Reáchtálann na Páirceanna Náisiúnta go leor ceardlann agus imeachtaí a bhíonn bunaithe ar an dúlra i gcaitheamh na bliana. Agus béim láidir ar chaomhnú, ar bhithéagsúlacht agus ar inbhuanaitheacht, tá imeachtaí ann a oireann do gach aois agus do spéiseanna éagsúla.
Áirítear leis na himeachtaí atá dírithe ar an teaghlach: siúlóidí treoraithe, conairí dúlra, comórtais ealaíne spreagtha ag an dúlra, seilg feithidí, dúshláin faire éin, agus go leor eile. Tarlaíonn siúlóidí treoraithe agus siúlóidí ar fud na bpáirceanna go léir, chomh maith le himeachtaí a bhaineann go sonrach le páirceanna mar réaltóireacht i Néifinn Fiáine, agus siúlóidí, cainteanna agus ceardlanna rialta bunaithe ar an dúlra i nGleann Bheatha.

Speicis Mamaigh
25
Speicis Éin
400
Speiceas Feithid
12,000+
Speicis Plandaí
4,000
CUIR EOLAS AR NA PÁIRCEANNA NÁISIÚNTA







Áit ina labhraíonn an dúlra leat
An Cuspóir atá againn
02 / Na spriocanna atá againn
-
Sprioc 01
An dúlra a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
-
Sprioc 02
A bheith inár gceannródaithe ar oideachas caomhnaithe in Éirinn.
-
Sprioc 03
Mórtas agus meas ar an dúlra a chothú i ngach duine a thugann cuairt ar na páirceanna.
TEACHT AR ANACLANN DÚLRA
Cúige Laighean
Anaclann Dúlra Inbhear Bhaile Dúill
Anaclanna Dúlra Oileán an Bhulla
Anaclann Dúlra Inbhear Bhaile Roiséir
Anaclann Dúlra Eanach Bhaile Pholaird
Anaclann Dúlra Choill Bhaile Uí Chaoimh
Anaclann Dúlra Oileán Fhiodh Dúin
Anaclann Dúlra Choill Gharraí Ricín
Anaclann Dúlra Choill an Duithir
Anaclann Dúlra Choill Chúil an Churraigh
Anaclann Dúlra Choill Bhaile an Ghróntaigh agus Loch Bhaile an Ghróntaigh
Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma
Anaclann Dúlra Eiscir Thigh Mochua
Loch an Chaisleáin Nua, Anaclann Dúlra phríobháideach
Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh
Anaclann Dúlra Phortach an Mhongáin
Anaclann Dúlra Phortach an Ráithín Mhóir
Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma
Anaclann Dúlra Portaigh na Scraithe
Anaclann Dúlra Choinicéar Bhaile Thaidhg
Anaclann Dúlra Rámhainne
Anaclann Éanlaithe Fiáine Loch Garman
Anaclann Dúlra Chéim an Ghiúistís
Anaclann Dúlra Ghleann Dá Ghrua
Anaclann Dúlra Ghleann Dá Loch
Anaclann Dúlra Ghleann Abhlach
Anaclann Dúlra Choill Chnoc Sinche
Anaclann Dúlra Ghleann an Chláraigh
Cúige Mumhan
Anaclann Dúlra Choinicéar Bhaile Thaidhg
Anaclann Dúlra Chathair Mhurchú
Anaclann Dúlra Dhrom Mhór
Anaclann Dúlra Chaolchoille (Sliabh Cairn)
Anaclann Dúlra Oileán an Cháplaigh agus Cheann Chnoc an Dúin
Anaclann Dúlra an Ghleanna Ghairbh
Anaclann Dúlra Phortach Chill Cholmáin
Anaclann Dúlra Choill Chnoc Camtha
Anaclann Dúlra Loch Oidhinn
Anaclann Dúlra an Ghaorthaidh
Anaclann Dúlra Phortach an Chomaraigh
Anaclann Dúlra Choill Dhoire Choinche
Oileán Doire Mhóir
Anaclann Dúlra Phortach Adhairce
Anaclann Dúlra Sceilg Mhichíl
Anaclann Dúlra na Sceilge Bige
Anaclann Dúlra Loch na mBreac Dearg
Anaclann Dúlra Loch Gaineamháin
Anaclann Dúlra Chnoc Bréanainn
Anaclann Dúlra Oileán na gCánóg
Anaclann Dúlra Phortaigh Sheithe Fhraoigh
Anaclann Dúlra na Tiarachta
Anaclann Dúlra Bhá Thrá Lí
Anaclann Dúlra Choill na hIúraí
Anaclann Dúlra Phortach Choillte Rua
Cúige Chonnacht
Anaclann Dúlra Chlochar na gCon/Phortach Bhéal an Chuain
Anaclann Dúlra Pháirc na Cúile
Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir
Anaclann Dúlra Choill Dhoire Chraige
Anaclann Dúlra Phortach na Léime Thiar
Anaclann Dúlra Choill Pholl na gCnocán
Anaclann Dúlra Eiscir Richmond
Anaclann Dúlra Choill Ros Dora
Anaclann Dúlra an Chnoic Mhaoil/an tSeiscinn
Anaclann Dúlra Choill an tSeanchinn
Anaclann Dúlra na hAbhann Buí
Anaclann Dúlra Bhaile Uí Ghiollagáin (Lios an Daill)
Anaclann Dúlra Phortach Iascaí
Anaclann Dúlra Choill na hInneona
Cúige Uladh
Anaclann Dúlra Ard na Móna
Anaclann Dúlra Choill Bhaile Áir
Anaclann Dúlra Choill na Deirce Móire
Anaclann Dúlra Choill Dhún Taithligh
Anaclann Éanlaithe Fiáine Leibhéil na hInse
Anaclann Dúlra Phortach Loch Beara
Anaclann Dúlra Mhín an Chuillinn
Anaclann Dúlra Ardchlár Phaiteagó
Anaclann Dúlra Choill Ráth Maoláin
Anaclann Dúlra an tSeascainn Mhóir
05 / Cosain an Dúlra
Tugann Páirceanna Náisiúnta spreagadh do chuairteoirí a dtaithí agus a n-aistir féin a chruthú, áit ina n-aireoidh siad lán le fuinneamh agus ar ais ar a seanléim arís, agus ina bhfaighidh siad tuiscint níos fearr ar chaomhnú an dúlra agus ar aire a thabhairt dó.
Anois, níos mó ná riamh, ní mór dúinn cúram a dhéanamh den áilleacht sin – áilleacht iontach an dúlra – inár gcuid Páirceanna Náisiúnta.

01 / Smaoinigh ar an am is fearr chun cuairt a thabhairt agus an bealach taistil a bheidh agat, chun an tionchar a bheidh agat ar an timpeallacht a laghdú.

02 / Bíodh meas agat ar an bhfiadhúlra agus bíodh do mhadra ar iall i gcónaí agat.

03 / Ná bain de rud ar bith a aimsíonn tú agus ná cuir isteach ar an bhflóra agus fána.

04 / Faigh réidh le bruscar mar is ceart, is mór an bhagairt é an bruscar don dúlra.
Áit le Tabhairt faoin bhFoghlaim