Skip to main content

An guth iontaofa chun tú a threorú ar do thuras.

Burren Trail Map

Conairí Siúil i mBoireann

  Conair Shiúil Achar Neas-Am Grád

Léarscáil de Chonairí Siúil

Catagóirí na gConairí

  • Measartha
  • An-deacair
Measartha

Tá sé míchothrom faoi chois agus tá roinnt constaicí i gceist ar nós fréamhacha, clocha etc. a ghobann amach. Tá na bealaí oiriúnach do dhaoine a bhfuil leibhéal measartha aclaíochta acu agus a bhfuil roinnt taithí acu ar shiúlóidí. Moltar coisbheart agus éadaí faoi leith a chaitheamh chun dul ag siúl lasmuigh.

An-deacair

Tá na bealaí seo i limistéir sléibhe iargúlta den chuid is mó. Go hiondúil, tá fánaí rite i gceist leo a d’fhéadfadh bheith an-éagsúil agus garbh faoi chois. Tá na bealaí oiriúnach do chnocadóirí inniúla a bhfuil leibhéal maith aclaíochta acu. Tá coisbheart agus éadaí faoi leith chun dul ag siúl lasmuigh ag teastáil.

Comhairle do Shiúlóirí

Tá cuaillí eolais ar a bhfuil marcóirí dathchódaithe leagtha amach ar gach aon chonair. Bí cinnte a bheith cúramach, toisc go dtrasnaíonn na conairí tírdhreach aolchloiche a d’fhéadfadh a bheith garbh, míchothrom agus rite in áiteanna. Chun comhairle a fháil ar chosáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Pointe Eolais Pháirc Náisiúnta Bhoirne ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair nó trí ríomhphost ag am ar bith.

Teagmháil a Dhéanamh

Comhairle Sábháilteachta d’Fhánaíocht

01/

Breathnaigh ar léarscáileanna den cheantar agus déan pleanáil roimh ré.

02/

Ní mholtar fánaíocht ach amháin do dhaoine a bhfuil éadaí agus trealamh allamuigh acu atá oiriúnach.

03/

Ná tabhair aghaidh ar na sléibhte i d’aonar.

04/

Bíodh do shrianta féin agus srianta na gcairde atá ag siúl leat ar eolas agat.


05/

Cuir duine inniúil ar an eolas faoi do thuras siúlóide agus faoin am a mheasann tú a thiocfaidh tú ar ais.

06/

Tabhair dramhaíl leat. Tá sé seo bunriachtanach.

07/

Fág bláthanna fiáine le go mbeadh gach duine in ann sult a bhaint astu. Tóg grianghraf nó sceitseáil iad in ionad iad a phiocadh.

08/

Tá fáilte roimh mhadraí ach ní mór iad a choimeád ar éill i gcónaí.


09/

Bíodh meas agat ar an bPáirc Náisiúnta.

10/

ceadmhach campáil a dhéanamh sa Pháirc.

11/

Bí ar an eolas faoi sceartáin agus go bhféadfadh siad galar Lyme a scaipeadh. Déan seiceáil do sceartáin i gcónaí i ndiaidh lá fánaíochta.


Treoracha chuig Tús Shiúlóid Bhoirne


Páirc Náisiúnta Bhoirne

Tá Páirc Náisiúnta Bhoirne suite ar an taobh thoir theas de Bhoirinn, i dtuaisceart Chontae an Chláir.

Chun an pháirc a bhaint amach, ó Chora Finne, tóg an R476 chuig Cill Iníne Baoith. Nuair atá tú i gCill Iníne Baoith, tóg an casadh ar dheis (L1112) roimh fhothracha an tséipéil. Bainfidh tú crosbhóthar amach thart ar 5 chiliméadar ar feadh an bhóthair seo. Cé go bhfuil leataobh beag ann díreach roimh an gcrosbhóthar seo ar thaobh na láimhe deise a bhfuil toilleadh ann do roinnt caranna, molaimid do chuairteoirí leas a bhaint as an tseirbhís páirceáil agus taistil atá saor in aisce ó Chora Finne le linn mhíonna an tsamhraidh. De shiúl na gcos ón áit sin, cas ar dheis ar Bhóthar na Creige agus tá tailte Pháirc Náisiúnta Bhoirne ar thaobh do láimhe clé. Bí cúramach ar thrácht toisc gur bóthar poiblí é seo.

Aimsigh an suíomh ar google

Treoracha chuig Chonairí Shliabh Cairn


Chun teacht chomh fada le Carraig an Iolair/Sliabh Cairn/Anaclann Dúlra Chaolchoille ó Chora Finne, tóg an R476 i dtreo Chill Iníne Baoith. Tiomáin trí Chill Iníne Baoith chomh fada le Caisleán Léim an Eich agus cas ar dheis ar an R480. Cas ar dheis arís ar an L1014 (tá An Carn curtha in airde ar chomhartha bóthair). Tiomáin 5.3km chuig An Carn agus cas ar dheis nuair a fheiceann tú an séipéal ar thoabh do láimhe clé. Tá Sliabh Cairn suite 8.7km ón áit seo. Tóg an chéad chasadh ar chlé agus coinnigh ag tiomáint go dtí go bhfeiceann tú limistéar páirceála ar chlé. Is é seo Sliabh Cairn. Is féidir leat páirceáil anseo chun teacht ar an mBealach Donn agus Buí.

Mar mhalairt air sin, is féidir leat an R460 a thógáil lasmuigh den Phointe Faisnéise. I ndiaidh 1.3km, cas ar chlé agus fan ar an R460, a bhfuil comhartha bóthair ann don Ghort. Tiomáin ar feadh 12.1km. I ndiaidh duit dul thar Loch Buinne ar thaobh na láimhe clé, cas ar chlé ag crosbhóthar ar an L1010, a bhfuil comhartha bóthair ann do Bhaile Uí Bheacháin. Ón gcrosbhóthar, tiomáin go díreach ar feadh 9.7km. Cas ar chlé ag crosbhóthar a bhfuil comhartha ann do Tea Rooms and Burren Perfumery. Tiomáin ar feadh 2.5km. Nuair atá gabhal sa bhóthar, cas ar dheis agus tiomáin 600m síos an bóthar seo. Feicfidh tú limistéar páirceála ar thaobh na láimhe deise. Is é seo Sliabh Cairn. Is féidir leat páirceáil anseo chun teacht ar an mBealach Donn agus Buí.

Aimsigh an suíomh ar google

Sceartáin & Feithidí Prioctha

Tríd is tríd, is áit an-sábháilte í Éire i dtaca le fiadhúlra. Níl aon chreachadóirí móra ann a thuilleadh ar nós mathúna, mic tíre, nó cait mhóra, ach tá Éire ina baile ag neacha níos lú a d’fhéadfadh bheith achrannach. I bPáirc Náisiúnta Bhoirne, d’fhéadfadh cuairteoirí teacht ar scaotha míoltóga (cuileoga prioctha beaga) ar laethanta atá te agus tais, agus d’fhéadfadh siúlóirí a imíonn ó na conairí bheith pioctha ag sceartáin. 
Ba chóir do gach siúlóir bheith ar an eolas go bhféadfadh sceartáin galar Lyme a iompar i gcásanna annamha. Foghlaim tuilleadh faoi sceartáin agus feithidí prioctha inár dtreoir thíos.

treoir maidir le sceartáin & feithidí prioctha

Mar is féidir Priocadh ó Sceartáin a Sheachaint sa Pháirc Náisiúnta

01 /

Siúil i lár na gcosán/conairí, seachain fásra rófhásta.

02 /

Caith bróga, ná caith cuaráin agus ná siúil cosnochta.

03 /

Caith bríste fada atá sáite isteach i stocaí nó buataisí.

04 /

Smaoinigh ar éarthach feithidí a úsáid ina bhfuil DEET. Lean treoirlínte úsáidte an mhonaróra.


05 /

Caith éadaí bána nó éadaí a bhfuil dath éadrom orthu le go mbeadh sceartáin níos éasca a fheiceáil agus scrúdaigh éadaí gach 3-4 huaire.

06 /

Ag deireadh do thurais lae, scrúdaigh tú féin do sceartáin. Seiceáil do chraiceann agus do ghruaig, agus codanna teo taise go háirithe ar nós an bhléin, cúl na nglún, ascaillí agus an muineál.

07 /

Scrúdaigh do pheataí do sceartáin i ndiaidh gníomhaíochtaí allamuigh freisin.


Ceadanna Dróin


Drón

D’fhonn aon drochthionchar ar fhiadhúlra agus eispéireas cuairteoirí a laghdú, ní cheadaíonn na Páirceanna Náisiúnta úsáid a bhaint as dróin ar a réadmhaoin ach amháin sa chás gur tugadh cead ar leith a leithéid a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na rialacháin agus treoracha náisiúnta a bhaineann le dróin a úsáid (Eitleáin Bheaga gan Fhoireann), bain leas as na hacmhainní ar líne a leanas:

D’fhoilsigh Gníomhaireacht Sábháilteacht Eitlíochta an Aontais Eorpaigh Ceisteanna Coitianta (CCanna) i ndáil leis na rialacháin seo ina ndírítear ar an gcatagóir Oscailte agus Sainiúil oibríochtaí. Tá na CCanna seo leagtha amach chun tacú le pobal na ndrón maidir le dróin a eitilt agus a fheidhmiú go sábháilte ar fud an AE. Ba chóir do gach úinéir dróin Ceisteanna & Freagraí Údarás Eitlíochta na hÉireann a léamh.

Ceisteanna agus Freagraí an IAA maidir le DRÓIN

Is féidir CCTV, ceamaraí deaise, ceamaraí gnímh, dróin atá feistithe le ceamaraí, agus teicneolaíochtaí eile a áireamh le trealamh fístaifeadta. I gcásanna ina n-úsáidtear na cineálacha trealaimh seo, ba chóir d’úsáideoirí (mar aon leis na daoine atá á dtaifeadadh) bheith eolach go bhféadfaí cearta agus dualgais éagsúla a chur i bhfeidhm faoin dlí maidir le cosaint sonraí i leith an taifeadta sin. Is féidir treoir a fháil thíos maidir leis na dualgais atá ar rialaitheoirí sonraí.

AN COIMISINÉIR COSANTA SONRAÍ

Madraí

Ceadaítear madraí i bPáirc Náisiúnta Bhoirne ach ní mór iad bheith ar iall. Mar sin féin, ní mór d’úinéirí madraí a bheith airdeallach i gcónaí ar an bhfreagracht atá orthu i leith cuairteoirí eile agus fiadhúlra. Trí na pointí seo a leanas a leanúint, cuideofar le madraí, a n-úinéirí, cuairteoirí eile agus fiadhúlra cuairt shábháilte agus thaitneamhach a thabhairt.

Tugtar mionsonraí thíos maidir lenár gCód Iompair d’Úinéirí Madraí.

An Cód Iompair d’Úinéirí Madraí

01/

Cuirimid fáilte roimh úinéirí madraí atá stuama.

02/

Ní mór duit do mhadra a choinneáil ar iall an t-am ar fad.

03/

Bí ar an eolas gur príomhfheidhm na Páirce Náisiúnta is ea dúlra a chaomhnú. Níor chóir go gcuirfeadh do mhadra as don fhiadhúlra in am ar bith.

04/

Bí ar an eolas go gcuirtear beostoc ar féarach i limistéir áirithe de Pháirc Náisiúnta Bhoirne ag tréimhsí áirithe den bhliain.


05/

Bí ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh eagla ar chuairteoirí eile roimh mhadraí.

06/

Tabhair málaí le haghaidh salachair leat chun bailiú agus glanadh suas i ndiaidh do mhadra. Níl salachar madraí go deas agus d’fhéadfadh sé a bheith dochrach do chuairteoirí eile.

07/

Tabhair ar aird nach bhfuil aon bhoscaí bruscair sa pháirc. Ní mór salachar madraí a thabhairt abhaile i ndiaidh é a chur i mála.