Dúlra & Caomhnú
Titeann Gleann Bheatha laistigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Phortach Chlochar na nGabhar & Ghleann Bheatha (SAC), agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta Dhoire Bheatha & Shléibhte Ghleann Domhain (SPA). Tá sí faoi chosaint chomh maith ag dlí AE agus an dlí náisiúnta.
Tá an chuid is mó de na gnáthóga i nGleann Bheatha i riocht leathnádúrtha, ach bhí tionchar buan ar an éiceolaíocht mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna roimhe seo ar nós gearradh anuas na gcrann, innilt beostoc agus cruthú tréad fianna. Beidh tionchar ag líon na gcuairteoirí atá ag dul i méid ar thodhchaí an tírdhreacha seo freisin mura ndéantar é a bhainistiú go cúramach. Léigh faoinár dtionscadail chaomhantais leanúnacha sa roinn monatóireachta.
Tionscadail Reatha & Le Teacht
Tionscadal 01: Monatóireacht ar an Lóma Rua
Thuas: Gavia stellate
Tionscadal 01: Monatóireacht ar an Lóma Rua
Tá an lóma rua (Gavia stellate) ar cheann de na speicis shaintréithe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Leis an tionscadal bliantúil seo déantar monatóireacht ar an daonra agus ar an rath pórúcháin in iarthuaisceart Dhún na nGall.
Tionscadal 02: An Scéim i dtaca le Bosca Neide na Síolta Móire
Thuas: Mergus merganser
Tionscadal 02: An Scéim i dtaca le Bosca Neide na Síolta Móire
Tugann foireann na Páirce Náisiúnta faoi shuirbhéanna tiomnaithe do speiceas na mbumbóg agus na bhféileacán araon gach bliain i rith an tsamhraidh. Déantar na suirbhéanna seo ar dhá bhealach sheasta, ceann acu ar chonair Dhoire Leathan agus ceann eile trí Ghairdíní an Chaisleáin. Chun tuilleadh eolas a fháil ar na scéimeanna seo féach láithreán gréasáin an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta
Tionscadal 03: Scéimeanna Monatóireachta na mBumbóg & na bhFéileacán
Thuas: féileacán
Tionscadal 03: Scéimeanna Monatóireachta na mBumbóg & na bhFéileacán
Tugann foireann na Páirce Náisiúnta faoi shuirbhéanna tiomnaithe do speiceas na mbumbóg agus na bhféileacán araon gach bliain i rith an tsamhraidh. Déantar na suirbhéanna seo ar dhá bhealach sheasta, ceann acu ar chonair Dhoire Leathan agus ceann eile trí Ghairdíní an Chaisleáin. Chun tuilleadh eolas a fháil ar na scéimeanna seo féach láithreán gréasáin an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta
Tionscadal 04: Tionscadal an Diúilicín Phéarla
Thuas: an Diúilicín Phéarla
Tionscadal 04: Tionscadal an Diúilicín Phéarla
Clár píolótach agra-comhshaoil atá i dTionscadal an Diúilicín Phéarla chun caighdeán sruthchúrsaí uisce a fheabhsú lena mbainfeadh an diúilicín péarla fionnuisce tairbhe as.
Tá sé curtha in oiriúint go háitiúil, bunaithe ar thorthaí agus díríonn sé ar na hocht ndobharcheantar diúilicíní péarla fionnuisce is fearr in Éirinn. Glacann foireann na páirce páirt i measúnú bliantúil, a gcuirtear a dtorthaí faoi bhráid Thionscadal an Diúilicín Péarla.
Tionscadal 05: An Straitéis maidir le Coillearnach Dhúchasach Ghleann Bheatha
Thuas: Crann iúir
Tionscadal 05: An Straitéis maidir le Coillearnach Dhúchasach Ghleann Bheatha
Tá sé mar aidhm ag an straitéis fhadtéarmach seo cáilíocht agus struchtúr na coillearnaí a fheabhsú, agus coillearnacha na páirce a thabhairt ar ais go dtí a raon agus a méid nádúrtha.
Straitéis Bainistíochta Coillearnaí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Tionscadal 06: Scéim Phíolótach na Coillearnaí Dúchasaí
Thuas: Coll
Tionscadal 06: Scéim Phíolótach na Coillearnaí Dúchasaí
Sa scéim seo déantar fiosrú ar na deiseanna chun speicis choillearnacha dúchasacha a athbhunú ar chuid de na tailte níos imeallaí laistigh de mhéid stairiúil na gcoillearnach anseo. Scrúdóidh céimeanna ina dhiaidh sin an poitéinseal d’athghiniúint coillearnaí nádúrtha laistigh den limistéar staidéir seo.
Tionscadal 07: Caomhnú Ex-situ Péine Albanaigh
Thuas: péine Albanach
Tionscadal 07: Caomhnú Ex-situ Péine Albanaigh
Is éard a bheidh i gceist leis an tionscadal seo ná plandú suas le 2,000 síológ péine Albanach dúchasach (Pinus sylvestris) agus tá sé ar cheann de na céimeanna tosaigh i bhforbairt an chur chuige ‘dearcán-go-crann’ i dtaca le bainistíocht caomhnaithe coillearnaí laistigh den pháirc.
Tionscadal 08: Bainistíocht Speiceas Ionrach
Thuas: rhododendron ponticum
Tionscadal 08: Bainistíocht Speiceas Ionrach
Is saincheist leanúnach agus chostasach í bainistiú speiceas ionrach. Déantar oibreacha bliantúla chun an róslabhras ionrach agus an fraoch deilgneach (Gaultheria mucronata) a bhainistiú.
Tionscadal 09: Bainistíocht Fia
Thuas: fia rua
Tionscadal 09: Bainistíocht Fia
Gan aon chreachadóir nádúrtha, is féidir le líon méadaitheach fia rua a bheith ina chúis le brúnna suntasacha ar ghnáthóga íogaire coillearnaí agus portaigh laistigh den pháirc. Tá gá le bainistiú leanúnach ar dhaonra an fhia rua chun éiceachóras sláintiúil agus bríomhar a chothú laistigh de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.
Gnáthóga
Tacaíonn Gleann Bheatha le roinnt cineálacha tábhachtacha gnáthóige idir aibhneacha agus lochanna gan mhilleadh agus cuid de na mullaigh is airde in Éirinn. Tá plandaí agus ainmhithe a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo sna gnáthóga seo. Is é an aidhm atá againn cáilíocht na ngnáthóg seo a chaomhnú agus, más gá, a fheabhsú.
Ceantair shléibhe
Cé go bhfuil siad lom agus faoi bheagán fásra, tá réimse flóra agus fána spéisiúla sna ceantair shléibhe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Tá alpaigh Artacha, caonaigh agus aelusanna chomh maith le giorriacha, feadóga shléibhe, fiacha dubha agus fabhcúin ghorma go léir lonnaithe ar na haillte creagacha nach mbreathnódh as áit san Artach nó na hAlpa íochtaracha. Tá an tIolar Fíréan íocónach, a athbhunaíodh anseo, ina chónaí sa ghnáthóg thábhachtach seo,
Léigh a thuilleadh faoi na ceantair shléibhe sa Treoirleabhar do Ghnáthóga
Coillearnach
Tá 100 heicteár de choillearnach nádúrtha agus leathnádúrtha Ghleann Bheatha ar an mbeagán atá fágtha i gContae Dhún na nGall. Sa choillearnach tá meascán de chrainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha, lena n-áirítear dair neamhghasánach, beith chlúmhach agus péine Albanach. Tá an ceolaire coille neamhchoitianta in Éirinn ach is cuairteoir bliantúil é go Gleann Bheatha agus tagann sé i lár mhí na Bealtaine. Éiríonn ialtóg Leisler, an speiceas ialtóige is mó in Éirinn, aníos ón gcodladh geimhridh san earrach, agus tá éagsúlacht leathan ainmhithe ina gcónaí sa choillearnach; easóga agus cat crainn san áireamh. Tráth an earraigh feictear bláthanna fiáine agus speicis plandaí ar thalamh an choillearnaigh agus nochtar réimse leathan fungas le teacht an fhómhair.
Léigh a thuilleadh faoin gcoillearnach sa Treoirleabhar do Ghnáthóga.
Talamh phortaigh
Is cuid thábhachtach de stair dhúlra na hÉireann talamh phortaigh Ghleann Bheatha. San áit seo tá talamh móna tirime ina bhfuil fraoch agus fraoch cloigíneach agus na geadáin níos taise a thacaíonn leis an bhféarthalamh, lena n-áirítear feisciú, cíb cheanngheal agus fionnán, agus na fánaí níos ísle áit a bhfuil flúirse ceannbhán caolduilleach. Is iad na fianna rua an t-ainmhí is mó ar na tailte portaigh agus tá an riabhóg mhóna flúirseach sa cheantar seo. Tá flúirse feithidí sna tailte portaigh agus is cuid thábhachtach den éiceachóras iad.
Léigh a thuilleadh faoi na ceantair shléibhe sa Treoirleabhar do Ghnáthóga
Fionnuisce
Tá idir lochanna beaga agus uiscí doimhne Loch Ghleann Bheatha i nGleann Bheatha. I lochanna na páirce tá an breac rua, éisc shalmainide, eascanna chomh maith leis an ruabhreac agus an ruabhreac Artach ‘talamhiata’ i mbaol. Gnáthóg thábhachtach phórúcháin is ea abhainn Glaskeelan, a n-éiríonn a huiscí uachtair ó Loch Inseach. Is é Loch Inseach an lárionad pórúcháin in Éirinn le haghaidh an foitheach rua.
Léigh a thuilleadh faoin ngnáthóg fionnuisce sa Treoirleabhar do Ghnáthóga.
Flóra
Tá meascán de chrainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha i nGleann Bheatha. Is iad na príomhspeicis ná an dair ghaelach, an bheith chlúmhach, an chaorthann, an chuileann, an coll, an t-iúr agus an crann creathach. Radharc tábhachtach eile is ea an péine Albanach freisin, ar cuireadh sa talamh iad d’fhonn feidhmiú mar chrios foscaidh timpeall chladach an locha.
Tá na limistéir choillearnacha níos dlúithe lán de phlandaí atá in oiriúint do choinníollacha taise scáthacha. Cruthaíonn caonach agus raithneach cairpéid ghlasa mhéithe ar bholláin agus ar chrainn. Clúdaíonn glóirisí agus aelusanna na carraigeacha níos fliche agus an giúnach; tá urlár na coillearnaí lán de sheamair choille agus bundún leice.
Tá réimse alpach artach sna hardtailte, lena n-áirítear an gharbhógach alpach, caonach airgid agus an chamshaileog. Tá cuid de na limistéir is suntasaí ar domhan de bhratphortach ar fáil in Éirinn agus tá oibleagáidí idirnáisiúnta uirthi an ghnáthóg seo agus a speiceas a chosaint. Is cuid lárnach de stair agus d’oidhreacht nádúrtha na hÉireann iad na ceantair seo ina bhfuil flúirse speiceas fiadhúlra agus plandaí.
San áit seo tá talamh móna tirime ina bhfuil fraoch agus fraoch cloigíneach agus na geadáin níos taise a thacaíonn leis an bhféarthalamh, lena n-áirítear feisciú, cíb cheanngheal agus fionnán, agus na fánaí níos ísle áit a bhfuil flúirse ceannbhán caolduilleach.
Flóra Cosanta & Neamhchoitianta
Tá roinnt speicis chosanta le fáil i nGleann Bheatha lena n-áirítear raithneach Chill Airne, an magairlín bán agus gnamhlus móna.
Rinneadh taifead de go leor plandaí gann ar aillte agus clasáin, go háirithe timpeall Shliabh Sneachta agus ceantar an Chró Nimhe. Áirítear orthu an raithneach bhriosc, garbhógach shléibhe, cíb shléibhe, samhadh sléibhe agus buí na mbáb. Rinneadh taifead chomh maith den mhórán sléibhe agus sábhlus sléibhe ón gceantar seo freisin.
Speiceas raithní ar a dtugtar an raithneach bhriosc agus an raithneach leochaileacht choiteann é Cystopteris fragilis. Aimsítear é ar fud an domhain, in áiteanna atá tais agus faoi scáth de ghnáth. Tá na duilleoga suas le 30 go 40 ceintiméadar ar fad agus iompraítear iad ar pheitíní feolmhara. Tá gach duilleog roinnte in go leor péirí duillíní, agus tá gach ceann acu siúd foroinnte i gcodanna maothánacha. Tá go leor sórais chruinn ina bhfuil an spóragán ar an taobh íochtair den duilleog.
In Éirinn, aimsítear iad go príomha in iarthar agus i dtuaisceart na tíre ar chlocha bunmhara, i scáintí scáthaithe taise agus ar ballaí. Forbraíonn na spóir in Iúil-Lúnasa.
Foinsí: Wikipedia, Irish Wildflowers
Is speiceas flóra faoi chosaint é an Magairlín Bán a fhásann ar thalamh féaraigh faoin sliabh agus ar leaca. Bíonn an speiceas cosanta seo faoi bhláth ó Bhealtaine go Iúil. Is annamh a bhíonn sé le feiceáil, ach má thagann tú air, molann muid duit cromadh síos chun boladh a bhaint as mar gheall ar an gcumhracht éadrom fanaile a bhíonn air. Má tharlaíonn sé go bhfeiceann tú an bláth seo, ná déan dearmad ar ár gcód maidir leis an Dúlra a Chosaint agus bí cúramach leis agus le flóra ar bith eile atá ina thimpeall.
Foinsí: Wildflowers of Ireland
Speiceas raithní a aimsítear ar fud Iarthar na hEorpa is ea Trichomanes speciosum, nó Raithneach Chill Airne mar a thugtar air de ghnáth. Aimsítear ar chóstaí iartharacha na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann den chuid is mó, agus in áiteanna scaipthe intíre.
Raithneach mheánmhéide, fhadsaolach le scothacha leochaileacha, an-roinnte, déchleiteacha a eascraíonn as riosóm í Raithneach Chill Airne. Is maith leis an speiceas seo áiteanna meirbhe, dorcha foscúla in aice le heasanna, i scáintí agus faoi chlocha crochta. Tá an speiceas leochaileach neamhchoitianta faoi chosaint in Éirinn. Tá sé ar cheann den trí speiceas Eorpacha le duilleoga tréshoilseacha agus teastaíonn timpeallacht mheirbh, saor ó shioc uaidh.
Foinsí: Wikipedia
Speiceas de gharbhógach is ea diphasiastrum alpinum, an garbhógach shléibhe. Rinneadh cur síos air den chéad uair ag Carl Linnaeus sa leabhar Flora Lapponica, 1737, ó shamplaí a fuarthas san Fhionlainn. Tá dáileadh imthoisceach aige ar fud cuid mhaith de na codanna thuaidh den Leathsféar Thuaidh: cuid mhaith de Cheanada, na Stáit Aontaithe thiar thuaidh, tuaisceart agus lár na hEorpa, an Rúis, an tSín agus an tSeapáin.
Fásann alpinum diphasiastrum 10-20 cm ar airde ó ghais a fhásann díreach faoi dhromchla na talún. Tá na duilleoga log ag na boinn.
Foinsí: Wikipedia
Speiceas cíbe is ea Carex bigelowii ar a dtugtar na hainmneacha coitianta cíb Bigelow, cíb Gwanmo agus cíb shléibhe air de ghnáth. Tá dáileadh Artach-Alpach aige san Eoráise agus i Meiriceá Thuaidh, agus fásann sé suas go dtí 50 cm ar airde i réimse leathan gnáthóg.
Táirgeann cíb shléibhe gais a bhfuil 3 uillinn acu, a fhásann mar thom nó ceann ar cheann. Tá na duilleoga righin agus dath glas dorcha orthu, agus d’fhéadfadh na duilleoga ón séasúr roimhe sin fanacht ar an bplanda. Tá gréasán tiubh fréamhacha aige a ligeann dó móin a chruthú, agus is féidir leis na fréamhacha fás go doimhneacht 80 cm sa chré. Uaireanta síolraíonn an planda go gnéasach, ag táirgeadh síolta ar féidir leo maireachtáil ar feadh 200 bliain.
Foinsí: Wikipedia
Is speiceas plandaí é sylvatica omalotheca, ar a dtugtar cáithluibh artach coillearnaí freisin, ón bhfine Asteraceae a fhaightear in Oirthear na Stát Aontaithe agus British Columbia, ar na faichí, na bóithre, agus sna foraoisí. Tá foirm fháis fhéin-tacaíochta acu, agus is planda nádúrtha é i gCeanada, Saint-Pierre Et Miquelon, agus sna Stáit Aontaithe teorantacha. Tá duilleoga, leathana simplí acu. Is féidir leis na plandaí aonair fás go hairde 33 cm.
Foinsí: Wikipedia
Tá dáileadh E.hyberna seasmhach in Éirinn. Is planda ilbhliantúil riosóime é a fhaightear i bplásóga coille, fálta sceacha agus bruacha srutha scáthaithe. Is fearr a fhásann sé faoin grian bhallach ar feadh cuid den lá ar a laghad. Tá buí na mbáb flúirseach in iardheisceart na hÉireann, ach té sé neamhchoitianta in áiteanna eile.
Tá triopaill bláthanna de dhath geal buí air a shuíonn ar 5 ghas ghearra. Tá faireoga buí ubhchruthacha nó duánacha aige chomh maith le toradh le fadharcáin agus síolta buí. Fásann sé go dtí airde 30–60 cm in ithreacha aigéadacha i limistéir fhéarthailte, feadh taobhanna bóthair, i measc coillearnach oscailte agus cois abhann. Tagann sé i mbláth ó Aibreán-Meitheamh, agus tá an speiceas seo ilbhliantúil agus dúchasach.
Is speiceas plandaí é saxifraga oppositifolia, nó an mórán sléibhe mar a thugtar air, atá an-choitianta san Artach ard agus i roinnt limistéar ard sléibhtiúil níos faide ó dheas chomh maith, lena n-áirítear tuaisceart na Breataine, na hAlpa agus na Sléibhte Creagacha.
Is planda íseal é atá caithráilte go dlúth nó go scaoilte agus a fhásann suas le 5 cm ar airde, le brainsí adhmadacha a ritheann gar don dromchla. Tá na duilleoga beag, cruinn agus tá gainní orthu agus seasann siad i gceithre shraith os comhair a chéile le himeallacha fabhránacha. Suíonn na bláthanna ar ghais ghearra, dath corcra nó liathchorcra ar a gcuid peiteal. Tá sé ar cheann de na chéad bhláthanna a fheictear san earrach agus leanann sé de theacht i mbláth le linn an tsamhraidh in áiteanna ina leánn an sneachta níos déanaí. Fásann na bláthanna go dtí thart ar 13 mm ar trastomhas.
Foinsí: Wikipedia
Speiceas de phlanda bláthanna i bhfine lus na gcearc is ea oxyria digyna. Is planda dúchasach é i réigiúin Artacha agus áiteanna sléibhtiúla den Leathsféar Thuaidh.
Tá duilleoga digyna oxyria sainiúil go leor, os rud é go bhfuil sé ar cheann de bheagán speiceas le duilliúr duánchruthach; tá barr cruinn agus starráin chruinne faoi bhun phointe ceangail an ghais ag na duilleoga a bhfuil dath glas go cineál corcra orthu. Fásann siad den chuid is mó timpeall bhonn an phlanda, ar ghais atá i bhfad níos faide ná leithead na duilleoige, suas go dtí 14 cm. Bíonn an t-iliomad bláthanna beaga orthu, le dath dearg glas. De ghnáth táirgeann na plandaí gais bláthanna amháin agus suas le ceithre cinn. Tá na duilleoga inite. Tá an speiceas seo le fáil go coitianta i gceantair atá clúdaithe le sneachta sa gheimhreadh ach imíonn siad sách luath sa séasúr.
Foinsí: Wikipedia
Is speiceas alpach-artach é seo atá scaipthe ar fud na hÉireann i roinnt sliabhraonta, san iarthar den chuid is mó. Is i Sléibhte Chill Mhantáin agus sa Bheanna Boirche amháin atá an speiceas san oirthear. Ní fhaightear an planda ach ar cheann amháin de na Beanna Boirche (Sliabh na Muice), áit ar aimsíodh é timpeall céad bliain ó shin, ach ní fhacthas é ag teacht i mbláth go dtí 1937. Fásann sé go spárálach i scoilteáin de charraig scláta ag airde 1800 troigh.
Tá duilleoga fada ubhchruthach ag an bplanda seo agus mais dlúth de bhláthchinn chorcra ag barr a ghais, a shroicheann thart ar ocht n-orlach nó níos mó ar airde. Tagann sé i mbláth i mí Lúnasa.
Foinsí: Habitas UK
Is planda bláthanna luath-earraigh é Anemonoides nemorosa, an nead choille i bhfine cham an ime Ranunculaceae, agus is planda nádúrtha é san Eoraip. I measc na n-ainmneacha coitianta eile tá lus gaoithe, fiaile thimbile, agus boladh an tsionnaigh, ar tagairt í do bholadh muscach na nduilleog. Is planda luibheach ilbhliantúil é a fhásann 5-15 cm ar airde. Tosaíonn na plandaí ag teacht i mbláth san earrach, Márta go Bealtaine in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór go luath tar éis don duilliúr teacht as an talamh. Tá na bláthanna aonarach, agus tá siad suite os cionn an duilliúr ar ghais ghearra. Tá na bláthanna 2 cm ar trastomhas, le sé nó seacht teascán a bhfuil cuma an pheitil orthu agus ar a bhfuil go leor staimíní. San fhiántas bíonn na bláthanna bán de ghnáth ach d’fhéadfadh siad a bheith bándearg, liathchorcra nó gorm, agus is minica bhíonn dath níos dorcha acu ar chúl na dteipeal.
Foinsí: Wikipedia
Is speiceas de phlanda bláthanna san fhine cíbe, Cyperaceae, é angustifolium eriophorum, ar a dtugtar ceannbhán caolduilleach nó cíb chádáis go minic. Is planda nádúrtha é i Meiriceá Thuaidh, i dtuaisceart na hÁise, agus i dtuaisceart na hEorpa. Fásann sé ar ithreacha móna nó aigéadacha, i mbogach oscailte, fraochmhá nó móinteach. Tagann sé i mbláth i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine agus, nuair a tharlaíonn leasú san ithir go luath sa samhradh, fásann síolta guaire suntasacha, atá cosúil le cuircín cadáis, ar na bláthanna beaga donna agus glasa; mar aon lena oiriúnacht éiceolaíoch don phortach, tagann ainm malartach an phlanda ó na tréithe sin: ceannbhán caolduilleach.
Foinsí: Wikipedia
Thuas: Ródaideandrón Fiáin
Flóra Ionrach
Mar is amhlaidh le ceantair eile, caithfidh Gleann Bheatha dul i ngleic leis an róslabhras ionrach. Tugadh an planda neamhdhúchasach seo isteach go hÉirinn go luath sa 19ú haois chun críocha ornáideacha den chuid is mó.
Mura ndéantar iad a bhainistiú, tiocfaidh an róslabhras chun cinn ar fhlóra dúchasach i ngnáthóga coillearnacha agus portaigh, rud a dhéanfaidh díghrádú suntasach dá gcaighdeán. D’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ann dá bharr ar an bhfána atá ag brath ar na gnáthóga sin agus ar an éiceachóras mórthimpeall ar na ceantair sin.
Fána
Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha beo le fiadhúlra Má tharlaíonn sé go mbeidh tú inár gcoillearnach, i measc ár dtailte móna, ag siúl cuid dár gceantair ardtailte nó ag fáil blaiseadh dár lochanna agus ár n-aibhneacha, beidh rud éigin le feiceáil i gcónaí.
Léirítear éagsúlacht na ngnáthóg i nGleann Bheatha sa réimse leathan speiceas éan atá anseo. Is iad an fabhcún gorm agus an t-iolar fíréan dhá cheann de na creachadóirí is mó a thagann chuig an bpáirc go minic. Tá an ceolaire coille, an cuilire liath agus an tiuf-teaf lonnaithe sa choillearnach, agus tá an t-aon ionad pórúcháin in Éirinn de chuid an lóma rua i Loch Ghleann Bheatha. Sna tailte móna tá roinnt speiceas éan lena n-áirítear circíní starraiceacha, cearc fhraoigh agus an fheadóg bhuí.
Léigh a thuilleadh faoi éin Ghleann Bheatha sa Treoirleabhar Flóra agus Fána
Tá flúirse mamach domhanda ar fáil i nGleann Bheatha. Is é an fia rua an mamach is mó i nGleann Bheatha agus aimsítear iad den chuid is mó sna ceantair ardtalún den pháirc. Is é an séasúr cúplála, nó an séasúr reithíochta mar a thugtar air, ó lár mhí Mheán Fómhair go lár mhí na Samhna, an t-am is fearr le féachaint ar an bhfia rua. Tugtar an deis duit glaoch suntasach na bhfianna fireanna a chloisteáil ar na siúlóidí treoraithe oideachasúla, ‘Siúlóidí an tSéasúir Reithíochta’, a chuirtear ar siúl i rith an Fhómhair.
Tá an giorria sléibhe Éireannach ina chónaí i gceantair ardtalún Ghleann Bheatha, agus maireann sé le haiste bia ina bhfuil féar sléibhe agus seiscí.
Tá roinnt speiceas ialtóg ar fáil i nGleann Bheatha, lena n-áirítear an ialtóg choiteann agus shopránach, ialtóg Daubenton agus an ialtóg is mó in Éirinn, is í sin ialtóg Leisler. Reáchtálaimid ‘Oíche na n-Ialtóg le linn an tsamhraidh, agus is éard atá i gceist siúlóid treoraithe istoíche in éineacht brathadóirí ialtóg.
Tá dobharchúnna le fáil i bpríomh-ghleann Ghleann Bheatha agus feictear iad ó am go chéile in aibhneacha os cionn agus faoi bhun Loch Ghleann Bheatha.
Is creachadóirí tábhachtacha iad na broic agus na sionnaigh in éiceachóras Ghleann Bheatha agus tá easanna agus cait chrainn ina gcónaí sa pháirc freisin.
Léigh a thuilleadh faoi mhamaigh Ghleann Bheatha sa Treoirleabhar Flóra agus Fána
Ón earc luachra agus an frog coiteann go dtí an t-aon reiptíl dhúchasach in Éirinn, an laghairt choiteann, tá Gleann Bheatha beo le fiadhúlra ilchineálach. I ngnáthóga fionnuisce Ghleann Bheatha tá líon suntasach den diúilicín péarla fionnuisce, débhlaoscach scagbheathú a bhfuil sé de chumas aige maireachtáil ar feadh 140 bliain. I bhformhór lochanna na páirce tá an breac rua, éisc shalmainide, eascanna. Tá báirí beaga de bhradán agus an breac geal chomh maith le stoic ruabhreac Artach i Loch Ghleann Bheatha.
Léigh a thuilleadh faoi dhébheathaigh, reiptílí agus beathra uisce Ghleann Bheatha sa Treoirleabhar Flóra agus Fána
Noda Séasúracha
Bíonn seó mórthaibhseach de phlandaí an earraigh sna gairdíní agus sa tírdhreach timpeall orthu, mar aon le ceol agus gníomhaíochtaí na n-éan a tharlaíonn go luath ar maidin agus i rith na laethanta ina bhfuil síneadh ag teacht timpeall an ama sin. Ag brath ar cathain a thiteann an Cháisc, tá an t-am seo den bhliain i bhfad níos ciúine ach amháin sa chás go mbíonn laethanta saoire ann.
Tá foirgnimh agus seirbhisí na páirce dúnta ar aoine an Chéasta.
Reáchtáiltear imeachtaí, siúlóidí treoraithe agus gníomhaíochtaí dúlra teaghlaigh ar fud na páirce le linn na tréimhse seo chomh maith le cúrsaí. Tá beatha plandaí inár bportaigh i mbarr a maitheasa agus tá beatha na bhfeithidí an-fheiceálach le linn na tréimhse seo. Bíonn Gairdíní an Chaisleáin faoi lán-bhláth agus is cuid speisialta den chuairt iad.
Bí ag súil le roinnt scuainí le haghaidh páirceáil carranna, busanna agus rochtain ar na seomraí tae ar laethanta gnóthacha.
Cuireann ár gcoillearnach seó mórthaibhseach dathanna ar siúl agus leis na cosáin agus na conairí níos ciúine, is féidir leat taitneamh a bhaint as níos mó den tsíocháin agus den suaimhneas a fhaightear i nGleann Bheatha. Is minic a chloistear fuaim na reithíochta ó i bhfad agus tá radhairc áille de dhul faoi na gréine ar fáil don ghrianghrafadóir díograiseach.
Bí ag faire amach don aimsir athraitheach agus bí airdeallach ar stoirmeacha agus báisteach throm.
Is é seo an t-am is ciúine den bhliain atá againn agus d’fhéadfadh aimsir chrua a bheith san áireamh ann, ach is féidir leis an athrú drámatúil ar sholas an lae agus ar chórais aimsire cur le rúndiamhair Ghleann Bheatha.
Cé go bhfuil roinnt seirbhísí ar nós na seomraí tae tar éis uaireanta oscailte a laghdú, tá an pháirc ar oscailt i gcaitheamh na bliana, lena n-áirítear an tIonad do Chuairteoirí, ata ar oscailt 7 lá in aghaidh na seachtain.
Go raibh maith agat as cabhrú linn an dúlra a chosaint i nGleann Bheatha. Nuair a bhaineann tú taitneamh as caitheamh aimsire amuigh faoin spéir go ciallmhar anseo, cabhraíonn tú linn créatúir agus gnáthóga uathúla fhásach Ghleann Bheatha a chaomhnú.
Chun tuilleadh a fháil amach faoin dóigh ar féidir leat cloígh leis an gcur chuige ‘ná fág aon lorg’ agus an dúlra a chosaint fad atá taitneamh á bhaint agat as an bPáirc, íoslódáil an treoir atá againn thíos.
Treoir maidir le Dúlra a ChosaintTreoir maidir le Dúlra a Chosaint – Gaeilge