Skip to main content

“Lá Lúnasa ag faobhar an Fhómhair ritheann abhainn tríd an bhforais.”

Dúlra & Caomhnú


 

Tá Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus a gnáthóga faoi chosaint an dlí. Chomh maith leis na dlíthe seo, tá treoirlínte áirithe ann nach mór a leanúint chun a chinntiú go mbainfidh gach cuairteoir taitneamh as a gcuairt.

 

Páirc Náisiúnta Shléibhte Cill Mhantáin
Síneann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin trasna 23,000 heicteár ó dheas de Bhaile Átha Cliath. Is í seo an pháirc is mó de Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann agus an t-aon cheann san oirthear. Tá radhairc mhóra oscailte i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, chomh maith le bóithre casta sléibhe agus srutháin thapa a théann síos go dtí lochanna doimhne na ngleannta faoi chrainn, lena n-áirítear lonnaíocht mhainistreach Chaoimhín i nGleann Dá Loch.

Faigh amach cén chaoi gur féidir leatsa cabhrú linn bithéagsúlacht agus tírdhreach na páirce a chaomhnú, nó do chuairt a phleanáil chun tabhairt faoi na sléibhte ar shiúlóid nó ar thiomáint álainn. Tá fíorbhlas d’fhiántas ársa na hÉireann ag fanacht leat sa pháirc.

Cosain an Dúlra

Go raibh maith agat as cabhrú linn an dúlra a chosaint i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Nuair a bhaineann tú sásamh go freagrach as am faoin aer anseo, tá tú ag cabhrú linn na hainmhithe agus na gnáthóga speisialta atá i Sléibhte Chill Mhantáin a chaomhnú.

Leideanna Úsáideacha

Pleanáil Chun Cinn

Smaoinigh ar an am is fearr le cuairt a thabhairt agus ar an gcaoi a mbeidh tú ag taisteal anseo, chun do thionchar ar an timpeallacht a íoslaghdú. Seiceáil an aimsir agus bí cinnte go bhfuil gach rud a theastaíonn uait agat.

Bí Tuisceanach

Bí ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag do ghníomhaíochtaí agus d’iompar ar chuairt daoine eile agus iad siúd atá ag obair anseo. Cuimhnigh ar aon torann a dhéanann tú agus ar an gcaoi a gcaitheann tú le daoine eile ar an mbealach.


Meas ar an bhFiadhúlra

Tá fáilte mhór roimh mhadraí ach ní mór dóibh fanacht ar éill. Más féidir leat é, seachain amanna leochaileacha do neadú agus pórú fiadhúlra.

Taistil agus Campáil ar Thalamh Crua

Tugann na cosáin mharcáilte deis duit na codanna is fearr de Shléibhte Chill Mhantáin ar fad a fheiceáil. Níor chóir ach d’fhánaithe a bhfuil taithí acu imeacht de na cosáin agus amach ar na cnoic. Ní cheadaítear ach Campáil san Fhiántas: féach ar na treoirlínte anseo.


Fág an Rud a Fhaigheann tú i do Dhiaidh

Tóg grianghraif den tírdhreach agus de na plandaí, ach ná leag oiread agus méar ar an rud is lú dá bhfuil ann, ionas gur féidir le daoine eile taitneamh a bhaint as Sléibhte Chill Mhantáin díreach mar a rinne tusa.

Faigh Réidh i gCeart le Bruscar

Is bagairt ollmhór é bruscar don dúlra. Nuair a thugann tú do bhruscar abhaile leat, tá tú ag cosaint na páirce agus a fiadhúlra, agus ag coinneáil Sléibhte Chill Mhantáin folláin.


Laghdaigh Baol Dóiteáin a Oiread agus is Féidir

ní féidir linn tine de chineál ar bith a cheadú sna páirceanna náisiúnta. Déanann tinte dochar buan agus scriosann siad plandaí agus ainmhithe. Labhair lenár maoir nó lenár bhfoireann Oideachais má theastaíonn comhairle uait, agus seiceáil ár dtreoirleabhar maidir le Campáil san Fhiántas chun sonraí a fháil.

Siúl agus Fánaíocht

Tá fáilte roimh shiúlóirí. Caith bróga oiriúnacha le do thoil (moltar buataisí fánaíochta). Teastaíonn cead le haghaidh imeachtaí ina bhfuil níos mó ná 50 duine.



Speicis faoi Chosaint

Tá speicis agus gnáthóga na hÉireann faoi chosaint faoi réimse reachtaíochta náisiúnta agus AE. Is é an tAcht um Fhiadhúlra, 1976, an phríomhreachtaíocht náisiúnta a dhéanann foráil do chosaint an fhiadhúlra agus do rialú roinnt gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don fhiadhúlra.

Níl an liosta Speiceas faoi Chosaint eisiach. D’fhéadfadh speicis neamhchoitianta agus chosanta eile a bheith sa pháirc.

Flóra


Anseo i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, tá speicis éagsúla againn, idir fhraoch agus aiteann atá le feiceáil go coitianta ar thaobhanna na sléibhte agus speicis bogaigh amhail drúichtíní.

Gnáthóga

Tacaíonn Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin le roinnt cineálacha tábhachtacha gnáthóg, ó bhratphortach agus coillte darach go comlochanna agus seanoibríochtaí mianach luaidhe. Is móintigh thirime agus fhliucha, bratphortach agus talamh féaraigh sléibhe na gnáthóga is coitianta ar fud an chuid is mó den Pháirc Náisiúnta. Tá an ithir aigéadach, móinteach. I measc na ngnáthphlandaí tá fraoch, fraochán agus féara sna ceantair níos tirime, le sfagnam agus drúichtíní feithiditeacha i gceantair bhogaigh na Páirce Náisiúnta.


Coillte


Tá ceantair bheaga de choillte darach ar fhánaí Ghleann Dá Loch agus Ghleann Molúra, in aice le Loch Té agus Loch Deán, le dair dhúchasach ghaelach (quercus petraea), agus tá go leor acu 100-120 bliain d’aois.
In áiteanna níos fliche, bíonn coillte fliucha, leathanduilleach, leathnádúrtha ina mbíonn an bheith chlúmhach (betula pubescens) den chuid is mó. Tá coillte measctha ann freisin, le speicis de chrainn neamhdhúchasacha.

Lochanna agus Srutháin


Tá lochanna sléibhe agus comlochanna scaipthe ar fud an tsuímh, agus is minic a bhíonn siad le taobh aillte scileacha. Is gnách go mbíonn na lochanna domhain agus gann ar chothaithigh, ach bíonn roinnt plandaí suimiúla iontu, lena n-áirítear lus an chleite (Isoetes lacustris) agus rísheisc chaol (sparganium angustifolium). Tá srutháin chreagacha sléibhe coitianta ar fud na gcnoc.


Portach Bharr na Life

Portach Bharr na Life

Clúdaíonn Portach Bharr na Life ceantar mór idir shléibhte Dhioghsa, Thóin Dubh and Chipiúr. Tá sé ar cheann de na samplaí is fearr de bhratphortach sléibhe atá ag fás go gníomhach in Éirinn, agus is Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) ainmnithe é.

Tosaíonn roinnt aibhneacha a dturas anseo, lena n-áirítear an Life, an Deargail agus an Dothra, rud a fhágann go bhfuil an portach seo ríthábhachtach do sholáthar uisce Bhaile Átha Cliath. Ar an gcéad amharc cheapfá nach bhfuil rud ar bith le feiceáil i bPortach Bharr na Life agus nach bhfuil aon rud beo ann. Ach má bhreathnaíonn tú i gceart, feicfidh tú maitrís de thulóga tirime agus de bhorrfháis fhliucha, gach ceann acu lena fhlóra agus lena fhána féin. Tá plandaí beaga cosúil le drúichtíní feithiditeacha coitianta.

Fána


Anseo i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, tá speicis speisialta againn, amhail an fabhcún gorm, an meirliún, an síolta mhór, an caislín aitinn, an chearc fhraoigh agus an cat crainn.


Tá cónaí ar mhórán speiceas éin i Sléibhte Chill Mhantáin, cé gur féidir leis a bheith deacair iad a fheiceáil i stráice fairsing phortach an tsléibhe nó i nduilliúr dlúth na coillearnaí. I measc na speiceas atá faoi spéis ar leith, tá an meirliún, an tsíolta mhór, an caislín aitinn agus an chearc fhraoigh.

Éan suntasach amháin atá le feiceáil ná an fabhcún gorm, atá ina shiombail den Pháirc Náisiúnta.

I measc na n-éan eile ar cheart faire amach dóibh tá an mórchnagaire breac, cuairteoirí samhraidh neamhchoitianta amhail an ceolaire caille agus an t-earrdheargán, mar aon leis an naoscach, an circín starraiceach agus an caislín cloch.


Tá mamaigh eile sa pháirc amhail coiníní, giorriacha, madraí rua, gabhair, broic, cait chrainn, easóga, agus dobharchúnna. Tá naoi speiceas ialtóga ar a laghad ina gcónaí sa pháirc freisin, a fheictear i rith na hoíche.

Is é an fia an mamach is mó sa Pháirc. Tá daonra mór hibridí an fhia Seapánaigh-Rua ina gcónaí sna cnoic. Tugadh an fia Seapánach isteach ón Áis, agus tá siad tar éis hibridiú a dhéanamh gan srian leis na fianna Rua dúchasacha.


De bharr shuíomh agus aeráid na hÉireann, tá líon teoranta de speicis reiptíle agus amfaibiacha sa tír. Níl ach aon speiceas froig amháin (an Frog Coiteann), aon speiceas niúit amháin (an t-Earc Coiteann) agus aon speiceas reiptíle amháin (an t-Earc Luachra) ina gcónaí sa Pháirc Náisiúnta.

Safari Féileacán

Tá 35 speiceas féileacán in Éirinn. Is féidir go leor díobh seo a fheiceáil i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, rud a chiallaíonn gur áit den scoth í le haghaidh safari féileacán.

Is féidir leat tús a chur le do safari i nGleann Dá Loch. Is áiteanna iontacha iad na faichí agus imill na gcoillte gar don Loch Uachtair, an Gairdín Fiadhúlra agus Céadfach ar chúl Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta, agus Sráidbhaile na Mianadóirí, chun breathnú orthu. Seo cuid de na speicis níos uathúla a d’fhéadfá a fheiceáil.

breacfhéileacán coille

Roinnt Speiceas Coitianta Féileacán

I measc speiceas eile is féidir a fheiceáil sa Pháirc Náisiúnta tá an breacfhéileacán coille, an donnóg féir, an fháinneog, an bhánóg uaine, an barr buí, an bhánóg bheag agus an bhánóg mhór, an gormán cuilinn, an phéacóg, an ruán beag, an aimiréal dearg agus an t-áilleán. Tá radharc faighte le déanaí freisin ar an gcamóg, speiceas réasúnta nua in Éirinn.

Geolaíocht


Tá Sléibhte Chill Mhantáin os cionn 600m agus is é an ceantar sléibhe is mó é in Éirinn. Is é Log na Coille, atá 925m ar airde, an sliabh is airde de na 27 sliabh. Ar an dara ceann is airde tá Mullach Cliabháin (849m) agus ina dhiaidh sin tá Tóin le Gaoth (815m).

Croí eibhir atá sna tailte sléibhe, le beanna creagacha géara ar a dtugtar siostaí, a tháinig chun cinn 500 milliún bliain ó shin i bpróiseas ar a dtugtar teicteonaic plátaí. Cruthaíodh gleannta tipiciúla u-chruthacha Ghleann Dá Loch agus Ghleann Molúra, agus comlochanna arda, móiréin, carraigeacha corr agus gleannta crochta na páirce, mar thoradh ar ghluaiseacht oighearshruthanna le linn na hOighearaoise.