Toisc go bhfuil an chuid is mó den Pháirc Náisiúnta suite laistigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Choimpléasc Bheanna Beola/Mhaolchnoic, is é príomhchuspóir na Páirce Náisiúnta ná stádas fabhrach na ngnáthóg agus na speiceas tosaíochta ar fad atá ansin a chaomhnú agus a athbhunú
Is in iarthar na hÉireann i gContae na Gaillimhe atá Páirc Náisiúnta Chonamara suite, a chlúdaíonn 2,000 heicteár de shléibhte áille, de limistéir portach, de fhraochmhánna, d’fhéaraigh agus de choillearnacha. Is cuid de na Beanna Beola iad roinnt de shléibhte na Páirce, amhail An Bhinn Bhán, An Chailleach, An Bhinn Bhreac agus Mucanacht go háirithe. In 1980 bunaíodh Páirc Náisiúnta Chonamara agus osclaíodh don phobal í.
Tírdhreach éagsúil agus flúirseach in aice láimhe linn atá i bPáirc Náisiúnta Chonamara, agus tá flóra agus fána éagsúil inti, chomh maith le pórtha oidhreachta ar leith. Is iad an fiadhúlra agus beostoc seo, le chéile le hoidhreacht éagsúil agus cultúir na Páirce, a dhéanann muid a spreagadh i leith ár n-iarrachtaí agus ár dtionscadal maidir leis an dúlra agus leis an gcaomhnú.
Thuas: Róslabhrais
Is obair thábhachtach í baint an Róslabhrais ón bPáirc Náisiúnta chun an dúlra a chosaint agus chun bithéagsúlacht dhúchasach a athchóiriú. Tugadh faoin obair leanúnach seo atá dian ar shaothar le dhá gheimhreadh anuas sa Pháirc Náisiúnta.
Is speiceas ionrach neamhdhúcasach é Róslabhras laistigh den Pháirc Náisiúnta. Tugadh isteach go hÉirinn ar dtús é mar phlanda gairdín san 18ú haois. Is fearr leis na hithreacha móinteacha fliucha agus aigéadacha atá le fáil ar chósta thiar na hÉireann. Is tor síorghlas é le bláthanna geala bándearga agus a fhásann go tapa. Scáthaíonn sé an fásra dúchasach ar fad atá ag fás faoina bhun. Chun na ceantair fhraochmhánna fliucha tábhachtacha a chaomhnú agus coillearnach a athghiniúint tá sé riachtanach é a rialú tríd é a ghearradh agus trí chóireáil a dhéanamh ar le luibhicíd ar bhealach rialaithe.
Is féidir treoir maidir le bainisitú an speicis a íoslódáil ar shuíomh Gréasáin na bPáirceanna Náisiúnta
THUAS: Limistéar Coiscthe Caorach
Athchóiríodh iarbhanrach fia, ar baineadh úsáid asti roimhe sin le linn athbhunú an Fhia Rua dúchais chuig an bPáirc Náisiúnta sna 1980idí, mar limistéar coinnithe amach caorach chun an tionchar atá ag brú innilte ar cheantair ardtalún a léiriú. Bhí drochthionchar ag dianinnilt caorach ar ghnáthóga tosaíochta atá faoi chosaint ag an AE cosúil le bratphortach, loig Rhyncosporion (pobal téisclime faoi bhagairt a bhfuil fáil air sna tailte portaigh), fraochmhá fhliuch, fánaí carraigeacha cailcreacha agus siliciúla atá laistigh den Pháirc Náisiúnta le blianta anuas.
Cuireadh tús leis an tionscnamh seo chun iarracht a dhéanamh thart ar 60 acra (24 heicteár) leiceann cnoic teacht chuige féin ó bhrú innilte neamh-inbhuanaithe. Is dócha go mbeidh roinnt blianta ag teastáil ó na gnáthóga an-leochaileacha atá luaite thuas chun teacht ar ais chuig stádas caomhantais maith. D’fhéadfadh an obair seo an gá atá leis an modh bainistíochta seo tríd an bPáirc Náisiúnta ina hiomláine a léiriú.
THUAS: Crann Óg
Suite ar thaobh thiar na Páirce Náisiúnta, cruthaíodh láthair 2 acra (0.81 heicteár) de choillearnach dhúchais nua sa bhliain 2020. Cruthaíodh an láthair sin chun cailleadh coillearnaí bunaithe le taobh an N59 a mhaolú, a baineadh chun críocha athailínithe bóthair. Tugadh an t-ainm ‘Coill Nua-Aimsithe’ ar an gcoill in onóir ár nasctha le Páirc Náisiúnta Terra Nova i dTalamh an Éisc, Ceanada.
Tá claí fianna timpeall ar an gceapach sin chun crainn óga a chosaint ó innilt ainmhithe clóis agus fiáine. Is iad na speicis crann atá ann ná an Dair Ghaelach, an Bheith Chlúmhach, an Crann Caorthainn, an Péine Albanach, an Sceach Gheal, an Coll, an Fhearnóg agus an Crann Creathach. Rinneadh tuairisc cheana féin ar fhlóra coillearnaí amhail an Cloigín Gorm, an tSeamsóg, Lus na gCnapán agus an Giúnach Mór ar an suíomh ó cuireadh deireadh le hinnilt an bheostoic ann.
Táthar ag súil le go gcuirfidh an ceantar coillearnaí seo le céatadán an-bheag na coillearnaí atá sa Pháirc Náisiúnta faoi láthair. Samhlaítear go gcruthófar níos mó clúdach coillearnaí laistigh den Pháirc Náisiúnta le himeacht ama.
Thuas: Capaillín Chonamara
Is gné thábhachtach den Pháirc Náisiúnta capaillíní Chonamara, a raibh ról tábhachtach aici in
ainmhithe a phórú ó thug Erskine Childers, Uachtarán na hÉireann nach maireann, tréad don Stát sna 1980idí.
Úsáidtear Banrach na gCapaillíní feadh an tSrutháin Bhuí mar áit taispeántais do phórtha oidhreachta agus tá capaillín Chonamara ina measc. Bíonn seisiúin eolais maidir le capaillín Chonamara ar siúl i rith mhí Iúil agus mhí Lúnasa nuair is féidir le cuairteoirí cuairt a thabhairt ar Stáblaí na gCapaillíní, capaillín a fheiceáil agus iad gar dó agus tuilleadh eolais a fhoghlaim faoin bpór.
In 2019, bronnadh capaillín Chonamara ar fheirm Ainmhithe na Tamhnaí Móire do Phórtha Neamhchoitianta in Craigavon, Tuaisceart Éireann, mar mhalairt ar bhodóg mhaol. Bhí an comhoibriú seo an-tábhachtach i bhfeasacht a ardú i leith oidhreacht cultúir agus talmhaíochta na bpórtha oidhreachta seo, i leith an tábhacht a bhaineann le hiad a chaomhnú agus i leith an tábhacht atá leo i ngnáthóga sa Pháirc Náisiúnta a bhainistiú agus a chaomhnú.
Thuas: Caora Cladoir
Is príomhpháirtí i gCoiste Caomhnaithe na Caorach Cladoir í Páirc Náisiúnta Chonamara. Ba phór dúchais i gConamara iad caoraigh Cladoir ach creideadh go forleathan go raibh siad díofa, agus nárbh fhéidir leo ach a bheith ina n-ainmhithe crosantacha.
Ar an dea-uair, tar éis anailís DNA a dhéanamh ar 65 caora in 2020, fuarthas amach go raibh méideanna suntasacha DNA uathúil a bhaineann le pór Cladoir ag 56 caora agus bhí méideanna DNA níos lú ag na naoi gcaora a bhí fágtha. Is trí chlár pórúcháin beartaithe atáthar ag súil gur féidir íonacht an stoic a mhéadú.
Thuas: An tEallach Maol
In 2019 bronnadh capaillín Chonamara ar fheirm Ainmhithe na Tamhnaí Móire do Phórtha Neamhchoitianta in Craigavon, Tuaisceart Éireann, mar mhalairt ar bhodóg mhaol.
Is í Feirm na Tamhnaí Móire an t-aon fheirm amháin atá ceadaithe ag Iontaobhas Marthanais na bPórtha Neamhchoitianta in Éirinn a bhfuil ról tábhachtach aici i roinnt pórtha feirme dúchais a chaomhnú a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus an t-eallach maol san áireamh. Úsáidtear na pórtha dúchais seo don innilt chaomhnaithe i roinnt réadmhaoin atá tábhachtach ó thaobh cúrsaí éiceolaíochta in Craigavon a bhainistiú.
Fuarthas saineolas suntasach maidir le cineálacha speiceas agus gnáthóg áirithe a bhainistiú, agus saineolas maidir le roinnt speicis ionracha a rialú san áireamh. Tá tréad beag eallaigh mhaoil forbartha ag Páirc Náisiúnta Chonamara d’fhonn an pór oidhreachta seo a úsáid don innilt chaomhnaithe laistigh den Pháirc Náisiúnta.
Clúdaíonn fraoch taobhanna na sléibhte, agus tá an fraoch naoscaí agus an fraoch cloigíneach an-choitianta ar fad. Is dócha gurb é an fionnán an planda is coitianta sa pháirc, arb é is cúis leis an dath atá ar an-chuid den tírdhreach i gcaitheamh na bliana. Is cuid lárnach de phobal an phortaigh iad plandaí feithiditeacha. Beireann drúchtíní agus bodáin mheascáin ar fheithidí agus itheann siad iad lena nduilleoga chun cothaithigh a fháil, atá gann go leor sna portaigh.
D’fhéadfaí speicis plandaí neamhchoitianta ó limistéir níos fuaire na hEorpa agus an Artaigh a aimsiú go hard sna sléibhte, amhail lus na laoch, móráin sléibhe agus réaltacha, dédhuilleog bheag, agus samhadh sléibhe.
É sin ráite, aimsítear plandaí ón Spáinn agus ón bPortaingéil sa pháirc freisin, go háirithe leith uisce bheag, fraoch San Daboec, ar ball d’fhine fraoigh é, agus cabáiste Phádraig.
Aimsítear an planda dúchais seo ar bhratphortaigh, sna fraochmhánna, agus ar fhánaí na n-ardtailte ar an bhféarthalamh fliuch, mar bíonn siad faoi bhláth i dtalamh a bhíonn fliuch go minic nó i gcónaí. Is é an t-am sa bhliain is dóichí go bhfeicfidh cuairteoirí an planda dúchais seo ná le linn shéasúr an tsamhraidh nuair is minic a bhíonn dath corcra ar a dhuilleoga agus ar a thruaillí duille.
Is féidir an planda seo a fheiceáil ag bláthú idir Meitheamh agus Lúnasa agus is coitianta bhfeictear é ar thalamh bog agus ar fhraochmhánna fliucha ar fud na Páirce Náisiúnta. Níl mórán cothaitheach ann chun tacú leis an bhfás mar gheall ar an gcineál gnáthóige atá ann agus chuaigh sé in oiriúint do mhodhanna eile dá bharr. Ar na duilleoga is féidir leat na ribí a fheiceáil agus braon beag ‘drúchta’. Is é seo a bheireann greim ar na feithidí, a dhéanann an drúchtín iad a athrú ina mbia do na plandaí ansin.
Baineadh úsáid as drúchtíní mar leigheas casachta san am atá thart agus tá siad fós in úsáid mar chomhábhar i gcógais casachta an lae inniu.
Is féidir an planda beag seo a fháil sa Pháirc le linn séasúr an tsamhraidh agus é ag bláthú ó Bhealtaine go Lúnasa. Tá gnáthóga na Páirce Náisiúnta foirfe don phlanda dúchasach seo, mar go mbíonn rath air i bportaigh, i gcarraigeacha fliucha agus i bhfraochmhánna sléibhe. Cé nach bhfuil an chuma sin air, is feoiliteoir é an leith uisce seo. Gabhann sé feithidí ar dhuilleoga greamaitheacha dá chuid a bhfuil dath glas líoma orthu, ag cur moille ar an lobhadh agus ag cur cothaithigh nach bhfuil an planda in ann a fháil óna ghnáthóg ar aghaidh.
Planda bláthanna samhraidh eile, má tá an t-ádh leat gheobhaidh tú lus na laoch ag bláthú i measc carraigeacha na Páirce Náisiúnta ó Bhealtaine go Lúnasa. Is planda cósta é den chuid is mó, a bhíonn ar fáil ar fud na tíre ar laftáin aillte farraige agus ar shléibhte in aice leis an bhfarraige. Ní fhaightear lus na laoch go héasca sa Pháirc Náisiúnta mar gheall ar an áit a bhfásann siad.
Is planda beag é mórán sléibhe a fhásann i suíomhanna sléibhteacha: cibé acu ar laftáin carraige fliucha, aillte, in aice le srutháin sléibhe nó i scoilteanna carraige. Is é an tír-raon sléibhe laistigh den Pháirc Náisiúnta a chuireann na coinníollacha foirfe ar fáil don phlanda seo a mbíonn coinníollacha taise agus ithreacha aigéadacha ann. Is féidir é a fheiceáil aon am idir mí Aibreáin agus mí Lúnasa. Ní aimsítear mórán sléibhe go héasca sa Pháirc Náisiúnta mar gheall ar na háiteanna ina bhfásann siad.
Tá mórán réaltach cosúil le mórán sléibhe agus is as an gclann plandaí chéanna iad. Fásann siad i suíomhanna sléibhteacha: cibé acu ar laftáin carraige fliucha, aillte, in aice le srutháin sléibhe nó i scoilteanna carraige. Cuireann an tír-raon sléibhtiúil laistigh den Pháirc Náisiúnta conníollacha foirfe ar fáil don phlanda seo áit a mbíonn coinníollacha taise agus ithreacha aigéadacha i réim. Ní bhláthaíonn an speiceas seo ach ó Mheitheamh go Lúnasa, áfach, rud a fhágann gur bláth fiáin shéasúr an tsamhraidh é. Bláthaíonn an mórán réaltach ó Mheitheamh go Lúnasa agus dá bharr ní bhíonn sé le fáil go héasca sa Pháirc Náisiúnta mar gheall ar an áit a bhfásann siad.
Cuireann limistéir an fhraoigh, an chaonaigh agus na coillearnaí fliche na coinníollacha gnáthóige foirfe ar fáil don phlanda seo. Tagann sé i mbláth idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa. Ar aon dul le magairlíní eile, braitheann an planda seo ar fhungais dá fhás agus dá chothú. Nuair a bhíonn duilleoga an phlanda forbartha go hiomlán, athraíonn an Dédhuilleog Bheag na modhanna a úsáideann sé, a mbíonn sé ag brath ar an bhfótaisintéis don chuid eile den séasúr blátha a bhíonn aige.
Bláthaíonn an planda seo i rith an tsamhraidh, agus is féidir é a fheiceáil sa Pháirc Náisiúnta ó Bhealtaine go Lúnasa. Is speiceas planda é a thagann ó fhine lus na gcearc, agus aimsítear go príomha i réigiúin sléibhe na páirce náisiúnta é.
An ceann is lú d’fhine na leithe uisce in Éirinn, is minic gur féidir an planda feoiliteach seo a aimsiú i measc fraochmhánna taise na Páirce Náisiúnta. Tá an planda seo le fáil faoi bhláth ó Mheitheamh go Meán Fómhair.
Aimsítear an planda dúchais seo in iarthar na hÉireann go príomha. Aimsítear an tor seo a fhásann go híseal i ngnáthóga fraochmhá tirime agus i lomáin chloiche laistigh den Pháirc Náisiúnta. Is féidir é a fheiceáil i séasúir an tsamhraidh agus an fhómhair mar go mbíonn sé faoi bhláth idir mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair.
Ar aon dul le fraoch San Daboec, aimsítear an planda dúchais seo in iarthar na hÉireann. Bíonn sé faoi bhláth idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa. Is fearr leis an bplanda seo gnáthóga carraigeacha agus chun cuidiú le greim a choinneáil bíonn a dhuilleoga i bhfoirm basal rosette.
Bratphortaigh an Iarthair agus fraochmhá an fásra is mó atá sa Pháirc. Bíonn na portaigh, atá suite i limistéir ísle, an-fhliuch de ghnáth, agus níos faide suas na sléibhte, forbraítear limistéar bratphortach sléibhe atá níos tirime.
Cé gur sléibhte agus carraigeacha iad den chuid is mó, tá raon flóra agus fána thar a bheith suimiúil sna hardtailte i bPáirc Náisiúnta Chonamara. D’fhéadfaí go bhfeicfeá Fia Rua dúchasach nó pórtha oidhreachta ar nós an Fhia Rua, Seanghabhar na hÉireann i measc na bhfraoch agus na bhféarthailte a chlúdaíonn an ceantar. Mar gheall ar airde mhór, is gnách go mbíonn an portach agus na portaigh níos tirime i gcomparáid leis na portaigh ísle.
Is príomhghné de thírdhreach Pháirc Náisiúnta Chonamara iad na portaigh. Tá cuma féir ar an mbratphortach iartharach a fhaightear sa Pháirc Náisiúnta mar gheall ar an bhfionnán atá thart timpeall air. I measc phríomhghnéithe na mbratphortach sin, tá dromchlaí de linnte, borrfhás, áiteanna réidhe agus claonta ar fiar. Is gné eile iad na súmairí agus ní mór a bheith ag faire amach dóibh má théann tú anuas den chosán sa Pháirc Náisiúnta.
Tá beathra éan na páirce éagsúil, agus bíonn éin cheoil coitianta ina measc amhail riabhóga móna, fuiseoga, caislíní clocha, rítheacha rua, spideoga agus dreoilíní. Feictear éin chreiche ó am go ham, de ghnáth is iad na pocairí gaoithe agus na spioróga a bhíonn ann, agus tagann na meirliúin agus na fabhcúin ghorma ar cuairt ó am go chéile.
Sa gheimhreadh tagann méadú ar líon na speiceas atá dúchasach d’Éirinn amhail an creabhar, an naoscach, an druid, an smólach ceoil agus an liatráisc, a ndéanann cuairteoirí ó áiteanna eile na hÉireann agus thar lear iad a mhéadú, chomh maith le héin imirce geimhridh ó oirthuaisceart na hEorpa, amhail an deargán sneachta.
Is minic a fheictear broic, cait chrainn agus ialtóga san oíche. Ar na mamaigh eile a fheictear sa Pháirc Náisiúnta tá fianna rua, madraí uisce, giorriacha, easóga, lucha féir agus dallóga fraoigh.
Is é capaillín Chonamara an mamach is mó atá sa pháirc. Cé gur ainmhí clóis é an capaillín seo, is cinnte go bhfuil sé ina cuid de cheantar tuaithe Chonamara.
Leis an réimse gnáthóg atá i bPáirc Náisiúnta Chonamara is féidir leis an bpáirc tacú le réimse éagsúil speiceas más i sléibhte na dtailte arda nó i gcoillearnacha agus i bhféarthalamh sna hísealchríocha iad. Tá bric, bradáin agus diúilicíní Péarla Fionnuisce sna haibhneacha.
Tá dhá cheann de na trí speiceas amfaibiacha is féidir a aimsiú in Éirinn i gConamara: an frog coiteann agus an t-earc luachra.
Tá an fhoireann bhainistíochta sa Pháirc Náisiúnta ag obair go dlúth le Comhairle Contae Fhine Gall agus Teach & Diméin Dhroichead Nua chun clár pórtha oidhreachta agus eispéireas cuartaíochta i bPáirc Náisiúnta Chonamara a fhorbairt
Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid oibre agus faoin gcaoi a chomhoibrímid le heagraíochtaí comhpháirtíochta chun pórtha oidhreachta a chaomhnú inár dtionscadail chaomhnaithe thíos.
De bharr talamhardaithe i screamh an Domhain rinneadh na dríodair ina siostaí criostalta laistigh d’fhréamhacha sliabhraon sínte. De bharr an ardaithe réigiúnaigh agus an chreimthe tá na carraigeacha tagtha go barr na talún.
Grianchloichít atá níos frithsheasmhaí atá i bhformhór mhullaí na sléibhte, agus is é atá sna taobhanna siostaí nach bhfuil chomh frithsheasmhach céanna agus marmar liath. Leis an oighearaois dheireanach, a raibh deireadh léi thart ar 10,000 bliain ó shin, cuireadh cruth deiridh ar an tírdhreach agus fágadh fosuithe logánta gainimh agus gairbhéil, cré bholláin forleithne agus bolláin chorr ina diaidh.
Is iad na gnéithe seo a chinntíonn patrún na bpobal plandaí atá sa pháirc.
Tá suirbhé seandálaíochta ar an bpáirc ar bun ag Helen Riekstins (Treoraí na Páirce Náisiúnta & Seandálaí arb ea í) ó 2017. Go dtí seo cuireadh 13 suíomh nua ar taifead, a chuireann leis an dá thuama meigiliteacha a bhí ar eolas cheana. Sheiceáil Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (NMS) na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sé cinn de na suíomhanna nua.
I measc na suíomhanna seo tá carn, gallán, teach, imfhálaithe, balla réamhphortaigh agus bothán atá gar don áit. Tá sé beartaithe na seacht suíomh atá fágtha a chur san áireamh sa chéad leasú eile a dhéanfar ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna (RMP), mar a léirítear ar an amharcóir poiblí. Féach tuilleadh sa treoir is féidir íoslódáil.
Thuas: Loch Dhoire an Chláir
Is dhá shuíomh chosanta eile iad seo a leanas a bhfuil tábhacht cultúir agus staire ag baint leo atá cóngarach do cheantar na Páirce Náisiúnta: Coill Knockma, Béal Chláir, Co. na Gaillimhe agus Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir, Eidhneach, Co. na Gaillimhe.