Skip to main content

An guth iontaofa a threoraíonn tú ar d’aistear.

Siúl & Siúlóireacht


Tá cuid de na Beanna Beola i bPáirc Náisiúnta Chonamara, An Bhinn Bhán san áireamh, a bhfuil an mullach is airde i gContae na Gaillimhe aige arb é sin 725m. Tá ceithre chonair siúil ann, ach seachas na conairí seo, níl aon chonairí ná chosáin fhoirmiúla ann.

Is don siúlóir a bhfuil taithí aige ar féidir leis a bhealach a dhéanamh trí úsáid a bhaint as léarscáil agus as compás an Pháirc Náisiúnta níos leithne.

Is féidir teacht ar gach ceann de na conairí ón Ionad Cuairteoirí atá suite gar do shráidbhaile Leitir Fraic. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó fhoireann na dTreoraithe san Ionad Cuairteoirí.

Cosc ar Rothaíocht
Tabhair faoi deara: Ní ceadmhach rothaíocht ar na Conairí Siúil
Connemara Trail Map

Conairí Siúil Chonamara

  Conair Shiúil Achar Neas-Am Grád

Cnocadóireacht

Maidir le cuairteoirí atá ag iarraidh an Pháirc Náisiúnta níos leithne a shiúl, níl aon chonairí ná cosáin fhoirmiúla ann seachas na conairí agus na cosáin sin a bhfuil cur síos orthu. Níor cheart ach do shiúlóirí a bhfuil taithí acu siúl níos faide ná sin agus tá scileanna léarscáile agus compáis riachtanach. Clúdaíonn Bileog 37 de Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis tailte na Páirce Náisiúnta.

Bí ag súil leis na siúlóidí a bheith deacair agus dúshlánach thar thír-raon an-mheasctha ina bhfuil portaigh agus féarthailte fliucha sna hísealchríocha agus bunchloch nochtaithe agus scileach atá ar airdí níos airde san áireamh. Cé nach bhfuil na sléibhte i gConamara an-ard, tá sé an-dhúshlánach iad a shiúl agus ba cheart dóibhsean atá ag siúl na gcnoc a bheith ullamh – féach ar an láithreán gréasáin chun sonraí a fháil.

Bileog 37 de Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis

Feithidí Prioctha & Sceartáin

Is áit an-sábháilte í Éire go ginearálta a mhéid a bhaineann leis an bhfiadhúlra. Níl aon chreachadóirí móra ann a thuilleadh amhail béir, mic tíre, nó cait mhóra, ach tá cónaí ar ainmhithe níos lú in Éirinn a d’fhéadfadh a bheith achrannach. I bPáirc Náisiúnta Chonamara d’fhéadfadh cuairteoirí teacht ar shaithí míoltóg (cuileanna beaga prioctha) ar laethanta teo agus meirbhe, agus d’fhéadfadh sceartáin greim a bhaint as siúlóirí a imíonn de na conairí. Ba cheart do gach siúlóir a bheith ar an eolas gur féidir le sceartáin, i gcásanna annamha, galar Lyme a iompar. Foghlaim tuilleadh maidir le sceartáin agus le feithidí prioctha sa treoir thíos.

Treoir maidir le Feithidí Prioctha & Sceartáin

Campáil Fhiáin


Tabhair ar aird: I gcás nach gcomhlíontar an cód seo tarraingeofar siar an cead campála. I gcásanna mar sin éileoidh maoir na Páirce Náisiúnta go n-imeoidh na cuairteoirí ón áit.

Níl láthair ar bith seirbhísí do champáil ná do charbháin i bPáirc Náisiúnta Chonamara, ach má tá sé i gceist agat turas siúlóireachta a dhéanamh thar cúpla lá agus má tá tú ag iarraidh seal a chaitheamh san fhiántas, tá fáilte romhat puball a chur suas fad is a ghéilleann tú don chrios eisiamh campála agus a chloíonn tú leis an gCód maidir le Campáil Fhiáin – is é sin gan tine a lasadh, áit oiriúnach a roghnú le poll leithris a thochailt agus treoirlínte i dtaobh campála agus glanta suas a leanúint. Is í campáil fhiáin an t-aon chineál campála amháin a cheadaítear sa pháirc. Léigh an Cód iomlán maidir le Campáil Fhiáin thíos.

An Cód maidir le Campáil Fhiáin

01 /
Déan campa 400m ar a laghad ó bhóthar a mbeadh carr in ann taisteal air agus 400m ar a laghad ó fhoirgneamh.

02 /
Cinntigh go bhfuil do láthair campála neamhfheiceálach agus go bhfágann tú í sa riocht céanna is a bhí uirthi nuair a tháinig tú uirthi — nó níos fearr ná sin fiú.

03 /
Bog do phuball tar éis gach dara oíche ionas go mbeidh deis ag an bhfásra teacht chuige féin arís.

04 /
Tabhair leat do dhramhaíl bia agus do bhruscar (fiú má tá siad in-bhithdhíghrádaithe). Is féidir le hainmhithe dramhaíl atá curtha faoi thalamh a chartadh amach nó is féidir é a nochtadh de thoradh creimthe.


05 /
Coinnigh do ghallúnach agus do thaos fiacla 30 méadar ar a laghad ó shruthchúrsaí.

06 /
Nuair a níonn tú do chuid soithí, déan 30m ó dhobharlaigh iad, agus déan d’fhuíolluisce a shíothlú agus a scaipeadh (ná doirt isteach i lochanna, i sruthanna ná in aibhneacha riamh é).

07 /
Iompar tú féin ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar an bpobal áitiúil, ar fhiadhúlra ná ar chuairteoirí eile.

08 /
Ní cheadaítear tinte campa sa Pháirc Náisiúnta.



Fógra Tábhachtach do Chuairteoirí a bhfuil Veain Campála acu

Tabhair ar aird nach féidir le Páirc Náisiúnta Chonamara páirceáil/campáil thar oíche a chur ar fáil faoi láthair. Is do chuairteanna i rith an lae amháin an carrchlós. Molaimid do chuairteoirí a bhfuil veain campála acu ar mian leo fanacht thar oíche úsáid a bhaint as ceann de na suíomhanna veain campála áitiúla.

An Crios Eisiamh Campála


Sula dtosaíonn tú ag campáil, tabhair aire an crios eisiamh campála a sheachaint mar a léirítear sa pdf thíos. Tá an limistéar campála is gaire sa Pháirc Náisiúnta roinnt ciliméadair ón Ionad Cuairteoirí (thar ar 2 uair an chloig ar siúl).

San íomhá faoi iamh, léiríonn an líne dubh teorainn na Páirce Náisiúnta, léiríonn an limistéar atá faoi scáth glas an crios eisiamh campála — níl cead agat campáil sa limistéar seo. Iarrfar ar gach duine a bhíonn ag campáil sa limistéar seo imeacht ón áit láithreach.

PDF maidir leis an gCrios Eisiamh Campála

Leideanna Úsáideacha do Champáil Fhiáin sa Pháirc

Ceadanna Grúpa

De réir ghnáthchóid campála na Páirce, ní cheadófar grúpaí de dheichniúr nó níos mó ach amháin má tá cead acu.

Tinte Campa

Ní cheadaítear tinte campa sa Pháirc Náisiúnta. Cuirtear eisiúint na gceadanna do thinte campa ar fionraí go mbeidh athbhreithniú tugtha i gcrích.


Úsáid Beárbaiciúnna

Tá cosc iomlán ar thinte campa agus/nó ar bheárbaiciúnna aon uaire laistigh de Pháirc Náisiúnta Chonamara.

Veain Campála

Tá cosc ar veain campála fanacht thar oíche sna carrchlóis fós. Tá suíomhanna veain campála in aice láimhe, áfach, más mian leat fanacht thar oíche.


Sláintíocht amuigh faoin spéir

An é nár bhain tú úsáid as poll leithris nó nach ndearna tú do ghnó leithris taobh amuigh riamh? Féach ar an mbileog eolais maidir le sláintíocht thíos:

An Treoir maidir leis na háiteanna le dul ann amuigh faoin spéir


Bain taitneamh as taispeántas saor in aisce ag an Ionad Cuairteoirí a shonraíonn na hathruithe sa tírdhreach ó dheireadh na hoighearaoise deiridh. Foghlaim faoi úsáid stairiúil talún thailte na Páirce agus faoi chaomhnú an phortaigh. Tá scannán 20 nóiméad saor in aisce ann freisin faoin bPáirc Náisiúnta lena n-áirítear eolas ar úsáid stairiúil na talún, caomhnú, bithéagsúlacht agus obair leanúnach sa Pháirc Náisiúnta.

Tá réimse trealaimh adhmaid sa pháirc spraoi a bhfuil luascadh deiseal is tuathal, sleamhnáin, barraí tarraingthe suas tolláin agus tithe súgartha ina measc. Tá boird phicnice ann agus radhairc de Bhinn Ghuaire le feiceáil agus tá coillearnach bheag taobh leis an bpáirc spraoi.

Tá áiteanna picnice taobh istigh agus taobh amuigh i bPáirc Náisiúnta Chonamara.

Tá an áit phicnice taobh istigh i bpríomhfhoirgneamh an Ionaid Cuairteoirí. Tá na háiteanna picnice taobh amuigh timpeall ar an Ionad Cuairteoirí.

Tá cosc ar bheárbaiciúnna agus ar bheárbaiciúnna aon uaire san áireamh sna háiteanna picnice taobh amuigh nó in aon áit sa Pháirc Náisiúnta.

Buail isteach chuig The Hungry Hiker agus bain sult as caifé úrdhéanta le pónairí, inar féidir cappuccino, latte, americano, expresso, mocha agus seacláid the a fháil. Cén fáth nach bhfaighfeá slisne cáca baile agus tú i do shuí sa chlós, ag bun Bhinn Ghuaire, nó sa pháirc spraoi agus na páistí ag baint sult as aer úr Chonamara.

Tá scónaí baile ar fáil gach lá, a thugann fuinneamh duit sula gcuireann tú tús le ceann amháin de na siúlóidí atá sa pháirc. Déantar anraith baile úr ar an áitreabh agus bíonn arán donn in éineacht leis. Tá rogha ceapairí a mbíonn sailéid in éineacht leo ar fáil freisin.

Uaireanta oscailte: gach lá ó 10.00 a.m. – 16.00 p.m.

Chun eolas cothrom le dáta maidir le huaireanta oscailte a fháil féach ar Facebook nó déan teagmháil leis an mbainisteoir Dympna Heanue ar 087 3277155

Leathanach Facebook

An Chonair Filíochta


Tá conair filíochta i Leitir Fraic, a bhfuil naoi ndán arna gcoimisiúnú go speisialta le feiceáil ar phlaiceanna in áiteanna éagsúla feadh an bhealaigh.

Pléitear téamaí na háite sna dánta agus tá siad le fáil sa Pháirc Náisiúnta, in Ionad Chonamara Thiar agus i sráidbhaile Leitir Fraic, a nascann na trí háit le chéile chun go mbíonn an tsiúlóid an-deas agus go mbíonn ábhar machnaimh ann. Féach tuilleadh maidir le Conair Filíochta Leitir Fraic anseo.

Seastán Filíochta Leitir Fraic

Grianghrafadóireacht & Dróin


Drón

Tá grianghrafadóirí ag tarraingt ar an bPáirc Náisiúnta de bharr an radhairc tíre agus an fhiadhúlra álainn atá aici. Tá fáilte roimh chuairteoirí grianghraif a ghlacadh chun a leasa féin.

Beidh cead ag teastáil chun grianghrafadóireacht agus scannánaíocht tráchtála a dhéanamh. Chun tuilleadh sonraí a fháil déan teagmháil linn. Ba cheart iarratais ar cheadanna a dhéanamh ar a laghad seacht lá oibre roimh ré (ach iad a dhéanamh i dtréimhse níos faide más féidir).

Tá cosc ar aerárthaigh agus réada ag eitilt go híseal (dordán, eitleoga, faoileoirí láimhe srl.) laistigh den Pháirc mar gheall ar an gcur isteach féideartha a bheadh acu ar an bhfiadhúlra, go háirithe éin neadaithe. Chomh maith le suaitheadh féideartha an fhiadhúlra, is ionradh ar phríobháideachas cuairteoirí eile iad dordáin ghrianghrafadóireachta.

Ní cheadaítear dordáin agus grianghrafadóireacht dordáin ach sa Pháirc Náisiúnta faoi cheadúnas agus ní dheonófar iad ach i gcúinsí an-speisialta amháin. Ní dhéanfar breithniú ar iarratais ar chead ach amháin nuair is féidir le hiarratasóirí fianaise a sholáthar freisin ar leibhéil leordhóthanacha árachais agus ceadúnais dordáin.

Madraí

Tá fáilte roimh mhadraí sa Pháirc Náisiúnta ach iad a choinneáil ar iall an t-am ar fad, agus iarrtar ar úinéirí Cód Iompair na Páirce a chomhlíonadh.

Ní mór d’úinéirí madraí an fhreagracht atá orthu i leith cuairteoirí eile agus i leith an fhiadhúlra a thuiscint. Cuideoidh na pointí seo a leanas le madraí, lena n-úinéirí, le cuairteoirí eile agus leis an bhfiadhúlra cuairt shábháilte agus shásúil a bheith acu.

Cód Iompair na nÚinéirí Madraí

01/

Cuirimid fáilte roimh úinéirí madraí freagracha

02/

Coinnigh do mhadra ar iall an t-am ar fad nuair atá tú laistigh den Pháirc Náisiúnta.

03/

Bí ar an eolas gurb é is cuspóir príomha leis an bPáirc Náisiúnta an dúlra a chosaint. Níor cheart don fhiadhúlra a bheith faoi strus mar gheall ar do mhadra.

04/

Bí ar an eolas go bhfuil capaillíní Chonamara agus pórtha feirme traidisiúnta eile lena n-áirítear caora, eallach agus asail ina gcónaí sa Pháirc Náisiúnta.


05/

Bí ar an eolas go bhféadfadh faitíos a bheith ar chuairteoirí eile roimh mhadraí.

06/

Tabhair málaí le haghaidh salachar madraí leat agus bain úsáid astu. Ní mór salachar madraí, nuair a chuirtear i mála é, a thabhairt abhaile leat.

07/

Bí ar an eolas go bhfuil guaiseacha do mhadraí sa Pháirc Náisiúnta freisin. Bíodh an áit a bhfuil do mhadra ar eolas agat an t-am ar fad.


Duine ina luí i bPuball

Is gá cead a bheith agat chun roinnt gníomhaíochta sa Pháirc Náisiúnta a dhéanamh, agus aon imeacht a mbíonn níos mó ná deichniúr i láthair ann nó aon imeacht an mbíonn campáil san áireamh ann ina measc.
Ba cheart iarratais a dhéanamh chuig Bainisteoir na Páirce i scríbhinn, ar an láthair nó trí ghlaoch teileafóin a chur. Ba cheart iarratais ar cheadanna bhfuil campáil i gceist leo a dhéanamh ar a laghad seacht lá oibre roimh an imeacht beartaithe. Le ceadanna ar leith is gá duit teastas árachais a chur ar fáil.

Sealbhóirí Ceadanna


Ní mór do dhaoine atá ag gníomhú faoi chead an cead sin a chur ar fáil ar iarratas lena iniúchadh ag foireann na páirce.

Má bhíonn aon cheist agat déan teagmháil linn le do thoil.

Déan teagmháil linn