Skip to main content

“a silver stone land with not enough water to drown, nor earth to bury, but fauna and flora half-hidden, abundant.”

Maureen Grady

Dúlra & Caomhnú


 

Tá Páirc Náisiúnta Bhoirne lonnaithe sa chuid thoir theas de Bhoirinn agus tá thart ar 1500 heicteár inti. Tá samplaí inti de gach gnáthóg mhór atá le fáil i mBoireann: Pábháil Aolchloiche, Féarach Cailcreach, Scrobarnach Choill, Coillearnach Fuinseoige/Choill, Turlaigh, Lochanna, Fuaráin Chlochraithe, Aillte agus Eanach.

 

Gnáthóg Thírdhreach Boireannach

Thuas:Gnáthóg Thírdhreach Boireannach

Is ón bhfocal Gaeilge “Boirinn” a eascraíonn an focal Béarla “Burren”, agus is éard is brí leis ná áit charraigeach. Is ainm fíor-oiriúnach é seo nuair a chuirtear an easpa ithreach agus fairsinge na Pábhála Aolchloiche nochta inti san áireamh. Mar sin féin, tagraíodh di mar “Fertile rock” san am atá caite i ngeall ar an meascán torthúil de luibheanna agus bláthanna atá le fáil.

Maireann plandaí Artacha-alpacha agus plandaí Meánmhuirí taobh le taobh, fásann plandaí cailciarrthacha (a dtaitníonn aol leo) agus cailctheifeacha (a dtaitníonn aigéad leo) in aice a chéile, agus fásann plandaí coillearnaí amuigh faoin spéir gan aon chrann in aice láimhe mar scáth ar an ngrian. Feicfidh tú freisin go bhfuil speicis áirithe le fáil go flúirseach i mBoireann, cé nach bhfuil siad coitianta in áiteanna eile. Maireann na plandaí seo ar fad i ndomhan a bhfuil cuma air nach bhfuil ann ach clocha amháin.

Cosain an Dúlra

Go raibh maith agat as cuidiú linn dúlra a chosaint i mBoirinn. Nuair atá tú freagrach agus tú ag baint sult as caitheamh aimsire amuigh anseo, cuidíonn tú linn na hainmhithe agus gnáthóga uathúla atá le fáil i dtírdhreach Bhoirne a chaomhnú.

Cloí lenár noda thíos maidir le dúlra a chosaint agus cuimhnigh gan aon lorg de do chuairt a fhágáil i do dhiaidh:

Leideanna Úsáideacha

Cloí leis na conairí marcáilte

Tá sé tábhachtach cloí leis na conairí marcáilte d’fhonn an tírdhreach a chosaint, agus ná cuir isteach ar fhiadhúlra. Seiceáil an aimsir agus bí cinnte go dtugann tú leat gach rud a bheidh ag teastáil uait sula dtosaíonn tú amach.

Cosain struchtúir ársa

Tá go leor de na ballaí i mBoireann ina struchtúir ársa. Bain leas as na dreapaí atá ar fáil agus ná téigh thar na ballaí

Bí Tuisceanach

Cuimhnigh geataí a dhruidim i do dhiaidh.


Bíodh meas agat ar phríobháideachas

Ní cheadaítear aon drón a úsáid gan cheadúnas.

Fág an Méid a Aimsíonn tú

Ná corraigh agus ná bain aon chlocha nó iontaisí, ná pioc aon phlandaí agus ná cuir isteach ar fhiadhúlra.

Cuir Dramhaíl de Láimh mar is Ceart

Baol mór don dúlra is ea bruscar. Trí do dhramhaíl a thabhairt abhaile leat, tugann tú lámh chúnta chun an pháirc agus an fhiadhúlra a chosaint, agus bail shláintiúil Bhoirne a choinneáil.


Cosain na huiscí

Cuimhnigh nach gceadaítear iascaireacht sna lochanna, sna turlaigh ná sna córais uisce i bPáirc Náisiúnta Bhoirne.


Geolaíocht


Tá aolchlocha ón tréimhse Charbónmhar Íochtair (Viséach) mar bhunús le Boirinn. Cruthaíodh an aolchloch ó dhríodair i muir thrópaiceach a chlúdaigh an chuid is mó d’Éirinn thart ar 350 milliún bliain ó shin. Comhbhrúdh na dríodair seo ina sraitheanna cothrománacha agus tá coiréil, cuáin mhara, lilí mara (críonóidigh) agus amóinítí iontu. Baineann na haolchlocha atá laistigh den pháirc leis an gcéim Aispiach de chruthú Bhoirne ina bhfuil dhá bhall díobh ar fáil:

Mullaghmór

  1. Tá an ball léibheannaithe níos óige dea-altach agus leabaithe go tréan le sraitheanna de chré agus sceall atá idirchurtha le leapacha aolchloiche sna hidirchéimeanna, ar gné sin a chruthaíonn próifíl shainiúil chéimnithe na gcnoc. Tá cloch a bhaineann leis an mball seo mar bhonn leis na limistéir sléibhe laistigh den Pháirc Náisiúnta agus sa cheantar máguaird. Áirítear leo sin na coimíní arda mar aon leis an Mullach Mór agus na cnoic Sliabh Rua agus na Cnocáin atá lasmuigh de phríomh-ardchlár aolchloiche Bhoirne agus atá ar an bpointe is faide thoir theas de cheantar sléibhe Bhoirne.

  2. Ní an ball bunúsach maumcaha leabaithe ach ina chuid uachtair agus tá criosanna atá lán de silice (seirt) sa chuid is airde. Tá an tsraith seo mar bhunús leis na limistéir ísle sa pháirc.

Oighriú & Tírdhreach oighearcharstach


Tá an Bhoirinn ar cheann de na samplaí is fearr ar domhan de thírdhreach oighearcharstach. Tá eolas ar dhá oighearleathadh ar a laghad i gceantar na Boirne. Mar sin féin, is dócha gurb éifeachtaí an
t-oighriú deiridh (Lár na Tíre) is mó atá le feiceáil sa Pháirc Náisiúnta. Ceaptar go raibh an chuid is mó den Bhoirinn faoi oighear le linn an oighriúcháin seo. Tá sé seo soiléir le láithreacht fosuithe úra de chré bholláin ag airde beagán faoi bhun 300 méadar. Ní dócha go raibh an clúdach oighir sách tiubh, áfach, agus b’fhéidir gur fhan cuid de na cnoic san iarthar siar ón oighear.

Rinne an t-oighear a chlúdaigh an Bhoirinn le linn na tréimhse seo aon scealla a bhí fágtha amach ón bPáirc a chreimeadh agus chabhraigh sé le cruth cruinn a thabhairt do na cnoic. Ba é an éifeacht a bhí ag na hoighearchlúidigh ná go leor den ábhar scaoilte a scríobadh sna limistéir pábhála ach bhí siad freagrach freisin as carnáin mhóra d’ábhar scaoilte (cré bholláin) a chur i bhfoirm droimníní agus moiréin nó dromanna ísle. Is féidir samplaí díobh seo a fheiceáil ar fhánaí thoir an Mhullaigh Mhóir. Bhog na hoighearshruthanna freisin agus chuir siad bolláin mhóra ar a dtugtar Carraigeacha Corra uaireanta, is féidir na bolláin mhóra aolchloiche seo a fheiceáil ar bharr na pábhála aolchloiche I gCnoc Bhaile Uí Mheachair, ceantar soir ó Mhullach Mór.

Tá éifeachtaí creimeadh tuaslagtha (carstú) a tharla níos luaithe scriosta mar gheall ar an oighearaois deiridh, mar sin níl carstú na Boirne sa lá atá inniu ann ach ag tarlú ón oighearaois deiridh thart ar 10,000 bliain ó shin. Mar sin tá Carst na Boirne sách nua-aimseartha i gcomparáid le Carst ó Oirthear na hEorpa.

Sliabh Cairn

Gnáthóga

Dá gcaithfeá súil ar Bhoirinn, seans go gceapfá nach bhfuil mórán eile inti ach cloch. Mar sin féin, is éiceachóras an-chasta atá ann. Tá na gnáthóga sa pháirc fite fuaite ina chéile agus is dá bharr sinn a chruthaítear meascán de ghnáthóga a bhfuil sé deacair iad a dhealú óna chéile. Is minic atá pábháil aolchloiche measctha le féarach cailcreach agus scrobarnach choill, nó is minic atá coillearnach fuinseoige le fáil ar phábháil aolchloiche.

Tá gach aon cheann de na gnáthóga móra i mBoirinn le fáil laistigh den pháirc. Tá thart ar 75% de na speicis de phlandaí atá le fáil in Éirinn le fáil laistigh de na gnáthóga i mBoirinn, lena n-áirítear 23 den 27 speiceas de mhagairlíní dúchasacha in Éirinn.


Pábháil Aolchloiche


Is le Boirinn a shamhlaítear pábháil aolchloiche anois agus clúdaíonn sí an chuid is mó den Pháirc Náisiúnta, cé gur minic go bhfuil meascán de ghnáthóga eile i gceist. D’fhéadfadh an phábháil bheith mín nó ina smidiríní.

Féarach Cailcreach


Tá féarach cailcreach le fáil ar léibhinn na sléibhte agus idir an phábháil aolchloiche freisin ina áiteanna a bhfuil sraith caol ithreach orthu agus ar shil-leaganacha oighreacha ar fud Bhoirne. Tá na féaraigh chailcreacha seo mar bhaile ag meascán neamhghnách flóra. Is iad na féaraigh seo, atá le fáil ina meascán le pábháil aolchloiche, a mheallann luibheolaithe ó gach cearn den domhan chun staidéar a dhéanamh ar an meascán uathúil plandaí seo a fhásann in éineacht lena chéile.

Foghlaim tuilleadh faoi fhéarach cailcreach inár dTreoir maidir le Gnáthóga.

Scrobarnach Choill


Tá scrobarnach choill ina gnáthóg choiteann i mBoirinn atá le fáil áit ar bith a bhfuil a dóthain ithreach agus foscaidh inti. Tá réimsí móra de dheisceart Bhoirne clúdaithe go hiomlán le scrobarnach choill, ó ard na glúine suas le 5 mhéadar ar airde. Cuireann an choill foscadh ar fáil do go leor speiceas d’fhána (broic, cait chrainn, sionnaigh, ioraí rua, lucha agus dallóga fraoigh), agus do speicis de phlandaí agus crainn freisin ar nós an draighean donn, an sceach gheal, driseacha, an fhuinseog, cuileann agus saileach.

Coillearnach Dhuillsilteach


Níl coillearnach aibí dhuillsilteach le fáil go coitianta sa pháirc, ach tá roinnt samplaí iontacha ann de choillearnach fuinseoige, choill, d’fhorais phéine agus de choillearnach dharach/fuinseoige. Athróidh scrobarnach ina coillearnach aibí dhuillsilteach le himeacht ama má bhíonn a dóthain ithreach agus foscaidh ar fáil. Is dual do an coillearnacha seo bheith suite i ngleannta tirime a bhfuil taobhanna crochta thart timpeall orthu, áit a séideann an ghaoth thar a mbarr, nó faoi scáth ailte.

Turlaigh


Is ón leagan Gaeilge ‘tuar loch’ a eascraíonn an focal Béarla turlough agus is éard is brí leis ná ‘loch a imíonn ar neamhní’. Tá turlaigh le fáil i limistéir a bhíonn faoi uisce le linn an gheimhridh nó le linn tréimhsí ina dtiteann báisteach throm. Is é screamhuisce, seachas aibhneacha, atá ina foinse uisce dóibh, agus sileann sé trí shúmairí nó trí scoilteanna i ngrinneall an locha. Den chuid is mó, tá leibhéal na gcothaitheach sna turlaigh atá sa Pháirc Náisiúnta an-íseal agus tá spéis mhór luibheolaíoch ag baint leo mar gheall ar a stádas olagatrófach. Tá an tor cúigmhéarach, ar speiceas annamh agus cosanta é, ar cheann de na plandaí atá le fáil sa chrios ardtuilte. Chomh maith leis sin, tá an caonach dorcha, Cinclidotis fontinaloides ann.

Eanach Cailcreach


I limistéir áirithe ina bhféadfadh tuilte tarlú go tréimhsiúil nó go séasúrach, ar nós imill Loch Gealáin agus sa bhaile fearainn Béal Íochtair, tá móin chailcreach i ndiaidh fás. Tacaíonn na limistéir seo le fásra eanaigh shaibhir a bhfuil speicis, lena n-áirítear sifín, fionnán agus báchrán, mar aon le réimse speicis de mhagairlíní, ina sainghné díobh. Cé gur cailleadh bogaigh den chineál céanna in áiteanna eile sa tír trí dhraenáil, tá limistéir mhóra shlána d’eanach le fáil i mBoirinn.

Lochanna Buanna


Tá roinnt lochanna sa Pháirc Náisiúnta atá buan nó leathbhuan. Feidhmíonn cuid acu ar nós turlaigh go pointe áirithe, agus screamhuisce mar fhoinse uisce dóibh a shileann trí fhuaráin agus poill slogaide atá suite gar dóibh. Tá difríochtaí eatarthu; cuir i gcás Loch Buinne agus Travaun Lough, a bhíonn nach mór folamh le linn an tsamhraidh. Tá an limistéar is fairsinge de chorcach giolcaí le fáil thart ar Loch Bhéal Íochtair. Tá sé seo ina chuid de bhogach fairsing atá suite laistigh d’abhantrach an Fhorgais uachtair agus is dócha go bhfuil sé ar an gcóras cailcreach de lochanna olagatrófacha fíoruisce is tábhachtaí in Iarthar na hEorpa.

Aillte agus Scileach


Is é an tírdhreach atá le fáil i gceantair shléibhe Bhoirne ná léibhinn atá roinnte idir aillte. Cruthaíodh limistéir de scileach ón smionagar a thit ó na haillte seo. Tá an fásra atá le fáil ar na haillte beagnach comhionann leis an bhfásra atá le fáil sna limistéir ina bhfuil pábháil. Mar sin féin, is minic a fhásann crainn níos mó ná crainn ar an bpábháil réidh nuair a fhaigheann siad greim sna haillte, ós rud é nach féidir le beostoc teacht chomh fada leo. Is féidir crainn iúir mhóra a fheiceáil ag fás ar fhánaí theas an Mhullaigh Mhór a bhfuil an chuma air nach bhfuil siad ag fás ach ar chloch lom.


Flóra


Tá cáil idirnáisiúnta ar Bhoirinn i ngeall ar an tírdhreach agus flóra atá inti. Le linn mhíonna an tsamhraidh, feicfidh cuairteoirí réimse dathúil de phlandaí bláthanna ag maireachtáil in éineacht a chéile laistigh d’éiceachóras amháin.

Ó thaobh na luibheolaíochta de, tá Boirinn ar cheann de na réigiúin is iontaí in Iarthar na hEorpa: fásann plandaí in aice a chéile a fhaightear de ghnáth i gcodanna den mhór-roinn atá scoite i bhfad óna chéile. Mar shampla, is féidir teacht ar leaithíní, ar speiceas é a fhaightear de ghnáth i limistéir fho-artacha agus sléibhtiúla, ag fás in éineacht le speicis ó dheisceart na hEorpa ar nós an crobh dearg agus an magairlín glas, a fhaightear thart ar an Meánmhuir den chuid is mó.

Chomh maith leis sin, fásann plandaí a bhaineann le dálaí aigéadacha, ar nós fraoch, go flúirseach ar aolchloch Bhoirne, agus fásann plandaí a bhaineann le coillearnacha amuigh faoin spéir.

Fraoch

Thuas: Fraoch

Speicis Shuntasacha

I measc na mbláthanna áille agus éagsúla atá ina siombail ar Bhoirinn, tá ceadharlach Bealtaine, leaithín, tor cúigmhéarach agus crobh dearg, agus ar na léibhinn arda, grianrós liath.

Magairlíní i mBoirinn

Tá speicis mhagairlíní faoi rath i mBoirinn. Déanta na fírinne, tá 23 cinn den 27 speiceas atá in Éirinn le feiceáil sa pháirc. Is iad na chéad chinn a dtagann bláth orthu gach earrach ná an magairlín meidhreach agus an magairlín glas. I measc na speiceas eile atá anseo, tá magairlín na gcuileanna, magairlín na mbeach, magairlín an fhéileacáin, agus ceithre speiceas de chuaichín, lena n-áirítear an cuaichín caol atá neamhchoitianta.

Flóra

Caomhnú


Tá trí cheathrú de na plandaí a aimsítear in Éirinn le fáil i bhflóra Bhoirne. Tá roinnt de na plandaí níos neamhchoitianta á gcosaint faoi Reachtaíocht Eorpach, agus tá níos mó fós á gcosaint faoin Ordú Cosanta Flóra 1999.



Trí na plandaí a fhágáil san áit a bhfeiceann tú iad, cosnaíonn tú an t-éiceachóras, agus fágann tú é ag daoine eile le sult a bhaint as. Le cúnamh Dé, má bhaintear taitneamh as na plandaí ina ngnáthóg nádúrtha, beidh fáil ag na glúnta atá le teacht orthu freisin.

Fána


Mar gheall an talamh agus na modhanna traidisiúnta feirmeoireachta a úsáidtear sa cheantar, tá Boirinn ina háit measartha neamh-mhillte agus neamhfhorbartha. Seachas ar na hithreacha curaíochta oighreacha atá níos doimhne, ní dhearnadh mórán cur isteach ná dianfheirmeoireacht sa cheantar, ar i ngeall air sin a cruthaíodh gnáthóga neamhbhearnaithe inar féidir le fiadhúlra bheith faoi bhláth.


Taifeadadh nócha is a cúig speiceas d’éin i bPáirc Náisiúnta Bhoirne, ar bhain ar a laghad 50 speiceas acu sin leas as an bpáirc le haghaidh síolrú. I measc na n-éan is suntasaí sa pháirc, tá fiaigh dhubha, fabhcúin ghorma, pocairí gaoithe agus cromáin na gcearc.
Chomh maith leis sin, tá go leor éin bheaga inti freisin ar nós glasáin, meantáin agus ceolairí. Le linn an gheimhridh, nuair atá na lochanna agus na turlaigh lán, bíonn pobal maith d’éin fhiáine ann ar nós an crotaigh, pilibíní agus feadóga buí. Tá ealaí glóracha agus ealaí balbha coitianta freisin, ach ní bhíonn na healaí glóracha ann ach le linn mhíonna an gheimhridh.


Tá réimse leathan mamach le fáil i bPáirc Náisiúnta Bhoirne. Tá an chuid is mó de na mamaigh atá le fáil sa pháirc ina mamaigh oíche, ach is féidir giorriacha, sionnaigh, ghabhar fia agus dallóga fraoigh a fheiceáil i gcaitheamh an lae. Chomh maith leis sin, is féidir easóga a fheiceáil ag coradh agus ag casadh isteach agus amach as ballaí cloiche agus iad sa tóir ar chreach. I measc na mamach eile atá le fáil sa pháirc, tá an luch fhéir, an francach donn, an vól bruaigh, an coinín, an t-iora rua, an broc, an madra uisce agus an minc. Is mar éalaithigh ó fheirmeacha fionnaidh a tugadh an minc isteach sa taobh tíre in Éirinn.


Tá an dá speiceas reiptíle atá le fáil in Éirinn le feiceáil i bPáirc Náisiúnta Bhoirne; an laghairt choiteann dhúchasach agus an t-earcán caoch a tugadh isteach. D’fhéadfadh tú an chéad cheann a fheiceáil ar laethanta gréine á dtéamh féin ar an aolchloch.
Bíonn an frog coiteann agus an t-earc luachra araon le fáil i mbogaigh na páirce.
Tá eascanna agus garmacháin i roinnt de na turlaigh, tá an phéirse le fáil i Loch Gealáin, an liús i Loch Buinne agus an bradán, an cúramán agus an liús i gcóras Lochanna Bhéal Íochtair.

Féileacáin

Tá Páirc Náisiúnta Bhoirne lán le speicis d’fhéileacáin; déanta na fírinne, meastar an limistéar thart ar an Mullach Mór bheith ar an láthair is saibhre in Éirinn le haghaidh féileacáin. Taifeadadh fiche is a seacht gcinn den 33 féileacáin cónaithe agus féileacáin imirceacha rialta anseo. Meastar cúig cinn bheith i mbaol nó leochaileach agus meastar ceithre chinn eile bheith beagnach faoi bhagairt.


Stiallach Donn

Thecla betulae


Buirnéad Trédhearcach

Zygaena purpuralis


Fritileán Péarlach

Boloria euphrosyne



Gnáthóga na Páirce a Bhainistiú

Go príomha, is chun críche dúlra a chaomhnú a bhainistítear Páirc Náisiúnta Bhoirne. I measc páirceanna náisiúnta na hÉireann, is páirc ar leith í toisc gur tírdhreach bainistithe atá inti, agus go mbraitheann an flóra agus fána uathúil ar fheirmeoireacht agus ar chothabháil leanúnach.

Bó

Cuimsíonn an pháirc meascán de ghnáthóga tábhachtacha, agus is é an aidhm atá leis an gcaomhnú na gnáthóga seo a choinneáil agus cur leo. D’fhonn é sin a bhaint amach, baintear leas as réimse éagsúil teicnící bainistithe: ó innilt go idirghabháil mheicniúil. I roinnt cásanna, is é an réiteach nach ndéanfaí idirghabháil ar bith. Mar shampla, is gnáthóga scoilte carraigeacha iad screathain agus aillte, agus ní dhéantar aon rud leo.

Tá an chuid is mó den pháirc clúdaithe le meascáin de phábháil aolchloiche, féarach cailcreach agus coillearnach fuinseoige/choill, agus bíonn cluainte neodracha i gcorráit mar aon le turlaigh, fuaráin, eanaigh agus lochanna.

Ta líon conairí siúil leagtha amach laistigh den Pháirc Náisiúnta. Tá na conairí ann chun cuairteoirí a threorú tríd an bpáirc, braistint den tírdhreach ar leith a chur ar fáil agus líon na gcuairteoirí sna gnáthóga níos íogaire a dhíspreagadh. Déanaimid bainistiú ar na conairí seo, dá bharr sin tá siad inbhuanaithe agus is a laghad agus is féidir an tionchair atá acu ar an gcomhshaol, go fisiceach agus go físiúil araon.

Déantar bainistiú ar an bpábháil aolchloiche, an féarach cailcreach agus na coillearnacha ar fad trí innilt a dhéanann eallaí agus a dhéanann capaill i limistéir áirithe. Déantar bainistiú ar an innilt trí chomhaontaithe le feirmeoirí áitiúla nó trí cheadúnais. Sa chuid is mó de na comhaontuithe seo, sainítear innilt le linn mhíonna an gheimhridh, ionas go mbeadh an féar gearr san earrach, agus ar trí sin a thugtar deis do réimse éagsúil speiceas teacht i mbláth. Is mar ‘buailteachas geimhridh’, nó buailteachas aisiompaithe a dtagraítear don chleachtas seo ina gcuirtear na heallaí ar na cnoic le linn an gheimhridh.

Déantar innilt ar roinnt de na limistéir ísle agus na turlaigh le linn an tsamhraidh ós rud é go mbíonn an iomarca uisce iontu sa gheimhreadh. Déantar innilt ar na móinéir le linn an gheimhridh agus i roinnt cásanna, baintear sciar féir déanach den mhóinéar i ndeireadh an tsamhraidh. Trí sin, tugtar deis do na speicis sa mhóinéar teacht i mbláth agus síolú sula mbaintear iad. Mar thoradh ar an innilt a dhéantar le linn an gheimhridh, cuirtear cothaithigh ar ais sa talamh trí aoileach, ach uaireanta bíonn sé riachtanach roinnt beag cothaithigh a chur ar an talamh chun bail a choinneáil ar an móinéar.

Baintear úsáid as idirghabháil mheicniúil freisin, i riocht ciumhaisairí, sábha slabhra agus gearrthóirí scrobarnaí. Úsáidtear iad seo chun smacht a choinneáil ar an gcoll agus an scrobarnach a bhriseann isteach ar fhéaraigh atá lán le speicis éagsúla.

Bhí tionchar an-mhór ag an bpobal feirmeoireachta ar an réigiún: mar thoradh ar a dteicnící bainistíochta talún, d’éirigh le feirmeoirí gnáthóga agus flóra neamhghnácha a chaomhnú agus a fheabhsú sa réigiún.

Clúdaíonn Boirinn 1% de dhromchla talún na hÉireann agus tá méid thart ar 350 km² inti. Tá an chuid is mó de Bhoirinn ainmnithe ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta chun an ghnáthóg fíor-neamhghnách atá inti a chosaint.