Skip to main content

“In every walk with nature, one receives far more than he seeks.”

John Muir

Áit le Foghlaim


Tapaigh réimse deiseanna foghlama i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Cibé an bhfuil suim agat sa dúlra nó san éiceolaíocht, sa stair áitiúil, nó má tá cuairt á pleanáil agat le do ghrúpa, tacaíonn ár bPáirc Náisiúnta le réimse leathan eispéireas foghlama.

Áit le Foghlaim

Ár nIonad Oideachais


Ionad Oideachas de chuid Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin
Tá Ionad Oideachais na Páirce Náisiúnta suite ar Bhóthar na Mianadóirí in aice leis an Loch Uachtair. Tá fáilte roimh ghrúpaí bunscoile agus meánscoile áirithint a dhéanamh le haghaidh cuairt théamach a reáchtálann ár bhfoireann Treoraithe. Tá fáilte roimh ghrúpaí eile freisin.
Is féidir le cuairteoirí páirceáil i gCarrchlós an Locha Uachtaraigh agus 200m a shiúl suas go Bóthar na Mianadóirí go dtí an tIonad Oideachais.

Treoracha

Ár gClár Oideachais

Cuireann muid fáilte roimh bhunscoileanna agus mheánscoileanna chuig ár bpáirc, áit a bhfuil clár oideachais saibhir agus éagsúil againn. Reáchtálann muid laethanta feasachta maidir leis an dúlra go rialta do bhunscoileanna, agus laethanta éiceolaíochta agus comhshaoil do mheánscoileanna. Tá fáilte roimh ghrúpaí tríú leibhéal, tionscadail samhraidh, grúpaí riachtanas speisialta agus grúpaí de dhaoine fásta freisin. Tá muid sásta lá a chur in oiriúint duitse.

Conas Áirithint a dhéanamh:

Cuir glaoch ar 0404 45656 chun áirithint dhéanamh. Osclaíonn ár ndialann don chlár oideachais dhá uair sa bhliain:

Ón 1 Meitheamh: Tógtar áirithintí do Mheán Fómhair go Nollaig.

Ón 1 Nollaig: Tógtar áirithintí d’Eanáir go Meitheamh.

Eolas le haghaidh do thuras:

Tá ár gclár saor in aisce. D’fhéadfadh táille pháirceála a bheith i gceist.

Ní mór ceannaire fásta amháin in aghaidh gach 10 dalta nó páiste a bheith in éineacht le Grúpaí a thugann cuairt ar an Ionad Oideachais. Tá cead ag an bPáirc Náisiúnta grúpaí a chur ó dhoras, má thagann siad le níos lú ná líon comhaontaithe na gceannairí.

Tá an tIonad Oideachais suite ar Bhóthar na Mianadóirí in aice leis an Loch Uachtair i nGleann Dá Loch. Tá páirceáil ar fáil ag Carrchlós an Locha Uachtair atá á reáchtáil go príobháideach. Tá táille pháirceála ann. Moladh duit: Nuair a chuireann tú do bhus in áirithe, sonraigh go gcaithfidh tú dul chuig an Loch Uachtair.

Treoracha go dtí Carrchlós an Locha Uachtair

Lean na comharthaí go dtí Gleann Dá Loch. I ngleann Ghleann Dá Loch, tiomáin thar Ionad Cuairteoirí an OPW agus Óstán Ghleann Dá Loch. Téigh thar dhroichead cúng agus lean ar aghaidh ar feadh 1.5km. Tá Carrchlós an Locha Uachtair ar thaobh do láimhe clé ag deireadh an bhóthair.

Cá bhfuil an tIonad Oideachais?

Lean an cosán le taobh na habhann (in aice leis an mbealach isteach sa charrchlós). Téigh ar dheis thar dhroichead, agus ansin ar chlé suas Bóthar na Mianadóirí. Tá an tIonad Oideachais 200m suas an cosán seo.

Comhordanáidí Charrchlós an Locha Uachtaraigh: (53,00762 -6.34469)

Leithris: Tá leithris suite ag Carrchlós an Locha Uachtair.

Bia: Moltar do dhaltaí lón pacáilte a thabhairt leo.

Ba cheart do gach dalta roinnt sraitheanna te a chaitheamh agus éadaí breise a thabhairt leo.

Moltar do chuairteoirí éarthach míoltóga beaga a thabhairt leo. Tabhair faoi deara go bhfuil sceartáin i gCill Mhantáin agus, mar sin, moltar do scoileanna daltaí agus tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi chomharthaí sóirt an ghalair Lyme. Seolfar eolas chugat nuair a dhéanfaidh tú áirithint.

Seoladh: An tIonad Oideachais, Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, Cill Aifín, An Láithreach, via Bré, Co. Cill Mhantáin A98 K286

Fón: 0404 45656

Ríomhphost:wickloweducationcentre@npws.gov.ie

Leanbh ag Siúl
Tá ár nIonad Oideachais lonnaithe ag an Loch Uachtair i nGleann Dá Loch. Cuireann muid clár feasachta ar an dúlra ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna le téamaí éagsúla, atá deartha do gach aoisghrúpa.
Cuir turas scoile in áirithe

Lá Feasachta ar an Dúlra

Réimse Aoise: Aois ar bith

Am den Bhliain: Am ar bith

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Spreagtar na páistí chun breathnú ar an dúlra trí ghníomhaíochtaí spraíúla éagsúla a bhaineann úsáid iomlán as na cúig chéadfa. Tá an clár seo oiriúnach do gach dalta, go háirithe do scoileanna a thugann grúpaí measctha le chéile. Tógann an clár seo gníomhaíochtaí ar iasacht ónár raon iomlán téamaí.

  • Tóraíocht taisce
  • Tóraíocht dúlra
  • Siúlóid dúlra lán de ghníomhaíochtaí spraíúla

An Dúlra do Naíonáin

Réimse Aoise: Naíonáin Bheaga & Naíonáin Mhóra.

Am den Bhliain: Am ar bith, ach is fearr na míonna níos teo.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Is lá spraíúil é seo a dhíríonn ar an dúlra a chur ar a súile do pháistí atá an-óg trí shraith gníomhaíochtaí atá oiriúnach dá aois.

  • Tóraíocht dúlra
  • Ag breathnú ar phlandaí, ar fheithidí agus ar ainmhithe móra
  • Biashlabhraí bunúsacha
  • Drámaíocht agus gníomhaíochtaí spraíúla eile

Rang a hAon go Rang a Ceathair

Fiadhúlra & Fiántas

Réimse Aoise: Ranganna 1, 2, 3 agus 4.

Am den Bhliain: Am ar bith.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Tá méid áirithe eolais ag formhór páistí faoi leoin, tíogair agus fiadhúlra eachtrach eile. Ach tá go leor páistí Éireannacha aineolach ar an bhfiadhúlra ina dtír féin. Díríonn an lá seo ar mhamaigh, éin, froganna agus laghairteanna na hÉireann.

  • Tóraíocht taisce le téama fiadhúlra
  • Faire ar éin
  • Tóraíocht dúlra
  • Safari fiadhúlra
  • Tráth na gceist fiadhúlra (má bhíonn am againn)

Safari feithidí

Réimse Aosie: Ranganna 1, 2, 3 agus 4.

Am den bhliain: Márta go Deireadh Fómhair amháin.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Tá domhan na bhfeithidí lán de dhrámaíocht, le luibhiteoirí agus carnabhóirí de gach cruth agus méid. Ó phéisteanna talún go féileacáin áille, bíonn feithidí le fáil i ngach gnáthóg.

  • Tóraíocht taisce le haghaidh feithidí
  • Tóraíocht le haghaidh feithidí, ag aimsiú feithidí in iliomad gnáthóga, agus ag úsáid prócaí feithidí, eangacha, pútair, agus leatháin bhailithe. Tá gníomhaíochtaí le téama na bhfeithidí ann freisin
  • Tráth na gceist bunaithe ar fheithidí (roghnach)
  • Taispeántas sleamhnán bunaithe ar fheithidí (roghnach)

Dufair na hÉireann

Réimse Aoise: Ranganna 1, 2, 3 agus 4.

Am den Bhliain: Aibreán go Deireadh Fómhair, nuair a bhíonn na duilleoga ar na crainn.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Ar lá Dufair na hÉireann, gheobhaidh páistí amach an difríocht idir nóinín agus caisearbhán, agus go leor leor eile.

  • Tóraíocht plandaí
  • Siúlóid plandaí, ag breathnú ar chrainn, algaí, léicin, bláthanna, agus toim, agus ag breathnú ar an gcaoi a bhailíonn plandaí a gcuid fuinnimh ón ngrian, ar an rud a itheann plandaí agus ar an gcaoi a seasann plandaí an fód
  • Gníomhaíochtaí spraíúla ina n-úsáidtear púicíní agus prapaí eile chun plandaí a chur in aithne do pháistí ar bhealach spraíúil
  • Is gné roghnach bhreise é an tráth na gceist ar phlandaí, má bhíonn am againn

Bithbhlitz Beag / Lá na Bithéagsúlachta

Réimse Aoise: Ranganna 1, 2, 3 agus 4.

Am den Bhliain: Am ar bith.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Is rás é bith-blitz chun taifead a dhéanamh ar speicis. Spreagann an bith-blitz beag seo páistí suim a chur ar an réimse leathan de bheatha ina dtimpeall. Tá baint mhaith aige le clár Bithéagsúlachta na Scoileanna Glasa.

  • Tóraíocht taisce
  • Siúlóid bithbhlitz chun a mhéid speiceas agus is féidir linn a aimsiú
  • Is gné roghnach bhreise é an tráth na gceist ar fhiadhúlra, má bhíonn am againn

Rang a Cúig agus Rang a Sé

Téigh ag Fánaíocht

Réimse Aoise: Ranganna 5 & 6.

Am den Bhliain: Am ar bith.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Bíonn siúlóidí againn suas cnoc géar chun sásamh a bhaint as radharc iontach, agus siúlóidí ar thalamh mín chun fothracha ársa a fheiceáil. Cuireann muid Ná Fág Lorg ar a súile do pháistí freisin, clár eitice faoin aer a spreagann muid ar fad chun aire a thabhairt dár dtimpeallacht.

  • Tóraíocht Taisce Ná Fág Lorg
  • Siúlóid chun breathnú thart ar Ghleann Dá Loch agus chun na seacht bprionsabal de Ná Fág Lorg a phlé
  • Tráth na gCeist ar Ná Fág Lorg (má bhíonn am againn)

Lá na nGnáthóg

Réimse Aoise: Ranganna 5 & 6.

Am den Bhliain: Am ar bith.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Tá go leor gnáthóg iontach i ngleann Ghleann Dá Loch – coillte síorghlasa agus duillsilteacha, tailte féaraigh, aibhneacha, lochanna, portaigh agus móintigh, agus go leor eile. Tá Lá na Gnáthóg deartha do ranganna 5 agus 6 agus úsáideann muid bileog oibre shimplí.

  • Tóraíocht taisce le téamaí na ngnáthóg
  • Siúl le féachaint thart ar ghnáthóga Ghleann Dá Loch
  • Díospóireacht faoi Ghnáthóga

Daoine ag siúl ar an gClárchosán
Éiceolaíocht na hArdteistiméireachta

Staidéar ar Ghnáthóg

Aoisghrúpa:

Blianta 5 & 6

Am den bhliain:

Márta go Deireadh Fómhair amháin

Deartha chun freastal ar riachtanas oibre allamuigh na hArdteistiméireachta.

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Suíomh an staidéir a mhapáil, cúig speiceas plandaí a shainaithint agus suirbhé ar fhásra – suirbhé minicíochta agus suirbhé céatadáin ar chumhdach araon. Déantar inveirteabraigh a shampláil agus a aithint, nósanna maireachtála inveirteabrach a scrúdú, rianta mamach, rianta éan agus comharthaí a scrúdú. Tosca aeráide, eidifeacha, aibitheacha agus bitheacha agus caomhnú agus saincheisteanna na Páirce Náisiúnta a thaifeadadh.

Éiceolaíocht an Teastais Shóisearaigh

Fianna, Gabhair, Mic Tíre agus Éiceolaíocht Ghleann Dá Loch

Aoisghrúpa:

1ú, 2ú, 3ú Bliain & an Idirbhliain

Am den bhliain:

Márta go Deireadh Fómhair amháin

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

An aimsir a scrúdú, pH na hithreach a thomhas, rianta agus comharthaí mamach a chuardach, féachaint ar éin choillearnaí agus a gcothú, inveirteabraigh a bhailiú, a aithint agus a staidéar, plandaí coillearnaí a aithint, struchtúr coillearnaí a scrúdú, féachaint ar na fadhbanna a bhaineann le ró-innilt fianna agus gabhar, agus easnamh creachadóra ar barr agus bia-eangach coillearnaí a iniúchadh.

An Idirbhliain

An Idirbhliain

Aoisghrúpa:

Aois ar bith (an-oiriúnach don Idirbhliain)

Am den Bhliain:

Am ar bith

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Cuireann Lá an Chaomhantais beocht sa Pháirc Náisiúnta do dhaltaí ar cuairt agus iad ag scrúdú agus ag plé na saincheisteanna caomhantais a mbeidh ar an bPáirc Náisiúnta aghaidh a thabhairt orthu.

Tóraíocht taisce le saincheisteanna caomhnaithe. Siúlóid aníos chun na gcnoc os cionn Ghleann Dá Loch le treoraí ón bPáirc Náisiúnta ag plé fadhbanna caomhnaithe an cheantair. Díospóireacht. Ní mór d’fhoirne a áitiú cén fáth ar cheart cead a thabhairt dá ngrúpa sannta a ngníomhaíocht roghnaithe a dhéanamh sa Pháirc Náisiúnta.

Dúshlán na hIdirbhliana

Aoisghrúpa:

An Idirbhliain

Am den Bhliain:

Am ar bith

Dearadh ár nDúshlán Idirbhliana, a bhfuil an-tóir air, chun blaiseadh a thabhairt do dhaltaí Idirbhliana de roinnt disciplíní.

Áirítear ar an lá:

Tóraíocht taisce, éanbhreathnú, treodóireacht, dúshlán an chlaonmhéadair, dúshlán an phúicín agus scrúdú dúlra.

Taithí Oibre na hIdirbhliana

Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin

Seachtain na hIdirbhliana 2023:

CURTHA IN ÁIRITHE GO hIOMLÁN

Faigheann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin go leor iarratas ar thaithí oibre Idirbhliana. Ar feadh seachtain amháin gach bliain, glacann muid le ceathrar daltaí Idirbhliana ar thaithí oibre.

Reáchtáiltear Seachtain na hIdirbhliana ag deireadh mhí an Mhárta nó i mí Aibreáin agus tá sí curtha in áirithe go hiomlán anois. Más mian leat d’ainm a chur leis an liosta cealaithe, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag: wickloweducationcentre@npws.gov.ie agus cuir d’ainm, uimhir theagmhála do thuismitheora/chaomhnóra agus ainm do scoile san áireamh.

Tíreolaíocht an Teastais Shóisearaigh

Siúlóid Tíreolaíochta Daonna

Aoisghrúpa:

1ú, 2ú, 3ú Bliain & an Idirbhliain

Am den Bhliain:

Am ar bith

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Oiriúnach do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh agus na hIdirbhliana. Is éard atá i gceist leis an lá seo ná siúlóid fhada timpeall ar Ghleann Dá Loch ag breathnú ar an gcaoi ar mhúnlaigh daoine an tírdhreach. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá: The National Park, tourism, woodlands and forestry, the monastic ruins, hill walking and erosion, feral goats, mining, settlement, farming and hydro-electric power.

Staidéar Féintreoraithe Abhann

Aoisghrúpa:

1ú, 2ú, 3ú Bliain & an Idirbhliain

Am den Bhliain:

Márta go Deireadh Fómhair amháin

Tá fáilte roimh mhúinteoirí a rang féin a thabhairt leo chun a staidéar abhann féin a dhéanamh i nGleann Dá Loch. Bíodh a fhios agat, áfach, nach mór do scoileanna dáta a chur in áirithe chun a chinntiú nach mbeidh an abhainn á húsáid ag scoil eile nó ag Ionad Oideachais na Páirce Náisiúnta ar an lá. Chun do dháta a chur in áirithe, cuir glaoch ar 0404 45656

Staidéir Féintreoraithe: Ag Fiosrú Tíreolaíocht Ghleann Dá Loch

Aoisghrúpa:

1ú, 2ú agus 3ú bliain

Am den Bhliain:

Am ar bith

Tá an staidéar seo deartha do mhúinteoirí chun cabhrú leo a gcuid scoláirí a threorú trí thíreolaíocht Ghleann Dá Loch. Scrúdaíonn bileog oibre gnéithe éagsúla de thíreolaíocht Ghleann Dá Loch, le modúil ar leith do gach ceann acu. Is féidir le múinteoirí na modúil a theastaíonn uathu a mheascadh agus a mheaitseáil:

Daoine ag siúl ar an gClárchosán
An Idirbhliain

An Idirbhliain

Aoisghrúpa:

Aois ar bith (an-oiriúnach don Idirbhliain)

Am den Bhliain:

Am ar bith

Is éard atá i gceist leis an staidéar seo:

Cuireann Lá an Chaomhantais beocht sa Pháirc Náisiúnta do dhaltaí ar cuairt agus iad ag scrúdú agus ag plé na saincheisteanna caomhantais a mbeidh ar an bPáirc Náisiúnta aghaidh a thabhairt orthu.

Tóraíocht taisce le saincheisteanna caomhnaithe. Siúlóid aníos chun na gcnoc os cionn Ghleann Dá Loch le treoraí ón bPáirc Náisiúnta ag plé fadhbanna caomhnaithe an cheantair. Díospóireacht. Ní mór d’fhoirne a áitiú cén fáth ar cheart cead a thabhairt dá ngrúpa sannta a ngníomhaíocht roghnaithe a dhéanamh sa Pháirc Náisiúnta.

Dúshlán na hIdirbhliana

Aoisghrúpa:

An Idirbhliain

Am den Bhliain:

Am ar bith

Dearadh ár nDúshlán Idirbhliana, a bhfuil an-tóir air, chun blaiseadh a thabhairt do dhaltaí Idirbhliana de roinnt disciplíní.

Áirítear ar an lá:

Tóraíocht taisce, éanbhreathnú, treodóireacht, dúshlán an chlaonmhéadair, dúshlán an phúicín agus scrúdú dúlra.

Taithí Oibre na hIdirbhliana

Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin

Seachtain na hIdirbhliana 2024:

Faigheann Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin go leor iarratas ar thaithí oibre idirbhliana gach bliain. Ní féidir an chuid is mó díobh seo a éascú mar gheall ar an gcreimeadh ar acmhainní foirne. Mar sin féin, ar feadh seachtaine socraithe amháin gach bliain, glacaimid seisear mac léinn ar thaithí oibre idirbhliana. Ar an drochuair, ní féidir linn freastal ar scoláirí taithí oibre na hIdirbhliana lasmuigh den tseachtain seo.

Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin Seachtain na hIdirbhliana 2024:
Dátaí: Luan 22 Aibreán go hAoine 26 Aibreán 2024
Áirithint: Má tá suim ag daltaí na hIdirbhliana a n-ainm a chur ar liosta seol ríomhphost chugainn le do thoil (wickloweducationcentre@npws.gov.ie) le:

  • D’ainm
  • Sonraí teagmhála tuismitheoir nó duine fásta freagrach (uimhir theileafóin & seoladh ríomhphoist)
  • Ainm na scoile

Déanfar áiteanna a leithdháileadh ar bhonn an chéad duine a thagann isteach.
Clár: Caithfidh na mic léinn am lenár Maoirseoirí Caomhnaithe, lenár bhFoireann Oideachais, agus lenár bhFoireann Cothabhála chun léargas a fháil ar conas a dhéantar an Pháirc Náisiúnta a bhainistiú.

Beidh ar mhic léinn dul chuig ár gCeannáras Pháirc in aice le Láithreach ar feadh 9:30r.n. gach maidin, agus le bailiú as sin ar 5p.m. gach tráthnóna.

Ní mór do dhaltaí a bheith gléasta do gach aimsir, agus coisbheart oiriúnach a bheith acu le haghaidh gníomhaíochtaí seach-rianta (b’fhearr buataisí siúlóide nó bróga cosáin). Ní mór do dhaltaí lón pacáilte a thabhairt leo gach lá.

Tabhair faoi deara le do thoil nach dtógaimid ach 6 mhac léinn in aghaidh na bliana, agus gan ach seachtain amháin.
Socraíonn muid na dátaí, agus ní féidir iad a athrú.

For-rochtain

I rith an gheimhridh tá ár bhfoireann oideachais ar fáil chun cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna ar fud Cho. Cill Mhantáin. Mar gheall ar an éileamh mór, is trí chuireadh amháin a thugtar cuairteanna.

To organise a visit to your school, please call the Education Centre on 0404 45656. Is éard atá i ngach cuairt scoile ná ceithre sheisiún uair an chloig ar a mhéad nó cuairt ranga.

Tá na téamaí seo a leanas ar fáil:

  • Gnáthóga Éireannacha
  • Mamaigh Éireannacha
  • Éin Éireannacha
  • Ialtóga Éireannacha
  • Feithidí Éireannacha
  • Bláthanna Fiáine Éireannacha
  • Crainn Éireannacha
  • An Bhithéagsúlacht

Imeachtaí

Áirithintí

Tá áiteanna teoranta ag cuid dár n-imeachtaí agus ní mór áirithint a dhéanamh dóibh. Tugtar sonraí faoi gach liosta. Chun áirithint a dhéanamh, seol ríomhphost le do thoil: wickloweducationcentre@npws.gov.ie.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní cheadaítear madraí ag ár n-imeachtaí.

Acmhainní Teaghlaigh

Tá sraith bileoga oibre agus acmhainní deartha againn do pháistí. Is pdf A4 gach ceann acu.

Chun gach ceann a fheiceáil agus a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos.


Downloads

Bileog Oibre na Caisearbhán

Bileog Oibre na Bumboige

Bileog Oibre na Eanlaithe

Bileog Oibre na gCrann agus na dTor

Bileog Oibre Péisteanna Talún

Bileog Oibre an Eidhneáin

Bileog Oibre na mBóíní Dé

Bileog Oibre na Neantóg

Bileog Oibre na bhFéileacán

Acmhainní Eile

Tá réimse acmhainní eile againn atá oiriúnach do gach aois, lena n-áirítear póstaeir dúlra. Is pdf A4 gach ceann acu.
Chun gach ceann a fheiceáil agus a íoslódáil, cliceáil ar na naisc thíos.


Íoslódálacha

Na Fianna faoi Reith

Scéalta na gCrann (Ogham, An Féineachas & Gníomhaíochtaí)

Clárú Leamhan i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin

Éin a Neadaíonn ar an Talamh