Skip to main content

An guth iontaofa a threoraíonn tú ar do thuras.

Siúl & Fánaíocht


Tá naoi gcosán marcáilte i nGleann Dá Loch, idir shiúlóidí gearra agus fhada. Le aghaidh siúlóid níos faide, téann trí chosán fhada tríd an bPáirc Náisiúnta – Slí Chill Mhantáin, Slí Chaoimhín agus Slí na Mianadóirí. Críochnaíonn an ceathrú cosán, Bealach Abhainn Mhór, gar don pháirc.

Tá mapaí móra de na siúlóidí ar taispeáint taobh amuigh d’Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta agus in Ionad Cuairteoirí an OPW in aice le Cathair na Mainistreach. Tosaíonn agus críochnaíonn na siúlóidí ar fad ag Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta in aice an Locha Uachtair. Tá cuaillí eolais, a bhfuil saigheada le dathanna difriúla orthu, ar gach cosán siúlóide. Is féidir le baill foirne san Oifig Eolais cabhrú leat bealach oiriúnach a roghnú.

Tá an mapa seo ar fáil saor in aisce freisin ag Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta ag Ionad Cuairteoirí an OPW.

Wicklow Boundary Area Map

Cosáin Siúlóide Shléibhte Chill Mhantáin

  Conair Shiúil Achar Neas-Am Grád

Imeachtaí Speisialta agus Grúpaí Móra

Tabhair faoi deara: Beidh cead ag teastáil le haghaidh imeachtaí speisialta, agus le haghaidh aon ghrúpa de níos mó ná 50 duine.

Déan Iarratas ar Cheadúnas

Sceartáin agus Feithidí Prioctha

Go ginearálta, is áit an-sábháilte í Éire ó thaobh an fhiadhúlra de. Níl aon chreachadóirí móra ann a thuilleadh cosúil le béir, mic tíre, nó cait mhóra, ach tá créatúir níos lú in Éirinn a d’fhéadfadh a bheith trioblóideach. I bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, d’fhéadfadh cuairteoirí teacht ar phúir de mhíoltóga beaga (cuileoga beaga prioctha) ar laethanta atá te agus tais, agus d’fhéadfadh go mbainfeadh sceartán greim as siúlóirí a imíonn de na cosáin. Ba chóir do gach siúlóir a bheith ar an eolas gur féidir le sceartáin, i gcásanna neamhchoitianta, galar Lyme a iompar. Faigh tuilleadh eolais faoi sceartáin agus faoi fheithidí prioctha inár dtreoir thíos.

Treoir maidir le Sceartáin & Feithidí Prioctha

Oifig Eolais


Oscailte:

Márta – Deireadh Fómhair: 10am – 5.30pm

Samhain – Feabhra: 9.30am – 4.30pm

Ó am go chéile d’fhéadfadh an oifig eolais dúnadh gan choinne mar gheall ar eachtraí garchabhrach nó tarrthála. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta

Tá Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta lonnaithe 200 méadar ó Charrchlós an Locha Uachtair i nGleann Dá Loch.

Nótáil, le do thoil, go mbíonn an Pháirc Náisiúnta ar oscailt lá agus oíche, ó cheann ceann na bliana. Mar sin féin, ní bhíonn an Oifig Eolais ar oscailt ach ag amanna áirithe.

Áiseanna

  • Márta – Deireadh Fómhair: 10am – 5.30pm
  • Samhain – Feabhra: 9.30am – 4.30pm

I measc na n-áiseanna tá:

  • Earraí caillte
  • cuairteoir imithe amú
  • mapaí saor in aisce de na cosáin siúil
  • garchabhair
  • áiseanna éigeandála

Gairdín Céadfach & Fiadhúlra

  • EARRACH – SAMHRADH
  • 10:00 am – 5:30pm ÓN OIFIG EOLAIS

Tá gairdín fiadhúlra agus céadfach suite ar chúl na hOifige Eolais. Moltar do chuairteoirí boladh a bhaint as na plandaí agus lámh a leagann orthu, éisteacht le fuaimeanna an dúlra agus sásamh a bhaint as na plandaí.

Meallann lochán beag froganna agus snáthaidí móra agus beathaíonn féileacáin, beacha agus beacha gabhair iad féin ar na bláthanna sna himill. Bíonn an gairdín dúnta sa gheimhreadh.

Stair


An Mórbhóthar Míleata

Tógadh an Mórbhóthar Míleata idir 1801 agus 1809 agus ritheann sé ó Ráth Fearnáin go hAchadh Mheánach, le taobh-bhóthar ó Áth na Sceire go Gleann Crí.

Clúdaíonn an bealach 58km (Ráth Fearnáin – An Leabha Chlúimh – Gleann Crí – thar Cipiúr – Bearna Bhealach Sailearnáin – Eas Ghleann Log an Easa – An Láithreach – Leac Chuimhneacháin Shay Elliot – Droim Goth (Gleann Molúra) – Achadh Mheánach).

Ar feadh cuid mhaith den bhealach, téann an bealach álainn seo trí Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, agus is bealach maith é chun gnáthóg an bhratphortaigh shléibhe a fheiceáil. Is féidir le cuairteoirí an bealach líneach iomlán a thiomáint, nó is féidir leo lúb ciorclach a dhéanamh ar feadh codanna den Bhóthar Míleata.

An Mórbhóthar Míleata

Suíomhanna Mainistreach Ghleann Dá Loch


Sa chuid dheireanach den séú haois, thrasnaigh Naomh Caoimhín na sléibhte ó Chillín Chaoimhín go Gleann Dá Loch. Laistigh de 100 bliain, bhí an ceantar ar cheann de na suíomhanna mainistreach ba thábhachtaí in Éirinn, agus lean sé air ag dul i dtreis tar éis bhás Naomh Caoimhín sa bhliain 617 A.D.

Faoi dheireadh an ochtú haois, bhí suas le 1,000 tuata fostaithe ag an mainistir. Bhí mainistreacha saibhir agus, mar sin, ba mhinic a dhéantaí creach orthu. Mar gheall ar shuíomh iargúlta Ghleann Dá Loch, ba fhurusta é a chreachadh agus idir 775 agus 1095 chreach treibheanna áitiúla agus ionróirí Lochlannacha í go minic. Mar sin féin, ní mar gheall ar ionróirí a tháinig meath ar mhainistir Ghleann Dá Loch sa deireadh, ach mar gheall ar athrú cumhachta polaitiúla. Nuair a ceanglaíodh Gleann Dá Loch le deoise Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1152, tháinig laghdú ar a thábhacht. Ina ainneoin sin, tá tábhacht spioradálta leis an áit i gcónaí.

Tá fothracha an tseansuímh mhainistreach scaipthe ar fud an ghleanna, agus na príomhshuíomhanna suite sa cheantar ar a dtugtar Cathair na Mainistreach, in aice le hIonad Cuairteoirí an OPW.

Is é Cathair na Mainistreach an t-ainm atá ar an bpríomhshuíomh mainistreach ag ceann thoir an ghleanna, in aice le hIonad Cuairteoirí an OPW agus le hÓstán Ghleann Dá Loch.

Bíonn na fothracha ar oscailt ó cheann ceann na bliana. Tá cead isteach saor in aisce, ach d’fhéadfadh go mbeadh táille ar pháirceáil.

Tá turais threoraithe timpeall Chathair na Mainistreach ar fáil ó Ionad Cuairteoirí OPW.

Taispeántas agus seó closamhairc in Ionad Cuairteoirí an OPW (tá táille iontrála i gceist).

Níl bealach isteach sna suíomhanna do chathaoireacha rothaí.

An Cloigtheach

Mianadóireacht i nGleann Dá Loch agus i nGleann Dasáin


Fothracha Mianadóireachta

Tá fáilte roimh chuairteoirí dul ag siúlóid thart agus féachaint thart ar na cairn charta agus na foirgnimh mhianaigh tréigthe laistigh den Pháirc Náisiúnta i nGleann Dasáin (ar bhóthar Bhearna Chill Mhantáin) agus i Sráidbhaile na Mianadóirí i nGleann Dá Loch.

Ní féidir dul isteach chuig Sráidbhaile na Mianadóirí i nGleann Dá Loch ach de shiúl na gcos amháin. Lean Bóthar na Mianadóirí ar feadh 1.5km ó Charrchlós an Locha Uachtair. Tá fothracha na mianadóireachta i nGleann Dasáin suite in aice leis an mbóthar R756 (idir an Láithreach agus Bearna Chill Mhantáin). Tá spás beag páirceála ann.

Tabhair faoi deara, NÍ FÉIDIR dul isteach sna mianaigh faoi thalamh.

Tá lochanna agus aibhneacha na páirce ar na páirteanna is áille agus is saibhre ó thaobh speiceas de i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Déanann muid bainistiú ar na huiscebhealaí go príomha le haghaidh caomhantais agus tá a bhformhór ródhomhain agus rófhuar, agus deacair a thuar, le haghaidh gníomhaíochtaí fóillíochta. Tar éis báisteach a bheith caite, mar shampla, is féidir le haibhneacha sléibhe ardú go mór agus go tobann.

An gceadaítear snámh nó lapadaíl i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin?

Ní úsáidtear ach an limistéar gainmheach ag ceann thoir an Locha Uachtair i nGleann Dá Loch le haghaidh lapadaíl agus snámh sa samhradh. Nótáil, le do thoil, nach bhfuil aon gharda tarrthála ann agus go bhfuil na háiteanna ina bhfuil an t-uisce tanaí cúng agus imíonn siad le fána go tobann, agus tá an loch domhain. Ná fág páistí ag snámh nó ag lapadaíl gan súil ghéar a choinneáil orthu. Ní cheadaítear leapacha aeir ná earraí inséidte eile.

Céard iad na bearta sábháilteachta uisce atá i bhfeidhm?

Níl aon gharda tarrthála ar dualgas, ach tá fáinní tarrthála le fáil go rialta feadh an chladaigh. Má théann tú amach sa loch, ar do phriacal féin atá sé.

An bhfuil tumadóireacht scúba ceadaithe sa pháirc?

Tá. Ceadaítear tumadóireacht scúba le ceadúnas agus tarlaíonn sí den chuid is mó sa Loch Uachtair, Gleann Dá Loch. Ní mór do chlubanna tumadóireachta scúba a dtugtar cead dóibh na nósanna imeachta sábháilteachta a shonraítear sa chead a leanúint. Déan iarratas ar chead scúba anseo.

An gceadaítear canúáil agus bádóireacht sa pháirc?

Is anaclann dúlra iad na lochanna i nGleann Dá Loch agus ní cheadaítear bádóireacht, canúáil ná cadhcáil. Le haghaidh eolas ar chanúáil in Éirinn breathnaigh ar www.irishcanoeunion.com, a bhféadfadh eolas a bheith acu ar chanúáil agus ar chadhcáil ar an Abhainn Bheag agus ar an Abhainn Mhór.

An féidir liom bád cumhachta, scíonna uisce nó scairdscí a úsáid sa pháirc?

Ní cheadaítear aon bhádóireacht chumhachta, sciáil uisce ná scairdsciáil sna lochanna i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, lena n-áirítear Loch Uachtair agus Locht Íochtair Ghleann Dá Loch, Loch Bré Uachtair nó Loch Iolar. Báid do bhainistiú agus do tharrtháil amháin a úsáidtear.

An gceadaítear iascaireacht sa pháirc?

Ceadaítear, ach níl iascaireacht coitianta mar gheall ar chomh beag is atá an t-iasc mar gheall ar chothaithigh íseal san uisce, agus an séasúr teoranta. Is é 15-18cm (6-7 n-orlach) meánmhéid na mbreac donn (an speiceas is coitianta a mbeirtear orthu); ní mór iasc faoi 20.5cm (8 n-orlach) a chur ar ais gan aon dochar déanta dóibh. Ceadaítear iascaireacht ón 15 Márta go dtí an 30 Meán Fómhair ag baint úsáide as baoití bréige amháin (ní cheadaítear baoite beo). Is iad an Life Uachtair, an Abhainn Mhór, Loch Deán, Lochanna Uachtair agus Íochtair Ghleann Dá Loch, Loch Uí Cheallaigh agus Loch Iolar na príomh-uiscí slatiascaireachta.

Tá fáilte roimh rothaithe ar bhóithre crua na páirce a bhfuil dromchla orthu agus ar chosáin áirithe siúlóide amháin. Ní féidir linn rothaíocht sléibhe, easbhóthair ná gníomhaíochtaí eile ar rothaí, a dhéanann damáiste don talamh bhog, a cheadú. Tá bratphortach ardaithe agus gnáthóga móintigh an-leochaileach.

Cén áit ar féidir liom rothaíocht i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin?

Cuirtear fáilte roimh rothair ar aon bhóthar crua laistigh den Pháirc Náisiúnta, amhail na bóithre poiblí agus na bóithre foraoise timpeall ar Ghleann Dá Loch. Beidh cead ag teastáil uait le haghaidh imeachtaí speisialta agus grúpaí móra, amhail rothaíocht iomaíoch nó camchuairte; déan iarratas anseo ar chead imeachta rothaíochta. Faigh eolas thíos ar na cosáin siúlóide a cheadaíonn rothaíocht. Ní cheadaítear rothaíocht sléibhe sa pháirc.

An gceadaítear rothaíocht ar na cosáin siúil i nGleann Dá Loch?

Ceadaítear, ar chosáin roghnaithe amháin, ach ní mór do rothaithe bealach a thabhairt do choisithe i gcónaí. Tá na cosáin seo a leanas oiriúnach do rothaithe:

  • An Bealach Glas – thart ar an Loch Íochtair.
  • An Bealach Corcra – síos Bóthar na Mianadóirí, chomh fada le Sráidbhaile na Mianadóirí, agus ar ais ar an mbealach céanna.
  • An Bealach Oráiste – thart ar Chosán Choill an Doire Bháin.

An gceadaítear rothaíocht sléibhe sa pháirc?

Ní cheadaítear rothaíocht sléibhe laistigh den Pháirc Náisiúnta mar gheall ar an damáiste a dhéanann sí do na gnáthóga leochaileacha. Mar sin féin, tá dhá chosán rothaíochta sléibhe cruthaithe ag Coillte sa cheantar: Cosán Rothaíochta Sléibhe Bhuaile na Stuaí (14km) agus Cosán Rothaíocht Sléibhe Thigh an Chnoic (8km). Féach anseo le haghaidh sonraí faoi chosáin saintógtha rothaíochta sléibhe Choillte.

Chonaic mé gluaisteánaíocht agus scrambláil easbhóthair sa pháirc. An féidir liom é seo a dhéanamh?

B’fhéidir go bhfaca tú trialacha gluaisrothar, a raibh ceadúnas oifigiúil faighte acu. Mar sin féin, níl aon ghluaisteánaíocht ná scrambláil easbhóthair ceadaithe, ar mhaithe le gnáthóga na páirce a chosaint. Is féidir le clubanna trialach gluaisrothair iarratas a dhéanamh ar cheadúnas anseo agus ní mór dóibh coinníollacha uile an cheadúnais a chomhlíonadh.

An bhfuil ceist agat nár freagraíodh anseo? Déan teagmháil linn, le do thoil.

Tá creaga ar Bhóthar na Mianadóirí i nGleann Dá Loch agus i nGleann Molúra agus is breá le hailleadóirí dul ag dreapadh anseo. Tá móréilimh ar bhollánóireacht sa scileach eibhir i Sráidbhaile na Mianadóirí, Gleann Dá Loch. Nótáil na ceantair nach bhfuil cead isteach iontu.

Tá sé an-tábhachtach nach mbogfaí plandaí aille ná nach gcuirfí as d’éin le linn séasúr an ghoir (thart ar Aibreán go Meitheamh don fhabhcún gorm). Chun tuilleadh eolais a fháil faoi amanna leochaileacha, déan teagmháil leis an Oifig Eolais.

An bhfuil aon limistéir i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin nach féidir dul ag dreapadóireacht iontu?

Níl aillte na Spince ar an taobh ó dheas de Ghleann Dá Loch oiriúnach le haghaidh dreapadóireachta.

Cén áit ar féidir liom níos mó a fhoghlaim faoi dhreapadóireacht sa pháirc?

Tá an treoir dreapadóireachta ‘Wicklow’ curtha le chéile ag Comhairle Sléibhteoireachta na hÉireann. Is féidir breathnú uirthi sin san Oifig Eolais. Chomh maith leis sin, is féidir breathnú ar Shléibhteoireacht Éireann.

An dteastaíonn cead chun dreapadh nó bollánóireacht a dhéanamh sa pháirc?

Ní theastaíonn cead ach i gcomhair imeachtaí speisialta dreapadóireachta agus grúpaí móra dreapadóireachta; déan iarratas ar cheann anseo.

An bhfuil ceist agat nár freagraíodh anseo? Déan teagmháil linn, le do thoil.

Cuireann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin deiseanna den scoth ar fáil don pharafaoileoireacht agus don fhaoileoireacht foluana. Maidir le ceachtar gníomhaíocht, beidh ort iarratas a dhéanamh ar chead agus géilleadh do shrianta a chosnaíonn an fiadhúlra.

Cabhraigh linn éin a chosaint ó dhaoine

Chun a chinntiú nach gcuireann parafaoileoireacht agus faoileoireacht foluana isteach ar fhiadhúlra, tá srianta ar shuíomhanna áirithe le linn an tséasúir neadaithe (1 Márta – 31 Lúnasa). Is é an fabhcún gorm go háirithe a bhíonn leochaileach. Tá an fabhcún gorm ar cheann de na speicis a bhfuil Limistéar faoi Chosaint Speisialta Éin (SPA) Shléibhte Chill Mhantáin ainmnithe ina leith.

Déanann Maoir na Páirce Náisiúnta cumarsáid le Cumann Faoileoireachta Foluana agus Parafaoileoireachta na hÉireann (IHPA) chun a gcuid ball a chur ar an eolas maidir leis na limistéir shrianta is deireanaí agus maidir le bacanna a bheith bainte de limistéir. Trí shrianta a chomhlíonadh cabhraítear linn speicis leochaileacha agus a ngnáthóga a chosaint. D’fhéadfaí tú a ionchúiseamh má sháraíonn tú na srianta.

An bhfuil ceist agat nár freagraíodh anseo? Déan teagmháil linn, le do thoil.

Tá áiteanna picnice suite ag an Loch Uachtair i nGleann Dá Loch. Ar chúiseanna sábháilteachta agus comhshaoil, ní cheadaítear ach beárbaiciú gáis. Ní cheadaítear tinte ná beárbaiciúnna le breosla soladach. Tabhair leat abhaile aon bhruscar, le do thoil, agus lean na prionsabail Ná Fág Lorg.

Beidh cead ag teastáil le haghaidh imeachtaí speisialta, nó le haghaidh grúpaí de 50 duine nó níos mó.
Beidh cead ag teastáil le haghaidh imeachtaí speisialta agus grúpaí móra

Campáil Fhiáin


Nótáil le do thoil: Má theipeann ort an cód seo a chomhlíonadh tarraingeofar siar do chead chun campála. I gcásanna den sórt sin iarrfaidh Maoir na Páirce Náisiúnta ar chuairteoirí bailiú leo.

Níl aon láithreán campála ná carbhán seirbhísithe i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, ach má tá turas fánaíochta cúpla lá á phleanáil agat agus má tá tú ag lorg eispéireas san fhiántas, tá fáilte romhat campa a chur suas chomh fada agus a leanann tú an Cód Campála Fiáine – ciallaíonn sé sin gan aon tinte a lasadh, bheith cúramach cá ndéanfaidh tú poll camrais, agus treoirlínte le haghaidh campála agus níocháin a leanúint. Ní cheadaítear campáil ar bith sa pháirc ach campáil san fhiántas, cé nach bhfuil campáil de chineál ar bith ceadaithe i nGleann Dá Loch. Léigh an Cód Campála Fiáine iomlán.

An Cód Campála Fiáine

01/

Campáil 500m ar a laghad ó bhóthar atá in ann feithicil a iompar agus 500m ar a laghad ó fhoirgneamh.

02/

Cinntigh nach gcuireann do láthair champála as do radharc daoine agus go bhfágann tú í mar a fuair tú í — nó níos fearr.

03/

Bog do champa gach dara oíche ionas go bhféadfaidh an fásra teacht chuige féin.

04/

Croch leat fuílleach do bhia agus do bhruscar (fiú má tá sé in-bhithmhillte). Is féidir le hainmhithe agus creimeadh bruscar atá curtha sa talamh a nochtadh.


05/

Coinnigh do ghallúnach agus do thaos fiacla 50m ar a laghad amach ó na sruthchúrsaí.

06/

Nuair a níonn tú miasa, déan sin 50m ó dhobharlaigh, agus síothlaigh agus scaip d’fhuíolluisce (ná doirt riamh é isteach i lochanna, srutháin nó aibhneacha).

07/

Iompair tú féin ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar an bpobal áitiúil, ar an bhfiadhúlra ná ar chuairteoirí eile.

08/

Ní cheadaítear tinte cnámh sa Pháirc Náisiúnta.



Grianghrafadóireacht, Dróin & Scannánaíocht


Ceamaradóir le Ceamara

Leis an tírdhreach agus an fiadhúlra álainn atá inti, is í Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin na flaithis do ghrianghrafadóirí. Agus tú ag glacadh grianghraf sa pháirc bí airdeallach faoin bhfiadhúlra agus a ngnáthóga. Ní féidir grianghraf a ghlacadh ná scannánú a dhéanamh ar neadacha ach amháin faoi chead agus faoi cheadúnas, agus beidh cead ag teastáil i gcás gach grianghrafadóireachta tráchtála.

Ní cheadaítear eitilt drón laistigh de na Páirceanna Náisiúnta gan chead. Rialaítear aerárthaí íseal-eitilte agus réada eile (dróin, eitleoga, faoileoirí foluana, etc.) laistigh de Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin.

Is minic a úsáidtear héileacaptair laistigh den pháirc le haghaidh tascanna lena n-áirítear oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus is féidir le dróin cur isteach ar an obair tábhachtach sin. Ba cheart do gach úinéir dróin Ceisteanna & Freagraí maidir le Dróin atá ag Údarás Eitlíochta na hÉireann a léamh.

Bhí Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus na ceantair máguaird le feiceáil i scannáin éagsúla lena n-áirítear Braveheart, Excalibur, Michael Collins agus go leor eile. Teastaíonn cead le haghaidh scannánaíochta tráchtála.

Foirm Iarratais Ceada

Is féidir sonraí faoi chosáin scannán Chill Mhantáin a fháil ag Visit Wicklow.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil linn.

Visit Wicklow

Leideanna Úsáideacha

Grianghrafadóireacht, Dróin & Scannánaíocht

Ní cheadaítear dróin, ach amháin faoi chead. Teastaíonn cead le haghaidh scannánaíochta tráchtála agus grianghrafadóireachta.

Dreapadóireacht Carraige

Ceadaítear dreapadh carraige ach ná cuir isteach ar phlandaí ná ar éin ghoir le do thoil.


Rothaíocht

Tá fáilte roimh rothaithe ar chosáin chrua agus ar bhóithre foraoise amháin. Ní cheadaítear rothaíocht sléibhe easbhóthair. Caithfidh rothaithe cead slí a thabhairt do choisithe agus d’fheithiclí.

Feithiclí mótair

Ní cheadaítear feithiclí mótair neamhúdaraithe, lena n-áirítear gluaisrothair, cuadrothair agus rothair streachailte sa Pháirc Náisiúnta.


Snámh

Tá snámh ceadaithe sa Loch Uachtair, Gleann Dá Loch. Bí ar d’aire: athraíonn doimhneacht an locha go tobann.

Spóirt Uisce

Ní cheadaítear bádóireacht, canúáil, clársheoltóireacht, seoltóireacht, scairdsciáil, tumadóireacht scúba ná aon earraí inséidte, lena n-áirítear leapacha aeir, sna lochanna. Ní cheadaítear tumadóireacht ach le cead.


Iascaireacht

Ní fhéadfaidh cuairteoirí iascaireacht a dhéanamh ach ar an Loch Uachtair, idir an 15 Márta agus an 30 Meán Fómhair. Ní cheadaítear iascaireacht ach ón gcladach, agus ní cheadaítear ach baoití bréige. Ní cheadaítear baoite beo. Ní mór gach iasc faoi bhun 20cm (8 in) a chur ar ais gan dochar déanta dó.

Fiach & Lámhach

Ní cheadaítear fiach ná lámhach sa Pháirc Náisiúnta.


Bailiú, Piocadh agus Baint

Ní cheadaítear carraigeacha, plandaí, fungais, ainmhithe ná ábhair eile a thógáil ón bPáirc Náisiúnta.

Trádáil & Buscáil

Ní cheadaítear trádáil ná buscáil sa Pháirc Náisiúnta.


Marcaíocht ar Chapall

Ní cheadaítear marcaíocht ar chapall ach amháin faoi chead.


Madraí


Madra ar Éill

Cuirtear fáilte roimh mhadraí sa Pháirc Náisiúnta, ach ní mór d’úinéirí a bheith ar an eolas go bhfuil an áit seo ann go príomha ar mhaithe le caomhnú an dúlra agus NÍ MÓR madraí a choinneáil ar éill i gcónaí.

Iarrtar ar úinéirí madraí cloí lenár gCód Iompair.

Tarlaíonn gníomhaíochtaí madraí speisialaithe, ar nós trialacha madraí foghlaeireachta, sa Pháirc Náisiúnta ó am go chéile. Tá gach triail den sórt sin faoi réir ceada. Tarlaíonn gníomhaíochtaí madraí speisialaithe, ar nós trialacha madraí, freisin.

D’fhéadfaí Madraí Cuardaigh agus Tarrthála (SARDA) a fheiceáil ag traenáil nó ag obair sa Pháirc Náisiúnta uaireanta.

Cód Iompair d’Úinéirí Madraí

01/

Cuireann muid fáilte roimh úinéirí madraí atá freagrach.

02/

Coinnigh do mhadra ar éill i gcónaí laistigh den Pháirc Náisiúnta.

03/

Bí ar an eolas go mbaineann an Pháirc Náisiúnta go príomha le caomhnú an dúlra. Níor cheart ag am ar bith go gcuirfeadh do mhadra as don fhiadhúlra.

04/

Bí ar an eolas go bhfuil ainmhithe feirme, go háirithe caoirigh, ina gcónaí sa Pháirc Náisiúnta freisin. Tá feirmeoirí i dteideal aon mhadra a chuireann imní ar a stoc a lámhach.


05/

Bí ar an eolas go bhféadfadh sé tarlú nach dtaitneodh do mhadra le daoine eile, agus go bhféadfadh go mbeadh faitíos orthu roimhe.

06/

Bíodh málaí le haghaidh salachar madraí ar iompar agat agus bain úsáid astu. Ní mór salachar do mhadra a thabhairt abhaile leat sa mhála le haghaidh salachar madraí.

07/

Bí ar an eolas go bhfuil contúirtí sa Pháirc Náisiúnta do mhadraí. Gach bliain, maraítear nó gortaítear madraí go dona agus iad ag titim le haill. Ó am go chéile téann madraí ar iarraidh sa pháirc agus ní thagann roinnt acu ar ais riamh.


Tá cead ag teastáil do neart gníomhaíochtaí sa pháirc náisiúnta lena n-áirítear:

  • Imeachtaí mórscála go léir (m.sh. siúlóidí urraithe agus imeachtaí spóirt)
  • Imeachtaí speisialta picnicí /cóisirí móra san áireamh
  • Scannánaíocht tráchtála agus grianghrafadóireacht tráchtála
  • Dróin
  • Faoileoireacht foluana agus parafaoileoireacht
  • Tumadóireacht scúba
  • Trialacha madra gunna
  • Marcaíocht ar chapall

Mura bhfuil gníomhaíocht liostaithe anseo, ní chiallaíonn sé nach bhfuil an ghníomhaíocht ceadaithe. Má tá amhras ort, déan teagmháil linn agus cuir ceist orainn.

Ba cheart iarratas ar chead a dhéanamh trí:

  • Scríbhinn a sheoladh chuig:
    Páirc Náisiúnta Sléibhte Chill Mhantáin, Cill Aifín, An Láithreach, trí Bhré, Contae Chill Mhantáin, A98 K286.
  • Go pearsanta ag ceanncheathrú na Páirce Náisiúnta.
  • Ar an nguthán ar 0404 45800
  • Trí ríomhphost chuig wmnp@npws.gov.ie

Tabhair an oiread sonraí agus is féidir le do thoil – dátaí, láithreacha, cineál gníomhaíochta, riachtanas chun gníomhaíocht a dhéanamh.

Ba cheart go mbeadh iarratais ar chead seacht lá ar a laghad roimh an imeacht beartaithe.

Ní mór do dhaoine faoi cheadúnas an cead sin a thabhairt ar aird ar iarratas le haghaidh iniúchta ag foireann na páirce.

Má tá aon cheist agat déan teagmháil linn le do thoil.