Skip to main content

Faigh amach faoi scéalta agus an stair a bhaineann leis na tailte is uaigní in Éirinn

Stair maidir le hÚsáid Talún


 

Sular cheannaigh an Stát iad, baineadh úsáid as tailte na Páirce Náisiúnta mar phortaigh, le haghaidh talmhaíochta agus áineasa lena n-áirítear iascaireacht, foghlaeireacht agus cnocadóireacht. Tá fianaise ann go raibh daoine ina gcónaí roimhe seo feadh Chonair Bhaingear, in aice leis an Abhainn Dubh agus Abhainn an Tairseacháin, áit a bhfuil iarsmaí d’fhoirgnimh chloiche agus iomairí traidisiúnta le feiceáil.

 

Portach na hAbhann Duibhe
Thuas: Portach na hAbhann Duibhe

Is í Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine an séú Páirc Náisiúnta in Éirinn agus tá sé suite ar chósta an Iarthair in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Tá sé comhdhéanta de 15,000 heicteár de bhratphortach an Atlantaigh agus de thír-raon sléibhtiúil, a chlúdaíonn fásach ollmhór neamháitrithe agus neamh-mhillte le sliabhraon Néifinn Bheag i gceannas air. Ar an taobh thiar de na sléibhte tá portach na hAbhann Duibhe. Tá sé sin ar cheann de na córais bhratphortaigh ghníomhacha dheireanacha slána in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa agus is gné thábhachtach eolaíoch agus radharcach den Pháirc Náisiúnta é. Tá Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine mar chuid den Líonra Natura 2000, a chosnaíonn gnáthóga agus speicis neamhchoitianta agus thábhachtacha faoi Threoir AE um Ghnáthóga agus Éin. Ar an taobh thoir de na sléibhte tá Foraois Néifinne, atá comhdhéanta den chuid is mó de sprús Sitceach agus péine contórtach, agus cuireadh chun críocha tráchtála é ar dtús. Tá an ceantar seo laistigh den Pháirc Náisiúnta anois agus déanfar é a bhainistiú le haghaidh bithéagsúlachta agus áineasa.

Áit a nochtann na spéartha is dorcha na réaltaí is gile


Is i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine atá an chéad cheann de Pháirceanna na Spéire Dorcha Idirnáisiúnta in Éirinn, Páirc na Spéire Dhorcha Mhaigh Eo is ainm di, a thaispeánann cuid de na spéartha is dorcha agus is deise ar domhan. Suite idir Sliabhraon iargúlta Néifinne agus cósta neamh-mhillte an Atlantaigh, síneann Páirc na Spéire Dorcha thar achar 150km2. Tá an oiread sin ar féidir leat a aimsiú trí amharc suas ar spéartha na hoíche. Ar oíche shoiléir sa Pháirc Náisiúnta, feicfidh tú na mílte réalta ag glioscarnach, chomh maith le pláinéid eile inár gcóras gréine, Bealach na Bó Finne agus fiú dreigecheathanna atá ar fad infheicthe ag an tsúil.

Táimid tiomanta do na spéartha os ár gcomhair a choinneál dorcha go nádúrtha do na glúine seo agus do na glúine atá le teacht chun taitneamh a bhaint as iontais spéir na hoíche.

Clárchosán faoi Spéir Dhorcha

An Plean Tiontaithe


Fhoraois Néifinne
Tá Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine ag tús an athfhialaithe agus an athchóirithe éiceolaíochta ar Fhoraois Néifinne, limistéar fairsing a bhí ina fháschoillte buaircíneacha tráchtála roimhe seo agus atá soir ó Shliabhraon Néifinn Bheag. Tá Tiontú Foraoise Néifinne ag cur tús leis an turas go dtí an nádúr atá ina fhórsa tiomána arís.

Leagfaidh an Plean Tiontaithe an fhís fhadtéarmach d’Fhoraois Néifinne amach le pleananna chun portaigh, coillearnacha agus gnáthóga bruachánacha laistigh de thírdhreach fairsing a athfhialú agus a athbhunú. Le 50 bliain anuas, is foraoisí buaircíneacha a cuireadh le haghaidh táirgeadh adhmaid tráchtála is mó a bhí sa cheantar seo. Cruthóidh ár gcuid oibre coinníollacha le go mbeidh próisis nádúrtha chun tosaigh ar an athrú, áit a gcuirtear feabhas ar bhithéagsúlacht, ina ndéanfar éiceachórais a athchóiriú agus inar féidir le daoine nascadh leis an dúlra i dtimpeallacht iargúlta agus fiáin.

Stair Chonair Bhaingear


Tá stair fhada ag Conair Bheangair féin a d’fhéadfadh dul siar go dtí an 16ú haois. Bhí tiarnaí talún freagrach as na codanna den chonair a chuaigh tríd a gcuid talún a chothabháil. Baineadh úsáid as an gconair mar phríomhbhealach do dhaoine agus do bheostoc sular tugadh isteach bóithre nua-aimseartha idir réigiún Bhaingear agus Baile Uí Fhiacháin. Bhain eisimircigh a thaistil ó Bhaingear go Cathair na Mart úsáid as an gconair seo.

Lochanna ar Chonair Bhaingear

Faigh eolas ar réaltóireacht

Aimsigh Speicis Nua