Skip to main content

Mise an spéir, an t-aer is an tEarrach, mise an t-iasc is an t-uisce, mise an chré faoi mo chosa.

Michael Hartnett

Dúlra & Caomhnú


 

Titeann Gleann Bheatha laistigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Phortach Chlochar na nGabhar & Ghleann Bheatha (SAC), agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta Dhoire Bheatha & Shléibhte Ghleann Domhain (SPA). Tá sí faoi chosaint chomh maith ag dlí AE agus an dlí náisiúnta.

 

aibhneacha agus lochanna fionnuisce
Síneann an pháirc thar 16,00 heicteár agus tá réimse cineálacha gnáthóg ann, lena n-áirítear ceantar sléibhe, coillearnach, talamh phortaigh agus aibhneacha agus lochanna fionnuisce. Is i gceantar iarthuaisceart na hÉireann amháin atá go leor den fhlóra agus den fhána a aimsítear sa pháirc, agus tá cosúlachtaí le feiceáil le fiadhúlra iarthar na hAlban.

Tá an chuid is mó de na gnáthóga i nGleann Bheatha i riocht leathnádúrtha, ach bhí tionchar buan ar an éiceolaíocht mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna roimhe seo ar nós gearradh anuas na gcrann, innilt beostoc agus cruthú tréad fianna. Beidh tionchar ag líon na gcuairteoirí atá ag dul i méid ar thodhchaí an tírdhreacha seo freisin mura ndéantar é a bhainistiú go cúramach. Léigh faoinár dtionscadail chaomhantais leanúnacha sa roinn monatóireachta.

Leideanna Úsáideacha

Déan Réamhphleanáil

Smaoinigh ar an am is fearr le cuairt a thabhairt agus ar cén modh taistil a ghlacfaidh tú, ar mhaithe le do thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Seiceáil an aimsir agus déan cinnte de go bhfuil gach rud atá ag teastáil uait agat.

Bí Tuisceanach

Bíodh a fhios agat faoin tionchar a d’fhéadfadh do ghníomhaíochtaí agus d’iompar imirt ar an ar eispéireas daoine eile agus ar na daoine atá ag obair anseo. Tabhair aird ar aon torann a dhéanfaidh tú agus conas a dhéanann tú idirghníomhú le daoine eile ar an mbealach.

Bíodh meas agat ar an bhFiadhúlra

Tá fáilte mhór roimh mhadraí ach ní mór iad a choinneáil ar iall. Más féidir leat, seachain na hamanna leochaileacha ina mbíonn neadú agus pórú san fhiadhúlra.

Taisteal agus Campáil ar Thalamh Mharthanach

Leis an cosáin mharcáilte tugtar an deis duit na háiteanna is fearr i bhfásach Ghleann Bheatha a fheiceáil. Níor chóir ach do shiúlóirí a bhfuil an-taithí acu gabháil suas na cnoic. Campáil san fhásach amháin atá ceadaithe: caith súil ar na treoirlínte anseo.


Ná tóg aon ní a aimsíonn tú

Glac grianghraif den tírdhreach agus de na plandaí, ach ná leag lámh fiú ar na nithe is lú, ionas go bhféadfadh daoine eile taitneamh a bhaint as fásach Ghleann Bheatha mar a rinne tusa.

Déan Bruscar a Dhiúscairt i gCeart

Bagairt mhór is ea bruscar don dúlra. Cabhróidh tú leis an bpáirc agus a fiadhúlra a chosaint agus Gleann Bheatha a choimeád sláintiúil nuair a thugann tú leat do chuid bruscar.

Laghdaigh an éifeacht ó thine

Ní thig linn tine de chineál ar bith a cheadú inár bpáirceanna náisiúnta. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar buan ag tinte agus go scriosfadh siad plandaí agus ainmhithe. Labhair lenár Maoir nó lenár bhfoireann Oideachais má theastaíonn comhairle uait, agus seiceáil ár dtreoir Campála san Fhásach le haghaidh sonraí.


Tionscadail Reatha & Le Teacht

Tionscadal 01: Monatóireacht ar an Lóma Rua

Thuas: Gavia stellate

Tionscadal 01: Monatóireacht ar an Lóma Rua

Tá an lóma rua (Gavia stellate) ar cheann de na speicis shaintréithe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.  Leis an tionscadal bliantúil seo déantar monatóireacht ar an daonra agus ar an rath pórúcháin in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Tionscadal 02: An Scéim i dtaca le Bosca Neide na Síolta Móire

Thuas: Mergus merganser

Tionscadal 02: An Scéim i dtaca le Bosca Neide na Síolta Móire

Tugann foireann na Páirce Náisiúnta faoi shuirbhéanna tiomnaithe do speiceas na mbumbóg agus na bhféileacán araon gach bliain i rith an tsamhraidh. Déantar na suirbhéanna seo ar dhá bhealach sheasta, ceann acu ar chonair Dhoire Leathan agus ceann eile trí Ghairdíní an Chaisleáin. Chun tuilleadh eolas a fháil ar na scéimeanna seo féach láithreán gréasáin an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

Tionscadal 03: Scéimeanna Monatóireachta na mBumbóg & na bhFéileacán

Thuas: féileacán

Tionscadal 03: Scéimeanna Monatóireachta na mBumbóg & na bhFéileacán

Tugann foireann na Páirce Náisiúnta faoi shuirbhéanna tiomnaithe do speiceas na mbumbóg agus na bhféileacán araon gach bliain i rith an tsamhraidh. Déantar na suirbhéanna seo ar dhá bhealach sheasta, ceann acu ar chonair Dhoire Leathan agus ceann eile trí Ghairdíní an Chaisleáin. Chun tuilleadh eolas a fháil ar na scéimeanna seo féach láithreán gréasáin an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

Tionscadal 04: Tionscadal an Diúilicín Phéarla

Thuas: an Diúilicín Phéarla

Tionscadal 04: Tionscadal an Diúilicín Phéarla

Clár píolótach agra-comhshaoil atá i dTionscadal an Diúilicín Phéarla chun caighdeán sruthchúrsaí uisce a fheabhsú lena mbainfeadh an diúilicín péarla fionnuisce tairbhe as.

Tá sé curtha in oiriúint go háitiúil, bunaithe ar thorthaí agus díríonn sé ar na hocht ndobharcheantar diúilicíní péarla fionnuisce is fearr in Éirinn. Glacann foireann na páirce páirt i measúnú bliantúil, a gcuirtear a dtorthaí faoi bhráid Thionscadal an Diúilicín Péarla.

Tionscadal 05: An Straitéis maidir le Coillearnach Dhúchasach Ghleann Bheatha

Thuas: Crann iúir

Tionscadal 05: An Straitéis maidir le Coillearnach Dhúchasach Ghleann Bheatha

Tá sé mar aidhm ag an straitéis fhadtéarmach seo cáilíocht agus struchtúr na coillearnaí a fheabhsú, agus coillearnacha na páirce a thabhairt ar ais go dtí a raon agus a méid nádúrtha.

Tionscadal 06: Scéim Phíolótach na Coillearnaí Dúchasaí

Thuas: Coll

Tionscadal 06: Scéim Phíolótach na Coillearnaí Dúchasaí

Sa scéim seo déantar fiosrú ar na deiseanna chun speicis choillearnacha dúchasacha a athbhunú ar chuid de na tailte níos imeallaí laistigh de mhéid stairiúil na gcoillearnach anseo. Scrúdóidh céimeanna ina dhiaidh sin an poitéinseal d’athghiniúint coillearnaí nádúrtha laistigh den limistéar staidéir seo.

Tionscadal 07: Caomhnú Ex-situ Péine Albanaigh

Thuas: péine Albanach

Tionscadal 07: Caomhnú Ex-situ Péine Albanaigh

Is éard a bheidh i gceist leis an tionscadal seo ná plandú suas le 2,000 síológ péine Albanach dúchasach (Pinus sylvestris) agus tá sé ar cheann de na céimeanna tosaigh i bhforbairt an chur chuige ‘dearcán-go-crann’ i dtaca le bainistíocht caomhnaithe coillearnaí laistigh den pháirc.

Tionscadal 08: Bainistíocht Speiceas Ionrach

Thuas: rhododendron ponticum

Tionscadal 08: Bainistíocht Speiceas Ionrach

Is saincheist leanúnach agus chostasach í bainistiú speiceas ionrach. Déantar oibreacha bliantúla chun an róslabhras ionrach agus an fraoch deilgneach (Gaultheria mucronata) a bhainistiú.

Tionscadal 09: Bainistíocht Fia

Thuas: fia rua

Tionscadal 09: Bainistíocht Fia

Gan aon chreachadóir nádúrtha, is féidir le líon méadaitheach fia rua a bheith ina chúis le brúnna suntasacha ar ghnáthóga íogaire coillearnaí agus portaigh laistigh den pháirc. Tá gá le bainistiú leanúnach ar dhaonra an fhia rua chun éiceachóras sláintiúil agus bríomhar a chothú laistigh de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

Gnáthóga

Tacaíonn Gleann Bheatha le roinnt cineálacha tábhachtacha gnáthóige idir aibhneacha agus lochanna gan mhilleadh agus cuid de na mullaigh is airde in Éirinn. Tá plandaí agus ainmhithe a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo sna gnáthóga seo. Is é an aidhm atá againn cáilíocht na ngnáthóg seo a chaomhnú agus, más gá, a fheabhsú.

Treoirleabhar do Ghnáthóga


Ceantair shléibhe


Cé go bhfuil siad lom agus faoi bheagán fásra, tá réimse flóra agus fána spéisiúla sna ceantair shléibhe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Tá alpaigh Artacha, caonaigh agus aelusanna chomh maith le giorriacha, feadóga shléibhe, fiacha dubha agus fabhcúin ghorma go léir lonnaithe ar na haillte creagacha nach mbreathnódh as áit san Artach nó na hAlpa íochtaracha. Tá an tIolar Fíréan íocónach, a athbhunaíodh anseo, ina chónaí sa ghnáthóg thábhachtach seo,

Léigh a thuilleadh faoi na ceantair shléibhe sa Treoirleabhar do Ghnáthóga

Coillearnach


Tá 100 heicteár de choillearnach nádúrtha agus leathnádúrtha Ghleann Bheatha ar an mbeagán atá fágtha i gContae Dhún na nGall. Sa choillearnach tá meascán de chrainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha, lena n-áirítear dair neamhghasánach, beith chlúmhach agus péine Albanach. Tá an ceolaire coille neamhchoitianta in Éirinn ach is cuairteoir bliantúil é go Gleann Bheatha agus tagann sé i lár mhí na Bealtaine. Éiríonn ialtóg Leisler, an speiceas ialtóige is mó in Éirinn, aníos ón gcodladh geimhridh san earrach, agus tá éagsúlacht leathan ainmhithe ina gcónaí sa choillearnach; easóga agus cat crainn san áireamh. Tráth an earraigh feictear bláthanna fiáine agus speicis plandaí ar thalamh an choillearnaigh agus nochtar réimse leathan fungas le teacht an fhómhair.

Léigh a thuilleadh faoin gcoillearnach sa Treoirleabhar do Ghnáthóga.

Talamh phortaigh


Is cuid thábhachtach de stair dhúlra na hÉireann talamh phortaigh Ghleann Bheatha. San áit seo tá talamh móna tirime ina bhfuil fraoch agus fraoch cloigíneach agus na geadáin níos taise a thacaíonn leis an bhféarthalamh, lena n-áirítear feisciú, cíb cheanngheal agus fionnán, agus na fánaí níos ísle áit a bhfuil flúirse ceannbhán caolduilleach. Is iad na fianna rua an t-ainmhí is mó ar na tailte portaigh agus tá an riabhóg mhóna flúirseach sa cheantar seo. Tá flúirse feithidí sna tailte portaigh agus is cuid thábhachtach den éiceachóras iad.

Léigh a thuilleadh faoi na ceantair shléibhe sa Treoirleabhar do Ghnáthóga

Fionnuisce


Tá idir lochanna beaga agus uiscí doimhne Loch Ghleann Bheatha i nGleann Bheatha. I lochanna na páirce tá an breac rua, éisc shalmainide, eascanna chomh maith leis an ruabhreac agus an ruabhreac Artach ‘talamhiata’ i mbaol. Gnáthóg thábhachtach phórúcháin is ea abhainn Glaskeelan, a n-éiríonn a huiscí uachtair ó Loch Inseach. Is é Loch Inseach an lárionad pórúcháin in Éirinn le haghaidh an foitheach rua.

Léigh a thuilleadh faoin ngnáthóg fionnuisce sa Treoirleabhar do Ghnáthóga.


Flóra


Tá meascán de chrainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha i nGleann Bheatha. Is iad na príomhspeicis ná an dair ghaelach, an bheith chlúmhach, an chaorthann, an chuileann, an coll, an t-iúr agus an crann creathach. Radharc tábhachtach eile is ea an péine Albanach freisin, ar cuireadh sa talamh iad d’fhonn feidhmiú mar chrios foscaidh timpeall chladach an locha.

Tá na limistéir choillearnacha níos dlúithe lán de phlandaí atá in oiriúint do choinníollacha taise scáthacha. Cruthaíonn caonach agus raithneach cairpéid ghlasa mhéithe ar bholláin agus ar chrainn. Clúdaíonn glóirisí agus aelusanna na carraigeacha níos fliche agus an giúnach; tá urlár na coillearnaí lán de sheamair choille agus bundún leice.

Tá réimse alpach artach sna hardtailte, lena n-áirítear an gharbhógach alpach, caonach airgid agus an chamshaileog. Tá cuid de na limistéir is suntasaí ar domhan de bhratphortach ar fáil in Éirinn agus tá oibleagáidí idirnáisiúnta uirthi an ghnáthóg seo agus a speiceas a chosaint. Is cuid lárnach de stair agus d’oidhreacht nádúrtha na hÉireann iad na ceantair seo ina bhfuil flúirse speiceas fiadhúlra agus plandaí.

San áit seo tá talamh móna tirime ina bhfuil fraoch agus fraoch cloigíneach agus na geadáin níos taise a thacaíonn leis an bhféarthalamh, lena n-áirítear feisciú, cíb cheanngheal agus fionnán, agus na fánaí níos ísle áit a bhfuil flúirse ceannbhán caolduilleach.

Flóra Cosanta & Neamhchoitianta

Tá roinnt speicis chosanta le fáil i nGleann Bheatha lena n-áirítear raithneach Chill Airne, an magairlín bán agus gnamhlus móna.

Rinneadh taifead de go leor plandaí gann ar aillte agus clasáin, go háirithe timpeall Shliabh Sneachta agus ceantar an Chró Nimhe. Áirítear orthu an raithneach bhriosc, garbhógach shléibhe, cíb shléibhe, samhadh sléibhe agus buí na mbáb. Rinneadh taifead chomh maith den mhórán sléibhe agus sábhlus sléibhe ón gceantar seo freisin.

Ródaideandrón Fiáin

Thuas: Ródaideandrón Fiáin

Flóra Ionrach

Mar is amhlaidh le ceantair eile, caithfidh Gleann Bheatha dul i ngleic leis an róslabhras ionrach. Tugadh an planda neamhdhúchasach seo isteach go hÉirinn go luath sa 19ú haois chun críocha ornáideacha den chuid is mó.

Mura ndéantar iad a bhainistiú, tiocfaidh an róslabhras chun cinn ar fhlóra dúchasach i ngnáthóga coillearnacha agus portaigh, rud a dhéanfaidh díghrádú suntasach dá gcaighdeán. D’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ann dá bharr ar an bhfána atá ag brath ar na gnáthóga sin agus ar an éiceachóras mórthimpeall ar na ceantair sin.

Fána


Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha beo le fiadhúlra Má tharlaíonn sé go mbeidh tú inár gcoillearnach, i measc ár dtailte móna, ag siúl cuid dár gceantair ardtailte nó ag fáil blaiseadh dár lochanna agus ár n-aibhneacha, beidh rud éigin le feiceáil i gcónaí.

Treoirleabhar Flóra agus Fána


Léirítear éagsúlacht na ngnáthóg i nGleann Bheatha sa réimse leathan speiceas éan atá anseo. Is iad an fabhcún gorm agus an t-iolar fíréan dhá cheann de na creachadóirí is mó a thagann chuig an bpáirc go minic. Tá an ceolaire coille, an cuilire liath agus an tiuf-teaf lonnaithe sa choillearnach, agus tá an t-aon ionad pórúcháin in Éirinn de chuid an lóma rua i Loch Ghleann Bheatha. Sna tailte móna tá roinnt speiceas éan lena n-áirítear circíní starraiceacha, cearc fhraoigh agus an fheadóg bhuí.

Léigh a thuilleadh faoi éin Ghleann Bheatha sa Treoirleabhar Flóra agus Fána


Tá flúirse mamach domhanda ar fáil i nGleann Bheatha. Is é an fia rua an mamach is mó i nGleann Bheatha agus aimsítear iad den chuid is mó sna ceantair ardtalún den pháirc. Is é an séasúr cúplála, nó an séasúr reithíochta mar a thugtar air, ó lár mhí Mheán Fómhair go lár mhí na Samhna, an t-am is fearr le féachaint ar an bhfia rua. Tugtar an deis duit glaoch suntasach na bhfianna fireanna a chloisteáil ar na siúlóidí treoraithe oideachasúla, ‘Siúlóidí an tSéasúir Reithíochta’, a chuirtear ar siúl i rith an Fhómhair.

Tá an giorria sléibhe Éireannach ina chónaí i gceantair ardtalún Ghleann Bheatha, agus maireann sé le haiste bia ina bhfuil féar sléibhe agus seiscí.

Tá roinnt speiceas ialtóg ar fáil i nGleann Bheatha, lena n-áirítear an ialtóg choiteann agus shopránach, ialtóg Daubenton agus an ialtóg is mó in Éirinn, is í sin ialtóg Leisler.  Reáchtálaimid ‘Oíche na n-Ialtóg le linn an tsamhraidh, agus is éard atá i gceist siúlóid treoraithe istoíche in éineacht brathadóirí ialtóg.

Tá dobharchúnna le fáil i bpríomh-ghleann Ghleann Bheatha agus feictear iad ó am go chéile in aibhneacha os cionn agus faoi bhun Loch Ghleann Bheatha.

Is creachadóirí tábhachtacha iad na broic agus na sionnaigh in éiceachóras Ghleann Bheatha agus tá easanna agus cait chrainn ina gcónaí sa pháirc freisin.

Léigh a thuilleadh faoi mhamaigh Ghleann Bheatha sa Treoirleabhar Flóra agus Fána


Ón earc luachra agus an frog coiteann go dtí an t-aon reiptíl dhúchasach in Éirinn, an laghairt choiteann, tá Gleann Bheatha beo le fiadhúlra ilchineálach. I ngnáthóga fionnuisce Ghleann Bheatha tá líon suntasach den diúilicín péarla fionnuisce, débhlaoscach scagbheathú a bhfuil sé de chumas aige maireachtáil ar feadh 140 bliain. I bhformhór lochanna na páirce tá an breac rua, éisc shalmainide, eascanna. Tá báirí beaga de bhradán agus an breac geal chomh maith le stoic ruabhreac Artach i Loch Ghleann Bheatha.

Léigh a thuilleadh faoi dhébheathaigh, reiptílí agus beathra uisce Ghleann Bheatha sa Treoirleabhar Flóra agus Fána

Cosain an Dúlra

Go raibh maith agat as cabhrú linn an dúlra a chosaint i nGleann Bheatha. Nuair a bhaineann tú taitneamh as caitheamh aimsire amuigh faoin spéir go ciallmhar anseo, cabhraíonn tú linn créatúir agus gnáthóga uathúla fhásach Ghleann Bheatha a chaomhnú.

 

Chun tuilleadh a fháil amach faoin dóigh ar féidir leat cloígh leis an gcur chuige ‘ná fág aon lorg’ agus an dúlra a chosaint fad atá taitneamh á bhaint agat as an bPáirc, íoslódáil an treoir atá againn thíos.

Treoir maidir le Dúlra a ChosaintTreoir maidir le Dúlra a Chosaint – Gaeilge