Tá Páirc Náisiúnta Chill Airne mar a bheadh clós súgartha ann do dhaoine gur breá leo a bheith amuigh faoin aer le himeachtaí éagsúla agus radharcra iontach le feiceáil i ngach treo. D’fhéadfá dul ag siúl nó ag rothaíocht ar na rianta agus na cosáin atá ar fud na Páirce Náisiúnta nó b’fhéidir dul ar thuras suaimhneach i mbád nó i gcarr capaill. Tá go leor stadanna ann inar féidir suí síos agus taitneamh a bhaint as an dúlra agus as an timpeallacht álainn. Tá neart siúlóidí sa Pháirc Náisiúnta, idir siúlóidí locha, coillte agus sléibhte, ag leibhéil éagsúla deacrachta. Féach ar shonraí gach siúlóide inár dtreoir thíos.
I gcás éigeandála a bhaineann leis na gardaí, le dóiteáin, otharchairr nó tarrthála sléibhe glaoigh ar 999 nó 112.
Tá Eolas do Chuairteoirí ar fáil ag Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi shiúlóidí agus léarscáileanna de shiúlóidí ar leith cliceáil ar na naisc thíos.
Cuirtear turais threoraithe ghairmiúla ar fáil i dTeach Mhucrois, i dTeach Chill Airne agus i gCaisleán an Rois. Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil agus le turas a chur in áirithe.
Beidh ar do chumas turais báid oscailte a chuir in áirithe sa Seanteach Báid in aice le Teach Mhucrois; tá turais báid oscailte agus clúdaithe araon le fáil freisin ó Chaisleán an Rois. Áirítear ar bhealaí a bhfuil an-tóir orthu, turas ar Loch Léin, Inis Faithlinn, Teachín an Tiarna Brandon agus Leithinis Dhaimhinse.
Ceadaítear canúáil nó cadhcáil ar na lochanna ach beidh cead ag teastáil uait agus caithfidh tú do bhád a ghlanadh le huisce brúchóirithe roimh ré. Íoslódáil an t-iarratas ar chead anseo agus foghlaim tuilleadh ónár dtreoir faoi conas iarratas a dhéanamh ar chead canúála.
Tá cuid de na héin atá sa Pháirc Náisiúnta lonnaithe ansin agus is féidir teacht orthu laistigh de na teorainneacha ó cheann ceann na bliana agus is éin imirceacha cuid eile acu. Toisc gnáthóga éagsúla a bheith laistigh den Pháirc Náisiúnta tá réimse leathan speiceas ann, idir an t-éan creiche agus an rálóg, an t-éan coille agus an lapaire, agus cuid eile idir eatarthu. Tá níos mó ná 450 speiceas éan in Éirinn agus taifeadadh os cionn 140 díobh sin sa Pháirc Náisiúnta.
Tá trí chuideachta marcaíochta capall ag obair sa Pháirc Náisiúnta. Úsáideann siad Foraois Mhucrois agus an ceantar timpeall ar Chnoc Rír. Íocann na cuideachtaí seo táille as a gcead agus tá árachas acu. Ní cheadaítear fálróid ar chapaillíní, is cuma an bhfuil sé ar bhonn tráchtála nó príobháideach, in áit ar bith eile sa Pháirc Náisiúnta.
Baintear an-úsáid as Loch Léin le haghaidh iascaireacht bradán agus breac, agus is minic a reáchtáiltear comórtais ar an loch. Cé go mbíonn iascaireacht ar siúl go rialta ar Loch Mhucrois agus ar an Loch Uachtarach freisin ní bhíonn an oiread céanna de ar siúl. Tá an-tóir ar na lochanna, go háirithe cladaí éadoimhne agus bánna Loch Léin, don iascaireacht bradán agus breac, agus bíonn formhór na slatiascairí ag iascaireacht óna mbáid féin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis na Maoir Pháirce ar 064 663 5215.
Ceadaítear snámh i limistéir áirithe den Pháirc Náisiúnta ach ní mór do chuairteoirí a bheith aireach. Déantar bainistiú ar uiscebhealaí uile na Páirce Náisiúnta go príomha ar mhaith le cúrsaí caomhnaithe agus tá tionchar aige seo ar an gceadófar imeacht ar leith nó nach gceadófar.
Tá ceist sábháilteachta ann chomh maith – de ghnáth bíonn lochanna sléibhe domhain agus fuar, agus is féidir leis na uisce sna haibhneacha sléibhe ardú go mór agus go tobann tar éis báistí. Bíonn na lochanna domhain agus athraíonn an doimhneacht go tobann. Bíonn na limistéir éadoimhne iontu cúng go leor agus íslíonn siad gan choinne in áiteanna áirithe. Is áit snámha traidisiúnta é cladach an Ghóilín i Loch Mhucrois, a bhfuil fána deas réidh leis. Is féidir leat comhairle a iarraidh i gcónaí ar ár Maoir Pháirce i dtaobh suíomhanna snámha oiriúnacha.
Má théann tú ag snámh sna lochanna tabhair faoi deara nár chóir leanaí a fhágáil leo féin riamh le bheith ag snámh nó ag lapadaíl gan súil ghéar a bheith coinnithe orthu. Ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht, ní cheadaítear aon leaba aeir ná aon bhréagán inséidte eile.
Sna ngairdíní tá crannlann, teach mór gloine agus saghsanna éagsúla flóra agus fána. Bíonn na gairdíní thar a bheith ildaite i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh agus tá cáil orthu mar gheall ar a gcuid róslabhras agus azaleas.
Chothaigh agus d’fhorbair teaghlach Herbert na gairdíní ó dheireadh an 19ú haois agus iad ag ullmhú do chuairt ón mBanríon Victoria in 1861. Níos déanaí, chuir teaghlach Bourn Vincent roinnt láithreacha eile leis, lena n-áirítear an Gairdín Slogtha, Gairdín na gCarraig agus Gairdín an tSrutháin.
Is féidir le cuairteoirí léargas a fháil ar mhodhanna sníomh agus fíodóireachta traidisiúnta inár gceardlann ceardaíochta. Cuirtear táirgí a dhéanann ár bhfíodóirí i Mucrois chuig breis agus 100 siopa ar fud an domhain.
Taispeánann an Fheirm Thraidisiúnta an saol a bhí ann faoin tuath in Éirinn le linn na 1930idí agus na 1940idí. Mar chuid den fheirm tá gabháltas beag, ceann ar mheánmhéid agus ceann mór. Chomh maith leis sin feicfidh na cuairteoirí teachín le hoibrí feirme, ceardlann siúinéir, ceárta gabha agus teach scoile. Bain sult as ainmhithe feirme a fheiceáil, chomh maith le féachaint ar arán agus im úr á ndéanamh.
Fón
(064) 66 30804
Tá ionad taispeántais léirmhínitheach, gairdíní pléisiúir foirmiúla, siúlóid na silíní agus an teorainn luibhe is faide dá bhfuil in Éirinn i dTeach Chill Airne. Toisc go bhfuil sé cóngarach do bhaile Chill Airne, is áit iontach é chun tús a chur le do chuairt ar an bPáirc Náisiúnta.
Tógadh Teach Chill Airne i ndeireadh an 17ú haois agus i dtús ama bhí sé ina chlós stábla le haghaidh an chéad Teach Chinn Mhara riamh. Is féidir le cuairteoirí an turas faoi threoir a dhéanamh nó féachaint ar an taispeántas, ina dtugtar breac-chuntas ar an lear mór suíomhanna speisialta atá sa Pháirc Náisiúnta agus ar an obair thábhachtach chaomhnaithe atá ar bun againn.
Tá fál sceach iontach den rós, an Edric Fhiáin, sna gairdíní máguaird. Sna ngairdíní pléisiúir, atá athchóirithe, tá leapacha leagtha amach i stíl parterre agus tá fiú amháin “patte d’oie”ann. Chomh maith leis sin is féidir le cuairteoir tabhairt faoinár siúlóid silíní agus an teorainn luibhe, a bhfuil an-cháil orthu, a shiúl.
Teach agus Gairdíní Chill Airne
fón: 01 5393620
ríomhphost: infokillarneyhouse@npws.gov.ie
Tá Caisleán an Rois suite ar ghóilín ar a dtugtar Oileán an Rois ar imeall Loch Léin. Ba é an taoiseach Éireannach, Ó Donnchadha Mór, a thóg é agus is sampla breá é de thúrtheach agus de dhaingean ón 15ú haois. Athchóiríodh an caisleán i 1970 agus tá samplaí ann de throscán ón 16ú agus ón 17ú haois.
Bíonn Caisleán an Rois oscailte don phobal go séasúrach agus bíonn fáil ar thurais faoi threoir i rith an lae. Tá roinnt cosán siúil ar Oileán an Rois a thugann deis do chuairteoirí dul timpeall an cheantair atá lán le radhairc áille as an ngnáth.
Mainistir de chuid na bProinsiasach in Irrelagh ab ea Mainistir Mhucrois. Bhunaigh Dónal Mac Carthaigh Mór é do na Proinsiasaigh Observatine sa 15ú haois. I measc na bhfothracha atá ann faoi láthair, agus dea-chaoi orthu, tá séipéal le túr leathan cearnach agus fuinneoga breátha, agus mainistir luscach le stuara áirsí thart ar chlós cearnach. Tá crann iúir ársa, a ndeirtear faoi go bhfuil sé chomh sean leis an mainistir féin, ag fás i lár an chlóis.
Deirtear gur thóg Naomh Fionán an chéad mhainistir ar an suíomh am éigin sa 6ú haois. Chomh maith leis an reilig, a bhaineann leis an mainistir bhunaidh, tá reilig níos nua-aimseartha ar an láthair freisin.
Tá seanreilig a bhaineann le mainistir de chuid na hÉireann chomh maith le reilig nua-aimseartha i Mainistir Mhucrois. Is i Mainistir Mhucrois atá cuid de na taoisigh áitiúla curtha, chomh maith le triúr filí Gaelacha, ón 17ú agus ón 18ú haois, Séafraidh Ó Donnchadha, Aodhagán Ó Rathaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin. Tá an reilig fós in úsáid agus bíonn roinnt adhlacthaí ann gach bliain.
Tá Mainistir Mhucrois oscailte don phobal agus níl sé ach achar gairid, de shiúl na gcos, ón gcarrchlós ar an N71.