Skip to main content

An áit a labhraíonn an dúlra

Sonraí Teagmhála


Seoladh Poist

Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, Cill Aifín, An Láithreach, via Bré, Cill Mhantáin, A98 K286.

Ceanncheathrú na Páirce

Teileafón:
0404 45800
ó lasmuigh d’Éirinn:
+353 404 45800

Facs:
0404 45062
ó lasmuigh d’Éirinn:
+353 404 45062

Maor Dualgais: 
087 980 3899
Ríomhphost:
wmnp@npws.gov.ie

Oifig Eolais na Páirce

Teileafón:
+353 404 45425

Facs:
0404 45062

Ionad Oideachais na Páirce

Teileafón:
+353 404 45656

Ríomhphost:
wickloweducationcentre@npws.gov.ie

Facs:
0404 45062

Éigeandálaí

Éigeandálaí


Bíonn lá sona, spraíúil ag formhór na gcuairteoirí ar Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Ó am go chéile beidh cabhair nó cúnamh ag teastáil ó roinnt cuairteoirí.
Seo iad na huimhreacha le glaoch orthu má bhíonn na fadhbanna seo a leanas agat:

Seirbhísí éigeandála:

Is féidir leat cabhair leighis a fháil ag láithreacha éagsúla, ag brath ar do chuid riachtanas. Is féidir teacht ar chógaslanna sa chuid is mó de na bailte mórthimpeall na páirce, áit ar féidir leat leigheas bunúsach nó ar oideas a cheannach.
Is féidir leat glaoch ar Caredoc (dochtúirí a bhíonn ar fáil lasmuigh d’uaireanta oibre) ar 1850 334 999.

Tá áiseanna garchabhrach, lena n-áirítear AED (dífhibrileoir) ar fáil san Oifig Eolais agus san Ionad Oideachais.

Glaoigh ar na seirbhísí éigeandála ar 112 nó 999 i gcás timpiste nó breoiteachta tromchúisí.
Iarr Tarrtháil Sléibhe nuair a ghlaonn tú ar 112 nó 999 má tá an duine atá gortaithe in áit nach bhfuil gar don bhóthar.

Tabhair faoi deara:
Oibreoidh na huimhreacha éigeandála (112 agus 999) fiú nuair nach bhfuil aon chlúdach fóin ann. Beidh ár bhfoireann sásta seirbhís fóin a chur ar fáil i gcásanna éigeandála freisin.

Má theastaíonn an fhoireann Tarrthála Sléibhe uait, cuir glaoch ar 112 nó 999 agus iarr Tarrtháil Sléibhe.
Is seirbhís dheonach í an Tarrtháil Sléibhe a chuidíonn le daoine a bhíonn i dtrioblóid sna cnoic. Oibríonn na foirne ardoilte ó dhubh go dubh agus i ngach cineál aimsire chun cabhrú leo siúd atá imithe amú, atá gortaithe nó atá tinn sna sléibhte.

Tá 11 Fhoireann Tarrthála Sléibhe (MRT) agus foireann náisiúnta cuardaigh agus tarrthála madraí (SARDA) amháin i gCumann Tarrthála Sléibhe na hÉireann. Astu sin, clúdaíonn dhá fhoireann Sléibhte Chill Mhantáin – Foireann Croise Deirge Ghleann Uí Mháil agus Foireann Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin. Tugann SARDA agus Foireann Tarrthála Sléibhe an Oirdheiscirt (SEMRA) cúnamh dóibh nuair a theastaíonn sé.

Cuimhnigh, le do thoil, gur eagraíocht dheonach í Tarrtháil Sléibhe a bhíonn ag brath ar thiomsú airgid. Tabhair síntiús dóibh más féidir leat.

Níl sé neamhchoitianta go scarfaí cuairteoirí óna ngrúpa. Ba cheart plean réamh-eagraithe a bheith ag grúpaí gur cheart don duine atá imithe amú agus dóibh siúd atá á lorg filleadh ar a bhfeithicil nó ar phointe cruinnithe réamh-eagraithe. Mura féidir é sin a dhéanamh, is féidir leat cabhair a lorg ónár bhfoireann nó trí ghlaoch a chur ar na seirbhísí éigeandála ar 112 nó 999 agus na Gardaí nó Tarrtháil Sléibhe a iarraidh.
Más páiste, duine fásta a bhfuil riachtanais speisialta aige, nó duine a dteastaíonn cógas uaidh, an duine atá imithe amú ba chóir duit cabhair a lorg láithreach.

An bhfuil aon iompar poiblí go dtí an Pháirc Náisiúnta?

Clúdaíonn an Pháirc Náisiúnta os cionn 200 ciliméadar cearnach de ghnáthóg shléibhe fhiáin, agus ní féidir dul chomh fada leis an gcuid is mó de ar iompar poiblí, cé go ndéanann roinnt comhlachtaí príobháideacha turais ar bhus tríd an bpáirc. Is féidir dul isteach go gleann Ghleann Dá Loch ar an mbus. Oibríonn an comhlacht bus príobháideach St. Kevin’s Bus Services seirbhís ó lár chathair Bhaile Átha Cliath go Gleann Dá Loch (www.glendaloughbus.com). Tá busanna Local Link ann freisin ó bhaile Chill Mhantáin go dtí an Láithreach agus ó Ráth Droma go dtí an Láithreach (www.transportforireland.ie/tfi-local-link).

An bhfuil na cosáin oiriúnach do chathaoireacha rothaí?

Níl aon cheann dár gcosán ceadaithe go hoifigiúil do chathaoireacha rothaí. Mar sin féin, tá go leor úsáideoirí cathaoireacha rothaí, nó teaghlaigh a bhfuil bugaithe acu, sásta taisteal ar chlárchosán an Locha Íochtair idir Ionad Cuairteoirí an OPW agus an Loch Uachtair. Tá an Bóthar Glas ar an taobh eile den Loch Íochtair níos gairbhe agus níos géire; tá sé ceart go leor do bhugaithe, ach níl sé chomh sábháilte sin do chathaoireacha rothaí. Tá Bóthar na Mianadóirí, ar an taobh thuaidh den Loch Uachtair, oiriúnach do bhugaithe freisin, ach d’fhéadfadh sé a bheith rógharbh do chathaoireacha rothaí.

Cá bhfuil na leithris?

Tá leithris phoiblí ar fáil in Ionad Cuairteoirí an OPW agus i gCarrchlós an Locha Uachtair. Níl leithris phoiblí ar bith sa pháirc féin.

An féidir liom drón a eitilt?

Tá cosc ar dhróin sa Pháirc Náisiúnta. Cuireann dróin as don fhiadhúlra (agus do chuairteoirí). Más mian leat drón a eitilt, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bPáirc Náisiúnta chun ceadúnas a fháil.

Cé mhéad atá ar an táille iontrála?

Tá cead isteach chuig an bPáirc Náisiúnta saor in aisce. D’fhéadfadh táille pháirceála a bheith i gceist.

An féidir liom muisiriúin a bhailiú?

Ní féidir. Is é an príomhról atá againn ná an dúlra a chaomhnú agus, mar sin, tá cosc ar mhuisriúin a bhailiú, a phiocadh agus a bhaint.

Cén t-am a ndúnann an pháirc?

Tá an Pháirc Náisiúnta ar oscailt an t-am ar fad. Tá fáilte roimh dhaoine teacht agus imeacht ag aon am den lá nó den oíche. Tá Oifig Eolais na Páirce Náisiúnta ar oscailt gach lá, ach amháin ar Lá Nollag. Athraíonn uaireanta oscailte i rith na bliana, ach is iad 10 a.m. go 4:30 p.m. na príomhuaireanta oscailte. Tá uaireanta oscailte agus dúnta ag an gcuid is mó de na carrchlóis in aice láimhe freisin. Athraíonn siad seo i rith na bliana.