Skip to main content

An áit a mbaineann an dúlra an chaint díot

Sonraí Teagmhála


Seoladh Poist

Páirc Náisiúnta Chonamara,
Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe,
H91 K2Y1

Ionad Cuairteoirí na Páirce

Cuirtear foireann ar fáil sa Pháirc Náisiúnta 7 lá in aghaidh na seachtaine ón 9.00AM – 4.30PM ar mhaithe le comhairle a thabhairt, fiosruithe a dhéanamh agus áiseanna leithris a chur ar fáil más gá.

Uimhir fóin an Ionaid Cuairteoirí:
+353 (0) 95 41054
Uimhir fóin Oifig na Páirce:
+353 (0) 15393157
Ríomhphost:
cnp@npws.gov.ie

An bhfuil lóistín ar fáil sa Pháirc Náisiúnta?

Níl aon áiseanna lóistín laistigh den Pháirc Náisiúnta. Tá réimse cineálacha lóistín le fáil in aice leis an bPáirc Náisiúnta áfach, a bhfuil tithe lóistín leaba & bricfeasta, láithreacha campála, brúnna óige, óstáin agus lóistín féinfhreastail ina measc.

An féidir linn páirceáil thar oíche sa Pháirc Náisiúnta?

Ní féidir le Páirc Náisiúnta Chonamara páirceáil/campáil thar oíche a chur ar fáil. Is do chuairteanna i rith an lae amháin atá an carrchlós. Molaimid do chuairteoirí a bhfuil veain campála acu ar mian leo fanacht thar oíche i gConamara úsáid a bhaint as ceann de na láithreacha áitiúla.

An bhfuil orainn cuairt a chur in áirithe?

Grúpaí – Daoine Fásta

Má tá tú ag taisteal le grúpa agus má tá turas treoraithe de dhíth ort, déan teagmháil leis an Ionad Cuairteoirí roimh ré. Ní féidir linn turas treoraithe a chinntiú ach déanaimid iarracht freastal ar gach iarratas. Níl aon táille i gceist le turas treoraithe.

Grúpaí – Scoileanna/Páistí

Má tá tú ag taisteal le grúpa páistí e.g. turas scoile, agus más mian leat turas treoraithe a fháil, beidh ort foirm áirithinte speisialta a líonadh isteach. Níl aon táillí i gceist le háirithint den chineál sin ach ní mór do ghrúpaí na Treoirlínte maidir le cosaint leanaí a chomhlíonadh atá leagtha amach ag ár Rannóg (cuir isteach nasc chuig pdf) Féach ar leathanach 26 den doiciméad seo maidir leis na bearta eile lena bhfuiltear ag súil le haghaidh Cosaint Leanaí do Chlár Oideachais agus d’Ionad Cuairteoirí na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Féach ar an Treoir Oideachais chun tuilleadh sonraí a fháil.

Treoirlínte maidir le Cosaint Leanaí

An féidir liom iompar poiblí a úsáid chun teacht chuig an bPáirc Náisiúnta?

Tá seirbhísí bus i bhfeidhm ón gClochán agus ó Ghaillimh go dtí Leitir Fraic, arb é sin an sráidbhaile in aice leis an bpríomhbhealach isteach atá ag cuairteoirí chuig an bPáirc Náisiúnta. Is féidir sonraí maidir leis na seirbhísí bus seo a fháil ar an leathanach ‘An bealach le teacht anseo’

An bealach le teacht anseo


Cad iad uaireanta oscailte na Páirce?

Tá an tIonad Cuairteoirí ar oscailt gach lá feadh na bliana (seachas Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin). Tá an Caifé ar oscailt gach lá (seachas Lá Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin). Tá tailte na Páirce Náisiúnta ar oscailt gach lá ar feadh na bliana. Tá roinnt eisceachtaí ann ina leith sin e.g. Nuair a bhíonn coinníollacha drochaimsire i bhfeidhm nó oibreacha cothabhála ar bun, d’fhéadfadh sé go mbeadh orainn an Pháirc Náisiúnta nó codanna de na conairí a dhúnadh. Seiceáil láithreán gréasáin agus meáin shóisialta na Páirce agus réamhfhaisnéis na haimsire roimh do chuairt. Tabhair aird ar na comharthaí agus ar na treoracha ó fhoireann na Páirce Náisiúnta mar tá sábháilteacht cuairteoirí an-tábhachtach dúinn.

Cén fáth nach bhfuil aon bhoscaí bruscair taobh amuigh?

Iarraimid ar gach cuairteoir a dhramhaíl féin a thabhairt abhaile leis. Is minic gurb iad na boscaí bruscair is cúis le fadhb bruscair a bheith ann, go háirithe sna carrchlóis. Chun é seo a sheachaint, tá polasaí againn nach mbeidh aon bhoscaí bruscair taobh amuigh. Tá boscaí bruscair taobh istigh den Ionad Cuairteoirí agus iarraimid ar chuairteoirí athchúrsáil a dhéanamh ar ábhar dramhaíola agus úsáid á baint acu as na háiseanna a chuirtear ar fáil.


An bhfuil láthair campála sa Pháirc Náisiúnta?

Níl aon láthair le seirbhísí do champáil sa Pháirc Náisiúnta. Molaimid duit láthair campála áitiúil a chur in áirithe; tá cosc ar fhanacht thar oíche agus veaineanna campála etc. sna carrchlóis anseo. Ceadaítear campáil fhiáin i gcodanna áirithe den Pháirc Náisiúnta, lasmuigh den chrios eisiamh campála. Cliceáil anseo chun sonraí maidir leis an gcrios agus maidir leis an méid a bhíonn i gceist le campáil fhiáin a fheiceáil.

Treoir maidir le Campáil Fhiáin


An féidir liom mo mhadra a thabhairt amach ar siúlóid sa Pháirc Náisiúnta?

Tá fáilte roimh mhadraí ach iad a bheith ar iall ar thailte na Páirce Náisiúnta. Ní cheadaítear ach madraí seirbhíse laistigh de na foirgnimh. Ní mór duit glanadh suas i ndiaidh do mhadra, mar sin bí cinnte go bhfuil mála le haghaidh salachair agat le haghaidh do chuairte. Ní mór duit an dramhaíl a bhailíonn tú a thabhairt abhaile leat mar nach bhfuil aon bhoscaí bruscair taobh amuigh sa Pháirc Náisiúnta.

Cé mhéad conair atá sa pháirc? Cén fad slí atá sna conairí? Cá fhad a thógann sé iad a shiúl?

Tá ceithre chonair sa Pháirc Náisiúnta. Tá na conairí seo dathchódaithe agus is éasca iad a leanúint. Tá léarscáil shimplí le fáil feadh na gconairí le cuidiú leat. Is féidir leat léarscáil a cheannach ó dheasc fáiltithe an Ionaid Cuairteoirí ar chostas €1. Is é seo a leanas cur síos gearr ar na conairí:

An Chonair Ghlas

Ainm: Coill Eilís
Fad Slí: 0.5 km
Fad ama: 15 nóiméad

An Chonair Bhuí

Ainm: An Sruthán Buí
Fad Slí: 1.5 km
Fad ama: 30 nóiméad

An Chonair Ghorm

Binn Ghuaire Íochtair
Fad Slí: 3 km
Fad ama: 60 nóiméad

An Chonair Dhearg

Name: Binn Ghuaire Uachtair
Fad Slí: 3.7 km
Fad ama: 90 nóiméad

Tosaíonn gach conair (seachas an chonair dhearg) ag an Ionad Cuairteoirí. Tógann turas fillte ó bharr Bhinn Ghuaire agus ar ais go dtí an tIonad Cuairteoirí thart ar 2.5 uair an chloig. Cliceáil anseo chun tuilleadh a fheiceáil agus chun forléargas ar na conairí a íoslódáil.

Siúl & Siúlóireacht

An féidir liom mo dhrón a úsáid sa Pháirc Náisiúnta?

Ní féidir, ní cheadaítear dróin sa Pháirc Náisiúnta. Ní eiseofar cead don ghrianghrafadóireacht dróin ach amháin faoi chúinsí an-speisialta agus dóibhsean a bhfuil ceadanna cearta agus clúdach árachais acu.

An mbíonn an Pháirc dúnta nuair a bhíonn rabhaidh aimsire i bhfeidhm?

I gcás ina ndéanfaidh Met Éireann rabhaidh aimsire a chur i bhfeidhm, tá feidhm ag an bprótacal seo a leanas. I gcás ina mbíonn rabhaidh aimsire STÁDAS ORÁISTE agus rabhaidh drochaimsire STÁDAS DEARG i bhfeidhm, dúnfar Páirc Náisiúnta Chonamara feadh thréimhse na rabhadh sin. Nuair a bhíonn STÁDAS BUÍ i bhfeidhm fanfaidh Páirc Náisiúnta Chonamara ar oscailt feadh thréimhse an rabhaidh sin, seachas i gcás ina gcuirtear treoir eile ar fáil. Cuirfear fógraí ar láithreán gréasáin agus ar ardáin mheáin shóisialta na Páirce nuair is féidir.

An féidir liom m’fheithicil leictreach a luchtú i bPáirc Náisiúnta Chonamara?

Is féidir, tá spás páirceála ainmnithe againn agus tá luchtairí d’fheithiclí leictreacha ar fáil sa charrchlós poiblí. Beidh ort labhairt le treoraí san Ionad Cuairteoirí nuair a shroichfidh tú an áit, mar beidh ar dhuine d’fhoireann na Páirce Náisiúnta an luchtaire a chur ar siúl duit. Níl aon chostas i gceist faoi láthair do chuairteoirí ar mian leo a gcarr a luchtú i rith a gcuairte ar an bPáirc Náisiúnta.

An bhfuil an Pháirc Náisiúnta inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí?

Cuirimid spásanna páirceála ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Aimsítear na spásanna seo gar don bhoth agus is iad sin na spásanna is gaire atá ar fáil chun teacht isteach chuig an Ionad Cuairteoirí. Ina theannta sin, más gá duit páirceáil in aice leis an Ionad Cuairteoirí de bharr na riachtanas atá agat, is féidir glaoch a chur orainn roimhe ré; eagróidh ball foirne go mbeidh rochtain dhíreach agat ar an Ionad Cuairteoirí. Cuir glaoch ar +353 95 41054. Tá dhá leibhéal dhifriúla urláir san Ionad Cuairteoirí, agus cé nach bhfuil aon ardaitheoir taobh istigh, is féidir leat dul a fhad le gach leibhéal ar leithligh ón taobh amuigh. Tá cuid de chonair an tSrutháin Bhuí (an chonair bhuí) oiriúnach do chathaoir rothaí; labhair le treoraí ag an deasc fáiltithe chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an gconair seo.

Cá mhéad a chosnaíonn ticéad?

Ní gá duit ticéad a cheannach chun teacht chuig an bPáirc Náisiúnta. Níl aon táillí i gceist leis an tsiúlóireacht a dhéanamh ar na conairí féin-treoraithe ná leis an taispeántas nó an scannán a fheiceáil san Ionad Cuairteoirí. Bíonn clár imeachtaí ar siúl againn i rith na bliana a bhíonn saor in aisce freisin.