Skip to main content

Is fiántas iontach, draíochtúil é Cill Airne, agus is ann a mhaireann cuid de na speicis is neamhchoitianta ar domhan.

Dúlra & Caomhnú


Tá codanna áirithe de Pháirc Náisiúnta Chill Airne nár cuireadh as dóibh mórán le cúpla céad bliain, rud a thug deis do chineálacha éagsúla flóra agus fána dúchasacha bláthú. Is de bharr flóra neamhghnách den saghas sin a bheith ann a hainmníodh an Pháirc Náisiúnta mar thearmann bithsféir.

Lochanna Chill Airne

THUAS:Lochanna Chill Airne i bPáirc Náisiúnta Chill Airne

Ar chuid eile de na gnáthóga agus na speicis eile ar fiú suntas a thabhairt dóibh tá an tréad fia rua dúchasach agus coill iúir Reenadinna.

Is iad na fianna rua i bPáirc Náisiúnta Chill Airne an tréad dúchasach deireanach d’fhia rua na hÉireann atá fós sa tír. Tá tréad Chill Airne anseo ón tréimhse Neoiliteach. Shíolraigh gach tréad fia rua eile sa tír ó stoc a tugadh isteach athuair.

Is é Coill Reenadinna an limistéar is mó de choillearnach iúir atá in Iarthar na hEorpa agus tá sé ainmnithe ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta. Meastar go bhfuil crainn laistigh de atá idir 200 agus 250 bliain d’aois.

Cosain an Dúlra

Go raibh maith agat as cabhrú linn Cosain an Dúlra i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Agus tú ag baint taitneamh as caithimh aimsire amuigh faoin aer ar bhealach freagrach, tá tú ag cabhrú linn na hainmhithe agus na gnáthóga ar leith atá i ndúlra fiáin Chill Airne a chosaint.

Leideanna Úsáideacha

Pleanáil Roimh Ré

Smaoinigh ar an am is fearr chun cuairt a thabhairt ar an bpáirc agus ar an mbealach taistil a bheidh agat, chun an tionchar a bheidh agat ar an timpeallacht a laghdú. Seiceáil an aimsir agus déan cinnte go bhfuil gach rud a theastóidh uait tugtha leat agat.

Bí Tuisceanach

Bí tuisceanach faoi go bhféadfadh do ghníomhaíochtaí agus d’iompar tionchar a imirt ar an dúlra, ar thaithí na gcuairteoirí eile agus orthu siúd atá ag obair anseo. Bí aireach maidir le haon torann a dhéanann tú agus maidir leis an gcaoi a ndéanann tú caidreamh le daoine eile feadh an bhealaigh.


Léirigh meas ar an bhFiadhúlra

Tá an-fháilte roimh mhadraí ach caithfidh siad a bheith ar éill. Más féidir é, seachain amanna a bheadh leochaileach ó thaobh neadú agus síolrú an fhiadhúlra.

Taisteal agus Campáil ar Thalamh Marthanach

Leis na conairí marcáilte bíonn tú in ann an chuid is fearr d’fhiántas Ghleann Bheatha a fheiceáil. Níor cheart ach do shiúlóirí a bhfuil taithí acu dul amach níos faide sna cnoic. Ní cheadaítear ach Campáil sa bhFiántas: caith súil ar na treoirlínte anseo.


Fág i do dhiaidh aon rud a aimsíonn tú

Tóg grianghraif den tírdhreach agus de phlandaí, ach fág fiú na rudaí is lú gan athrú, ionas go bhféadfaidh daoine eile taitneamh a bhaint as fiántas Ghleann Bheatha díreach mar a rinne tusa.

Faigh réidh le Bruscar mar is ceart

Tá baol mór i gceist leis an mbruscar don dúlra. Trí do bhruscar a thabhairt abhaile leat, cuidíonn tú leis an bpáirc agus leis an bhfiadhúlra atá inti a chosaint, agus le Gleann Bheatha a choinneáil sláintiúil.


Íoslaghdaigh an tionchar a bhíonn ag tinte

Ní cheadaímid tinte d’aon chineál inár gcuid páirceanna náisiúnta. Is féidir tionchair bhuana a bheith ag tinte agus is féidir leo plandaí agus ainmhithe a scriosadh. Labhair lenár saoistí nó lenár bhfoireann Oideachais má tá comhairle de dhíth ort, agus seiceáil an treoir atá againn maidir le Campáil sa bhFiántas chun sonraí a fháil.


Tionscadail Chaomhnaithe & Speicis Neamhchoitianta

Caomhnú: Tionscadal Rianaithe Chuach na hÉireann

THUAS: Cuach Carran.

Caomhnú: Tionscadal Rianaithe Chuach na hÉireann

An Chuach nó Cuach

Tá stair fhada ag an gCuach, mar aon leis an bhFáinleog agus an Traonach, mar chomhartha go bhfuil an samhradh linn, ag sroichint na tíre sna laethanta deiridh d’Aibreán, tréimhse ama ar a dtugtar ‘ré na cuaiche’ air go minic.

Imirceach samhraidh go hÉirinn iad na cuacha agus ní bhíonn na héin fhásta anseo ach ó Aibreán go tús mhí Iúil, tar éis dóibh an geimhreadh a chaitheamh san Afraic agus is éan uathúil in Éirinn iad mar beireann siad a gcuid uibheacha i neadacha éan eile agus níl baint ná páirt acu le tógáil a n-ógánach.

Tá laghdú 27 % tugtha faoi deara tagtha ar an gCuach i ndáileadh pórúcháin ón gcéad daonáireamh náisiúnta, Atlás Éan (1968-1972), agus an tAtlas Éan is déanaí (2007-2011). San Atlas Éan is déanaí léiríonn treochtaí daonra ar fud na Breataine agus na hÉireann laghduithe móra ar fud Shasana agus na Breataine Bige, méaduithe in Albain agus cobhsaíocht choibhneasta in Éirinn. Mar sin, léiríonn an Chuach aistriú daonra ó thuaidh agus siar cosúil le roinnt imirceach eile a bhíonn ag geimhriú i réigiúin thaise na hAfraice. Mar sin féin, is beag eolas atá ann faoi na cúiseanna agus na spreacthaí a d’fhéadfadh a bheith leis na laghduithe sin.

Cuacha a Rianú

In 2011, thug Iontaobhas na Breataine um Éaneolaíocht (BTO) faoi thionscadal nua chun staidéar a dhéanamh ar phatrúin imirce na Cuaiche. Cé go raibh staidéar maith déanta ar an gCuach le linn an tséasúir phóraithe sa Ríocht Aontaithe, chomh luath agus a thug siad faoi imirce, is beag eolais a bhí ar na bealaí a thóg siad nó ar cén áit san Afraic ar chaith siad míonna an gheimhridh. Dá bhféadfaí na réimsí a bhfuil tábhacht leo do na héin seo a aithint, d’fhéadfaidís staidéar a dhéanamh ar bhrúnna a d’fhéadfadh caillteanais dhaonra na gCuach a mhíniú.

Ó dheireadh 2022 ann, tá clibeáil déanta ar níos mó ná 100 cuach fásta ar fud na Breataine agus tá go leor foghlamtha faoi na bealaí a tógadh, agus faoi roinnt de na brúnna a bhíonn orthu dul i ngleic leo agus iad ar imirce. Ach is í an cheist mhór dúinne ná an bhfuil na ceisteanna céanna le sárú ag Cuach na hÉireann nó an dtugann siad faoi straitéis imirce éagsúil agus aghaidh ar dhúshláin éagsúla?

Mar sin i mBealtaine 2023, chruthaigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) nasc le foireann Chuach an BTO chun tabhairt faoi rianú satailíte ar cheithre chuach Éireannach. Trí cinn as Páirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí agus ceann as Páirc Náisiúnta Bhoirne, Co. an Chláir. Bhí trí cinn de na héin seo urraithe go díreach ag an NPWS agus an ceathrú éan ag urraitheoir príobháideach. Feistíodh na héin seo le clibeanna satailíte agus is féidir a ngluaiseachtaí a leanúint ar na naisc thíos:

Caomhnú: Tréad na bhFianna Rua Dúchasacha

THUAS: fia rua fireann

Caomhnú: Tréad na bhFianna Rua Dúchasacha

Téann tréad na bhfianna rua atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta siar chomh fada leis an Aois Neoiliteach agus is iad an t-aon tréad dúchasach sa tír iad anois. Cé go bhfuil tréada fianna rua le fáil in áiteanna eile in Éirinn, is ó stoc athbhunaithe a tháinig siad (ó Albain go príomha).

Is é an fia rua an mamach talún is mó in Éirinn agus d’fhéadfadh na fianna rua fireanna a bheith chomh trom le 220kg. D’fhéadfadh an fia rua baineann a bheith chomh trom le 110kg. Mar a thugann an t-ainm le fios, tá fionnadh ar dhath deargdhonn a iompaíonn donnghlas sa gheimhreadh orthu tráth a n-éiríonn an fionnadh níos tibhe le cosaint a chur ar fáil dóibh ón aimsir. Is féaránaigh go príomha iad na fianna rua ach itheann siad fraoch, toir agus féar garbh freisin. Sceitheann na fianna rua fireanna a gcuid beanna gach uile bhliain, rud a chinntíonn go mbíonn teacht aniar iontu do shéasúr na reithíochta.

Speicis Neamhchoitianta Tréad Bó Dúchasach Chiarraí

THUAS: bó Chiarraí

Speicis Neamhchoitianta Tréad Bó Dúchasach Chiarraí

Is féidir tréad bó dúchasach Chiarraí a fheiceáil ag innilt go minic i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Meastar iad a bheith ina speiceas neamhchoitianta anois agus is furasta iad a aithint ón dath atá orthu agus an mhéid atá iontu.

Tá Bó Chiarraí beagnach dubh go hiomlán seachas an paiste beag aisteach atá ar an útha. Meánn bó fhireann suas go dtí 550kg agus an bhó bhaineann 350 – 450kg agus cé go bhfuil siad níos lú ná pórtha eile, tá teacht aniar iontu agus tá siad láidir. Creidtear go bhfuil siad ar cheann de na pórtha is sine san Eoraip agus is le haghaidh bainne is mó a úsáideadh iad. Níl ach fíorbheagán de thréad Bó Chiarraí fágtha ach tá tréada le fáil in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada agus i Meiriceá.

Caomhnú: An Clár Athbhunaithe Iolair

THUAS: iolar mara

Caomhnú: An Clár Athbhunaithe Iolair

An tIolar Mara (Haliaeetus albicilla) – ní raibh iolair le feiceáil in Éirinn ó thús na 20ú haoise gur cuireadh clár athbhunaithe ar siúl i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, agus tá an t-iolar mara le feiceáil sa spéir arís.

Is é an t-iolar mara an t-éan cónaithe is mó in Éirinn le réise sciathán suas le 2.4 méadar agus tá fad a choirp thart ar mhéadar amháin. Is é an t-iolar baineann an t-éan is mó ag thart ar 6kg agus an t-iolar fireann thart ar 4kg. Is dath donn atá ar an iolar fásta le cloigeann bán agus fásann an t-eireaball sainiúil bán nuair a bhíonn siad idir 3-4 bliana d’aois. Is os cionn Loch Léin sa Pháirc Náisiúnta is mór a mbíonn an t-iolar le feiceáil.

Tá tuilleadh fíricí agus físeáin ó thaifeadtaí beo ceamara gréasáin ar an Iolar Mara Bán ar fáil ó shuíomh Gréasáin Thearmann Dúlra Ghleann Garbh.

Speicis Neamhchoitianta Sead Fhallacsach Chill Airne

THUAS: Sead Chill Airne

Speicis Neamhchoitianta Sead Fhallacsach Chill Airne

Tá Sead Fhallacsach Chill Airne (Alosa killarnensis) – a dtugtar ‘gabhairín’ air go háitiúil, uathúil in Éirinn ach tá sé uathúil i gCiarraí freisin agus níl siad le fáil ach in aon loch amháin laistigh de Pháirc Náisiúnta Chill Airne, Loch Léin.

Fásann siad go 20cm ar fad agus tá cuma scadáin orthu, tá saol ré de cúig bliana ag an tsead. Is zóplanctón atá le fáil in aibhneacha is mó a itheann siad. Tá an tsead bhaineann beagán níos mó ná an tsead fhireann agus úsáideann siad limistéir ghairbhéil in aice na n-oileán atá ar an loch mar limistéir sceite le linn mhíonna an Mheithimh agus Iúil. Tá an speiceas seo thar a bheith spéisiúil mar go gcreidtear gur tháinig siad chun an locha le linn na hoighearaoise deiridh suas le 10,000 bliain ó shin, agus mar a thosaigh na hoighearchlúideacha ag leá bhí orthu iad féin a chur in oiriúint mar speiceas talamhiata.

Speicis Neamhchoitianta An Chuil Chadáin (Setodes argentipunctellus)

THUAS: an chuil chadáin

Speicis Neamhchoitianta An Chuil Chadáin (Setodes argentipunctellus)

Is feithide uisceach rí-annamh í an Chuil Chadáin in Éirinn agus níl fáil uirthi ach i bPáirc Náisiúnta Chill Airne amháin. Creidtear go bhfuil an Chuil Chadáin fanta ón oighearaois dheiridh.

In ainneoin a hainm, ní cuileog atá i gceist; dé bhrí nach bhfuil ach péire amháin sciatháin ar chuileog, tá dhá phéire sciathán ar an gCuil Chadáin. Tá sí le fáil thart ar imeall lochanna, aibhneacha agus srutháin agus is uisceach atá larbha na Cuile Cadáin. Ní mhaireann an Chuil Chadáin ach cúpla seachtain. Is foinse thábhachtach bia atá sa Chuil Chadáin agus an larbha d’éisc agus d’éin.

Speicis Neamhchoitianta Snáthaid Mhór, Smaragaid an Tuaiscirt (Somatochlora arctica)

THUAS: snáthaid mhór smaragaid an tuaiscirt

Speicis Neamhchoitianta Snáthaid Mhór, Smaragaid an Tuaiscirt (Somatochlora arctica)

Is í seo an tSnáthaid Mhór is neamhchoitianta in Éirinn, agus meastar nach bhfuil sí le fáil ach in dhá limistéar bheaga i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Ní mhaireann Smaragaid an Tuaiscirt fhásta ach seal gearr, idir seachtain amháin agus ocht seachtaine, de ghnáth.

Le linn an ama sin is féidir teacht orthu in aice na talún áit a mbíonn siad crochta ar fhásra nó ar thóir foráiste go hard i mbarr crainn. Is féidir iad a fheiceáil idir míonna na Bealtaine agus Meán Fómhair ach is mó seans gur idir míonna an Mheithimh agus Iúil a bheidh siad le feiceáil. Fágann Smaragaid an Tuaiscirt baineann a cuid larbha i linnte móna éadomhain agus is féidir a gcuid uibheacha beaga bídeacha a fheiceáil ar ghéagáin agus ar dhuilleoga phlandaí uisceacha nó in uisce nó i bpuiteach bog. Meastar go bhfuil pobal níos lú ná 1,000 de Smaragaid an Tuaiscirt fásta in Éirinn.

Flóra


Tá codanna áirithe de Pháirc Náisiúnta Chill Airne nár cuireadh isteach orthu mórán le cúpla céad bliain. Thug sé seo deis do speicis éagsúla bláthanna agus plandaí a bheith faoi bhláth. Is in Éirinn amháin a fhaightear cuid de na plandaí atá sa Pháirc Náisiúnta. Ainmníodh an Pháirc Náisiúnta mar thearmann bithsféir mar gheall ar speicis neamhchoitianta den chineál sin a bheith ann.

Crann iúir

THUAS: Crann iúir

Bláthanna Fiáine

Bláthanna Fiáine

Fásann bláthanna fiáine go neamhshrianta san fhiántas agus is cuid thábhachtach iad ó thaobh an bhithéagsúlacht a chosaint. Tá os cionn 800 sampla de phlandaí faoi bhláth againn in Éirinn. Tá na bláthanna fiáine faoi bhagairt mar gheall ar chleachtais talmhaíochta, speicis choimhthíocha agus athzónáil talún chun críocha tógála. Tá thart ar 120 speiceas de bhláthanna fiáine faoi bhagairt in Éirinn.

Áirítear ar speiceas atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta: astair, cloigín gorm, an féithleann coitianta, peasair shearbh, lus na gcnapán, an buachalán buí, luachair chaol, feochadán, cluas luchóige choiteann, mínscoth, lus na seabhac, seamair choille, lus na hóige, sciollam na móna, bodán meascáin agus an drúchtín móna. Tá Lile Fhíonáin neamhchoitianta agus ina speiceas faoi chosaint le fáil sa Pháirc Náisiúnta.

Fána


Cé nach bhfuil an oiread céanna speiceas ainmhithe in Éirinn agus atá sa gcuid eile den Eoraip, tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint le go leor dár speicis agus dár ngnáthóga. Tá roinnt speiceas i bPáirc Náisiúnta Chill Airne atá uathúil, ní hamháin d’Éirinn ach don Pháirc Náisiúnta féin.


Tá éagsúlacht dochreidte ag baint leis na speicis éan atá le fáil sa Pháirc Náisiúnta; bíonn cuid acu anseo an bhliain go léir, ach is éin imirceacha cuid eile nach gcaitheann ach cuid den bhliain anseo. Tá níos mó ná 450 speiceas éan in Éirinn agus tá breis agus 140 díobh sin le fáil sa Pháirc Náisiúnta.


Tá 26 speiceas de mhamaigh talún ann atá nádúrtha in Éirinn agus is féidir 20 díobh seo a fháil i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Is ainmhithe iad na mamaigh talún a mhaireann ar an talamh, atá teofhuilteach agus a shaolaíonn ainmhithe beo (seachas uibheacha a bhreith). Análaíonn siad aer agus ag pointe éigin ina saol beidh fionnadh orthu.


Is iad ina hinveirteabraigh an grúpa ainmhithe is éagsúla agus is líonmhaire ar domhan. Is ainmhí fuarfhuilteach é an t-inveirteabrach nach bhfuil aon chnámh droma aige. Is féidir leis maireachtáil ar an talamh, mar a dhéanann feithidí, damháin alla, agus péisteanna nó san uisce, mar a dhéanann diúilicíní agus seilidí uisceacha.

Tá cnámh droma ag amfaibiaigh agus ag reiptílí ach murab ionann agus veirteabraigh eile, dála mamaigh agus éin, tá an chuid is mó den speiceas fuarfhuilteach. In Éirinn níl ach dhá speiceas d’amfaibiaigh againn gur speicis dhúchasacha iad agus speiceas amháin de reiptíl atá nádúrtha don tír. Tá na trí cinn le fáil sa Pháirc Náisiúnta.

Is ainmhithe veirteabracha uisceacha iad na héisc, a bhfuil geolbhaigh ach nach bhfuil géaga orthu, agus is féidir iad a fháil nach mór i ngach gnáthóg uisceach. Tá 14 speiceas éagsúil éisc in uiscí Pháirc Náisiúnta Chill Airne, agus tá ceann amháin acu an-neamhchoitianta agus gan fáil air in áit eile ar domhan.

Gnáthóga

Tá an-éagsúlacht ó thaobh gnáthóga de sa Pháirc Náisiúnta lena n-áirítear coillearnacha, lochanna, aibhneacha agus linnte, easanna, portaigh agus móintigh, talamh féarach agus carraigeacha.


Coillearnach Iúir


Clúdaíonn coillearnach, a bhfuil iúr ar a formhór, thart ar 25 heicteár d’aolchloch sceire agus de phábháil Carbónmhar i gCoill Reenadinna ar Leithinis Mhucrois. Chomh maith le hiúr, tá col, dair, fuinseog, cuileann, fearnóg agus saileach coitianta go háitiúil san áit a bhfuil loig atá lán le hithir. Is i gCoill Reenadinna atá an choillearnach iúir is mó in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa, go deimhin. Tá na lomáin aolchloiche clúdaithe le clúdach tiubh brífíte ar díol suntais é mar gheall go bhfuil aelus (Marchesinia mackaii) an Atlantaigh Theas ann.

Coillearnach Leathanduilleach Fhliuch


Áirítear sa chatagóir seo, coillearnacha atá faoi uisce sa gheimhreadh ach atá tirim sa samhradh chomh maith le coillearnacha atá faoi uisce i gcónaí. Tarlaíonn an chéad cheann sin i limistéir ísle aolchloiche Carbónmhara ar imeall locha, go mór mór feadh an taobh thoir thuaidh de Loch Léin (m.sh. sa Rinn agus ar Oileán an Rois). Tá formhór an limistéir seo faoi uisce le linn an gheimhridh, le fíor bheagán nó gan uisce bodhar ann le linn an tsamhraidh. Mar sin féin, bíonn an ithir ar an dromchla fliuch nó thar a bheith tais i gcónaí.

Bratphortach


Tá tulóga de chaonach móna atá á ndeighilt ag linnte mar shainghné ar phortach atá i limistéir chothroma móna in ísealchríocha atá domhain agus tá roinnt gnéithe ann atá mar a chéile le fásra atá ar phortaigh ardaithe lár tíre. Is féidir cur síos a dhéanamh ar Phortaigh Luascánaigh, Thalamh an Éisc agus Portach Oileán Darach mar phortaigh atá sa chatagóir seo. De ghnáth tacaíonn bratphortaigh ag airde mhór le speicis ar nós fraoch mór, lus na feannóige, fraochán, ceannbhán agus luachair chaoráin chomh maith le caonach portaigh agus léicin shainiúla éagsúla.

Coillearnach Leathanduilleach Thirim


Cuimsíonn na coillearnacha darach ar an Sean-Ghaineamhchloch Rua i gCill Airne an limistéir de choillearnach dhúchasach is mó atá fanta in Éirinn. Téann na coillearnacha seo ó limistéir réasúnta fhairsinge chois locha, ar nós Choill na dTóimí go coillearnacha atá níos scartha ar nós, Dúdhoire Uachtarach agus Glaisín na Marbh. I gcoillearnach atá dea-fhorbartha, is dair ghaelach formhór an cheannbhrait, de ghnáth idir 13 agus 20 méadar ar airde, le cuileann ag fás thíos fúthu. Tá beith agus caorthann le fáil go minic freisin, ach is fíor-annamh fíor fáschoill.

Fraochmhá


Ó thaobh na luibheolaíochta tá bratphortaigh cosúil le fraochmhá fliuch. D’fhéadfadh siad a bheith i dtír-raon ar bith ach is fearr a dhéanann siad ar fhánaí moiréin measartha géar nach bhfuil chomh tirim sin, áit nach bhfuil doimhneacht na móna níos mó ná méadar amháin ar doimhne. Áirítear ar ghnáthspeicis, fraoch mór, fraoch naoscaí, aiteann agus railleog le fionnán, cibcheanngheal, ceannbháin, niamhnaid, luachair chaoráin agus roinnt speicis caonach móna. Tá an fhraochmhá thirim is fearr atá forbartha sa Pháirc Náisiúnta ar shleasa na sléibhte siar ó Loch Léin, ar nós, Sliabh Shehy, na Tóimí agus an Sliabh Corcra.

Coillearnach Mheasctha


Léirítear go leor de ghnéithe na coillearnaí nádúrtha i roinnt de na coillte atá i ndiméin an dá eastát nó gar dóibh, ach tá speicis andúchasacha líonmhar le fáil iontu freisin. Áirítear ar na coillte seo, Game Wood, iarsmaí de Bellview Woods, cuid d’Oileán an Rois agus an Rinn, chomh maith le Monks Wood agus páirteanna eile de Mhucros. Déanann roinnt de na crainn agus de na toir andúchasacha, lena n-áirítear, feá, crann sleamhain, an seiceamar, an róslabhras, an labhras silíní agus an labhras Portaingéileach athghiniúint go héasca, ó shíolta i roinnt cásanna agus go fásúil i gcásanna eile.

Féarthalamh


Téann cineálacha féarthailte laistigh den Pháirc Náisiúnta ó fhéarthailte neamhfheabhsaithe atá saibhir ó thaobh speicis go báinseacha atá bainistithe go dian timpeall ar limistéir ina mbíonn go leor cuairteoirí. Tacaíonn móinéir thaise le fionnán, atá le fáil ar an taobh thoir de Loch Léin, le speicis atá gann ar nós, cearbhas fáinneach agus milleanna móna. Áirítear ar speicis eile, luachair bhláthghéar, fiastalach, cíb chruithneachta, greim an diabhail, beinteach reatha, niamhnaid, sailchuach chorraigh agus an many-headed woodrush (giúnach).

Aibhneacha, Srutháin agus Easanna


Tá aibhneacha agus srutháin bheaga líonmhara ag sníomh isteach i Loch Léin, Loch Mhucrois agus sa Loch Uachtarach. Ciallaíonn nádúr na geolaíochta agus na haeráide bunúsaí go bhfuil siad seo faoi réir ag maidhm thuile. Cé go bhfuil siad aigéadach go ginearálta agus íseal ó thaobh cothaithigh, tacaíonn na huiscí seo ina bhfuil sruth, le fásra tábhachtach agus le hinveirteabraigh neamhghnácha.

Lochanna, Linnte agus Bogaigh


Is de chineál comloch iad go leor de na lochanna ar na hardtailte, ag bun aille agus gaibhnithe ag moiréin oighreacha. Áirítear ar shamplaí de chomlochanna, Poll Ifrinn ar an Mhangarta agus Loch Crincaum ó thuaidh de Shliabh Cromaglan. Tá líon lochanna olagatrófacha ísealchríche sa Pháirc Náisiúnta. Go ginearálta tá siad seo níos mó ná na lochanna ar na hardtailte, agus tá raon leathan de speicis plandaí iontu. Áirítear an Loch Uachtarach agus Loch Mhucrois ar shamplaí.

Plandáil Bhuaircíneach


Tá trí phríomhlimistéar taobh istigh den Bourn Vincent Memorial Park inar phlandáil an t-iarRoinn Tailte plandálacha buaircíneacha idir na blianta 1933 agus 1953. Cuireadh 538 heicteár ar shleasa Thoirc/Mhucrois ar fáil d’fhoraoiseacht sa bhliain 1933, cuireadh 371 heicteár ar fáil i nDoire Coinche/Luascánach sa bhliain 1958 agus 328 heicteár sna Tóimí sa bhliain 1958. Sprús sitceach agus péine contórtach na príomhspeiceas crainn a plandáladh. Áirítear ar speiceas eile, sprús Lochlannach, péine Monterey, péine Albanach, learóg Eorpach, giúis gheal, giúis Dhúghlais, himlic agus céadar.


Geolaíocht


Cuimsíonn Páirc Náisiúnta Chill Airne codanna de na Cruacha Dubha agus tá go leor sléibhte laistigh de na teorainneacha. Soláthraíonn na lochanna agus na foirmíochtaí carraige radhairc áille agus iad ar thoisí éagsúla.

Bearna an Choimín
Thuas: Bearna an Choimín, agus na Cruacha Dubha agus Sliabh Corcra clúdaithe ag scamaill, tógtha ó Chéim an Daimh, in aice le Cill Airne, Co. Chiarraí, Éire
Faigh tuilleadh eolais faoi gheolaíocht agus faoi thírdhreach Pháirc Náisiúnta Chill Airne sa treoir seo thíos maidir le Cosán Geolaíochta Ghleann Chill Airne.

Treoraí Conaire