Skip to main content

Is áit fhiáin iargúlta é Néifinn Fhiáin, le deiseanna gan teorainn chun iniúchadh a dhéanamh agus taithí a fháil ar an dúlra.

Áit don Fhoghlaim


Faigh amach faoi dheiseanna foghlama i Néifinn Fhiáin.

Tá sé mar aidhm ag Ionad Oideachais Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine feasacht a ardú ar an domhan nádúrtha agus ar na spéartha dorcha. Tá cláir saor in aisce ar fáil do scoileanna agus do ghrúpaí óige m.sh. gasóga & treoraithe.

Áit don Fhoghlaim

Seandálaíocht

Tá Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine agus an ceantar thart uirthi suite i réigiún a bhfuil saibhreas suíomhanna seandálaíochta agus stairiúla ann. Déantar iad seo a mharcáil amach agus a mhíniú go mion sa Treoir maidir le Séadchomharthaí & Miotais thíos.

Treoir maidir le Séadchomharthaí & Miotais

Clár Dúlra do Scoileanna


Leanbh ag breith ar chleite

Reáchtálann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra sraith Ionad Oideachais ar fud na tíre a bhfuil sé mar aidhm acu feasacht a ardú ar ár n-oidhreacht nádúrtha agus ar chaomhnú an dúlra. Tá gach clár saor in aisce. Cuireann gach ionad cláir shuíomhoiriúnaithe ar fáil, ach de ghnáth díríonn siad ar chláir feasachta dúlra do bhunscoileanna, agus ar obair allamuigh ar éiceolaíocht agus tíreolaíocht do mheánscoileanna. Cuirtear cuairteanna treoraithe ar fáil do mhic léinn ar chúrsaí tríú leibhéal. Tá imeachtaí speisialta agus turais don phobal ar fáil freisin.

Aidhmeanna Chlár Oideachais na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra

01 /

Meas, tuiscint agus cúram don oidhreacht a chur chun cinn agus go háirithe don domhan nádúrtha

02 /

Forbairt cleachtas atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a spreagadh

03 /

An pobal a chur ar an eolas faoin tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus faoin ról atá aici maidir le caomhnú



Duine le Seilide
Cláir

Dúshlán don Bhleachtaire Portaigh

1. Féachaint ar an taispeántas
2. Cur i láthair maidir le portaigh/tailte móna, an phríomhghnáthóg i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine le béim ar leith ar na plandaí agus na hainmhithe a fhaightear laistigh den ghnáthóg seo
3. Tóraíocht chun mionainmhithe a aimsiú ag baint úsáid as pútair
4. Ag scrúdú phlandaí fiáine an phortaigh
5. Sampláil linne chun féachaint cad iad na mionainmhithe atá ina gcónaí inár lochán


Faigh amach faoi Ionad Eolaíochta na Bunscoile

Ionad Fionnta de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann 2021-2022

Caith 2-3 uair an chloig ag tabhairt cuairt ar Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine. Le linn an chéad uair an chloig beidh turas ar fáil ar an taispeántas idirghníomhach agus tabharfar cuairt ar an seomra ranga lasmuigh. Beidh rogha de cheann amháin de na turgnaimh cheadaithe DPSM seo a leanas ann le linn an dara uair an chloig:

  • Fuinneamh Gréine
  • Insliú
  • Beathadán éan agus folcadán éan simplí

Tionscadail

Tá an fhoireann in Ionad Oideachais Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine sásta aon chúnamh a thabhairt maidir le heolas ar ghnéithe faoi chaomhnú an dúlra, faoin gcomhshaol agus faoi Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine.


Daoine ag Siúl síos Cnoc
Staidéar ar Éiceolaíocht Phortaigh do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta:

Tá an clár a chuirimid ar fáil leagtha amach chun freastal ar riachtanas na hoibre allamuigh in Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta. Déantar an staidéar laistigh de thailte an Ionaid Cuairteoirí.


Achoimre ar Ghníomhaíochtaí Obair Allamuigh

  • Úsáid eochracha simplí chun cúig phlanda ar bith (flóra) a shainaithint
  • Úsáid eochracha simplí chun cúig ainmhí (fauna) ar bith a shainaithint
  • Úsáid a bhaint as píosaí éagsúla trealaimh a theastaíonn chun ainmhithe a bhailiú in éiceachóras
  • Staidéar cáilíochtúil a dhéanamh ar ghnáthóg
  • Staidéar cainníochtúil a dhéanamh ar ghnáthóg
  • Imscrúdú a dhéanamh ar thosca éagsúla aibitheacha laistigh den ghnáthóg a bhfuil staidéar á dhéanamh air

Achoimre ar an Nós Imeachta

  • Leag síos titghaistí agus gaistí mamaigh
  • Tarraing léarscáil den ghnáthóg
  • Suirbhé ar fhásra
  • Aithint agus cur síos ar chúig speiceas plandaí
  • Suirbhé céatadán minicíochta (cáilíochtúil)
  • Suirbhé céatadáin ar chumhdach (cainníochtúil)
  • Suirbhé inveirteabrach agus veirteabrach
  • Aithint agus cur síos ar chúig speiceas ainmhithe
  • Bailiúchán titghaistí agus gaistí mamaigh
  • Sampláil linne
  • Tosca a dhéanann difear don láithreán staidéir

Achoimre don Seomra Ranga

  • Déan comparáid idir na torthaí idir an dá mhodh a úsáideadh sa suirbhé ar fhásra agus déan a n-éifeachtacht a phlé.
  • Iomaíocht agus oiriúnú plandaí agus ainmhithe
  • Caomhnú
  • Biashlabhraí/bia-eangaí agus pirimid uimhreacha

Turas allamuigh sláinte agus sábháilteacht

Tabhair leat buataisí rubair/bróga láidre agus éadaí maithe uiscedhíonacha

Ní mór do dhaltaí agus do mhúinteoirí lón a thabhairt leo; cuirimid gach trealamh foghlama ar fáil.

A mhúinteoirí, bíodh maoirsiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh do ghrúpa agus cuir i gcuimhne do na daltaí freagracht a ghlacadh as a n-iompar sa pháirc.

Eolas le teacht…

Cuirimid seirbhís ar an láthair agus for-rochtana ar fáil do gach grúpa a bhfuil suim acu ann. Tá raon de chláir speisialta againn agus is féidir linn cuairteanna a shaincheapadh chun freastal ar riachtanais. D’fhéadfadh cainteanna, siúlóidí agus gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh a bheith i gceist leis seo.

An bhfuil baint agat le grúpa turais, grúpa staidéir allamuigh, grúpa áitiúil m.sh. grúpa gníomhach scoir, coiste na mBailte Slachtmhara, Seid na bhFear/na mBan? Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh ghrúpaí áitiúla agus daoine ó níos faide ó bhaile.

Conas Áirithint a dhéanamh

 

 

FÓN:
098 49888

RÍOMHPHOST:
ballycroyvisitorcentre@npws.gov.ie

Tabhair faoi deara go líonann an dialann an-tapa. Más mian leat áit a chur in áirithe, cuir glaoch orainn chomh luath agus is féidir. Ní ghlacaimid ach le háirithintí ar an nguthán agus ar ríomhphost agus tá ár seirbhís saor in aisce.

Éilímid ar ghrúpaí ar a laghad ceannaire fásta amháin a thabhairt le haghaidh gach 10 bpáiste le huasmhéid grúpa de 30. Tá na ceannairí seo freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngrúpa.

For the NPWS Code of Behaviour for Child Protection please click the download button below.

Gnéithe praiticiúla

Is féidir le mionbhusanna agus cóistí tiomáint suas go dtí an tIonad Cuairteoirí agus páirceáil sna spásanna páirceála bus ainmnithe.

Moltar do chuairteoirí éadaí báistí iomlán agus bróga oiriúnacha a thabhairt leo chomh maith le héadaí breise.

Conas teacht ar an Ionad Cuairteoirí

Tá an tIonad Cuairteoirí suite i sráidbhaile Bhaile Chruaich ar bhóthar an N59 idir An Mhala Raithní agus Baingear

Acmhainní Teaghlaigh

Daoine le Madra ag siúl tríd an bhForaois
Is féidir leat ár Leabhar Miotais & Béaloidis, atá inár dtaispeántas, a íoslódáil ach cliceáil ar an nasc íoslódála thíos.

Leabhar Miotais & Béaloidis