Skip to main content

Ní scairteann grian anseo
Ó Luan go Satharn
Le gliondar a chur oraibh”
A dúirt na blatha craige:
“Is cuma linn, a stór,
Táimid faoi dhraíocht
ag ceol na farraige.”

Liam Ó Flaithearta

Dúlra agus Caomhnú


 

Tá sé seo ar cheann de na córais bhratphortaigh ghníomhacha dheireanacha slána in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa agus is gné thábhachtach eolaíoch agus radharc den Pháirc Náisiúnta é. Is cuid de Cheantar Speisialta Caomhnaithe (SAC) agus de Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) Coimpléasc na hAbhann Duibhe/Néifinne í an Pháirc Náisiúnta.

 

Loch

Cosnaíonn an Pháirc éagsúlacht de ghnáthóga agus speiceas tábhachtacha eile. Ina measc seo tá fraochmhánna alpach, féarach ardtalún, fraochmhánna agus lochanna agus dobharcheantair abhann. I measc cuid de na fána tábhachtacha atá le fáil laistigh den Pháirc tá Gé Bhánéadanach Ghraonlannach (Anser albifrons flavirostris), an Fheadóg Bhuí (Pluvialis apricaria), an Chearc Fhraoigh (Lagopus lagopus hibernicus) agus an Madra Uisce (Lutra lutra).

Cosain an Dúlra

Tá cosaint an dúlra mar phríomhaidhm ag Páirc Náisiúnta. Téann obair chaomhnaithe in éineacht le caitheamh aimsire freagrach amuigh faoin aer agus is féidir le cuairteoirí a bpáirt a ghlacadh trí na leideanna úsáideacha seo a leanúint.

Leideanna Úsáideacha

Pleanáil a Dhéanamh Roimh Ré

Smaoinigh ar an t-am is fearr chun cuairt a thabhairt agus an modh taistil a bheidh agat, chun do thionchar ar an timpeallacht a íoslaghdú. Seiceáil an aimsir agus déan cinnte go bhfuil gach rud agat a theastaíonn uait le tabhairt leat.

Bí Tuisceanach

Bí feasach ar conas is féidir le do chuid gníomhaíochtaí agus iompar dul i bhfeidhm ar an dúlra, ar thaithí cuairteoirí eile agus orthu siúd atá ag obair anseo. Bí aireach faoin torann a dhéanann tú agus conas a idirghníomhaíonn tú le daoine eile ar an mbealach.

Bíodh Meas agat ar an bhFiadhúlra

Tá fáilte roimh mhadraí ach caithfear iad a choinneáil ar iall. Más féidir leat, seachain amanna íogaire ó thaobh neadú agus pórú fiadhúlra.


Déan Taisteal agus Campáil ar Thalamh Buan

Tugann na cosáin le comharthaí deis duit cuairt a thabhairt ar na codanna is fearr de Pháirc Náisiúnta Néifinne Fiáine. Níor cheart ach do thurasóirí a bhfuil taithí acu dul isteach sna cnoic. Ní cheadaítear ach Campáil Fhiáin: Féach ar na treoirlínte anseo.

Fág Gach Rud mar a Fhaightear é

Glac grianghraif den tírdhreach agus de phlandaí, ach fág fiú na sonraí is lú gan lámh a leagan orthu, ionas gur féidir le daoine eile taitneamh a bhaint as na tailte fiáine seo díreach mar a rinne tú féin.

Faigh Réidh le Bruscar i gCeart

Is bagairt mhór don dúlra é bruscar. Trí do chuid bruscair a thabhairt abhaile leat, cuidíonn tú an pháirc agus an fhiadhúlra a chosaint, agus le Néifinn Fhiáin a choinneáil folláin.


Íoslaghdaigh éifeacht tine

Ceadaítear tinte i Néifinn Fhiáin – sna poill dóiteáin sna limistéir champála ainmnithe amháin. Tá sé tábhachtach gan tinte a lasadh lasmuigh de na láithreacha seo chun fiadhúlra agus an tírdhreach a chosaint.


Flóra


Níl réimse mór flóra in Éirinn do thír Eorpach agus tá cúpla cúis leis sin – ní oileán mór é agus tá sé ar leithlis ón mBreatain agus ón gcuid eile den Eoraip le tuairim is 7,500 bliain anuas. Tugtar Oileán Iathghlas Éireann (Emerald Isle) ar Éirinn mar gheall ar na geimhrí séimhe agus na samhraí tais a bhíonn againn anseo.

Go stairiúil; tírdhreach coillteach a bhí i dtírdhreach nádúrtha na hÉireann den chuid is mó. In ainneoin na gceantar coillearnaí atá laghdaithe go suntasach atá ann anois; tá cuid mhór de phlandaí na hÉireann a fheictear faoin tuath ina saintréithe de choillearnach.

Tá pobail phlandaí sainfheidhmeacha in Éirinn freisin atá le fáil i ngnáthóga éagsúla lena n-áirítear riasca goirt, dumhcha, aillte, imeall locha, pábháil aolchloiche agus sléibhte. Níl sna pobail seo ach cuid bheag d’achar talún na hÉireann. Sa lá atá inniu ann is meascán de thrí chineál gnáthóige ceannasach é an chuid is mó d’fhásra leathnádúrtha na hÉireann: féarach, fraochmhá agus portach. Is iad na gnáthóga seo atá i réim i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine.

Tugann Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich, agus Conair dhúlra Daithí Bán go háirithe, deis mhaith do chuairteoirí cuid de na gnáthphlandaí atá in éiceachóras na dtailte móna a fheiceáil ina bhfuil gnáthóga éagsúla lena n-áirítear fraochmhá fliuch, fraochmhá thirim agus portach.

Sciollam na Móna

Pailneoirí sa Pháirc


Déanaimid monatóireacht ar na speicis a mbíonn teagmháil acu le bláthanna fiáine timpeall na Páirce Náisiúnta ach go mór mór ag ionad cuairteoirí bhaile chruaich. Déanaimid suirbhéanna monatóireachta bithéagsúlachta freisin don Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. Tá feabhas curtha ag ár bhfoireann Oibrithe Ginearálta ar ár gceapacha bláthanna agus áiríodh iontu plandaí a thacaíonn le pailneoirí agus tá córas gearrtha laghdaithe tugtha isteach againn ar thailte an Ionaid Chuairteoirí. Ní bhainimid ár móinéar bláthanna fiáine ach i mí Mheán Fómhair, rud a chiallaíonn go mbíonn ár gcuid bláthanna fiáine faoi bhláth gach bliain le haghaidh pailneoirí. Tá ceapach LINNET (Land Invested in Nature Natural Eco-Tillage) againn freisin a cuireadh le bláthanna fiáine agus gránaigh d’éin, rud a chuaigh chun sochair do go leor pailneoirí freisin.

Treoir do Phailneoirí

Tionscadail Chaomhnaithe

Tionscadal 01: Comhaireamh FIT

Thuas: Gormán Coiteann, Polyommatus icarus

Tionscadal 01: Comhaireamh FIT

Déanann Treoraithe na bPáirceanna Náisiúnta suirbhéanna Flower-Insect Timed Count (FIT) chun sonraí nua a bhailiú ar líon na bhfeithidí a thugann cuairt ar bhláthanna. Is suirbhé thar a bheith simplí é Comhaireamh FIT agus is féidir le haon duine páirt a ghlacadh sa tionscadal eolaíochta saoránach seo: ní gá ach féachaint ar phaiste bláthanna ar feadh 10 nóiméad agus comhaireamh cé mhéad feithidí a thugann cuairt air. Is féidir leat do shonraí a chur isteach ar líne ansin.

Feidhmíonn an scéim ó mhí Aibreáin go Meán Fómhair. Má dhéantar é seo thar chineálacha éagsúla gnáthóg sa Pháirc Náisiúnta (agus an comhaireamh a dhéanamh arís ar feadh na bliana agus na mblianta atá le teacht) léireofar duit an tionchar atá ag bearta bainistíochta caomhnaithe ar líon feithidí agus éagsúlacht sa Pháirc Náisiúnta.

Tionscadal 02: Scéim Monatóireachta Féileacán

Thuas: Buíóg ruibheach, Gonepteryx rhamni

Tionscadal 02: Scéim Monatóireachta Féileacán

Tá 35 speiceas d’fhéileacán Éireannach in Éirinn, a mhaireann sa tír agus ar imircigh rialta iad, agus taifeadadh 20 díobh sa pháirc. Is táscairí suntasacha iad féileacáin ar staid chomhshaol na hÉireann. Is bealach iontach eile é dár dtreoraithe páirt a ghlacadh sa Scéim Monatóireachta Féileacán chun athruithe sa bhithéagsúlacht a thomhas.

Cé nach bhfuil an éifeacht chéanna ag féileacáin mar phailneoirí agus atá ag beacha, is grúpa iontach pailneoirí iad le monatóireacht a dhéanamh orthu mar go mbíonn siad an-ghníomhach i rith an lae agus is furasta iad a fheiceáil. Is minic a phailníonn féileacáin bláthanna a bhfuil dath dearg nó buí orthu, nó a bhfuil boladh láidir orthu agus a tháirgeann cuid mhaith neachtar.

Tionscadal 03: Scéim Monatóireachta Pailneoirí

Thuas: Bumbóg Ghairdín, Bombus hortorum

Tionscadal 03: Scéim Monatóireachta Pailneoirí

Glacann ár dtreoraithe páirt sa Scéim Monatóireachta Bumbóige, áit a ndéanann siad taifead ar éagsúlacht agus flúirse na mbumbóga sa Pháirc Náisiúnta ar feadh bhealach seasta 2km de Chonair Dhúlra Daithí Bán ó mhí an Mhárta go Deireadh Fómhair.

Soláthraíonn sé seo sonraí riachtanacha ar dhaonraí na mbumbóg, a úsáideann an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta (NBDC) chun athruithe i bpailneoirí fiáine ar fud thírdhreach na hÉireann a rianú. Tá na bumbóga a d’fheicfeá ar an tsiúlóid seo mar ionadaithe ar phobal na Páirce Náisiúnta.

Cén fáth bumbóga?

Is iad na pailneoirí fiáine is tábhachtaí in Éirinn iad. Tá go leor dár speicis bumbóga neamhchoitianta i mbaol díothaithe ar fud na hÉireann, ach tá sé tábhachtach freisin go dtuigimid mar atá flúirse ár speiceas is coitianta ag athrú.
Tá 21 speiceas éagsúla bumbóg in Éirinn agus is féidir leat teacht ar roinnt speiceas sa Pháirc Náisiúnta. Is féidir iad a fheiceáil i measc na gcaisearbhán (Taraxacum officinale agg), an fhraoigh (Calluna vulgaris) agus ghreim an diabhail (Succisa pratensis), na bláthanna fiáine atá ar chuid de na plandaí bia is fearr leis na mbumbóga.


Bumbóg charda, Bombus pascuorum


Bumbóg earrbhán, Bombus lucorum


Bumbóg earr-dhonnbhuí, Bombus terrestris



Fána


Cuireann Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine áit ar fáil do 80 speiceas éagsúil éan ar a laghad, chomh maith le go leor mamaigh, iasc, feithidí agus amfaibiaigh. Bíonn speicis amhail an madra uisce, giorria sléibhe Éireannach, fia rua, agus broic ina le fáil go coitianta sa Pháirc Náisiúnta freisin.


Tá líon ard speiceas éan taifeadta in Éirinn agus breis agus 450 speiceas ar an liosta Éireannach anois ach de bharr gur oileán iargúlta le breis agus 7,500 bliain anuas í Éire tá níos lú éan goir againn ná mar atá ag na comharsana is gaire dúinn. Is éin imirceacha iad go leor díobh seo, ag teacht ar imirce ón gCríoch Lochlann sa gheimhreadh nó imircigh póraithe ón Afraic sa samhraidh.

Cuireann Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine áit chónaithe ar fáil do 80 speiceas éagsúil éan ar a laghad. I measc na speiceas éan i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine tá roinnt speiceas coitianta ar nós na fuiseoige, na riabhóige móna agus an ghabha dhuibh agus speicis neamhchoitainta lena n-áirítear an gobadán, an creabhar, an bhreacóg, an fiach dubh agus an eala ghlórach. I measc na n-éan creiche a fhaightear sa pháirc tá an pocaire gaoithe, an spioróg, an meirliún, an fabhcún gorm agus cromán na gcearc. Tá cearca fraoigh sa pháirc ina gcónaí agus braitheann siad ar mheascán d’airde éagsúla an fhraoigh le haghaidh foscadh agus bia. Is cuairteoirí geimhridh ón nGraonlainn iad géanna bánéadanacha na Graonlainne agus aimsítear iad laistigh den pháirc ó Dheireadh Fómhair go mí Aibreáin. Tá an príomhdhaonra geimhridh de ghéanna bánéadanach na Graonlainne le fáil i Loch Gorman ag Anaclann Éanlaithe Fiáine Loch Gorman. Feadóg Bhuí, éan goir neamhchoitianta nach mbíonn ag porú ach in iarthuaisceart na hÉireann. Tá Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine ar cheann dá suíomhanna pórúcháin.


Tá raon leathan mamaigh i láthair freisin i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine. I measc na speiceas a fhaightear sa Pháirc tá an sionnach (Vulpes vulpes), an broc (meles meles), an giorria sléibhe Éireannach (Lepus timidus hibernicus), an madra uisce (Lutra lutra), an fia rua (Cervus elaphus), an cat crainn (Martes martes), an luch fhéir (Apodemus sylvaticus), an dallóg fhraoigh (Sorex minutus) agus speicis ialtóg lena n-áirítear an ialtóg is coitianta a fhaightear in Éirinn, an ialtóg fheascrach (Pipistrellus pipisrellus).


Idir an t-earc luachra (Lissotriton vulgaris) agus an frog coiteann (Rana temporaria) go dtí an t-aon reiptíl dúchasach in Éirinn, an laghairt choiteann (Zootoca vivipara), tá fiadhúlra ilghnéitheach i Néifinn Fhiáin. Tá bradán Atlantach (Salmo salar), i measc speiceas éisc eile, le fáil sa Pháirc Náisiúnta freisin. Nuair a bhíonn siad réidh le pórú, tugann a n-instinn dúchasach baile ar ais iad go dtí an abhainn chéanna inar sceith siad chun an timthriall póraithe a dhéanamh arís. Má tá an t-ádh leat b’fhéidir go bhfeicfeá bradán ar a bhealach suas an abhainn.

Gnáthóga

Cé gurb é bratphortach an Atlantaigh an ghnáthóg is mó, tacaíonn Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine le roinnt cineálacha gnáthóige tábhachtacha ó fhéarach, tailte fraoigh, cladaí scaineagáin, aibhneacha áille lena n-áirítear an Abhainn Dubh agus an Tairseachán, comlochanna agus cuid de na beanna sléibhe is iargúlta in Éirinn. Tá plandaí agus ainmhithe a bhfuil tábacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo sna gnáthóga seo. Tá sé mar aidhm againn caighdeán na ngnáthóg sin a chaomhnú agus, más gá, iad a fheabhsú.


Bratphortach


Is limistéir de thalamh leathbháite iad portaigh áit nach féidir le hábhar planda marbh lobhadh go hiomlán iontu, agus cruthaíonn siad substaint dhonn ar a dtugtar móin. Fásann plandaí atá fulangach do na coinníollacha báite mar chaonaigh sphagnum ar dhromchla na móna. De réir mar a fhaigheann na plandaí seo bás cuireann siad leis an móin, a leanann ar aghaidh ag carnadh. Tá an próiseas seo ar siúl thar na mílte bliain agus tá brat fairsing móna thar ísealchríocha agus fánaí sléibhe mar thoradh air. Is é an feiniméan cumhdach seo a thugann a n-ainm do bhratphortaigh.

Léigh tuilleadh faoi bhratphortaigh inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Plandáil Bhuaircíneach


Is éard atá i bplandálacha buaircíneacha ná clampaí móra aonfhoirmeacha de chrainn shíorghlasa neamhdhúchasacha ar nós sprús Sitceach (Picea sitchensis), agus péine contórtach (Pinus contorta), a cuireadh ar bhonn tráchtála mar gheall ar a gcuid adhmaid. Tacaíonn siad le héagsúlacht níos lú de speicis plandaí agus ainmhithe i gcomparáid le foraoisí dúchasacha, ach cuireann siad foscadh ar fáil don fhia rua, agus is gnáthóga tábhachtacha iad don chat crainn. Tá plandálacha buaircíneacha tábhachtach freisin d’éin, cosúil le meantáin, an creabhar, an crosghob agus an meirliún.

Léigh tuilleadh faoi phlandálacha buaircíneacha inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Féarthalamh


Speicis féir is mó a bhíonn i bhféarthailte ach tá luibheanna leathanduilleacha bláthanna agus toir bheaga le fáil freisin. Tarlaíonn féarthailte i gceantair ina bhfuil an ithir ag draenáil go measartha saor, de ghnáth ar fhánaí áit nach mbíonn an ithir faoi uisce. Bíonn féarthailte ag brath ar mhéid áirithe innilte chun iad a chosc ó fhorbairt ina fraochmhá agus ina scrobarnach.

Léigh tuilleadh faoi fhéarthailte inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Eanaigh agus Borrfháis


Is limistéir fhliucha ina gcruthaítear móin iad eanaigh, atá éagsúil ó phortaigh sa mhéid is gur uisce a shreabhann tríd an talamh nó a shreabhann ar a ndromchla seachas an bháisteach is mó a chothaíonn iad. Bailíonn an t-uisce cothaithigh bhreise ar a bhealach a chuireann ar chumas speicis plandaí áirithe maireachtáil ann.

De ghnáth is gnéithe níos lú iad borrfháis a chothaíonn gluaiseacht nó púscadh uisce agus a tharlaíonn ar fhánaí. Ní féidir ach speiceas blátha neamhchoitianta amháin, an mórán réisc, a fháil i mborrfháis dá leithéid.

Léigh tuilleadh faoi eanaigh agus borrfháis inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Fraoch


Faigheann fraoch a ainm ón fhraoch mór agus is grúpa de thoir bheaga adhmadacha atá iontu, arb iad na speicis is coitianta ná ling, fraoch cloigíneach agus fraoch naoscaí. Faightear é go coitianta ar fhánaí áit nach mbíonn an ithir faoi uisce, agus is féidir le fraoch fás ar thaobhanna iomlána sléibhe. Is gnáthóg thar a bheith tábhachtach é fraoch don chearc fhraoigh, éan atá beagnach go hiomlán ag brath ar fhraoch mór mar phríomhfhoinse bia.

Léigh tuilleadh faoi fhraochmhánna inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Lochanna agus Locháin


Is dobharlaigh dúnta fionnuisce iad lochanna agus locháin, ag athrú i méid ó linnte beaga amuigh ar an bportach oscailte go lochanna móra atá tarlaithe i loig sna comanna sléibhe. Is loig iad comanna a fhaightear ar thaobhanna sléibhe a snoíodh mar gheall ar ghníomhaíocht na n-oighearshruthanna le linn na hoighearaoise deiridh. Tagann an t-uisce sna lochanna ón mbáisteach, ag titim go díreach isteach sa loch nó mar thoradh ar shíothlú trí mhóin dhonn an phortaigh timpeall air. De réir mar a shíothlaítear é, éiríonn an t-uisce aigéadach agus tagann dath dorcha air.

Léigh tuilleadh faoi lochanna agus linnte inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Aibhneacha


De bharr leibhéil arda báistí i bPáirc Náisiúnta Néifinne Fiáine, tá fánaí na sléibhte líneáilte le sruthanna sléibhe. De bharr an ghrádáin ghéir agus na leibhéal ard uisce tá na sruthanna an-chreimneach, ag gearradh gleannta isteach sna fánaí sléibhe. Ar thalamh íseal tagann na sruthanna seo le chéile in aibhneacha móra na Páirce amhail an Abhainn Dubh agus an Tairseachán Mór a lúbann a mbealach tríd an bportach.

Tá na haibhneacha seo sách éadomhain ach ardaíonn a leibhéil go tapa tar éis báistí agus is féidir leis bheith thar a bheith contúirteach trasnú. Tá dath dorcha ar an uisce mar thoradh ar bháisteach a shíothlaigh trí mhóin an phortaigh. Is é an dath dorcha sin is cúis le hainm na hAbhann Duibhe, ainm a chiallaíonn ‘an abhainn dhubh’. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na haibhneacha mar áit phórúcháin don Bhradán Atlantach (Salmo salar), a dhéanann imirce ón bhfarraige oscailte ar ais go dtí an abhainn inar sceitheadh iad ar dtús, chun an timthriall póraithe a dhéanamh arís.


Geolaíocht


Tá cuid de charraig ón tréimhse Réamh-Chambrianach i dTuaisceart Mhaigh Eo, a leagadh síos breis agus 600 milliún bliain ó shin. Leagadh síos an grúpa Dálriadach ón tréimhse seo, atá faoi bhun na Páirce Náisiúnta, i dtimpeallacht mhuirí éadomhain a bhí scuabtha ag an sruth le tanalach gainmheach, murlaigh chailcreacha agus duibheagáin le hurláir lábacha.
Sliogán ar charraigeacha
Ar an taobh thiar den Pháirc Náisiúnta tá carraigeacha siosta agus naghas, cruaite agus criostalaithe de bharr cur agus filleadh. Tá grianchloichít le fáil go fairsing ar an gcríoch thoir agus theas.

Chruthaigh gníomhaíocht oighreach le 2.5 milliún bliain cuid de na gnéithe is áille sa Pháirc Náisiúnta. Ina measc seo tá go leor comloch ar nós Loch Corryloughaphuill. Fianaise bhreise ar ghníomhaíocht oighreach is ea till oighreach (cré bholláin), a fuarthas ar imeall theas shléibhte Neifínn Bheag.

Anaclann Dúlra an tSeanchinn

Tá Anaclann Dúlra Choill an tSeanchinn suite timpeall 2.5 km soir ó thuaidh de Chluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo, ar chósta theas Chuan Mó a bhfuil a aghaidh ó thuaidh. Clúdaíonn sé achar timpeall 27 heicteár (66 acra) agus tá sé suite ar chuid mhór d’aghaidh thoir thuaidh cnoic bhig, ag dul in airde ó bheagán os cionn leibhéal na farraige go timpeall 150m.

Tá sé ina chuid de limistéar níos mó freisin (c. 86 ha anois) atá ainmnithe ina LSC iarrthóra. Is leis an Stát an Anaclann Dúlra go hiomlán agus ainmnítear é ina Anaclann Dúlra le hIonstraim Reachtúil Uimh. 333 de 1984, arna aithint ina Limistéar Spéise Eolaíochta in 1979. Meastar go bhfuil an choillearnach níos lú ná 200 bliain d’aois, agus cruthaíodh é trí mheascán de phlandáil, féarach, leagan, barrscoitheadh agus comharbas nádúrtha éiceolaíochta.

Coillearnach leathanduilleach mheasctha atá sa chuid is mó den Chúltaca Nádúrtha, ach tá limistéir bheaga scrobarnach, fraochmhá agus raithneach dlúth ann freisin. Tá mósáic de chineálacha coillearnaí ann, áit a bhfuil coillearnach darach ghaelach (Quercus petraea) ar an gceann is tábhachtaí agus an phríomhúdar lena ainmniú ina Anaclann Dúlra. Is éard atá i gceannbhrat na coillearnaí den chuid is mó ná dair ghaelach, feá (Fagus sylvatica), fuinseog (Fraxinus excelsior), saileog liath (Scannáin Salix), seiceamar, crann cnó capaill agus beith chlúmhach, le corr sampla de speicis eile, lena n-áirítear teile choiteann, péine Albanach agus sprús Sitceach (Picea sitchensis).

Tá sraith mheánach shaibhir crann agus tor ann lena n-áirítear cuileann flúirseach, coll, caorthann agus corr sceach gheal, saileog liath, beith chlúmhach agus crainn óga na speiceas ceannbhrait, go háirithe feá. Tá an torchiseal inathraithe, ach is minic a chuimsíonn sé clampaí dlúth driseacha, chomh maith le féithleann agus fraochán. Tá an luibh nó an fódchiseal athraitheach freisin. In áiteanna, is é an giúnach mór is mó atá ann, ach in áiteanna eile tá go leor eidhneán, grán arcáin, seamsóg, raithneach mhór, raithneach chumhra, glóiris agus corr phaistí cloigíní gorma.


Cuan Mó, Co. Mhaigh Eo


Coill na Darach


Anaclann Dúlra an tSeanchinn