air i sráidbhaile Chora Finne in aice láimhe.

Éigeandálaí

I gcás éigeandála, glaoigh ar 999 nó 112 le haghaidh seirbhísí éigeandála.

An féidir liom bus a fháil chuig Páirc Náisiúnta Bhoirne?

Is féidir, imíonn bus tointeála saor in aisce ón bPointe Eolais i gCora Finne le linn shéasúr na gcuairteoirí. Níl seirbhís bus poiblí ar fáil i bPáirc Náisiúnta Bhoirne.

An gceadaítear madraí sa pháirc?

Ceadaítear madraí sa pháirc ach ní mór go mbeadh siad ar éill agus ní mór d’úinéirí glanadh ina ndiaidh.

Conas is féidir liom teacht chomh fada le Páirc Náisiúnta Bhoirne i gcarr?

Is é ár mbus tointeála atá saor in aisce an bealach is fearr chun an pháirc a bhaint amach le linn an séasúir. Má tá tú chun tiomáint áfach, tá Páirc Náisiúnta Bhoirne suite sa taobh thoir theas de Bhoirinn, i dtuaisceart Chontae an Chláir. Chun dul isteach sa pháirc, ó Chora Finne, glac an R476 go dtí Cill Iníne Baoith. I gCill Iníne Baoith, tóg an casadh ar dheis (L1112) roimh fhothracha an tséipéil. Bainfidh tú crosbhóthar amach thart ar 5 chiliméadar ar feadh an bhóthair seo. Tá leataobh ann díreach roimh an gcrosbhóthar ar thaobh na láimhe deise. Páirceáil sa leataobh ionas nach ndéanfaí damáiste don fhásra. Is féidir breathnú ar léarscáil de na conairí siúil laistigh den gheata do choisithe in aice leis an leataobh.

An bhfuil Pointe Eolais ar fáil maidir le Páirc Náisiúnta Bhoirne?

Tá, ach níl an Pointe Eolais lonnaithe laistigh den pháirc, tiocfaidh tú air i sráidbhaile Chora Finne in aice láimhe.

Tagairt Eangaí: R303944
Domhanleithead: 52.996707 / Domhanfhad: -9.0372419