THUAS:Lochanna Chill Airne i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Ar chuid eile de na gnáthóga agus na speicis eile ar fiú suntas a thabhairt dóibh tá an tréad fia rua dúchasach agus coill iúir Reenadinna.
Is iad na fianna rua i bPáirc Náisiúnta Chill Airne an tréad dúchasach deireanach d’fhia rua na hÉireann atá fós sa tír. Tá tréad Chill Airne anseo ón tréimhse Neoiliteach. Shíolraigh gach tréad fia rua eile sa tír ó stoc a tugadh isteach athuair.
Is é Coill Reenadinna an limistéar is mó de choillearnach iúir atá in Iarthar na hEorpa agus tá sé ainmnithe ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta. Meastar go bhfuil crainn laistigh de atá idir 200 agus 250 bliain d’aois.
THUAS: Cuach Carran.
Tá stair fhada ag an gCuach, mar aon leis an bhFáinleog agus an Traonach, mar chomhartha go bhfuil an samhradh linn, ag sroichint na tíre sna laethanta deiridh d’Aibreán, tréimhse ama ar a dtugtar ‘ré na cuaiche’ air go minic.
Imirceach samhraidh go hÉirinn iad na cuacha agus ní bhíonn na héin fhásta anseo ach ó Aibreán go tús mhí Iúil, tar éis dóibh an geimhreadh a chaitheamh san Afraic agus is éan uathúil in Éirinn iad mar beireann siad a gcuid uibheacha i neadacha éan eile agus níl baint ná páirt acu le tógáil a n-ógánach.
Tá laghdú 27 % tugtha faoi deara tagtha ar an gCuach i ndáileadh pórúcháin ón gcéad daonáireamh náisiúnta, Atlás Éan (1968-1972), agus an tAtlas Éan is déanaí (2007-2011). San Atlas Éan is déanaí léiríonn treochtaí daonra ar fud na Breataine agus na hÉireann laghduithe móra ar fud Shasana agus na Breataine Bige, méaduithe in Albain agus cobhsaíocht choibhneasta in Éirinn. Mar sin, léiríonn an Chuach aistriú daonra ó thuaidh agus siar cosúil le roinnt imirceach eile a bhíonn ag geimhriú i réigiúin thaise na hAfraice. Mar sin féin, is beag eolas atá ann faoi na cúiseanna agus na spreacthaí a d’fhéadfadh a bheith leis na laghduithe sin.
In 2011, thug Iontaobhas na Breataine um Éaneolaíocht (BTO) faoi thionscadal nua chun staidéar a dhéanamh ar phatrúin imirce na Cuaiche. Cé go raibh staidéar maith déanta ar an gCuach le linn an tséasúir phóraithe sa Ríocht Aontaithe, chomh luath agus a thug siad faoi imirce, is beag eolais a bhí ar na bealaí a thóg siad nó ar cén áit san Afraic ar chaith siad míonna an gheimhridh. Dá bhféadfaí na réimsí a bhfuil tábhacht leo do na héin seo a aithint, d’fhéadfaidís staidéar a dhéanamh ar bhrúnna a d’fhéadfadh caillteanais dhaonra na gCuach a mhíniú.
Ó dheireadh 2022 ann, tá clibeáil déanta ar níos mó ná 100 cuach fásta ar fud na Breataine agus tá go leor foghlamtha faoi na bealaí a tógadh, agus faoi roinnt de na brúnna a bhíonn orthu dul i ngleic leo agus iad ar imirce. Ach is í an cheist mhór dúinne ná an bhfuil na ceisteanna céanna le sárú ag Cuach na hÉireann nó an dtugann siad faoi straitéis imirce éagsúil agus aghaidh ar dhúshláin éagsúla?
Mar sin i mBealtaine 2023, chruthaigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) nasc le foireann Chuach an BTO chun tabhairt faoi rianú satailíte ar cheithre chuach Éireannach. Trí cinn as Páirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí agus ceann as Páirc Náisiúnta Bhoirne, Co. an Chláir. Bhí trí cinn de na héin seo urraithe go díreach ag an NPWS agus an ceathrú éan ag urraitheoir príobháideach. Feistíodh na héin seo le clibeanna satailíte agus is féidir a ngluaiseachtaí a leanúint ar na naisc thíos:
THUAS: fia rua fireann
Téann tréad na bhfianna rua atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta siar chomh fada leis an Aois Neoiliteach agus is iad an t-aon tréad dúchasach sa tír iad anois. Cé go bhfuil tréada fianna rua le fáil in áiteanna eile in Éirinn, is ó stoc athbhunaithe a tháinig siad (ó Albain go príomha).
Is é an fia rua an mamach talún is mó in Éirinn agus d’fhéadfadh na fianna rua fireanna a bheith chomh trom le 220kg. D’fhéadfadh an fia rua baineann a bheith chomh trom le 110kg. Mar a thugann an t-ainm le fios, tá fionnadh ar dhath deargdhonn a iompaíonn donnghlas sa gheimhreadh orthu tráth a n-éiríonn an fionnadh níos tibhe le cosaint a chur ar fáil dóibh ón aimsir. Is féaránaigh go príomha iad na fianna rua ach itheann siad fraoch, toir agus féar garbh freisin. Sceitheann na fianna rua fireanna a gcuid beanna gach uile bhliain, rud a chinntíonn go mbíonn teacht aniar iontu do shéasúr na reithíochta.
THUAS: bó Chiarraí
Is féidir tréad bó dúchasach Chiarraí a fheiceáil ag innilt go minic i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Meastar iad a bheith ina speiceas neamhchoitianta anois agus is furasta iad a aithint ón dath atá orthu agus an mhéid atá iontu.
Tá Bó Chiarraí beagnach dubh go hiomlán seachas an paiste beag aisteach atá ar an útha. Meánn bó fhireann suas go dtí 550kg agus an bhó bhaineann 350 – 450kg agus cé go bhfuil siad níos lú ná pórtha eile, tá teacht aniar iontu agus tá siad láidir. Creidtear go bhfuil siad ar cheann de na pórtha is sine san Eoraip agus is le haghaidh bainne is mó a úsáideadh iad. Níl ach fíorbheagán de thréad Bó Chiarraí fágtha ach tá tréada le fáil in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada agus i Meiriceá.
THUAS: iolar mara
An tIolar Mara (Haliaeetus albicilla) – ní raibh iolair le feiceáil in Éirinn ó thús na 20ú haoise gur cuireadh clár athbhunaithe ar siúl i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, agus tá an t-iolar mara le feiceáil sa spéir arís.
Is é an t-iolar mara an t-éan cónaithe is mó in Éirinn le réise sciathán suas le 2.4 méadar agus tá fad a choirp thart ar mhéadar amháin. Is é an t-iolar baineann an t-éan is mó ag thart ar 6kg agus an t-iolar fireann thart ar 4kg. Is dath donn atá ar an iolar fásta le cloigeann bán agus fásann an t-eireaball sainiúil bán nuair a bhíonn siad idir 3-4 bliana d’aois. Is os cionn Loch Léin sa Pháirc Náisiúnta is mór a mbíonn an t-iolar le feiceáil.
Tá tuilleadh fíricí agus físeáin ó thaifeadtaí beo ceamara gréasáin ar an Iolar Mara Bán ar fáil ó shuíomh Gréasáin Thearmann Dúlra Ghleann Garbh.
THUAS: Sead Chill Airne
Tá Sead Fhallacsach Chill Airne (Alosa killarnensis) – a dtugtar ‘gabhairín’ air go háitiúil, uathúil in Éirinn ach tá sé uathúil i gCiarraí freisin agus níl siad le fáil ach in aon loch amháin laistigh de Pháirc Náisiúnta Chill Airne, Loch Léin.
Fásann siad go 20cm ar fad agus tá cuma scadáin orthu, tá saol ré de cúig bliana ag an tsead. Is zóplanctón atá le fáil in aibhneacha is mó a itheann siad. Tá an tsead bhaineann beagán níos mó ná an tsead fhireann agus úsáideann siad limistéir ghairbhéil in aice na n-oileán atá ar an loch mar limistéir sceite le linn mhíonna an Mheithimh agus Iúil. Tá an speiceas seo thar a bheith spéisiúil mar go gcreidtear gur tháinig siad chun an locha le linn na hoighearaoise deiridh suas le 10,000 bliain ó shin, agus mar a thosaigh na hoighearchlúideacha ag leá bhí orthu iad féin a chur in oiriúint mar speiceas talamhiata.
THUAS: an chuil chadáin
Is feithide uisceach rí-annamh í an Chuil Chadáin in Éirinn agus níl fáil uirthi ach i bPáirc Náisiúnta Chill Airne amháin. Creidtear go bhfuil an Chuil Chadáin fanta ón oighearaois dheiridh.
In ainneoin a hainm, ní cuileog atá i gceist; dé bhrí nach bhfuil ach péire amháin sciatháin ar chuileog, tá dhá phéire sciathán ar an gCuil Chadáin. Tá sí le fáil thart ar imeall lochanna, aibhneacha agus srutháin agus is uisceach atá larbha na Cuile Cadáin. Ní mhaireann an Chuil Chadáin ach cúpla seachtain. Is foinse thábhachtach bia atá sa Chuil Chadáin agus an larbha d’éisc agus d’éin.
THUAS: snáthaid mhór smaragaid an tuaiscirt
Is í seo an tSnáthaid Mhór is neamhchoitianta in Éirinn, agus meastar nach bhfuil sí le fáil ach in dhá limistéar bheaga i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Ní mhaireann Smaragaid an Tuaiscirt fhásta ach seal gearr, idir seachtain amháin agus ocht seachtaine, de ghnáth.
Le linn an ama sin is féidir teacht orthu in aice na talún áit a mbíonn siad crochta ar fhásra nó ar thóir foráiste go hard i mbarr crainn. Is féidir iad a fheiceáil idir míonna na Bealtaine agus Meán Fómhair ach is mó seans gur idir míonna an Mheithimh agus Iúil a bheidh siad le feiceáil. Fágann Smaragaid an Tuaiscirt baineann a cuid larbha i linnte móna éadomhain agus is féidir a gcuid uibheacha beaga bídeacha a fheiceáil ar ghéagáin agus ar dhuilleoga phlandaí uisceacha nó in uisce nó i bpuiteach bog. Meastar go bhfuil pobal níos lú ná 1,000 de Smaragaid an Tuaiscirt fásta in Éirinn.
Tá codanna áirithe de Pháirc Náisiúnta Chill Airne nár cuireadh isteach orthu mórán le cúpla céad bliain. Thug sé seo deis do speicis éagsúla bláthanna agus plandaí a bheith faoi bhláth. Is in Éirinn amháin a fhaightear cuid de na plandaí atá sa Pháirc Náisiúnta. Ainmníodh an Pháirc Náisiúnta mar thearmann bithsféir mar gheall ar speicis neamhchoitianta den chineál sin a bheith ann.
THUAS: Crann iúir
Tá dhá mhórán Cabáiste an Mhadra Rua (Saxifraga spathularis) agus an Mórán Giobach (Saxifraga hirsuta), a bhíonn le fáil go minic sa Pháirc Náisiúnta, le fáil freisin in iarthar na hÉireann, i dtuaisceart na Spáinne agus sa Phortaingéil.
Is speiceas saxifrage atá ó dhúchas inÉirinn, sa Phortaingéil agus sa Spáinn é an Saxifraga spathularis, nó cabáiste an mhadra rua. Baineann sé leis an bhflóra a dtugtar Lusitanian air, sraith bheag plandaí atá ó dhúchas in Éirinn. Ní fhaightear é ar chor ar bith sa mBreatain Mhór, ach ní fios cén fáth. Is éard atá ann ná bunróiséad de dhuilleoga súmhara, fadaithe, ubhchruthacha atá timpeall ar ghas díreach bláthach gan duille air. Is cosúil gur fearr a fhásann sé i ngnáthóga alpacha húmasacha i measc carraigeacha aigéadacha.
Foinsí: Vicipéid
Is ilbhliantóg mata-fhoirmithe, síorghlas é An Mórán Giobacha bhfuil róiséid de dhuilleoga dúghlasa air atá ramhardhuilleach, gruagach, fiaclach, agus cruth duáin orthu, chomh maith le painicil scaoilte de bhláthanna bána réaltchruthacha, a thagann amach i ndeireadh an earraigh agus i dtús an tsamhraidh.
Luibh ilbhliantúil atá ann le stólain air nach bhfásann ach in áiteanna taise, scáthaithe, ar nós coillte, aillte agus bruacha a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh, agus ina aice le srutháin agus ar charraigeacha sna sléibhte. Is minic a fhaightear cuid ag fás in aolchloch sa Bhreatain, nach bhfuil nádúrtha don tír, ach a d’éalaigh as gairdíní. In Éirinn, a áit dúchais, áfach ní fhásann sé ach ar charraig shiliúil.
Foinsí: Shoot Gardening, Biological Records Centre – Plant Atlas
Cé go bhfuil an Leith Uisce nó an tSadhbhóg Sléibhe níos mó ná an Bodán Meascáin mar sin féin is ilbhliantóg é. Mar gheall ar an mbláth atá air measann go leor luibheolaithe gurb é an flóra is áille é de fhlóra na hÉireann; dath saibhir corcairghorm atá air.
Ar nós an Bhodáin Meascáin is planda é nach n-itheann ach feithidí, iompaíonn na duilleoga greamaitheacha, buí isteach chun breith ar fheithidí agus iad a ithe. Fásann sé seo freisin i bportaigh, i réitigh taise sna coillte, i móintigh fliucha agus ar charraigeacha. Ach murab ionann is an Bodán Meascáin ní fhásann sé seo ach i gceantair áirithe: Corcaigh agus Ciarraí, áit a bhfuil sé flúirseach, agus Luimneach agus an Clár, áit a bhfuil sé neamhghnách. Is féidir é a shaothrú i dteach Alpach nó mar phlanda gairdín in ithir aigéadach bhog.
Tagann na bláthanna amach i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh.
Foinsí: Ireland’s Eye
Is éard atá sa bhfeilistrín gorm ná ilbhliantóg beag dosach d’fhéaraigh fhliucha, de bhruacha locha agus de chiumhaiseanna féir atá forleathan i Meiriceá Thuaidh agus ó thaobh na hEorpa de is in Éirinn atá sé go príomha.
Tugadh a ainm eolaíoch, Sisyrinchium bermudiana, air nuair a chreid luibheolaithe, agus dul amú orthu, gur i mBeirmiúda amháin a bhí sé ag fás.
Is fearr leis an bplanda ithir a fhanann tais i gcónaí ach a mbíonn draenáil mhaith ann ag an am céanna. Dá bhrí sin, is minic a fhaightear é ar scaineagán tais, agus in ithir atá gairbhéalach nó gainmheach agus an talamh bocht nó réasúnta méith, agus a imoibriú idir a bheith neodrach agus beagán alcaileach.
Ní osclaíonn na bláthanna beaga bánghorma ach ar laethanta geala, gréine i lár an tsamhraidh, rud a fhágann go mbeadh sé an-éasca an speiceas a ligeann i ndearmad.
Foinsí: Habitas
Is planda ilbhliantúil é an samhadh sléibhe a bhfuil socfhréamh láidir air agus a fhásann go dtí idir 10 agus 30 cm. Fásann sé i dtoim dhlútha agus go hiondúil ní bhíonn géaga ná gruaig ar an ngas. Dath cineál dearg a bhíonn ar na gais bhláthacha agus ar ghais na nduilleog. Cruth duáin a bhíonn ar na duilleoga, iad beagán ramhardhuilleach, agus iad ar ghais a thagann aníos ón mbunghas. Tagann bláthanna beaga, glasa orthu a iompaíonn scothdhearg ina dhiaidh, agus iad ina ngrúpa i mbraisle ingearach oscailte. Cnó beag atá sa toradh, agus sciathán leathan ina thimpeall a iompaíonn dearg sa deireadh. Agus é i gcruth toim atá dlúth, dearg, is furasta an planda seo a aithint.
Tá blas géar nó blas úr aigéadach ar dhuilleoga an tsamhaidh sléibhe agus tá go leor vitimín C iontu. Is féidir iad a ithe amh nó iad a chócaráil.
Foinsí: Vicipéid
Is raithneach é an Asplenium viride agus tugtar An Fionncha Glas air de bharr go bhfuil stríoca agus príomhghas glas air. Mar gheall ar an ngné seo tá sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus an fionncha dúchasach, Asplenium trichomanes, atá an-chosúil leis.
Is speiceas nádúrtha é an fionncha glas i dtuaisceart agus in iarthar Mheiriceá Thuaidh, i dtuaisceart na hEorpa agus san Áise. Is raithneach bheag charraige é, a fhásann ar charraig chailceach.
Foinsí: Vicipéid
Is speiceas garbhóige é diphasiastrum alpinum, an gharbhóg alpach. Ba é Carl Linnaeus a rinne cur síos air den chéad uair ina leabhar Flora Lapponica, 1737, ó eiseamail a bhí faighte san Fhionlainn. Tá sé le fáil i gcuid mhaith de na codanna is faide ó thuaidh den Leathsféar Thuaidh: cuid mhaith de Cheanada, an chuid thiar thuaidh de na Stáit Aontaithe, tuaisceart agus lár na hEorpa, an Rúis, an tSín agus an tSeapáin.
Fásann an alpinum diphasiastrum go dtí 10–20 cm ó ghais a fhásann díreach thíos faoi dhromchla na talún. Tá na duilleoga cuasach ag a mbun.
Foinsí: Vicipéid
Is planda luibheach é Saxifraga rosacea, nó an Mórán Gaelach as fine an saxifragaceae. Scaipeann sé amach trí úsáid a bhaint as a stoláin, a dhéanann cúisín dlúth de phéacáin dhuilleacha ghearra. D’fhéadfadh na gais bláthacha a bheith suas le 25cm ar airde, agus 4-5 de bhláthanna bána orthu agus peitil a bhíonn 6-10mm ar fad.
Tá sé le fáil in iarthar na hÉireann agus na Breataine Móire agus san Íoslainn. Tá sé díofa i Sasana ón mbliain 1960. De ghnáth faightear é in aice le srutháin sléibhe, ach fásann sé freisin ar aillte agus ar fhánaí screatháin.
Foinsí: Vicipéid
Is díol suntais é raithneach Chill Airne toisc é a bheith chomh neamhghnách in Éirinn agus tá sé liostaithe faoin Ordú um Chosaint Flóra (1999). Bhíodh raithneach Chill Airne forleathan roimhe seo timpeall Chill Airne, ach bhí sé ídithe go mór sa 19ú haois toisc go mbíodh eiseamail bheo á mbailiú agus á ndíol ar bhonn tráchtála mar gheall ar an tóir a bhí in aimsir Victeoiriach ar raithneach. Mar thoradh air sin níl ach cúpla pobal acu fanta anois i gceantar Chill Airne.
Is raithneach ar mheánmhéid, a mhaireann i bhfad é raithneach Chill Airne agus froinn mhíne, an-roinnte air. Is maith leis an speiceas seo suíomhanna atá tais, dorcha, foscúil in aice le heasanna, i scáintí i gcarraigeacha agus faoi charraigeacha tarchrochta. Tá an speiceas leochaileach agus an-neamhghnách seo faoi chosaint in Éirinn. Tá sé ar cheann de thrí speiceas Eorpach a bhfuil duilleoga tréshoilseacha orthu agus teastaíonn timpeallacht tais, saor ó shioc uaidh.
Foinsí: Vicipéid
Planda beag thar a bheith suntasach agus ar nós féir é Lus an Phiollaire. Is raithneach uisceach é le duilleoga tanaí, ar nós snáithín a dhíríonn amach ó bheith ina gcornaí dlútha de réir mar a fhásann sé. Tá cásanna crua spóir aige ‘na piollairí’ ag bun na ngas. Sna coinníollacha cearta, déanann sé mata reatha ar phuiteach nocht ag imill na lochán agus lochanna a mbíonn cuma air ar nós faiche gheal ghlas bheag.
Tá sé dúchasach d’iarthar na hEorpa áit a bhfásann sé ar imill lochanna, lochán, draenacha agus bogach, ar chré fhliuch nó ithir chré-ghainimh, uaireanta in uisce suas le 30cm ar doimhneacht.
Foinsí: Freshwater Habitats Trust, Vicipéid
Is speiceas de phlanda bláthach as fine an mhiontais, Lamiaceae, é An Lus Beatha atá nádúrtha san Eoraip, iarthar na hÁise, agus tuaisceart na hAfraice.
Bíonn na duilleoga ar crochadh ó ghais ingearacha, cruth caol ubhchruthach orthu agus an bun i gcruth croí. Tá uigeacht cineál rocach acu agus imill fhiaclacha. Bíonn bláthanna geala deargchorcra orthu i rith an tsamhraidh agus i dtús an fhómhair.
Foinsí: Vicipéid
Is speiceas neamhchoitianta é an planda dúchasach seo ó fhine Asteraceae a fhásann i gceantair atá tirim, neamhthorthúil, oscailte, gainmheach nó gairbhéalta.
Tá sé déanta de bhraislí ina bhfuil 3-6 cinn de bhláthanna, gach braisle acu 5-8mm ar leithead. Tá duilleoga liatha caola air le spásanna móra eatarthu agus iad clúdaithe le ribí bána lomracha. Planda beag is ea an cháithluibh chaol a fhásann go dtí thart ar 5-15cm.
Is as Tuaisceart Éireann na taifid is déanaí, ach tá sé faighte in oirthear agus in oirdheisceart na hÉireann freisin.
Bíonn sé faoi bhláth idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair.
Fásann bláthanna fiáine go neamhshrianta san fhiántas agus is cuid thábhachtach iad ó thaobh an bhithéagsúlacht a chosaint. Tá os cionn 800 sampla de phlandaí faoi bhláth againn in Éirinn. Tá na bláthanna fiáine faoi bhagairt mar gheall ar chleachtais talmhaíochta, speicis choimhthíocha agus athzónáil talún chun críocha tógála. Tá thart ar 120 speiceas de bhláthanna fiáine faoi bhagairt in Éirinn.
Áirítear ar speiceas atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta: astair, cloigín gorm, an féithleann coitianta, peasair shearbh, lus na gcnapán, an buachalán buí, luachair chaol, feochadán, cluas luchóige choiteann, mínscoth, lus na seabhac, seamair choille, lus na hóige, sciollam na móna, bodán meascáin agus an drúchtín móna. Tá Lile Fhíonáin neamhchoitianta agus ina speiceas faoi chosaint le fáil sa Pháirc Náisiúnta.
Tá éagsúlacht dochreidte ag baint leis na speicis éan atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta; bíonn cuid acu anseo an bhliain go léir, ach is éin imirceacha cuid eile nach gcaitheann ach cuid den bhliain anseo. Tá níos mó ná 450 speiceas éan in Éirinn agus tá breis agus 140 díobh sin le fáil sa Pháirc Náisiúnta.
Tá 26 speiceas de mhamaigh talún ann atá nádúrtha in Éirinn agus is féidir 20 díobh seo a fháil i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Is ainmhithe iad na mamaigh talún a mhaireann ar an talamh, atá teofhuilteach agus a shaolaíonn ainmhithe beo (seachas uibheacha a bhreith). Análaíonn siad aer agus ag pointe éigin ina saol beidh fionnadh orthu.
Is iad ina hinveirteabraigh an grúpa ainmhithe is éagsúla agus is líonmhaire ar domhan. Is ainmhí fuarfhuilteach é an t-inveirteabrach nach bhfuil aon chnámh droma aige. Is féidir leis maireachtáil ar an talamh, mar a dhéanann feithidí, damháin alla, agus péisteanna nó san uisce, mar a dhéanann diúilicíní agus seilidí uisceacha.
Tá cnámh droma ag amfaibiaigh agus ag reiptílí ach murab ionann agus veirteabraigh eile, dála mamaigh agus éin, tá an chuid is mó den speiceas fuarfhuilteach. In Éirinn níl ach dhá speiceas d’amfaibiaigh againn gur speicis dhúchasacha iad agus speiceas amháin de reiptíl atá nádúrtha don tír. Tá na trí cinn le fáil sa Pháirc Náisiúnta.
Is ainmhithe veirteabracha uisceacha iad na héisc, a bhfuil geolbhaigh ach nach bhfuil géaga orthu, agus is féidir iad a fháil nach mór i ngach gnáthóg uisceach. Tá 14 speiceas éagsúil éisc in uiscí Pháirc Náisiúnta Chill Airne, agus tá ceann amháin acu an-neamhchoitianta agus gan fáil air in áit eile ar domhan.
Dath donn atá ar an Iolar Mara fásta (Haliaeetus albicilla) agus bíonn cloigeann geal agus eireaball bán suntasach air. Is é an t-éan creiche is mó in Éirinn é agus réise sciathán suas le 2.4m aige. Tá an t-éan baineann timpeall trí huaire níos mó ná an ceann fireann, agus í thart ar 6kg i gcomparáid leis an meánmheáchan thart ar 4kg a bhíonn sa cheann fireann. Tá dath donn níos dorcha ar na héin óga ná mar atá ar an gcuid fásta agus ní bhíonn an t-eireaball bán orthu go dtí go mbíonn siad 3-4 bliana d’aois. Is féidir leis na hiolair bhána maireachtáil ar feadh breis agus fiche bliain.
Tá tuilleadh fíricí agus físeáin ó thaifeadtaí beo ceamara gréasáin ar an Iolar Mara Bán ar fáil ó shuíomh Gréasáin Thearmann Dúlra Ghleann Garbh.
Is éan cónaithe é an scréachóg reilige atá neamhchoitianta agus a fhaightear den chuid is mó i lár agus i ndeisceart na hÉireann. Níl siad ag síolrú a thuilleadh i gcodanna móra de thuaisceart, iarthar agus oirthear na hÉireann. Tá siad curtha ar an liosta dearg in Éirinn mar gheall ar an laghdú suntasach atá tagtha ar na héin ghoir. Meastar go bhfuil líon na n-iolar san Eoraip faoi láthair ‘ag meath’.
Ní minic a fheictear an scréachóg reilige i rith an lae agus ní bhíonn siad amuigh ach déanach san oíche. Is féidir iad a fheiceáil go minic ag eitilt trasna an bhóthair le soilse tosaigh cairr. Bíonn cuma thaibhsiúil bhán orthu, gan aon mharcanna acu faoina sciathán. Má fhéachtar go mion orthu, bíonn patrúnú thar a bheith mionsonraithe ar a gcuid sciathán, ar a ndroim agus ar a gceann.
Foinsí: Birdwatch Ireland
Maireann an cruidín i srutháin, aibhneacha agus canálacha na hÉireann. Tá clúmh an-suntasach, a bhfuil dathanna geala air, ar an gcruidín. Tá an chuid íochtarach de cróchdhearg, cé go bhfuil a sciatháin agus cúl a chinn dúbhghorm. Is dath geal gorm atá ar an droim, an tóin agus an t-eireaball is iondúil go dtarraingíonn siad seo aird ar éan eitilte.
In ainneoin na ndathanna geala seo, is minic nach dtugtar an cruidín faoi deara agus é ina seasamh gan cor as chraobh in aice le sruthán nó abhainn ag faire amach d’iasc. Le linn an tséasúir ghoir, bíonn paiste beag dearg ar an gceann baineann in íochtar an ghoib, rud nach bhfeictear ar an éan fireann fásta.
Fead ghéar an glaoch atá ag an gcruidín ar nós “chee-kee”, arís agus arís eile. De ghnáth bíonn sé seo ar cheann de na chéad chomharthaí go bhfuil cruidín ar bhruach srutháin nó abhainn.
Foinsí: Birdwatch Ireland
Is é an fia rua (elaphus Cervus) an mamach talún is mó in Éirinn. I gCill Airne, cuireann an fia rua dúchasach ceann de bhuaicphointí na bliana ar fáil do chuairteoirí a thagann go dtí an Pháirc Náisiúnta, is é sin reithíocht na gcarrianna rua. Coinníonn na fianna rua fireanna amach óna chéile ó mhí Lúnasa ar aghaidh go dtí mí Dheireadh Fómhair tráth a dtosaíonn séasúr na reithíochta. Maireann séasúr na reithíochta ar feadh roinnt seachtainí agus cosnóidh na fianna rua fireanna a limistéar féin go tréan. Tosaíonn an reicneáil le búiríl, beidh na fianna fireanna ag siúl comhthreomhar lena chéile sula dtéann siad in adharca a chéile chun an fia rua fireann is láidre agus is ceannasaí a dhéanamh amach. Is minic go gcúlaíonn an céile comhraic sula dtosaíonn an iomaíocht mar go bhféadfadh sé go dtarlódh drochghortú d’fhia rua atá níos laige. Is iontach an radharc é, ach ní mór do chuairteoirí a bheith airdeallach agus fanacht siar.
Tá an madra uisce liostaithe a bheith ‘gar de bheith faoi bhagairt’ ar an liosta domhanda, is ainmhí é an madra uisce a bhfuil sé deacair a theacht air agus is féidir iad a fháil i réimsí éagsúla gnáthóga uisce, lena n-áirítear, srutháin, aibhneacha, lochanna atá ar ardtailte agus fiú murlaigh cósta. Is ainmhithe oíche iad na madraí uisce agus is féidir iad a fheiceáil le breacadh an lae nó le titim na hoíche. Tá corp an mhadra uisce fada le cosa gearra, scamallacha agus eireaball tiubh, matánach. Tá a gcuid fionnaidh dúdhonn agus déanta suas de dhá chóta ar leith a chuidíonn lena gcoinneáil tirim agus te. Nuair a bhíonn siad ag snámh faoi uisce, tá an madra uisce in ann a chuid polláirí agus a chuid cluas a choinneáil dúnta. Itheann siad iasc éagsúil, garmacháin, salmainidí, froganna, eascanna agus cráifisceanna.
Ní hamháin gur speiceas dúchasach atá sa ghiorria Éireannach, ach tá sé uathúil don tír seo agus tá sé anseo le thart ar 12,000 bliain. Cé go bhfuil gaol aige leis an nGiorria Sléibhe, ní thagann dath bán ar an nGiorria Sléibhe Éireannach sa gheimhreadh ach ina leaba sin iompaíonn sé ó dhath deargdhonn sa samhradh go dath liath sa gheimhreadh. Measctar suas go minic é leis an ngiorria gallda, tá an Giorria Sléibhe Éireannach beagán níos lú, le heireaball bán seachas an stríoc dhubh ar nós an ghiorria gallda. Tá na giorriacha baineanna níos mó ná na giorriacha fireanna agus is iad is ceannasaí; bíonn na giorriacha baineanna le feiceáil go minic ag ‘dornálaíocht’ leis na giorriacha fireanna le linn an tséasúir póraithe. Is féar is mó a itheann siad ach itheann siad speiceas plandaí éagsúla sa gheimhreadh.
Níl an Drúchtín Ballach le fáil ach amháin i gCiarraí, Iarthar Chorcaí, sa Spáinn agus sa Phortaingéil, d’fhéadfadh an Drúchtín Ballach maireachtáil ar feadh suas le seacht mbliana agus tá sé idir 6-9cm ar fad. Is dath dubh nó glas atá air le spotaí bána nó dath donn le spotaí ar dhath an uachtair. Tá an Drúchtín Ballach le fáil i láithreacha coillearnacha, itheann sé léicean, caonach, fungas agus aelusanna a fhásann ar bholláin ghaineamhchloiche. Tugtar Drúchtín Ballach Chiarraí air mar go bhfuarthas an chéad eiseamail riamh i gCiarraí sa bhliain 1842.
Speiceas atá i mbaol criticiúil, tá an Diúilicín Péarla Fionnuisce rí-annamh sa domhan sa lá atá inniu ann. Tá ocht gcinn de láithreacha in Éirinn ina bhfuil an Diúilicín Péarla Fionnuisce le fáil, agus tá ceann acu sin ar theorainn na Páirce Náisiúnta. Tá an Diúilicín Péarla Fionnuisce le fáil in aibhneacha seachas i lochanna agus teastaíonn uisce glan ocsaiginithe, íseal-chothaitheach uathu. Tá an Diúilicín Péarla Fionnuisce ar cheann de na hainmhithe is faide a mhaireann in Éirinn agus is féidir leis maireachtáil ar feadh 100 bliain. Fásann sé suas go dtí idir 12-15cm agus, mar ainmhí fásta, tá ar a chumas suas go 50 lítear uisce a scagadh in aghaidh an lae.
Cé gur féidir é seo a fháil i gcodanna éagsúla den tír, tá an Fritileán Réisc fós cosanta faoi Iarscríbhinn II de Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga agus Speicis mar gheall ar chailliúint gnáthóige a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar atá le tuiscint ón ainm, is maith leis an bhFritileán Réisc talamh bogaigh agus tá siad ag brath ar dhuilleoga leathana phlanda odhrach bhallach dá saol ré. Tógann sé bliain an timthriall ó larbhaí go féileacán fásta a thabhairt chun críche, ach ní mhaireann sé mar fhéileacán fásta ach dhá nó trí seachtaine.
Tá an t-aon reiptíl dúchasach dá bhfuil againn in Éirinn ildánach ó thaobh gnáthóige de agus is féidir teacht air i gcoillearnach, riasca, móintigh agus portaigh. Agus iad idir 10 agus 16 ceintiméadar ar fad, tá coirp fhada orthu, cosa gearra agus eireaball fada bioraithe. Má bhíonn an laghairt gafa ag creachadóir, is féidir leis fáil réidh lena eireaball chun cabhrú leis éalú. Fásfaidh an t-eireaball ar ais ansin. D’fhéadfadh sé maireachtáil suas le suas le cúig bliana agus maireann sé ar dhrúchtíní, seilidí, péisteanna talún agus feithidí éagsúla. Cé go mbeireann an chuid is mó de na reiptílí uibheacha, tugann an laghairt cinn óga bheo ar an saol, a thagann as uibheacha a coinníodh taobh istigh den laghairt bhaineann.
Tá an t-earc coiteann dúchasach d’Éirinn agus is féidir iad a fháil i gcoillearnacha, fálta sceach, bogaigh agus limistéir ina bhfuil talamh féaraigh tortógach den chuid is mó. Is féidir leo fás go dtí idir 7 go 11 ceintiméadar agus maireann siad ar feadh sé bliana ar an meán. Itheann siad boilb, drúchtíní, péisteanna agus feithidí atá ar an talamh agus in uisce beidh crústaigh, moilisc agus torbáin á ithe acu. Tá an t-earc coiteann ar an aon amfaibiach in Éirinn le heireaball agus is minic go measctar suas le niúit iad. Ar bhealach éasca lena n-aithint is féidir féachaint ar a gcraiceann; tá craiceann mín ar an earc coiteann agus tá craiceann gainneach ar an laghairt, mar gur reiptíl atá i gceist.
Tá an bradán áirithe seo dúchasach d’Éirinn agus tá siad le fáil i bhformhór ár gcuid aibhneacha. Is féidir leis an mbradán fás go 75 ceintiméadar agus meánn siad suas go 5.5kg. Bíonn bia éagsúil á ithe acu ag brath ar an ngnáthóg agus cé go n-itheann an bradán óg larbha feithidí uisceacha agus inveirteabraigh uisceacha eile, itheann na bradáin fhásta éisc bheaga ar nós scadáin agus saláin amuigh ar an bhfarraige. Is speiceas siombalach is ea an bradán in Éirinn agus cuireann siad buntáiste geilleagrach ar fáil ón turasóireacht slatiascaireachta agus tá sé mar chuid de mhiotaseolaíocht Fiannaíochta na hÉireann sa scéal maidir leis an mBradán Feasa.
Tá an-éagsúlacht ó thaobh gnáthóga de sa Pháirc Náisiúnta lena n-áirítear coillearnacha, lochanna, aibhneacha agus linnte, easanna, portaigh agus móintigh, talamh féarach agus carraigeacha.
Clúdaíonn coillearnach, a bhfuil iúr ar a formhór, thart ar 25 heicteár d’aolchloch sceire agus de phábháil Carbónmhar i gCoill Reenadinna ar Leithinis Mhucrois. Chomh maith le hiúr, tá col, dair, fuinseog, cuileann, fearnóg agus saileach coitianta go háitiúil san áit a bhfuil loig atá lán le hithir. Is i gCoill Reenadinna atá an choillearnach iúir is mó in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa, go deimhin. Tá na lomáin aolchloiche clúdaithe le clúdach tiubh brífíte ar díol suntais é mar gheall go bhfuil aelus (Marchesinia mackaii) an Atlantaigh Theas ann.
Áirítear sa chatagóir seo, coillearnacha atá faoi uisce sa gheimhreadh ach atá tirim sa samhradh chomh maith le coillearnacha atá faoi uisce i gcónaí. Tarlaíonn an chéad cheann sin i limistéir ísle aolchloiche Carbónmhara ar imeall locha, go mór mór feadh an taobh thoir thuaidh de Loch Léin (m.sh. sa Rinn agus ar Oileán an Rois). Tá formhór an limistéir seo faoi uisce le linn an gheimhridh, le fíor bheagán nó gan uisce bodhar ann le linn an tsamhraidh. Mar sin féin, bíonn an ithir ar an dromchla fliuch nó thar a bheith tais i gcónaí.
Tá tulóga de chaonach móna atá á ndeighilt ag linnte mar shainghné ar phortach atá i limistéir chothroma móna in ísealchríocha atá domhain agus tá roinnt gnéithe ann atá mar a chéile le fásra atá ar phortaigh ardaithe lár tíre. Is féidir cur síos a dhéanamh ar Phortaigh Luascánaigh, Thalamh an Éisc agus Portach Oileán Darach mar phortaigh atá sa chatagóir seo. De ghnáth tacaíonn bratphortaigh ag airde mhór le speicis ar nós fraoch mór, lus na feannóige, fraochán, ceannbhán agus luachair chaoráin chomh maith le caonach portaigh agus léicin shainiúla éagsúla.
Cuimsíonn na coillearnacha darach ar an Sean-Ghaineamhchloch Rua i gCill Airne an limistéir de choillearnach dhúchasach is mó atá fanta in Éirinn. Téann na coillearnacha seo ó limistéir réasúnta fhairsinge chois locha, ar nós Choill na dTóimí go coillearnacha atá níos scartha ar nós, Dúdhoire Uachtarach agus Glaisín na Marbh. I gcoillearnach atá dea-fhorbartha, is dair ghaelach formhór an cheannbhrait, de ghnáth idir 13 agus 20 méadar ar airde, le cuileann ag fás thíos fúthu. Tá beith agus caorthann le fáil go minic freisin, ach is fíor-annamh fíor fáschoill.
Ó thaobh na luibheolaíochta tá bratphortaigh cosúil le fraochmhá fliuch. D’fhéadfadh siad a bheith i dtír-raon ar bith ach is fearr a dhéanann siad ar fhánaí moiréin measartha géar nach bhfuil chomh tirim sin, áit nach bhfuil doimhneacht na móna níos mó ná méadar amháin ar doimhne. Áirítear ar ghnáthspeicis, fraoch mór, fraoch naoscaí, aiteann agus railleog le fionnán, cibcheanngheal, ceannbháin, niamhnaid, luachair chaoráin agus roinnt speicis caonach móna. Tá an fhraochmhá thirim is fearr atá forbartha sa Pháirc Náisiúnta ar shleasa na sléibhte siar ó Loch Léin, ar nós, Sliabh Shehy, na Tóimí agus an Sliabh Corcra.
Léirítear go leor de ghnéithe na coillearnaí nádúrtha i roinnt de na coillte atá i ndiméin an dá eastát nó gar dóibh, ach tá speicis andúchasacha líonmhar le fáil iontu freisin. Áirítear ar na coillte seo, Game Wood, iarsmaí de Bellview Woods, cuid d’Oileán an Rois agus an Rinn, chomh maith le Monks Wood agus páirteanna eile de Mhucros. Déanann roinnt de na crainn agus de na toir andúchasacha, lena n-áirítear, feá, crann sleamhain, an seiceamar, an róslabhras, an labhras silíní agus an labhras Portaingéileach athghiniúint go héasca, ó shíolta i roinnt cásanna agus go fásúil i gcásanna eile.
Téann cineálacha féarthailte laistigh den Pháirc Náisiúnta ó fhéarthailte neamhfheabhsaithe atá saibhir ó thaobh speicis go báinseacha atá bainistithe go dian timpeall ar limistéir ina mbíonn go leor cuairteoirí. Tacaíonn móinéir thaise le fionnán, atá le fáil ar an taobh thoir de Loch Léin, le speicis atá gann ar nós, cearbhas fáinneach agus milleanna móna. Áirítear ar speicis eile, luachair bhláthghéar, fiastalach, cíb chruithneachta, greim an diabhail, beinteach reatha, niamhnaid, sailchuach chorraigh agus an many-headed woodrush (giúnach).
Tá aibhneacha agus srutháin bheaga líonmhara ag sníomh isteach i Loch Léin, Loch Mhucrois agus sa Loch Uachtarach. Ciallaíonn nádúr na geolaíochta agus na haeráide bunúsaí go bhfuil siad seo faoi réir ag maidhm thuile. Cé go bhfuil siad aigéadach go ginearálta agus íseal ó thaobh cothaithigh, tacaíonn na huiscí seo ina bhfuil sruth, le fásra tábhachtach agus le hinveirteabraigh neamhghnácha.
Is de chineál comloch iad go leor de na lochanna ar na hardtailte, ag bun aille agus gaibhnithe ag moiréin oighreacha. Áirítear ar shamplaí de chomlochanna, Poll Ifrinn ar an Mhangarta agus Loch Crincaum ó thuaidh de Shliabh Cromaglan. Tá líon lochanna olagatrófacha ísealchríche sa Pháirc Náisiúnta. Go ginearálta tá siad seo níos mó ná na lochanna ar na hardtailte, agus tá raon leathan de speicis plandaí iontu. Áirítear an Loch Uachtarach agus Loch Mhucrois ar shamplaí.
Tá trí phríomhlimistéar taobh istigh den Bourn Vincent Memorial Park inar phlandáil an t-iarRoinn Tailte plandálacha buaircíneacha idir na blianta 1933 agus 1953. Cuireadh 538 heicteár ar shleasa Thoirc/Mhucrois ar fáil d’fhoraoiseacht sa bhliain 1933, cuireadh 371 heicteár ar fáil i nDoire Coinche/Luascánach sa bhliain 1958 agus 328 heicteár sna Tóimí sa bhliain 1958. Sprús sitceach agus péine contórtach na príomhspeiceas crainn a plandáladh. Áirítear ar speiceas eile, sprús Lochlannach, péine Monterey, péine Albanach, learóg Eorpach, giúis gheal, giúis Dhúghlais, himlic agus céadar.
Cuimsíonn Páirc Náisiúnta Chill Airne codanna de na Cruacha Dubha agus tá go leor sléibhte laistigh de na teorainneacha. Soláthraíonn na lochanna agus na foirmíochtaí carraige radhairc áille agus iad ar thoisí éagsúla.