Skip to main content

Faigh amach faoin saibhreas staire, an oidhreacht agus na speicis ar leith a bhaineann le Páirc Náisiúnta Chill Airne.

Áit le Tabhairt faoin bhFoghlaim


Tabhair faoi na deiseanna foghlama atá i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. Bíodh go bhfuil suim agat sa dúlra agus san éiceolaíocht, sa stair áitiúil, i ngairneoireacht, nó go bhfuil tú ag pleanáil do ghrúpa a thabhairt ar cuairt, tacaíonn ár bPáirc Náisiúnta le raon leathan eispéireas foghlama.

Áit le Tabhairt faoin bhFoghlaim

Ionad Oideachais


Seilide

 

Tá Ionad Oideachais Pháirc Náisiúnta Chill Airne lonnaithe i dTeach Chnoc Rír, an ceann deireanach de thithe móra Chinn Mhara. Tá an t-ionad suite ar chnoc gar do bhaile Chill Airne agus tá radharcanna iontacha uaidh ar an bPáirc Náisiúnta.

Cuirimid réimse de shainchúrsaí ar fáil a mbíonn nasc díreach acu leis an gcuraclam, agus gnáthóga éagsúla Pháirc Náisiúnta Chill Airne á n-úsáid mar sheomra ranga faoin aer. Oibrímid le grúpaí ó gach cúlra, aois agus cumas, lena n-áirítear bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, institiúidí tríú leibhéal, grúpaí turas agus grúpaí óige. Cuirimid áiseanna agus cláir ar fáil freisin don phobal i gcoitinne agus don earnáil chorparáideach.

Acmhainní do Mhúinteoirí


Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, i gcomhar le Teach & Gairdíní Chill Airne, tar éis forbairt a dhéanamh ar Chosán Matamaitice Allamuigh, gníomhaíocht spraíúil le déanamh i d’aonar nó le grúpa. Ar an gcosán glacfaidh tú páirt ghníomhach in imscrúdú, breathnóireacht, meastachán, tomhas agus réiteach fadhbanna.

Chun níos mó eolas a fháil, teagmhaím le: infokillarneyhouse@npws.gov.ie


Íoslódálacha

Cosán Matamaitice

Acmhainní maidir le Pailneoirí

Scéim Monatóireachta Fhéileacáin na hÉireann

Rud Éigin Iascúil: Limistéar an Mhúinteora

Duilleoga

Cuireann Ionad Oideachais Pháirc Náisiúnta Chill Airne ionad iontach ar fáil don staidéar ar an dúlra sa bunscoile, lena thimpeallacht sábháilte, éagsúlacht gnáthóg, saotharlanna teagaisc agus áiseanna eile, chomh maith le radharcanna suntasacha ar lochanna agus ar shléibhte na Páirce Náisiúnta.


Discover Primary Science

Is Ionad ainmnithe Discover Primary Science (DPS) é an tIonad Oideachais. Cuideoidh do cuairt leat do ghradam “Barr Feabhais san Eolaíocht” a bhaint amach faoin scéim DPS. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Discover Primary Science, cliceáil ar an nasc thíos.

Discover Primary Science


Clár don Lá Dúlra

Spreagann an Clár don Lá Dúlra leanaí bunscoile le foghlaim faoina dtimpeallacht ar bhealach spraíúil agus praiticiúil. Tá na gníomhaíochtaí bunaithe go príomha ar an gcoillearnach agus áirítear leo tumadh i locháin, pútair, tóraíocht taisce, breith ar mhamaigh agus neart cluichí. Íoslódáil an Bróisiúr don Lá Dúlra thíos chun tuilleadh eolais a fháil.

Bróisiúr don Lá Dúlra

I gcás grúpaí ollscoile agus coláiste a bheadh ag déanamh staidéir ar na heolaíochtaí nádúrtha nó ar bhainistíocht chaomhnaithe, bheadh sé fíor dheacair suíomh níos oiriúnaí a fháil ná Páirc Náisiúnta Chill Airne le haghaidh turas allamuigh. Mar gheall ar an éiceolaíocht an-éagsúil atá sa cheantair tá sé an-oiriúnach don staidéir luibheolaíocha / zó-eolaíochta.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Ionad Oideachais.


Ionad Oideachais Pháirc Náisiúnta Chill Airne

FÓN:
+353 64 6635960

RÍOMHPHOST:
knpeducationcentre@npws.gov.ie

Acmhainní do theaghlaigh


Is féidir le teaghlaigh na bileoga oibre seo a phriontáil agus a thabhairt leo ar shiúlóid, nó staidéar a dhéanamh ar rogha líníochtaí agus míreanna mearaí ó Leabharlann Taighde Theach Mhucrois.


Downloads

Bileoga Dathúcháin Theach Mhucrois

Leathanach Míreanna Mearaí Theach Mhucrois

Leabhar Gníomhaíochta Theach Mhucrois

Leabhar Oibre Theach Mhucrois