Áit le Foghlaim
Fiosraigh faoi dheiseanna foghlama i nGleann Bheatha
Cibé an bhfuil suim agat sa dúlra agus san éiceolaíocht, i stair áitiúil, i ngairneoireacht, nó i bpleanáil cuairte le do ghrúpa, tacaíonn ár bPáirc Náisiúnta le raon leathan eispéireas foghlama. Tá turais allamuigh scoile go Gleann Bheatha saor in aisce.
Áit le Foghlaim
Ionad Oideachais Theach an Droichid
Lonnaithe i bhfoirgneamh a ndearnadh athchóiriú álainn air agus ina raibh beairic na bpóilíní lonnaithe tráth, cuireann Ionad Oideachais Theach an Droichid cúrsaí, oiliúint múinteoirí, cainteanna poiblí agus imeachtaí teaghlaigh ar bhithéagsúlacht agus ar chaomhnú ar fáil. Tá creidiúnú faighte ag an Ionad ó Leave No Trace Ireland agus ó líonra ‘Curious Minds’ Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.
Turais Allamuigh
Don bhliain acadúil 2025/2026, táimid ag díriú na gclár atá againn ar na scoileanna agus ar na coláistí áitiúla timpeall ar an bPáirc Náisiúnta agus ar an Limistéar Caomhantais Speisialta atá mar chuid de Ghleann Bheatha. Beifear i dteagmháil le do scoil faoi na roghanna atá ar fáil agus faoin gcaoi le háirithint a dhéanamh ar líne, má bhaineann sin leat.
Cuirtear fáilte i gcónaí roimh scoileanna ón gceantar i gcoitinne cuairt a thabhairt orainn agus táimid ag obair ar gach acmhainn nua féintreoraithe, ar threalamh a chur ar fáil ar iasacht agus ar eispéiris a sheolfar i mí an Mhárta 2026.
Bain úsáid as an bhfoirm fiosrúcháin le haghaidh ceisteanna ginearálta oideachais a bhaineann le bunscoileanna, meánscoileanna agus an tríú leibhéal, chomh maith le heispéiris foghlama pobail do dhaoine níos sine. Freagróidh ár bhfoireann oideachais thú chomh luath agus is féidir.
Clár Oideachais na Páirce
Táimid diongbháilte faoi chabhrú le leanaí, daoine óga agus daoine fásta na háite tuilleadh eolais a fháil faoinár bPáirc Náisiúnta agus faoina bhfuil i gceist le bheith mar chuid de Natura 2000 – an líonra cosanta dúlra is mó ar domhan!
Cuireann Treoracha Oideachais Ghleann Bheatha seirbhísí gairmiúla foghlama agus oiliúna léirmhínithe ar fáil chomh maith le himeachtaí idirghníomhacha dúlra.
Trí iniúchadh a dhéanamh ar an tírdhreach speisialta seo san am atá caite, san am i láthair agus amach anseo, cuirtear eispéireas saibhir nach ndéanfar dearmad air ar fáil do gach uile dhuine.











Stair an Chaisleáin agus na nGairdíní
Foghlaim faoin teach mór caisleach i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus faoi na tailte áille Victeoiriacha a ghabhann leis. Is é John George Adair a thosaigh an obair ar thógáil an chaisleáin sa bhliain 1869, agus ba í a bhean chéile Cornelia Adair a choinnigh bail ar an gcaisleán agus na tailte agus a chuir feabhas orthu tar éis a bháis. Tá stair fhíorspeisiúil ag an gcaisleán agus a thailte, atá suite in áit ar mhóinteán sléibhe fiáin é roimhe seo. Ba é Henry McIlhenny Fhilideilfia, úinéir príobháideach deireanach an chaisleáin, a dhíol an eastát le hOifig na hOibreacha Poiblí sa bhliain 1975, a chuir ar a gcumas Páirc Náisiúnta a dhéanamh de. Bhronn sé an caisleán ar an náisiún sa bhliain 1983, in éineacht leis na gairdíní agus cuid mhaith dá raibh istigh ann. Osclaíodh Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha don phobal sa bhliain 1984, agus osclaíodh an caisleán sa bhliain 1986.
Léigh tuilleadh faoi stair an chaisleáin agus na ngairdíní sa Treoir atá againn maidir leis an gCaisleán agus na Gairdíní