Skip to main content

“Connemara is a state of light. Of fluent sky, flayed rock and flowering bog. Of storied lake and inlet and deep song. Of wind and wild.”

 

MICHAEL COADY

Éist le guth an dúlra

Fáilte chuig Páirc
Náisiúnta Chonamara

Clúdaíonn Páirc Náisiúnta Chonamara 2,000 heicteár de shléibhte áille, de limistéir portach, de fhraochmhánna, d’fhéaraigh agus de choillearnacha i gContae na Gaillimhe. Is cuid de na Beanna Beola iad roinnt de shléibhte na Páirce Náisiúnta, amhail An Bhinn Bhán, An Chailleach, An Bhinn Bhreac agus Mucanacht go háirithe.

Osclaíodh an Pháirc Náisiúnta don phobal in 1980, agus tá tailte inti a mbíodh ina gcodanna d’Eastát Mhainistir na Coille Móire, de Scoil Saothair Leitir Fraic, agus de mhaoin phríobháideach Richard ‘Humanity Dick’ Martin, ar chabhraigh sé leis an gCumann um Fhóirithint ar Ainmhithe a bhunú. Faigh tuilleadh amach faoi na conairí siúil, faoi na gnáthóga faoi leith agus faoin bhflóra agus fána álainn atá sa pháirc.

Léarscáil de Theorainn
Páirc Náisiúnta Chonamara

Connemara Boundary Map

Ceantar

2,000 ha

S.P.A:

002031 / 002034

Suite i Co. na Gaillimhe

Suite i Co. na Gaillimhe

Eochair eolais

  • Páirceáil
  • Loch
  • Abhainn
  • N59
  • Binn na Sléibhe
  • Mhainistir na Coille Móire
  • Ionad Cuairteoirí
  • Teorainn na Páirce

Tá an léarscáil seo le haghaidh cuspóirí léiritheach amháin agus ní bhreithneofar conclúideach iad maidir leis na teorainneacha nó a méid. Tabhair faoi deara le do thoil nach ndéanann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht aon ionadaíocht nó ní sholáthraíonn sé aon bharánta maidir le cruinneas, iomláine nó airgeadra na léarscáile seo. Is leis an úsáideoir an riosca an léarscáil seo a úsáid, a fhéadfar a athrú nó go ndéanfar é a nuashonrú am ar bith gan fógra.

Roghanna na Páirce


Pórtha Oidhreachta

An Dúlra agus Caomhnú


Faigh tuilleadh amach maidir lenár dtionscadail chaomhnaithe, agus muid ag cuidiú pórtha oidhreachta a chothú agus a fhás laistigh den pháirc, amhail capaillín mór le rá Chonamara.

Pórtha Oidhreachta

Siúlóidí Bhinn Ghuaire

Fánaíocht & Siúl


Ceann amháin de bhuaicphointí na Páirce Náisiúnta is ea barr Bhinn Ghuaire a shroicheadh chun radhairc leathana ar Chnoic Leitreach (ar a dtugtar Letter Hill go háitiúil), ar Mhainistir na Coille Móire agus ar na Beanna Beola a fháil.

Fánaíocht & Siúl

Conair Crann féin-treoraithe

Gníomhaíochtaí le Déanamh


Féach thart timpeall ar na speicis crann éagsúla is féidir a aimsiú i bPáirc Náisiúnta Chonamara.

Conair Crann

Cosain an Dúlra

Go raibh maith agat as cuidiú linn gnáthóga agus fiadhúlra Pháirc Náisiúnta Chonamara a chosaint. Nuair a bhaineann tú taitneamh as caitheamh aimsire lasmuigh a dhéanamh ar bhealach freagrach anseo, cuidíonn tú linn fiántas Chonamara agus gach rud uathúil atá inti a chaomhnú.

Leideanna Úsáideacha

Pleanáil Roimh Ré

Smaoinigh ar an am is fearr chun cuairt a thabhairt ar an bpáirc agus ar an mbealach taistil a bheidh agat, chun an tionchar a bheidh agat ar an timpeallacht a laghdú. Seiceáil an aimsir agus bí cinnte go bhfuil gach rud a theastóidh uait agat.

Glac daoine eile san áireamh

Bí feasach maidir leis an gcaoi ar féidir le do ghníomhaíochtaí agus d’iompar tionchar a bheith acu ar thaithí cuairteoirí eile agus ar an bhfoireann a oibríonn anseo. Bí aireach maidir le haon torann a dhéanann tú agus maidir leis an gcaoi a ndéanann tú caidreamh le daoine eile feadh an bhealaigh.


Meas a léiriú ar Fhiadhúlra

Cuirtear fáilte roimh mhadraí ach iad a bheith iall, agus ní mór duit salachar madra a chur i mála agus é a chur sa bhosca bruscair.

Taistil agus Campáil ar Thalamh Marthanach

Leis na conairí marcáilte bíonn tú in ann an chuid is fearr d’fhiántas Chonamara a fheiceáil. Níor cheart ach do shiúlóirí a bhfuil taithí acu dul amach níos faide sna cnoic. Ní cheadaítear campáil fhiáin ach amháin in áiteanna atá laistigh de chodanna níos iargúlta Pháirc Náisiúnta Chonamara:
féach ar na treoirlínte anseo.


Fág Pé Rud a Thagann Tú Air i Do Dhiaidh

Is féidir grianghraif den tírdhreach agus de na plandaí a ghlacadh, ach ná lag lámh fiú ar na nithe is lú, ionas gur féidir le daoine eile sult a bhaint as fiántas Chonamara mar a bhain tú féin sult as.

Faigh réidh le Bruscar mar is ceart

Tá baol mór i gceist leis an mbruscar don dúlra. Trí do bhruscar a thabhairt abhaile leat, cuidíonn tú leis an bpáirc agus leis an bhfiadhúlra atá inti a chosaint, agus le Páirc Náisiúnta Chonamara a choinneáil sláintiúil.


Íoslaghdaigh Éifeachtaí Tine

Ní cheadaímid tinte d’aon chineál i bPáirc Náisiúnta Chonamara. Is féidir tionchair bhuana a bheith ag tinte agus is féidir leo plandaí agus ainmhithe a scriosadh. Labhair le Treoraithe na Páirce Náisiúnta má tá comhairle de dhíth ort, agus seiceáil an treoir atá againn maidir le Campáil Fhiáin chun sonraí a fháil.


– Ionad Cuairteoirí
– Caifé
– Leithris
– Páirc Spraoi
– Áiteanna picnice
– Ionad Oideachais

Páirc Náisiúnta

AR OSCAILT:
ar feadh na bliana

TÁILLE ISTEACH:
saor in aisce

An Pháirc Náisiúnta: Ionad Cuairteoirí

OSCAILTE:
9:00am–4:30pm

DÚNTA:
Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin


Conairí atá le Dúnadh go Sealadach

Bí cinnte go seiceálann tú na coinníollacha aimsire sula dtugann tú cuairt ar an bPáirc Náisiúnta. Dúnfar na tailte nuair a bheidh rabhaidh aimsire oráiste agus dearg i bhfeidhm.

An bealach le teacht anseo

IONAD CUAIRTEOIRÍ
OSCAILTE: 9:00 AM – 4:30 PM

An Pháirc Náisiúnta le hIonad Cuairteoirí i gcéin

Tá an tIonad Cuairteoirí agus an príomhbhealach isteach chuig an bPáirc Náisiúnta suite gar do shráidbhaile Leitir Fraic feadh an N59. Tá cead isteach sa pháirc agus san ionad cuairteoirí saor in aisce. Níl aon táille i gceist le páirceáil.

Is féidir teacht chuig Ionad Cuairteoirí na Páirce Náisiúnta ar iompar poiblí agus príobháideach araon. Níl aon táille iontrála ann.

Ó Ghaillimh ~ 93km (Tríd an gClochán)

Taistil feadh an N59 agus lean na treoracha thuas ansin maidir le bheith ag taisteal ón gClochán go dtí Leitir Fraic.

Ón gClochán ~ 15km

Téigh ar an N59 (Bóthar Chathair na Mart) i dtreo Leitir Fraic. Sula sroicheann tú sráidbhaile Leitir Fraic feicfidh tú comhartha don Pháirc Náisiúnta ar thaobh na láimhe deise den bhóthar. Cas ar dheis anseo agus lean an bóthar ar aghaidh go dtí an carrchlós.

Ón Líonán ~ 20km

Lean an N59 (Bóthar an Líonáin) i dtreo an Líonáin, fan ar an N59 go dtí Leitir Fraic. 200 méadar i ndiaidh an tsráidbhaile feicfidh tú príomhbhealach isteach na Páirce Náisiúnta ar thaobh na láimhe clé. Lean an bóthar go dtí an carrchlós.

Ó Ghaillimh ~ 82km (Trí Ghleann Eidhneach)

Taistil feadh an N59 go dtí Sraith Salach. Díreach i ndiaidh shráidbhaile Shraith Salach tóg an chéad chasadh ar thaobh na láimhe deise chun dul síos Ghleann Eidhneach. Ag deireadh an bhóthair seo cas ar chlé chun dul go Leitir Fraic. Is é seo Bóthar Leitir Fraic-an Líonáin. Lean ar aghaidh trí Leitir Fraic agus thart ar 200 méadar ón sráidbhaile a aimseoidh tú an príomhbhealach isteach chuig an bPáirc Náisiúnta.

Ó Chathair na Mart ~ 53km

Lean an N59 (Bóthar an Líonáin) i dtreo an Líonáin, fan ar an N59 go dtí Leitir Fraic. 200 méadar i ndiaidh an tsráidbhaile feicfidh tú príomhbhealach isteach na Páirce Náisiúnta ar thaobh na láimhe clé. Lean an bóthar go dtí an carrchlós.

Cuirtear seirbhísí bus ar fáil do Leitir Fraic ón gClochán & ó Ghaillimh.

Bus Éireann go Leitir Fraic

Ón gClochán & ó Ghaillimh – Féach ar Bhealach 419 chun sonraí cláir ama a fháil:

BUS ÉIREANN – 419

CityLink go Leitir Fraic

Ón gClochán & ó Ghaillimh – Féach ar Bhealach 923 chun sonraí cláir ama a fháil:

citylink – 923

Ó Chathair na Mart

Féach ar Bhealach 423 chun sonraí cláir ama a fháil:

BUS ÉIREANN – 423

Nuacht & Fógraí


Closure of Hungry Hiker Cafe

2 February 2024


The Hungry Hiker will be closed from Tuesday 6th February to Monday 12th February due to annual maintenance. It will reopen on Tuesday 13th February.
Read more

Storm Isha update – National Parks and Nature Reserves

22 January 2024


NPWS staff are patrolling and monitoring activity in in National Parks and Nature Reserves around the country in the wake of Storm Isha. There are reports of some National Parks and Nature Reserves affected by power outages, fallen trees and debris. Trails may be closed as staff clear affected areas. Members of the public are
Read more

Visitor Notice

6 December 2023


The Visitor Centre has changed its opening hours for the Winter months. The Visitor Centre will now be open from 9am – 4.30pm daily.
Read more